Bhí sé ar dhuine den fhíorbheagán foilsitheoirí neamhspleácha a d’fhoilsigh leabhair Ghaeilge idir 1927 agus 1947. I Muine Mór, Baile an tSratha, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 6 Iúil 1908. Bhí gnó beag muilleoireachta ag a athair Patrick Cannon agus ba í Annie H. Murphy ó Choillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a mháthair. Bhí beirt eile sa teaghlach: deartháir a chaithfeadh a shaol i Meiriceá agus deirfiúr a bheadh ag obair in Eagraíocht Sláinte an Domhain sa Chian-Oirthear. Tar éis bunscolaíochta i mbaile Dhún na nGall chaith sé an tréimhse 1920-27 i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn. Thug scoláireacht chomhairle chontae go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é agus ghnóthaigh sé céim ann sna clasaicigh agus sa dlí. Glaodh chun an bharra é ach níor chleacht sé ceird an abhcóide riamh.

Le linn dó a bheith ag múineadh i Scoileanna Uí Chonaill is ea a bhunaigh sé an Coláiste Náisiúnta Comhfhreagrais, an chéad cheann riamh a d’fhéach le mic léinn a ullmhú le haghaidh na hardteistiméireachta. Is as an bhfiontar seo a d’eascair an Press Náisiúnta. Chabhraigh a bhean chéile, Eibhlín Ní Neachtain, múinteoir, leis sa ghnó seo; cainteoir maith Gaeilge ba ea an iníon seo le Pádraic Ó Neachtain, múinteoir náisiúnta sa Chladach, Gaillimh. B’fhéidir gurbh é An Béal Bocht, 1941 le Brian Ó Nualláin, ceann de chlasaicigh na Nua-Ghaeilge, an éacht foilsitheoireachta ba mhó a rinne siad. Tá scéal a fhoilsithe ag Breandán Ó Conaire in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin, 1986. D’fhoilsigh siad freisin foclóir Gaeilge-Béarla agus péire leabhar le Séamus Ó Grianna: Rann na Feirste, [1943] agus An Saoghal Corrach, [1945]. Is dóigh go raibh a nduanaire Filidheacht na nGael, c.1940, a d’ullmhaigh Pádraig féin, ar na leabhair Ghaeilge ba mhó díol riamh; bhaintí feidhm as i meánscoileanna na tíre ar feadh scór bliain. D’fhoilsíodh siad leabhair agus ábhar i mBéarla gan amhras: ceann de na chéad leabhair ar cháin ioncaim na hÉireann; The National Digest; The Catholic Digest....

Tar éis dó cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe bhunaigh sé an comhlacht The National Direct Mail. Ach is san oideachas is mó a bhí a spéis. Cibé brabach a dhéanadh sé d’infheistíodh sé é sa scoil a bhunaigh sé i 1946, an Sandymount High School. Bhí sé ina rúnaí agus tamall ina uachtarán ar Chónascadh na Meánscoileanna Caitliceacha Tuata. Is thar a gceannsan a d’ullmhaigh sé Investment in education, 1961. Staidéar comparáideach ba ea é. Cuireadh cóipeanna chuig baill an Oireachtais agus tá tuairim ann gur spreag sé an rialtas chun a leithéid chéanna a dhéanamh, arbh é an saor-mheánoideachas a thoradh.

Duánaí nótáilte ba ea é agus bhí sé ina uachtarán ar Dhuánaithe Bradán na Life. Is i mbun an chaithimh aimsire seo a thug sé cuairt ar thuaisceart na hIorua agus is ann a d’éag sé ar 6 Iúil 1968. Tá sé curtha i Reilig na Mainistreach i mbaile Dhún na nGall. Bhí cúigear clainne aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú