Ó CRÓINÍN, Seán (1915–1965)

Bhí sé ar dhuine de na bailitheoirí béaloidis ba mhó cáil lena linn agus tá sé ar an mbeagán díobh sin ar foilsíodh cuid mhór dá mbailiúcháin mar leabhair. I mBaile Mhic Íre, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 8 Eanáir 1915. Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Cróinín, duine ‘des na Pronnséisigh ón bPlantation’, agus Eilís Uí Chróinín (Ní Iarfhlaithe), amhránaí aitheanta faoin ainm Bess Cronin. Bhí muintir Iarfhlaithe ina n-airchinnigh ar theampall agus ar thearmainn Ghobnait Naofa le sinsearacht. Bhí Conchubhar Ó Deasmhumhna ina chomharsa béaldorais aige agus an scéalaí cáiliúil Maidhc Mór Ó Loingsigh. D’fhreastail sé ar Scoil Bhaile Bhuirne agus ba iad Micheál Ó Briain agus Donnchadh Ó Buachalla na hoidí scoile a bhí aige ansin. ‘B’é Donnchadh Ó Buachalla an tArd-Mhaistir a bhí ar Scoil Bhaile Mhúirne le linn do Sheán bheith ag dul chúithe agus d’fhéadfa a rá go raibh Gaoluinn spártha aige siúd... (Donncha Ó Cróinín in Béaloideas 32, 1964). Deir Donncha sa chuntas céanna: ‘Níor mhiste “acadamh teangan” a thabhairt ar an rud so a bhí ar bun in iarthar Mhúscraí i dtosach na haoise seo, agus cé go raibh Béarla a ndóthain ag formhór na seandaoine, bhí sé le tabhairt fé ndeara gur choinníodar an dá thaobh deighilte óna chéile sa chás gur fánach a bhí aon fhocal Béarla tríd an nGaoluinn acu, gan trácht ar éinní a bhainfeadh le dul an Bhéarla’.

Chaith Seán tamaill i scoil thráchtála i gcathair Chorcaí ach chuir saol na cathrach isteach ar a shláinte agus níor chríochnaigh sé an cúrsa. Fuair sé post faoin Roinn Talmhaíochta agus faoi Choiste Talmhaíochta an chontae mar stiúrthóir Bó-Thástála. ‘Ach peacu éirigh leis an mbó-thástálaí aon bhloscadh beag feabhais a chur ar chúrsaí bleachtais nó nár éirigh, bhí teacht aige fan na haimsire ar ghreas seanaimsireacht i dtigh éigin i gcónaí’. Bhí baint aige le Craobh Bhaile Bhuirne de Chonradh na Gaeilge agus scríobh sé agallaimh agus drámaí dóibh.

Ar feadh cúpla séasúr bhí cúrsa Gaeilge á stiúradh aige do Choláiste Ghobnatan. Ach thar aon obair eile ba é bailiú an bhéaloidis is fearr a d’oir dá thréithe. Ceapadh ina bhailitheoir lánaimseartha ina cheantar féin é i 1938. Lean sé air go 1944. Bhailigh sé an-chuid ó Amhlaoibh Ó Loingsigh. Deir Donncha: ‘Cúis chradhascail go brách é, áfaig, ná raibh sé de chaoi ag Seán a sheacht n-oiread a bhreacadh síos ó Amhlaoibh; ach ar mhí-ábharaí na cruinne do tháinig cúrsaí coigiltis idir Sheán agus obair an Choimisiúin Bhéaloideasa nuair ná raibh sé ach ag fáscadh chun na hoibre, agus níor fhill sé ar an bpeann go ceann sé mblian déag’.

Phós sé Siobhán Ní Loingsigh ó Bhaile Bhuirne i 1943 agus chuaigh chun cónaithe i Maigh Chromtha. Bhí teach tábhairne aige ansin ach ó bhí an iomarca tithe tábhairne ar an mbaile níor mhór an teacht isteach a bhí aige nuair a bhí clann óg, iníon agus ceathrar mac, le cothú aige. Cheannaigh sé leoraí le haghaidh móna ach arís ba bheag ab fhiú é toisc, b’fhéidir, go raibh air tiománaí a fhostú. Bhí sé ag obair i ngnó peitril tamall. Ansin fuair sé post mar bhailitheoir rátaí, an t-aon phost maith seasmhach a bhí aige go dtí sin. Timpeall an ama seo d’éirigh sé an-chairdiúil lena chomharsa Pádraig Ó Cruadhlaoich. Bhíodh pinginí beaga le fáil aige as ranganna Gaeilge a mhúineadh sa cheantar agus bhíodh aistí aige in Scéala Éireann, Evening Press, Réalt an Deiscirt, Feasta. . . .

Ceapadh ina bhailitheóir béaloidis arís é i 1959 agus Cúige Mumhan ar fad a bhí ina chúram an uair seo. Cuireadh de dhualgas speisialta air cibé béaloideas a bhí fágtha ina dhúiche féin a bhailiú. Scríobh sé ábhar síos ó Dhiarmuid Mac Coitir . Bhailigh sé cnuasach mór ó Mhícheál Ó Donnchú, ‘Maidhc Pheatsaí’ (d’éag 28 Márta 1965) a rugadh i mBaile Bhuirne agus a chuaigh mar chliamhain isteach go Cluain Droichead agus nach raibh ‘aon chomhluadar aige le Gaoluinn le daichead bliain’. 30,000 leathanach ar fad a scríobh sé do Choimisiún Bhéaloideas na hÉireann. I measc na mbailiúchán a foilsíodh tá: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse, 1971; Seanchas an Táilliúra, 1978 (ábhar a bhailigh sé ó Thadhg Ó Buachalla in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin); Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, 1980; Seanachas Phádraig Í Chrualaoi, 1982; Seanachas ó Chairbre 1, 1985 (ábhar a bhailigh sé ó Sheán Ó hAo) .

Ba mhinic Seán agus Denis Murphy, fidléir Shliabh Luachra, le cloisteáil ar Radio Éireann, Seán ag seanchas ar na foinn agus an fear eile á seinm. In ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 18 Aibreán 1959 dúradh faoi ócáid cheoil i dteach ósta i gCiarraí i 1946: ‘Eisean [Denis] a sheinn an veidhlín ar feadh dhá uair an chloig gan stad agus, go ndéanaidh Dia a mhaith air, Dylan Thomas ag damhsa dhó gur thit sé as a sheasamh’. D’éag sé 14 Márta 1965 ina theach féin sa Sráid Mhór, Maigh Chromtha. Ní raibh aon choinne lena bhás. Fuair a dheartháir Donncha bás 5 Meitheamh 1990; scoláire aitheanta Gaeilge ba ea é agus ba é a chuir eagar ar ar foilsíodh de bhailiúcháin Sheáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú