Cé gur phearsa lárnach é i scéal na hathbheochana liteartha agus i stair na hamharclainne in Éirinn níl aon bheathaisnéis iomlán ar fáil go fóill (1996). Níl an cuntas (Edward Martyn and the Irish revival, 1930) a scríobh Denis Gwynn mion go leor, agus is leis an taobh amharclannach amháin a bhaineann an tráchtas Edward Martyn and the Irish theatre, 1956 leis an tSiúr Marie Therese Courtney. Tugann sise fáth amháin leis an easnamh. Ag na Cairmilítigh a d’fhág Martyn a chuid páipéar le huacht. Nuair a bhí feidhm bainte astu ag Gwynn i Londain chuir sé i gcúram duine den ord iad le tabhairt ar ais chuig an mainistir i Sráid Clarendon i mBaile Átha Cliath. Cailleadh iad ar chuma éigin.

Tharraing sé cáil air féin ar mhórán bealaí: ba é a bhunaigh Cór Palestrina san Leas-Ardeaglais i 1903, fiontar a chosain £10,000 air: sholáthair siad ceol ag sochraid Uí Ghramhnaigh. Rinne sé ardobair don cheol eaglasta agus don cheol i gcoitinne; thugadh sé cabhair airgid go rialta do Cheolfhoireann Bhaile Átha Cliath. D’fhaigheadh sé coimisiúin d’ealaíontóirí mar John Hughes, Oliver Sheppard agus Sarah Purser agus bhí baint nár bheag aige san iarracht a rinneadh chun go mbeadh an chuid is fearr d’ealaíona na hÉireann le feiceáil san ardeaglais nua i mBaile Locha Riach. Is de bharr na comhairle a chuir sé ar an Tiarna Cill Aithneann gurbh é William A. Scott a fostaíodh chun Eaglais Naomh Éanna sa Spidéal a thógáil. In éineacht le George Moore, an Bhantiarna Gregory and Yeats bhunaigh sé Amharclann Liteartha na hÉireann in 1899 agus ba é a dhráma The heather field an dara dráma a stáitsigh siad. Ba é an t-aon duine den ghrúpa sin a thóg ról gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge agus nuair a tharla scoilt sa Mhainistir toghadh é ina chathaoirleach ar Chluicheoirí na hÉireann(The Theatre of Ireland). Ceapadh é ina uachtarán ar na hAisteoirí nuair a bunaíodh iad i nDeireadh Fómhair 1912.

Ar 31 Eanáir 1859 i dTulach Lathraigh, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. Ba é an mac ba shine é ag John Martyn JP. Bhí cáil ar na Máirtínigh leis na céadta blian. Ba í Annie Mary Josephine Smith an mháthair, dar leis an gcuntas faoi na Máirtínigh in Burke’s landed gentry, cé gur ‘Smyth’ atá sa chuntas ar a muintirsean sa leabhar céanna. Fear saibhir a hathair James agus talamh aige i Masonbrook, Co. na Gaillimhe. Dúirt Denis Gwynn nár den uasaicme í agus níor bhac lena hainm baiste a lua.

Fuair an t-athair bás nuair a bhí Edward ina leanbh, agus an t-aon duine eile sa teaghlach, a dheartháir John (1860–1883), chuaigh sé isteach san arm (3rd Dragoon Guards) agus fuair bás go hóg. Caitliceach ba ea an t-athair agus an mháthair agus is mar Chaitliceach dílis coinsiasach a tógadh Edward. Toisc gurbh é an fireann deireanach de Mháirtínigh Thulach Lathraigh é, theastaigh go géar ón máthair go bpósfadh sé. B’fhéidir ina theannta sin go raibh sí róchúramach timpeall air. Bhí col air le mná ar feadh a shaoil, cibé fáth a bhí leis. Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh in Belvedere, Baile Átha Cliath, agus in Beaumont, Windsor, Sasana, sula ndeachaigh sé go Oxford. Thaistil sé an Eoraip. Ach níor lúide na scrupaill chreidimh a bhíodh á chrá an t-oideachas sin. In 1888 d’iarr sé cead ar Easpag na Gaillimhe leabhair ar an Index expurgatorius a léamh. Cé nár chuir sé a ainm lena chéad leabhar, an aoir Morgante the Lesser, tharraing sé cáil údair air. Tugadh faoi deara gur chaith sé go hainmheasartha le carachtair ban an scéil.

I dtús a shaoil agus go háirithe le linn Chonradh na Talún ní raibh sé pioc difriúil, ó thaobh na polaitíochta de, le tiarnaí talún na Gaillimhe. Dúirt cara leis, abhcóide sinsearach darbh ainm R.J. Kelly, an méid seo faoi (i gcló ag Gwynn): ‘In his early years he was most extreme in his landlord views and no man on the Galway Grand Jury... was more severe, strict and hard on the popular class, in measuring out compensation for malicious injuries’.

In 1899 a deirtear a chuir sé an teileagram iomráiteach úd chuig George Moore: ‘The sceptre of intelligence has passed from London to Dublin’. Tuairim an ama chéanna d’éirigh sé as na coimisiúin a bhí aige i gContae na Gaillimhe mar leasleifteanant an chontae agus mar ghiúistís. Is gnách a rá gurbh iad comóradh céadbhlianach ’98 agus Cogadh na mBórach a rinne náisiúnaí de. Ach is dóigh gur thar tréimhse a tharla an claochlú; bhí leabhair Standish James O’Grady léite aige agus bhí caidreamh aige ar náisiúnaithe mar Yeats; bhí spéis á cur aige i gConradh na Gaeilge.

D’éag a mháthair in 1898 agus dá mhéid a chumha d’fhág a bás ar a chomhairle féin ar fad é. San alt ‘The Gaelic League and Irish Music’ in The Irish Review, November 1911 scríobh sé: ‘In the autumn of 1898 I attended the Galway Feis, where I heard some good country singing and piping. I was astonished at its rich colour and ancient tonality, and at the exquisite refinement of ear manifested by the best singers. It reminded me of the Oriental folk music of the Arabs and the liturgical music in Coptic and Greek churches. I, who had hitherto always hated Irish music, was enchanted by this’. Bhí de thuairim aige gurbh é féin amháin a bhí buartha faoin sean-nós amhránaíochta: ‘Again and again I called for the preservation of this old art. For some years my exhortations were treated with contempt, then a turn came, and now their justice is acknowledged by the Gaelic League and our best musicians’. Deir Denis Gwynn: ‘It was Edward’s boast that he had himself discovered one of the most interesting forms of Irish folk music. In the summer of 1898 he had written for Sir Horace Plunkett’s Daily Express an article on “The use of a provincial Feis” describing his own impressions of one such event in his own county. Long afterwards, in including the article in his Paragraphs for the perverse he altered the title to “How I was the first to discover traditional singing” (Edward Martyn and the Irish Revival, 1930). Shíl sé nár éirigh le haon bhailitheoir an ceol seo a bhreacadh i gceart agus mura dtaifeadfaí cnuasach maith de na hamhráin gur bhaol nach mbeadh toradh ag an gceol dúchais ar na cumadóirí a d’éireodh suas ar ball. Dúirt sé freisin faoin sean-nós uair: ‘It is obvious to any cultured person that the loss of such a native art as this would be a national calamity, second only to the loss of the Irish language itself’. Molann Eileen Costello a iarrachtaí sa réamhrá in Amhráin Mhuighe Seola, 1923. Deirtear go minic go raibh sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh an Fheis Cheoil in 1897 ach níl a ainm i gclár na chéad Fheise sin. Faoi 1899 bhí sé ina leasuachtarán thar ceann Chúige Chonnacht. In An Claidheamh Soluis 4 Bealtaine 1901 et seq chosain sé an fheis sin ar a raibh líomhnaithe air. B’fhéidir go mbíodh an cúnamh a thugadh sé don Fheis ábhairín coinníollach; theastaíodh uaidh go dtabharfadh an coiste deiseanna chun ceol aifrinn Palestrina, De Lassus agus Vittoria a chloisteáil.

Tuairim an ama seo thug sé bíobla Gaeilge don Bhantiarna Gregory nuair a bhí sí ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. Toghadh é ina leasuachtarán ar chraobh nua de Chonradh na Gaeilge in Ard Raithin agus mhol sé rún ag an gcruinniú tionscnaimh go bhféachfadh an Bord Oideachais Náisiúnta chuige go gceapfaí múinteoirí Gaeilge sna scoileanna agus gurbh í an Ghaeilge an príomhábhar iontu (An Claidheamh Soluis 4 Deireadh Fómhair 1899). Tuairiscíodh coicís ina dhiaidh sin go raibh sé tofa ina bhall den Ard-Chraobh. Nuair a d’fhoilsigh an Conradh a phaimfléad síolteagaisc dúradh: ‘Mr Edward Martyn’s pamphlet on Ireland’s battle for her language is now added to the Gaelic League penny series . . . It is a stirring call which cannot fail to move any but the most enslaved intellect in the country. Along with this, Mr Martyn sends £50 to the exchequer of the Language movement—the largest individual donation yet given to the Gaelic League’ (idem 6 Deireadh Fómhair 1900). Nuair a bhí an Cló-Chumann i dtrioblóid d’iarr Eoin Mac Néill [B4] cabhair air agus thug sé airgead láithreach. Toghadh é ina bhall de choiste na déantúsaíochta (idem 7 Iúil 1902). Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ar feadh 1905-1912. In éineacht le Michael Cox [B3] agus Stephen Gwynn [B4] bhí sé ina chisteoir ag an bhfeachtas a cuireadh ar siúl chun dul i ngleic le fadhb mhór na heitinne i gConamara (idem 1 Feabhra 1908). Bhí staidéar déanta aige ar leabhairíní Uí Ghramhnaigh agus bhí sé in ann Gaeilge a léamh. Ní foláir nó bhí sé ar dhuine de na baill ba chorrmhéiniúla sa Choiste Gnó. Gheofar blas dá mheon sna habairtí atá i gcló ag Gwynn i dtaobh an choirp bhaineannaigh. Bhí drochmheas aige ar rince i gcoitinne agus dúirt in An Claidheamh Soluis : ‘There is something degrading in the male being thus engaged in this essentially female pastime, and it fills the heart with sorrow and commiseration, as when we see humanity lowered to some undignified use. On the other hand, there is nothing that shows the female to so great an advantage as the dance. For the time her unideal and somewhat absurd figure assumes a beauty of outline never to be imagined in any other circumstance’. Thug Máire Ní Chillín [q.v.] freagra barrúil air Lá ’le Bríde 1908.

Bhí sé ina bhall de Chlub Shráid Chill Dara. Sórt riachtanais ag fear chomh beadaí agus chomh saibhir leis ba ea an bhallraíocht sin. I rith Chogadh na mBórach dóbair go gcaithfí amach as an gClub é. Bhí sé i gcoinne fáilte a chur roimh an rí i 1903 agus chuir a ainm le forógra san United Irishman 30 Bealtaine 1903 ‘á iarraidh ar an bpobal fir oibre agus leanaí na cathrach a chosaint ón lucht gallda a thabharfadh orthu bheith páirteach i dtaispeántaisí umhlaíochta in aghaidh a dtola’ (Ó Lúing, Art Ó Gríofa, 1953). Bhí litir láidir aige ar an téad céanna in Freeman’s Journal agus ghoill sé go mór ar bhaill an Chlub. Leasaíodh na rialacha i dtreo gurbh fhéidir déileáil leis nuair a pheacódh sé arís. Bhí ráiteas eile uaidh in Freeman’s Journal 2 Iúil 1903 ach ní raibh sé tráthúil go fóill ag an gClub é a dhíbirt. Ar 28 Samhain 1904 tuairiscíodh in United Irishman óráid a rinne sé ina raibh an abairt seo: ‘The Irishman who enters the Army or the Navy of England deserves to be flogged’. Bhain an pobal spraoi as an gcás cúirte. Frítheadh nár leor vótaíocht na mball chun é a chur as ballraíocht, go raibh gá le cur is cúiteamh ag an gcruinniú. Síleadh nach rachadh sé ar ais i gclub nach raibh fáilte roimhe ann. Ach dúirt sé go gcaithfeadh sé dul ar ais, nach raibh caibheár le fáil in aon áit eile i mBaile Átha Cliath. Bhí sé thíos go mór leis an gcás cúirte. I rith na mblianta ina dhiaidh sin thugadh sé isteach chun dinnéar a chaitheamh leis sa Chlub daoine mí-oiriúnacha: sagairt agus manaigh agus baill de Shinn Féin .

Bhí sé páirteach sa melée sa Rotunda 18 Bealtaine 1903 agus sa láthair ag an ngráscar sna Antient Concert Rooms i 1904 nuair a bhí an Gríofach agus a chairde ag cur in aghaidh an taispeántais idirnáisiúnta earraí a bhíothas a bheartú. Bhí sé ina bhall den Chomhairle Náisiúnta agus ina uachtarán tamall. Ba é a bhí sa chathaoir 28 Samhain 1905 sa Rotunda nuair a bunaíodh gluaiseacht Sinn Féin . Ba é a gcéad uachtarán é. Mar ghluaiseacht a bhreathnaigh sé orthu agus ní mar pháirtí polaitiúil. Bhí sé in aghaidh iomaitheoir a dhul suas i bhfothoghchán Liatroma i 1907. Ach nuair a d’éirigh sé as uachtaránacht Shinn Féin i 1908 ba ar an ábhar é gur mhaith leis a dhúthracht a chaitheamh le litríocht. I 1914 bhunaigh sé féin, Thomas MacDonagh agus Joseph Plunkett The Irish Theatre i Sráid Hardwicke. Is chun drámaí ón mór-roinn agus drámaí Gaeilge a stáitsiú a cuireadh ar bun é. Lean sé go dtí 1920. Tá na drámaí Gaeilge a léirigh na Cluicheoirí ann liostaithe ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993.

Ní raibh blianta deiridh a shaoil róshona. Bhí sé i ndrochshláinte agus bhí an tír chomh suaite sin gurbh annamh a d’fhágadh sé Tulach Lathraigh. Ag pointe amháin bhí cuid dá iarthionóntaí ag déanamh cúngais air. Nuair a shuigh cúirt Shinn Féin i Lúnasa 1919 socraíodh gurbh aige a bhí an ceart. Tá cuntas ar an gcás in Limerick Leader 13 Lúnasa 1919. D’éag sé ar 5 Nollaig 1923. Tá sé curtha i reilig na mbochtán i nGlas Naíon. B’in é an rud a d’fhoráil sé ina uacht i 1909. Tá cur síos fada ag Gwynn ar an uacht fhada spéisiúil sin. D’fhág sé £2,000 ag Conradh na Gaeilge le caitheamh ar an nGaeltacht. Deir Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, (1975): ‘I rith na bliana 1925-26 tháinig chun an Chonartha £1,000 den tiomnacht . . . agus “cuireadh isteach i gCiste na Teanga ar iasacht é”.’

Dúradh in Fáinne an Lae 12 Eanáir 1924: ‘Fear uasal ba ea é dáiríre—léannta, saoithiúil, grádiaúil ar gheal leis a thír dhúchas agus arbh áil leis go mbeadh sí ar ardthíortha an domhain. Dea-eisiomlár ba ea é dóibh seo a raibh maoin agus ollmhaitheas acu. Chaith sé go fial le haon chumann a chaith dúthracht ar son saoirse na hÉireann’. Is é an fáth, b’fhéidir, a mairfidh a ainm go hidirnáisiúnta go raibh sé ar dhuine de na príomhcharachtair ag George Moore in Hail and Farewell. Seo é an cur síos a rinne seisean ar a dhealramh: ‘...I fell to admiring his appearance more carefully perhaps than I had ever done before, so monumental did he seem, lying on the little sofa sheltered from draughts by a screen, a shawl about his shoulders. His churchwarden was drawing famously, and I noticed his great square hands with strong fingers and nails closely pared away, and as heretofore I admired the curve of the great belly, the thickness of the thighs, the length and breadth of his foot hanging over the edge of the sofa, the apoplectic neck falling into great rolls of flesh, the humid eyes, the skull covered with short stubbly hair’.

Chomh maith leis na teidil atá luaite thuas scríobh sé Maeve (1899), The tale of a town (1902), The enchanted sea (1902), Glencolman (1912), The dream physician (1917), The privilege of place (1915). Luaitear freisin na drámaí The placehunters, Romulus and Remus, Regina Eyre.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú