Rugadh an t-antraipeolaí cáiliúil seo in Detroit, Michigan, ar 6 Meán Fómhair 1835. B’as Cnoc an Doire, Co. Luimnigh, dá athair agus b’as Cill na Mallach dá mháthair. Tógadh ar fheirm i Wisconsin é agus bhí deis aige teangacha a fhoghlaim ó Ghearmánaigh, ó Pholannaigh agus ó Ioruaigh sa cheantar. Ann freisin a d’fhoghlaim sé teangacha Indiacha. I ndiaidh céim a ghnóthú i Harvard chuaigh sé isteach i seirbhís an rialtais mar aistritheoir agus teangaire. Ó 1864 go 1870 bhí sé ina rúnaí ag leagáideacht Stát Aontaithe Mheiriceá sa Rúis. In 1871 thug sé a chéad chuairt ar Éirinn agus bhí sé anseo arís in 1872, 1887, 1891 agus 1892/3. Ó 1883 go 1891 bhí sé ina bhall foirne ag Biúró na hEithneolaíochta d’Institiúid Smithson agus chaith sé bunús na tréimhse sin i measc treibheanna Indiacha i Meiriceá Thuaidh agus Theas.

Bhí sé suite de riamh go raibh ag muintir na hÉireann flúirse scéalta miotaseolaíochta agus gur chabhair don staidéar ar an mhiotaseolaíocht i gcoitinne na scéalta sin a fhoilsiú. Chun tabhairt faoin obair is ea thug sé faoi Ghaeilge a fhoghlaim, cé gurbh é a shíl an Craoibhín nach raibh a dhóthain den teanga aige chun scéalta a thaifeadadh. Ba é tuairim an tSeabhaic go raibh sé in ann éirim scéil a thabhairt leis ach gur ghá teangaire áitiúil bheith ag cabhrú leis. Sin é a d’inis beirt de na scéalaithe féin do Shéamus Ó Duilearga.

I gCiarraí is mó a scríobh sé scéalta síos agus bhíodh sé i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i Luimneach freisin. Ba é an chéad bhailitheoir in Éirinn é a chuaigh caol díreach chuig tobar na litríochta béil, an scéalaí tuaithe. Trí bhailiúchán a tháinig uaidh: Myths and folklore of Ireland, 1890; Hero-tales of Ireland, 1894; Tales of the fairies and of the ghost world: collected from the oral tradition in South-west Munster, 1895. Chuir sé amach freisin dosaen leabhar de scéalta agus de mhiotais a bhailigh sé anseo agus ansiúd ar fud na cruinne. Deirtear go raibh eolas aige ar 70 teanga agus canúint. D’aistrigh sé saothar le Henryk Sienkiewicz agus Alexis Tolstoy. Bhí sé mór le cuid de na pearsana ab iomráití i saol Mheiriceá—leithéidí Longfellow, Theodore Roosevelt agus Charles A. Dana. D’éag sé i Vermont ar 14 Nollaig 1906. Tá cuntas ar a shaol is a shaothar ag Séamus Ó Duilearga in Irish folk-tales collected by Jeremiah Curtin, edited with introduction and notes by Séamus Ó Duilearga, Folklore Society of Ireland, 1943. Foilsíodh leabhar ina thaobh: Thaitin sé le Peig (Iris na hOidhreachta I), 1989 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. A bhanchéile Alma Cardell a scríobh síos a chuimhní cinn, Memoirs of Jeremiah Curtin also by Alma Cardell Curtin, 1940. Foilsíodh ‘Alma Cardell Curtin, the woman behind Jeremiah Curtin’ le Michael J. Mikos in Milwaukee History 13, 1990.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú