BURKE, Thomas (1801–1844) Thomas BURKE 1801 1844 Co. Chill Dara M Coláiste Phádraig, Ceatharlach múinteoir sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ar an bhfear seo in Seanchas Ard Mhacha, 1958-9. Bhí sé ina bhall den Ord Doiminiceach. I gContae Chill Dara a rugadh é. Is i gcoláiste Doiminiceach in Eiscir, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a thosaigh sé ag staidéar le haghaidh na sagartachta, agus in 1830-33 bhí sé ina nóibhíseach i gColáiste Cheatharlach, mar a raibh Proibhinseal na nDoiminiceach ina ollamh ag an am. Ó 1835 amach is i gCoinbhint Dhroichead Átha a bhí sé agus, seachas bliain a chaith sé ina Phrióir i gCill Chainnigh, is ann a fágadh é. D’éag sé ann 29 Deireadh Fómhair 1844. Thacaigh sé go tréan le gluaiseachtaí Reipéil agus na measarthachta. Bhunaigh sé scoil chun an chláirseach a mhúineadh agus thug múinteoir ó Bhéal Feirste ann. Cláirseoir ba ea é féin. Bhí sé ina uachtarán ar chumann Gaelach sa bhaile.

Is ina theach a bhí an soirée in 1843 ar chuir an taistealaí J.G. Kohl (Travels in Ireland, 1844) síos air. Bhí scéalaí ann ag eachtraí ar Chú Chulainn agus reic duine eile laoi fiannaíochta (féach an cuntas ar Bhernard Ó Tomaltaigh). Shíl Kohl gurbh é Droichead Átha an áit ba Ghaelaí ar chósta an Oirthir. Meastar gurbh é an sagart is mó a bhí ag spreagadh na gcainteoirí dúchais chun an Ghaeilge a labhairt. I dtuairisc a bháis in Freeman’s Journal dúradh: ‘The Very Reverend gentleman who was President of the Gaelic Society and of the Drogheda Teetotalers, was distinguished no less for his unflinching patriotism than by his efforts to revive the national music and language of his country.’ Agus chuir Seanchas Ard Mhacha mar eireball lena gcuntas: ‘Finally we may well wonder if the Drogheda Bardic festival of 1843 with its address in Irish and the speaker’s confidence regarding the future of the language in a self-governing Ireland was the last of its kind until the first Oireachtas na Gaeilge in 1897.’