Ó NÉILL, Seosamh (1878–1953) Seosamh Ó NÉILL 1878 1952 Tuaim, Co. na Gaillimhe M Coláiste Iarlatha, Tuaim, Co. na Gaillimhe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollscoil Mhanchain Ollscoil Freiburg, an Ghearmáin státseirbhíseach roimh 1922 [B9] státseirbhíseach scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I dTuaim a rugadh é ar 18 Nollaig 1878. Martin O’Neill a athair agus Mary Quigly a mháthair. Ball den Chonstáblacht Ríoga a athair agus aistríodh go dtí Oileáin Árann é nuair a bhí Seosamh an-óg. Dhealródh sé go raibh an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu. Ar chaoi ar bith, bhí Gaeilge mhaith aige óna óige. Chaith sé tamall i gColáiste Iarlatha. Fuair sé an chéad áit in Éirinn sa scrúdú idirmheánach. Pádraic Mac Piarais a fuair an dara háit. Casadh an bheirt acu ar a chéile in Árainn agus thug an Piarsach cúnamh do Sheosamh chun an máithreánach a fháil. Chaith sé na blianta 1898 go 1902 i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ghnóthaigh na céimeanna B.A. agus M.A. Bhí post aige san ollscoil ach chaith sé suas é chun cúrsa a dhéanamh faoi Kuno Meyer i Scoil an Léinn Ghaelaigh. D’fhoilsigh sé aistriúchán ar Cath Boinde in Ériu agus is dá thoradh a fuair sé scoláireacht chun staidéar a dhéanamh faoi John Strachan i Manchain. Chaith sé tamall in Ollscoil Freiburg ansin agus bhí sé cairdiúil le Osborn Ó hAimhirgín ann. Ceapadh ina chigire ar bhunscoileanna é i 1908 agus i 1923 ina Rúnaí ag an Roinn Oideachais. Phós sé an file Mary Devenport, iníon le hoifigeach sa chonstáblacht ríoga, i 1908. Cé is moite d’aiste nó dhó, is i mBéarla a bhí a shaothar liteartha ar fad. Wind from the North (1934) an t-úrscéal is iomráití dá chúig úrscéal. D’aistrigh Tomás de Bhial go Gaeilge é (Gaoth Adtuaidh, 1940). Scríobh Seosamh: Land under England, 1935; Day of Wrath, 1936; Philip, 1940; Chosen by the Queen, 1947. D’éirigh sé as an státseirbhís i 1944 agus d’éag sé ar 6 Bealtaine 1953.