BAIRÉAD, Riocard (c.1739-1819) Riocard BAIRÉAD c.1739 1819 An Bheairic, Co. Mhaigh Eo Mainistir na Croise, Co. Mhaigh Eo M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Má fhágaimid Raiftearaí[q.v.] as an áireamh, ba é seo an file tuaithe ba cháiliúla i gConnachta lena linn féin. Tá na hamhráin a chum sé in eagar ag Nicholas Williams in Riocard Bairéad: amhráin (1978, An Clóchomhar) agus is é an scoláire sin is mó a rinne scagadh ar an seanchas ina thaobh agus ar na cuntais a scríobh lucht a chomhaimsire agus taistealaithe mar Patrick Knight (Erris in the Irish Highlands, 1836,), J.B. Trotter (Walks through Ireland in 1812, 1814 and 1817, 1819) agus Patrick Lynch, Loch an Oileáin, Co. an Dúin [q.v.], a bhfuil cuid den dialann a scríobh sé in 1802 i gcló ag Charlotte M. Fox in Annals of the Irish Harpers. Tugann litreacha a scríobh Knight chuig James Hardiman[q.v.] eolas breise agus tá fáil orthu in Acadamh Ríoga na hÉireann. Is beag má bhí aon fhile Gaeilge ó aimsir Uí Chearbhalláin ar chuir scríbhneoirí Béarla a oiread sin suime ann.

Is cosúil gur Búrcach a mháthair. Sa Bheairic, Iorras, Co. Mhaigh Eo, a saolaíodh é circa 1735-45 agus is ann a chónaigh sé go raibh sé meánaosta nuair a d’aistrigh sé go dtí An Carn in aice le Béal an Mhuirthead. Talmhaí agus múinteoir ba ea é ar feadh a shaoil. Phós sé faoi dhó; ba í Neansaí Tollet an chéad bhean agus is cosúil gurbh fheirmeoir maith láidir a hathair. Deirtear gur Phrotastúnach ba ea í agus gur éalaigh siad le chéile agus gur pósadh iad gan fhios don athair. D’éag sí tuairim 1790 agus ba í Máire Ní Mhóráin an dara bean. Meastar gur di a rugadh a mhac agus a iníon. Deir Dónall Ó Braonáin in DIB go raibh beirt leanaí aige agus gur bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann an mac. Deirtear freisin gur rugadh leanbh dó agus é ina bhaitsiléir. Bhí Riocard mór le mionuaisle an Mhuirthead agus chuireadh siad a mic ar scoil chuige. Maítear go raibh sé sna hÉireannaigh Aontaithe agus gur chaith sé tamall i bpríosún in 1798 nuair a bhí trí scór bliain aige. D’éag sé ar 8 Nollaig 1819, más fíor, agus tá sé curtha i reilig Mhainistir na Croise taobh thiar den Gheata Mór. Dhealródh sé nár fhoghlaim sé scríobh na Gaeilge go raibh sé ina fhear fásta. Chum sé beagán dánta i mBéarla ach tá a cháil ag seasamh ar na dánta ‘Preab san ól’ agus ‘Eoghan Cóir’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »