Ó NÉILL, Pádraig S Pádraig S Ó NÉILL 1873 12 Bealtaine 1945 Port Laoise, Co. Laoise M iriseoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Duine de na Conraitheoirí ba mhó i Laois an t-iriseoir seo. I bPort Laoise a rugadh um Nollaig 1873. Ina rúnaí ag Feis Chontae Laoise. Stiúrthóir toghchánaíochta ag Caoimhín Ó hUiginn i 1918. I gCampa Bhaile Coinnleora. Ceapadh é ina rúnaí ar Chomhairle Chontae Laoise i 1925. Tuairisc a bháis in Nationalist and Leinster Times 12 Bealtaine 1945.