Sa Bhroisceach, Cill Rosanta, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Seachas a bhfuil i gcló ina thaobh ag Pádraig Ó Dálaigh in Riobard Bheldon: file an Chomaraigh, 1903 agus ag Robert F.Walsh in Waterford News, 18 Márta 1938 et seq. is beag atá ar eolas faoi.

Tógadh i dteach mhuintir Stac ina áit dhúchais é. Bhí siadsan gaolmhar lena mháthair (ar de mhuintir O’Brien-Stack í, dream a raibh cáil na filíochta orthu dar le Walsh) agus bhí sé mar bhuachaill oibre acu. Nuair a bhí sé fiche bliain d’aois bhí sé ina oibrí feirme ag muintir Chiarghusa in aice Phort Lách. Phós sé bean den sloinne Christopher agus bhí seisear clainne acu. Nuair a bhí sé meánaosta chuaigh sé chun oibre le Miss Fairholme a bhí ina tiarna talún sa cheantar agus ba í an obair is mó a bhíodh ar siúl aige ag gearradh adhmaid i Muileann na gComarach ag Droichead na Machan. Bhí James Carmody ó Chontae an Chláir (d’éag 1909) ag teagasc i scoil Phrotastúnach Miss Fairholme. D’fhoghlaim sé Gaeilge ó Riobard agus bhreac síos cuid dá dhánta.

Bhíodh deirfiúr leis an Athair Maurus Ó Faoláin O.Cist. ag breacadh síos a dhéantúis filíochta uaidh freisin agus chuir An tAthair Maurus i gcló é in An Sléibhteánach. Chaitheadh Riobard seachtain gach bliain leis an sagart i gCnoc Mhellerí. Dúirt seisean ina thaobh sa réamhrá a chuir sé le cnuasach Phádraig Uí Dhálaigh: “Seo fear nár cailleadh pingin riamh lena thabhairt suas, fear nár chaith lá ar scoil ach a chaith a bheatha ag tuilleamh a phá; fear nár chuir síos ar pháipéar focal dá chuid dánta riamh, ná fiú a ainm féin ... ar a shon sin cé a déarfadh nach duine múinte pras léannta deá-mheabhrach é”. Dúirt an tAthair Maurus gur chum an t-athair amhráin freisin.

Tá cuntas an-suimiúil ag Charlotte Milligan Fox ina thaobh in Journal of the Folk Song Society of Ireland, Iml. 12 (1917). Bhí sí ag bailiú ceoil sna Comaraigh i 1905. “The bard was a tall, thin, refined man, with the airs and manners of an old aristocrat. His hands were long and finely shaped and he informed me that he claimed descent from the Princes of the Decies. ‘My mother’, he added, ‘was a descendant of the old clan, Ó Faoláin, and from her I got my taste for poetry’.” Ansin dúirt sé an méid seo: “I well remember with what joy I read, about 55 years ago, the first book of Gaelic verse published by O’Daly.” Thug sé le fios freisin di go raibh leabhair aige agus gurbh eol dó foilseacháin Chumann na Scríbheann Gaeilge. Deich lá ina dhiaidh sin chuaigh Charlotte Milligan ar ais chuig Droichead na Machan le gléas taifeadta. Bhí a iníon agus a fear céile agus comharsana in éineacht leis. “His voice was strong and resonant, and when he was finished, I put on the repeating apparatus; and his delight was unbounded, as he listened to his own voice, exclaiming from time to time: ‘Well, well, it beats everything’.”

Ag Oireachtas 1901 bhuaigh sé bonn óir ar amhrán nua a chur le seanfhonn agus iarradh air an Óid a scríobh d’Oireachtas 1905 (“Gabham le chéile”). Tá amhráin a chum sé le fáil i gcnuasaigh an Athar Pádraig Breathnach (Ár gceol féinig, Ceol ár sinsear, Fuinn na smól, Sídh-cheol) agus i gcnuasach De Chlanndiolúin agus Ní Annagáin (Londubh a’ Chairn). “Mar mheath uaim mo chairde bhí grámhar fad ó” an ceann ba mhó a bhí i mbéal an phobail. Foilsíodh i dtosach é in An Claidheamh Soluis ar 10 Samhain 1900.

D’éag se ar 8 Meitheamh 1914 san ospidéal i gCoill Mhic Thomáisín tar éis liostachais fhada agus tá sé curtha i gCill Rosanta. Deirtear gur dhóigh leanbh óg a bhí ag súgradh cois na tine sa teach cuid de dhéantús Riobaird agus gur cailleadh a thuilleadh de i ndóiteán i dteach a iníne. Foilsíodh Riobard Bheldon: amhráin agus dánta, 1995 in eagar ag Pádraig Ó Macháin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú