Seachas Peig Sayers is é an seanchaí é is mó ar a bhfuil eolas ag pobal mór na hÉireann. The tailor and Anstey, 1942, leabhar a bhunaigh Eric Cross ar an gcomhrá a dhéanadh Tadhg agus a bhean le scata cuairteoirí i nGaorthadh na Péice in aice le Gabhagán Barra in iarthar Chorcaí, agus drámaí a bunaíodh ar an leabhar, is cúis leis an gcáil sin. Caibidil i stair na cinsireachta is ea The tailor and Anstey. Chuir an Bord Cinsireachta cosc ar díol an leabhair ar 2 Deireadh Fómhair 1942. Go luath ina dhiaidh sin bhí litreacha gearánacha ag Frank O’Connor agus Seán Ó Faoláin in The Irish Times i dtaobh an choisc agus chuir an Seanadóir Sir John Keane rún os comhair an tSeanaid á mhaíomh nach raibh aon mhuinín ag an bpobal sa Bhord Cinsireachta. Tharraing sé cás trí leabhar anuas: The land of spices le Kate O’Brien, The laws of life le Halliday Sutherland, agus The tailor and Anstey. Thosaigh an díospóireacht ar 18 Samhain agus lean sí go 9 Nollaig. Tá cuntas ar an ngnó go léir ag Michael Adams in Censorship: the Irish experience, 1968. Agus tá tuairisc na díospóireachta, lúide na sleachta as an leabhar a léigh Keane amach, le fáil in imeachtaí an tSeanaid. ‘Reading it is like a long, slow swim through a sewage bed’ an cur síos a rinne Frank O’Connor air sa réamhrá a scríobh sé in eagrán 1964 de The tailor and Anstey. Bhí de thoradh ar an eachtra seo agus ar an bhfeachtas a bhí ar siúil go raibh deis achomhairc faoin acht nua i 1946.

I Lamhnachán i bparóiste Chill Gharbháin, Co. Chiarraí, a rugadh Tadhg ar 26 Nollaig 1863. Tá cuntas aige ar a shinsir agus ar chúrsa a shaoil féin in Seanchas an táilliúra, 1978 (Seán Ó Cróinín a bhailigh agus Aindrias Ó Muimhneacháin a chuir in eagar). Feirmeoir ba ea a athair Pádraig. De mhuintir Éalaithe a mháthair. Ba é Tadhg an seachtú duine de chlann trí dhuine déag. ‘Mise an seachtú mac, i ndiaidh a chéile gan aon bhriseadh’. Bhí an Ghaeilge ag titim chun deiridh agus é ag fás suas. I mBéarla a d’fhoghlaim sé an teagasc críostaí agus é ag dul faoi lámh easpaig.

Nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, timpeall an ama a thosaigh sé ag dul ar scoil, bhain tinneas dó, naíphairilis, de réir dealraimh, a d’fhág martraithe é. ‘Chuas a chodladh istoíche mar ba ghnách agus gan pioc orm. Nuair a éiríos ar maidin ní raibh aon anam im’ chois dheas.... Ghlaoigh mo mháthair orm éirí go raibh na prátaí ullamh. Bhí mo bhrístín tamall anonn uaim. Léimeas amach as an leaba, agus má dheineas do thiteas.... Ach sin é an chúis gur chuas le táilliúracht’. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois thosaigh sé ar phrintíseacht i Neidín agus chaith cúig bliana ann. Chaití go dona leis agus shíl sé nach mairfeadh sé in aon chor murach an chuairt a thugadh sé ar uncail leis gach Domhnach.

I ndiaidh na printíseachta chuaigh sé ag obair i gCill Airne, i dTrá Lí, i Mala agus i gcathair Chorcaí mar ar chaith sé ceithre bliana déag. Tamall ansin in Eochaill, trí bliana in Albain, agus sé mhí i mBaile Átha Cliath sular fhill sé ar Chorcaigh. Ar 3 Meitheamh 1906 phós sé Anastasia Nic Chárthaigh agus chuir siad fúthu i nGaorthadh na Péice. Dar leis an teastas pósta gurbh é Cill Garbháin seoladh an táilliúra agus gurbh é Gaorthadh na Péice seoladh Anastasia agus ‘cottier’ an cur síos ar a hathair, Justin McCarthy. Sa séipéal beag i nGabhagán Barra a bhí an searmanas.

Bhí beirt mhac acu. Tá an cur síos seo ag Cross ar Ansty nuair a chuireadh sí a héadaí Domhnaigh uirthi: ‘Then you realise that she was once the beauty of the neighbourhood, and beneath the filigree of wrinkles is still beautiful; still, in spite of the sharpness of her tongue, is delicate and feminine’. I nDaonáireamh 1911 cuireadh síos go raibh siad pósta le cúig bliana, gur 36 bliana d’aois a bhí aici agus nach raibh ach daichead ag Tadhg. Ní raibh go fóill ach an t-aon mhac amháin acu, Pádraig, a bhí dhá bhliain d’aois.

Garchomharsa le Tadhg ba ea Aindrias Ó Muimhneacháin agus dúirt seisean faoi i réamhrá Seanchas an Táilliúra: ‘Daoine, mo dhála féin, a raibh dlúthaithne acu ar an dTáilliúir, cuimhneoidh siad fós ar a staidiúir sheanchaíochta-an chuma a fhéachadh sé uaidh amach cruinn díreach ar a lucht éisteachta nó leathchliathánach uaireanta, a cheolmhaire agus a thomhaiste a bhí a chaint, a mheanmnaí a bhíodh sé agus conas mar a bhíodh an dá shúil ag rince ina cheann agus fáth an gháire coitianta ar a bhéal; is ea, agus an scairteadh groí gáire as a bholg aníos a chuireadh sé as nuair a bhíodh aon ní taibhseach nó greannúr nó áiféiseach eachtraithe aige. Ní raibh na scéalta fada fiannaíochta aige ach an-sheanchaí ab ea é. Gnáthbhéas a bhí aige nuair a bhuailfeá chuige isteach, léaspairtín bheag ghrinn nó neafuis éigin gan dealramh, dar leat, a chaitheamh chugat, ach sula mbeadh a fhios agat cad chuige a bhíodh sé leanfadh sé air ag seoraíl agus ag ramscéalaíocht leis... ach i gcónaí agus choíche bheadh gaolcheangal éigin ag an uile ní leis an neafuis, mar a mheasfá lenar thosnaigh agus, go háirithe, ag aon rud a inneosfadh sé leis an rud a leanfadh é’.

Is mar seo a chuir Frank O’Connor síos ar stíl an táilliúra in Leinster, Munster and Connaught: ‘But the Tailor was at his best as a yarn-spinner, and I never heard a better. Unlike the usual traditional storytellers... the Tailor could take a simple little incident of life in the valley, embroider it here and there with a traditional touch, and it became a masterpiece’.

Is mar seo a chuir an t-údar céanna síos ar a dhealramh: ‘A crippled little Kerryman with soft, round, rosy cheeks exactly like a baby’s and two brilliant, mischievous baby eyes’. Ach is cosúil nárbh aon fhear beag é. ‘A mhalairt ar fad. Ina lá, dá ndíreodh sé é féin suas, fiú ar a mhaide croise, bheadh sé an sé throigh slán agus beagán lena chois, b’fhéidir’, dar le hAindrias Ó Muimhneacháin.

Deirtear nach raibh an saol róshona ag an seanlánuin tar éis leabhar Cross a theacht amach, go ndearnadh baghchat orthu, gur chuir triúr sagart iachall ar an seanfhear an leabhar a dhó. ‘Traynor [An tAthair Tadhg] and I motored down to see them, and when we were leaving we found the front door jammed. Some hooligans had jammed the branch of a tree between the latch and the wall, and Jackie, their son, had to climb through the little window to release us’, a dúirt O’Connor i réamhrá The Tailor and Ansty.

Chaith an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín seacht lá déag idir 14 Iúil agus 27 Deireadh Fómhair 1942 ag taifeadadh ábhair i dteach an Táilliúra. Dúirt Ó Muimheacháin go mba mhór an trua é nach ndeachthas chuige fiche nó deich mbliana féin roimhe sin nuair a bhí sé i mbláth a mhaitheasa agus go mba mhór an trua freisin go mb’éigean don Chróiníneach imeacht leis in áit eile ‘sula raibh an Táilliúir, i ndeireadh a shaoil, siolptha sniogtha i gceart aige’.

Fuair sé bás ar 21 Aibreán 1945 agus fuair Ansty bás cúpla bliain ina dhiaidh. Tá siad curtha i nGabhagán Barra agus ba é a gcara an dealbhóir Séamus Ó Murchú a shnoigh an leacht atá os cionn na huaighe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú