Cuid thábhachtach de obair ghluaiseacht na teanga agus gluaiseachtaí náisiúnta eile sna blianta luatha ba ea eolas ar stair na hÉireann a chraobhscaoileadh. Chaithfí Henry Egan Kenny (‘Sean-Ghall’) a áireamh ar na staraithe amaitéaracha ba mhó cáil dá raibh ag gabháil don obair sin.

Ag 221 Sráid na Breataine (Sráid Parnell anois) i mBaile Átha Cliath a rugadh é 5 Bealtaine 1871. De réir an teastais breithe ba chaibinéadaire an t-athair, Michael Kenny, agus ba í Mary Eagan (sic) a mháthair. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí in éineacht le Liam Ó Maolruanaidh agus Art Ó Gríofa i Scoil na Trá agus arís i Scoil Uí Chonaill le Liam Ó Maolruanaidh. Bhí baint aige ó thús leis na cumainn bheaga a bhunaigh an bheirt acu sin. Ó Risteárd Ó Maoilbhréanainn a fuair sé a chéad cheachtanna Gaeilge. Fuair sé post múinteora sa Royal Hibernian Military Academy tar éis dó Scoil Uí Chonaill a fhágáil. D’éirigh idir é agus údaráis an Acadaimh faoi alt a bhí scríofa aige ar an mBanríon Éilís I agus chaill sé an post. Tuairim 1892 a tharla sin, ní foláir, mar de ghnáth deirtear gur tríocha bliain a chaith sé sa tseirbhís Chustaim is Máil anseo is ansiúd i Sasana.

Is i Londain a bhí sé ar dtús agus thugadh sé léachtaí ar ábhair staire sa Chlub Náisiúnta. Lána Chancery, agus sa chumann Young Ireland. Agus é ag trácht ar an gcumann deireanach sin in Fenian memories, 1945 scríobh an Dr Marcas Ó Roighin: ‘One of our best lecturers was Sean-Ghall who had a fine grasp of Irish history and was a very effective speaker’. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge sa chathair ó thús agus thugadh léachtaí staire sna scoileanna éagsúla. Deir Donncha Ó Súilleabháin (Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989) gur ceapadh é ina rúnaí cúnta i 1900 ach nár fheidhmigh sé. Gan a dhóthain Gaeilge a bheith aige an fáth, b’fhéidir. Casadh ar Sheán Ó Ciarghusa é tuairim 1896. In Leader31 Deireadh Fómhair 1936 scríobh seisean: ‘Ón lá a theagmhaíomar lena chéile den chéad uair daichead bliain ó shin ar Oileán na Madraí i Londain bhíomar muinteartha lena chéile agus, aon uair a bhíodh eolas uaim ar sheanchas na hÉireann níor ghá dom ach scríobh go dtí é agus bhíodh an t-eolas agam, breis agus a dteastaíodh uaim de. Is minic a chasainn mar spórt leis é bheith ina Ghall agus dá mharú féin ag taighde scéal an tseanchais i mBéarla in áit bheith ag foghlaim na Gaeilge...’.

Scríobhadh sé go seachtainiúil in United Irishman. Dúirt P.S. Ó hÉigeartaigh ina thaobh: ‘It would be as difficult to imagine the United Irishman without Griffith and Rooney as without him’ (Dublin Magazine, Eanáir-Márta 1937).

Sa réamhrá a chuir sí le The making of Ireland and its undoing, 1200–1600, 1908 deir Alice Stopford Green: ‘There are few workers, as will be seen, in this period of Irish history. One student, H. Egan Kenny, has for some years made a laborious study from first hand sources of the commercial and industrial life of Ireland throughout the Middle Ages; and I give him my sincere thanks for the valuable help he has most kindly given me, both in suggestions and corrections’. Chabhraigh sé freisin le Séamus McManus nuair a bhí The story of the Irish race: a popular history of Ireland, 1921 á réiteach aige agus scríobh ceithre cinn de na caibidlí dó.

Nuair a thagadh sé abhaile thaithíodh sé Stad Chathail Mhic Gharbhaigh agus áiteanna eile a mbíodh Art Ó Gríofa, mar an t-óstán i nGleann Molúra agus an Bailey. Timpeall 1905 aistríodh é go Goole in Yorkshire. Níor thaitin sé leis mar stáisiún toisc é bheith scartha ó leabharlanna. Ní raibh d’áiseanna tagartha aige ach a chuid leabhar féin. Chaitheadh sé a laethanta saoire sa Leabharlann Náisiúnta agus san Ardmhúsaem i mBaile Átha Cliath. Timpeall an ama chéanna tháinig bodhaire air de dheasca tromshlaghdáin.

É féin agus Walter Cole a d’fhéach chuige nach mbeadh cead ag Art Ó Gríofa morgáiste a fháil ar an teach a cheannaigh a chairde dó. Tá cur síos ag Kenny (Sean-Ghall) in Voice of Ireland, 1924 ar an gcaoi ar tharla sin. Is mar gheall ar a dhlúthchairdeas le hArt Ó Gríofa go samhlaítear do dhaoine go raibh baint aige le Sinn Féin , cé gur bheag a shuim sa pholaitíocht, dar le Seán Ó Lúing (Art Ó Gríofa, 1953). Shíl an Gríofach gurbh é an t-údar ba mhó dá raibh thuas é ar stair na hÉireann agus d’fhéach chuige i 1922 go nglaofaí ar ais go Baile Átha Cliath é. Ceapadh é ina leabharlannaí ag Tithe an Oireachtais. D’éirigh sé as an bpost i 1936 agus cailleadh 22 Deireadh Fómhair na bliana céanna é. Bhí cónaí air ag 14 Ascaill Philipsburgh, Fionnradharc, Baile Átha Cliath. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú