Duine de mhóririseoirí na Gaeilge ba ea é. I léirmheas (An tUltach Meitheamh 2006) ar dhá leabhar le Joseph Martin (The GAA in Tyrone –The Long Road to Glory agus The GAA in Tyrone – The Road to Greatness 2004-5) deir Anton Mac Cába gur rugadh i Hong Cong é: ‘Eisean an té is fearr leis, as iomlán na ndaoine a bhí bainteach le CLG. Ba i Hong Cong [sic] a rugadh O’Toole ach b’as Dún Geanainn dá athair. Bhí sé ina phéas sa choilíneacht agus ba Síneach í a mháthair. Nuair a fuair an mháthair bás, thug an t-athair an teaghlach ar ais go Tír Eoghain. Chomh luath agus a bhí sé in aois fir, bhí sé [Cathal] sáite in achan rud Gaelach in oirthear an chontae. Bhí sé ar bhunaitheoirí na gclubanna i nDún Geanainn agus ar an Domhnach Mór. Bhí sé ina Leas-Chathaoirleach, ina Rúnaí agus ina Chisteoir ar Bhord an Chontae. Lena chois, thóg sé ranganna Gaeilge. Ba chléireach le comhlucht línéadaigh i dtús báire é.’

Is gan cabhair múinteora a d’fhoghlaim sé Gaeilge. Seacht mbliana a bhí caite aige léi sula raibh de mhisneach aige í a labhairt le daoine. D’éirigh leis freisin Gaeilge na hAlban, Breatnais agus Briotáinis a fhoghlaim. Chomh luath le 1902 bhí sé gníomhach in obair Chonradh na Gaeilge ina cheantar dúchais. B’fhéidir gur san Ómaigh a bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na teanga ar dtús. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 26 Eanáir 1907 é a bheith ina fhear a’ tí ag Céilí Mór sa bhaile sin. Bhí nóta in Sunday Independent 7 Aibreán 1935 gur chothrom na míosa sin i 1922 a chuaigh sé go Baile Átha Luain chun post eagarthóra a líonadh. Rinne sé margadh ann: go gcaithfí an áit ba dual di a thabhairt don Ghaeilge sa pháipéar.

Clódóir ba ea é i dtús a shaoil ach thosaigh sé mar iriseoir sna páipéir chuigíocha agus bhí fostaithe ag an Ulster Herald, Dundalk Examiner, mar a raibh leathanach i nGaeilge aige, Westmeath Independent, agus Drogheda Independent. Tuairim 1908 a chuaigh sé ag obair i mBaile Átha Cliath in Daily Express. De réir an Drogheda Independent 2 Iúil 1949 gur chaith sé tamall ina eagarthóir Gaeilge ag an Irish Independent.

De réir Fáinne an Lae 28 Feabhra 1925, bhí sé ina rúnaí ar Chomhaltas Uladh. Bhí sé ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge ó 1926 go dtí 1933, ina bhall de Chomhchoiste na gCumann Gaelacha i 1928 agus ina uachtarán ar an bhFáinne 1929–1931. Comhartha ar an tábhacht a bhain leis gurbh é a cuireadh i gceannas an chruinnithe lasmuigh de Theach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath 17 Deireadh Fómhair 1926 chun a éileamh go gcuirfí moltaí Choimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm. Ba dhuine é de bhunaitheoirí Choiste na bPáistí, cumann chun páistí oibrithe a thabhairt chun na Gaeltachta. Ba é a bhunaigh an míosachán inléite An Tír i 1928. Sa chló rómhánach a bhíodh an iris sin agus é féin a chuireadh i gcló é ar feadh tamaill. Bhí mórchuid daoine in aghaidh an chló rómhánaigh agus nuair a glacadh le rún á cháineadh ag cruinniú speisialta ar 28 Iúil 1931 ba é Cathal an t-aon duine amháin a bhí in aghaidh an rúin, seachas Liam de Róiste. Is dóigh gurb é aighneas an chló atá i gceist in eireaball na habairte seo in Inniu 8 Iúil 1949: ‘Fear lách dea-mhúinte nach raibh claon ar bith ann Cathal Ó Tuathail ach fuair sé íde nár thuill sé’.

Bhí sraith de bheathaisnéisí Gaeilgeoirí i gcló aige in Sunday Independent i 1934/5. Bhí sé i gceist na píosaí seo a thabhairt le chéile i leabhar, rud nach ndearnadh. Deirtear go raibh sé ag obair ar fhoclóir Gaeilge. D’éag sé ag 39 Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath, ar 28 Meitheamh 1949 agus tá sé curtha i reilig Chnoc Ieróm. Is dá dheartháir Peter O’Toole, siúinéir a bhí ina chónaí i mBaile Atha Cliath, a deonaíodh probháid a uachta. Ní raibh sé pósta agus is cosúil go raibh triúr dá dheirfiúracha neamhphósta in aontíos leis sa teach i Sráid Thomáis, Catherine, Mary Anne agus Margaret.

Toisc a dhealraimh, b’fhéidir, thugtaí ‘Cathal Buí’ agus ‘An Síneach’ air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú