Ba é seo ‘An tÉadaitheoir Gaelach’ a raibh siopa aige ó 1911 amach ag 11 Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. San Aonach a rugadh é. Bhí rang Gaeilge aige uair i siopa Pims agus i gCraobh na nÉadaitheoirí den Chonradh. Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar Bhanc Shinn Féin go dtí an deireadh. I 1959 bhí sé ina uachtarán ar an Oireachtas. D’éag sé 16 Iúil 1969.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú