“Fowler na Gaeilge” a thug Séamas Daltún, Príomh-Aistritheoir Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais, air. Ag cuimhneamh a bhí sé ar a phéire leabhar: Ceart na Gaedhilge (1922) agus Gnás na Gaedhilge (1940).

I gCionn tSáile, Co. Chorcaí, a rugadh Cormac Ó Cadhlaigh ar 26 Aibreán 1884. Bhí gnó gréasaíochta i Sráid an Mhargaidh ann ag a athair Jeremiah, cúigear ag obair dó ina cheardlann agus gréasaithe eile ag obair dó ina dtithe féin. Gréasaí sa tsráid chéanna a athairsean freisin, fear ar chainteoir dúchais Gaeilge é. Ní raibh focal Gaeilge ag Jeremiah. In ‘An Mhuintir s’againne,’ Scéala Éireann 28 Márta 1959, deir sé go raibh roinnt Gaeilge ag a mháthair ach nár labhair sí riamh leis í. Ó Chonn Ó Floinn, seanduine i gceantar Chionn tSáile, a d’fhoghlaim sé rince agus tosach a chuid Gaeilge. Ba í Marianne McCarthy máthair Chormaic. Bhí a tuismitheoirí ina múinteoirí sa Sponcán in aice leis an gCoireán i gCiarraí. Bhí seisear deirfiúracha agus deartháir amháin aici. Oileadh na cailíní uile ina múinteoirí ach níor chleacht Marianne an cheird riamh. I gCionn tSáile bhí sí i gceannas i siopa tobac Clarke & Co. Bhí a deirfiúr Nóra pósta ar Mhicheál Ó Dochartaigh, múinteoir i gCill Orglan, deirfiúr eile May arbh é Fionán Mac Coluim a mac, agus deirfiúr eile Ellie a bhí pósta ar Fhionán Ó Loingsigh agus a raibh Fionán Ó Loingsigh T.D., an tAthair Seán Ó Loingsigh, údar, agus Eibhlín Bean Uí Mhóráin (máthair Dhónaill Uí Mhóráin) sa chlann aici. B’fhéidir gurbh í Myra an duine ba cháiliúla de na deirfiúracha. Is ina teach ag 44 Cearnóg Mountjoy a d’fhanadh Micheál Ó Coileáin nuair ba mhó a bhí sé i gcontúirt a anama. Ba é Cormac an ceathrú duine de sheachtar clainne, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní.

B’fhéidir gur mar gheall ar na gaolta sin a thosaigh Cormac ag foghlaim Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois agus é réidh leis an meánscolaíocht i Mainistir Fhear Maí (1895–97) agus i gCarraig an Tobair (1897–1901). Agus é ag Feis Bhaile an Mhoirtéalaigh in Iúil 1901 is beag má thuig sé rud ar bith dá rabhthas a rá ón ardán seachas an focal “agus”. Chuir an fheis sin cor ina shaol. Go nuige sin is ag díriú ar phost státseirbhíse a bhí sé agus bhí an oiread sin duaiseanna agus scoláireachtaí gnóite aige gur ró-dhócha go n-éireodh leis a leithéid de phost a fháil.

Ba é Fionán Mac Coluim a mhol dó dul go dtí an Blascaod agus mhaíodh sé gur túisce ná na scoláirí móra a chuir sé eolas ar an oileán.

Fuair sé post faoi Chonradh na Gaeilge i nGráig na Manach in 1905. I Samhradh na bliana sin bhain sé amach lánteastas múinteora Gaeilge i gColáiste na Mumhan. An Fómhar sin fuair sé post i gColáiste Sheosaimh i mBéal Átha na Sluaighe. Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí sé ag timireacht don Chonradh i gContae an Chláir. Timpeall an ama seo bhíodh sé i láthair ag feiseanna na Mumhan, an filleadh beag air agus é ag baint duaiseanna sna comórtais rince.

Faoi 1908 bhí post aige i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí. Is ann a bhunaigh Cormac féin, Tomás Mac Donnchadha (1878–1916) agus Pádraig Ó Cinnéide an ceardchumann Cumann na Meánmhúinteoirí (ASTI). An Ghaeilge agus an Fhraincis na hábhair a bhí aige ach bhíodh an Spáinnis agus an tráchtáil á múineadh aige tamaill freisin. Scríobh sé leabhar ar an gcuntasaíocht in 1925.

Ó 1914 go 1917 bhí baint aige leis na cúrsaí samhraidh i gCathair Dónall agus in 1921 le cúrsa Chraobh na Trá Móire de Choláiste na Rinne.

Toisc gurbh ón Ollscoil Ríoga a bhí an Máithreánach aige bhí cead aige dul faoi scrúduithe céime gan freastal a bheith déanta aige ar léachtaí. Bhain sé B.A. amach in 1912 agus M.A. an bhliain dár gcionn. In 1909 bhí an leagan de “Parliament na mBan” sa lámhscríbhinn i gColáiste Cholmáin i gcló aige in An Lóchrann agus san iris chéanna “Eachtra Chondla Mhic Chuinn Chéadchathaigh” in 1911 agus “Ceisneamh Inghine Ghoil Átha Lóigh” in 1912–13. Thugadh sé cuairt ar an Athair Peadar le linn dó bheith ag déanamh domhanstaidéir ar a shaothar. Ceart na Gaedhilge (1922) toradh na hoibre sin. Bhí de cháil air gur rómheas a bhí aige ar shaothar liteartha an tsagairt.

Ceapadh é ina chúntóir i Roinn na Gaeilge agus sa leabharlann i gColáiste Ollscoile Chorcaí in 1923 agus ina léachtóir in 1930. Bhí sé ina eagarthóir ar An Lóchrann in 1930–31. Toghadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath in Iúil 1932 nuair a d’éirigh an Craoibhín as an bpost sin. Chuir sé isteach ar uachtaránacht Choláiste Ollscoile Chorcaí in 1943 ach is le Alfred Ó Rathaille a bhí an lá.

Chuaigh Cormac amach ar pinsean in 1954 agus chaith fuílleach a shaoil i gCill Orglan. B’as an mbaile sin dá bhean Esther Nic Cormaic (d’éag ar 21 Lúnasa 1947). Ba lena muintir Teach Ósta an Bhóthair Iarainn ann. Phós siad in 1913 agus bhí triúr iníonacha agus mac acu. D’éag Cormac ar 1 Nollaig 1960. Scríobh an tAthair Tadhg Ó Murchú cuntas ar a shaol in Feasta Feabhra 1961.

Slighe an eólais (1923) ba mhó a chuir a ainm i mbéal an phobail bhí sé ar an oiread sin cúrsaí scoile. Rinne sé roinnt mhaith aistriúcháin: Aindeise Shiobhán (1928) ar Les Malheurs de Sophie le La Comtesse de Ségur; Colombo (1929) ar scéal le Prosper Merimee; Rí na gcnoc (1931) ar Le Roi des Montagnes le Edmond About; aistriúcháin ar De Bello Gallico 11 (1922) agus Rerum Novarum (Staid an lucht saothair) in 1926. Tá go leor dá dhéantús bunaithe ar an tseanlitríocht: Cormac Mac Airt (1927), Guaire an Oinigh (1939); An Fhiannaidheacht (1936); Diarmuid Mac Cearbhaill (1950); An Rúraíocht (1956). Maíodh gurbh é Cormac Mac Airt (1927) an chéad leabhar dár fhoilsigh An Gúm, ach is é a thabharfá leat ón liosta in Foilseacháin an Ghúim 1926-2003 (2003) gur túisce ná é a foilsíodh Beagnach Fíor (1927) le Pádraic Ó Conaire agus Lorgaireacht (1927) le Micheál Ó Gríobhtha. Cnuasach seanfhocal is ea Eagna an Ghaedhil (1924). Bhí tosaithe aige ar a dhírbheathaisnéis a scríobh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú