In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 insíonn Peadar Ó hAnnracháin scéalta grinn ina thaobh agus deir: ‘Fear fé leith ab ea é. Bhí sé go grámhar groí. Bhí sé go huasal ina mheon agus cé ná ceapadh a lán é bhí sé chomh géarchúiseach grinn d’fhear chun duine a mheas agus a bhuailfeadh leat id’ shiúltaibh bliana.... Trua nár chrom sé ar scríbhneoireacht agus a raibh de ghreann ann féin, agus a laghad de a fuair fothain fé bhrat na Gaeilge lena ré. B’é Seán mo phríomhchuibhearnach sa ghnó i ndeisceart Mumhan an fhaid a bhí Fionán Mac Coluim thar sáile agus sin é an fáth gur mhaith liom a dhea-cháil a chraoladh’.

Bhí sé ar dhuine den naonúr is faide a bhí ag timireacht do Choiste GnóChonradh na Gaeilge. Sa Choill Mhór, an Chlais Ghainimhe Thiar in aice leis an gCaisleán Nua i gContae Thiobraid Árann, a rugadh é 14 Feabhra 1875. Feirmeoir ba ea a athair Pádraig agus ba í Cáit Nic Craith a mháthair. Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar mheánscoil i gCluain Meala agus ansin chaith tamall in 1892 ag foghlaim garraíodóireachta i gColáiste Talmhaíochta Albert i nGlas Naíon. Ar feadh deich mbliana bhí sé ag obair mar shuirbhéir talún don Suirbhéireacht Ordanáis. Cuid de bhéaloideas na clainne go raibh sé ar tí dul ar imirce ó Chóbh nuair a tharla gur chuala sé Tomás Bán Ó Concheanainn ag óráidíocht. Tá tagairt ag Pádraig Ó Cadhla in Bláithfhleasc Thiobraid Árann 1893–1943 do Sheán Ó Cearbhaill, ‘buachaill óg bríomhar aibí’, a bheith sa rang aige sa Chaisleán Nua tuairim 1903 agus gur ceapadh ina mhúinteoir Gaeilge é agus cúram an Chaisleáin Nua, Ard Fhionáin, an Chloichín agus Bhéal Átha Póirín air. B’fhéidir dul amú a bheith ar Phádraig i dtaobh aois an Chearbhallaigh seo agus gurbh é an Seán s’againne é mar fuair seisean post múinteora taistil agus chaith tamaill i gceantair Chloichín an Mhargaidh i dTiobraid Árann agus in Inis Córthaidh. Más é an Seán Ó Cearbhaill céanna é mhíneodh sé conas a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga.

Chaith sé Lúnasa 1904 i gColáiste na Mumhan agus i 1906 ceapadh ina thimire faoin gCoiste Gnó é. Ciarraí is mó a bhí ina chúram agus bhí sé lonnaithe i gCill Orglan. Choimeádadh sé cín lae agus chuir síos ann gur thaistil sé 4,639 míle i rith na bliana 1 Bealtaine 1912 go 26 Aibreán 1913, gur fhreastail 180 cruinniú agus gur thug cuairt ar 272 scoil.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ar feadh tamaill. Ó 1914 go 1923 bhí sé ina thimire ag coiste ceantair Luimnigh. 1 bhFeabhra 1912 phós sé Caitlín Ní Uallacháin ón bhFliain Mór i gcomharsanacht an Ghleanna i Luimneach agus shocraigh síos sa bhaile sin an bhliain dár gcionn. Rugadh cúigear leanbh dóibh, triúr buachaillí agus beirt chailíní. Bhí siopa beag aige sa Ghleann.

Ó 1923 go 1930 bhí sé ina mhúinteoir taistil faoi chomhairle chontae Luimnigh agus as sin amach gur éag ar 6 Meán Fómhair 1935 bhí sé ina mhúinteoir gairmoideachais. Bhí scéalta a bhailigh sé i gcló in An Lóchrann agus roghnaigh Pádraig Ó Siochfhradha cuid díobh le cur in An Seanchaí Muimhmeach. Chnuasaigh sé Scéilín is caogadh le léigheamh, le meabhrú agus le haithinnsint, 1934.

Luaitear é i gceann d’amhráin mhóra Chúil Aodha, ‘Scoil Bharr Duínse’ – ‘Bhí Seán Ó Cearbhaill ón gCaiseal aniar ann’. Mac leis ba ea Pádraig Ó Cearbhaill (rugadh 3 Bealtaine 1914; d’éag 7 lúil 1991) a scríobh B’aoibhinn bheith beo, 1987 agus Ba bheannacht bheith óg, 1989.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú