Sa tréimhse 1937–1947 bhí sé ar an duine ba shlachtmhaire agus ba ghairmiúla dá raibh ag soláthar agus ag léiriú clár Gaeilge do Radio Éireann, rud is léir ón méid a dúirt Riobard Ó Faracháin, an té a bhí freagrach as na cláir Ghaeilge, in Written on the wind, in eagar ag Louis MacRedmond (1976). Níl aon amhras ach gur ar son na hathbheochana a d’fhoghlaim sé ceird an chraoltóra chomh maith sin.

I nDroichead Átha a rugadh Diarmuid ar 9 Bealtaine 1908. Bunmhúinteoir a athair Bill Allen as Achadh Bolg, Co. Chorcaí. As Coilleach Eanach, Ard Mhacha, dá mháthair Catherine Moley. Bhí baint ag Bill (nó W. P.) Allen le bunú Chraobh an Chéitinnigh i dtús an chéid. Chuig a scoilsean, Scoil Phádraig i nDroichead Átha, a chuaigh Diarmuid agus ann a rinne sé an Ard-Teistiméireacht féin. Ghnóthaigh a mharcanna dó ionad i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus scoláireacht ollscoile. Sa choláiste oiliúna ba é an chéad duine riamh é a rinne an scrúdú deiridh i nGaeilge amháin. Chaith sé bliain go leith i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, mar a raibh sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach, sular thosaigh sé ag múineadh i Scoil Cholm Cille, scoil lánghaelach i Sráid Maoilbhríde i mBaile Átha Cliath. Ceapadh é ina ardmháistir i Scoil Haróid, Deilginis, i 1944 agus is ann a bhí sé gur chuaigh amach ar pinsean i 1971. Sa tsamhradh go minic mhúineadh sé i gColáiste Charman, Guaire, idir 1938 agus 1947 agus i gColáiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh i 1948 agus 1952.

Taobh amuigh den mhúinteoireacht bhí trí rud ar chaith sé a dhícheall agus a dhúthracht leo: Craobh an Chéitinnigh; obair raidió; Scoil Lorcáin. Ba ghnéithe sainiúla iad dá shaothar ar son na teanga.

Chuaigh sé isteach i gCraobh an Chéitinnigh i ndiaidh dó an ollscoil a fhágáil. Ba ghairid go raibh sé ina rúnaí acu. Bhí sé ar an dream a shíl gurbh fhiú saol iomlán cultúrtha agus siamsaíochta a chur ar fáil do na baill. Chuir a cháilíochtaí féin ar chumas dó tabhairt faoi. Chuir sé tús le Cór an Chéitinnigh. B’eisean a bhí á stiúradh nuair a bhain siad Corn Hardebec i 1948. Faoina stiúirsean a bhain Cór Chraobh Dhún Laoghaire an corn céanna i 1950.

Bhunaigh sé ceolfhoireann sa chraobh. Chóiríodh sé amhráin do chóir. D’aistríodh sé amhráin. An ceann is cáiliúla díobh ‘Ag Triall ar Inis Thiar’ (Scéala Éireann, 20 Márta 1939).

Bhí tamall caite aige i scoil na Mainistreach agus bhunaigh sé scoil aisteoireachta i gCraobh an Chéitinnigh chun a raibh foghlamtha aige a roinnt ar na baill. Chuir sé tús le Aisteoirí an Chéitinnigh. A spéis sa drámaíocht, agus chun deis a sholáthar dá fhoireann, a thug isteach ar obair an raidió é. Bhí páirt aige sa chéad dráma Gaeilge riamh i stiúideo 2RN i Sráid na Danmhairge. Muiris Ó Catháin a bhí ina bhun agus ag aisteoireacht in éineacht leo bhí Máire Ní Oisín. Ba é príomhoide Dhiarmuda i Scoil Cholm Cille an Muiris Ó Catháin sin. Trí bliana ina dhiaidh sin bhí sé féin agus Aisteoirí Chéitinn páirteach in Dúirtse Dáirtse leis an mBantiarna Gregory. Cyril Cusack a léirigh an dráma raidió sin i 1933. Uaidh sin amach d’fhostaíodh Larry Morrow agus Gabriel Fallon dá léirithe é agus bhí meas ar leith ag Morrow ar Dhiarmuid mar fhear déanta seachghlórtha.

Nuair a chuir Conradh na Gaeilge a gcoiste raidió ar bun i 1935 ba iad Diarmuid, Aindrias Ó Muimhneacháin, Éamonn de Barra agus Leon Ó Dubhghaill na baill. Na cainteanna raidió a chraol siad chun daoine a spreagadh chun oibre foilsíodh iad faoin teideal An Gael agus an Radio i 1935. As sin amach go 1947 b’í ré an amaitéaraigh í, chomh fada is bhain le cláir Ghaeilge ar an raidió. Bhí an fhoireann lánaimseartha an-bheag. Diarmuid an duine ab éifeachtaí agus ba bhisiúla de lucht na páirtaimsire. Ó 1940 amach bhíodh Bolg an tSoláthair, irischlár, á scríobh, á léiriú agus á chur i láthair aige. D’aistríodh sé drámaí go Gaeilge. Scríobhadh Frank Carney cinn i mBéarla chun go n-aistreodh Diarmuid iad chun gurbh i nGaeilge a chéadléireofaí iad! Ba é Radio Éireann príomhthaca na drámaíochta Gaeilge i rith an chogaidh. Chreid Diarmuid féin, nó deireadh sé go magúil, gur ag iarraidh fadhbanna cinsireachta a shárú a bhíodh na húdaráis leis na drámaí Gaeilge go léir a chraoltaí.

Scríobhadh Diarmuid an-chuid gnéchlár freisin. An clár ab iomráití an craoladh a rinneadh nuair a d’éag an Craoibhín. Shíl Riobard Ó Faracháin gurbh éacht é a bhí inchurtha le clár ar bith sna 25 bliana tosaigh.

Nuair a bhí forbairt á déanamh ar an stáisiún craolacháin i 1947 chuir Diarmuid isteach ar phoist éagsúla ach tharraing sé a ainm siar as gach comórtas. Ní raibh amhras ach go raibh post léiritheora nó a leithéid le fáil aige. B’fhéidir gur shíl sé gur bhac ar a shaoirse post raidió. Ó 1953 ar feadh 13 bliana bhí colún seachtainiúil raidió aige ar Scéala Éireann. An ghné shuaithinseach ann an cuntas a choimeádadh sé ar ‘chionmhaire’ na Gaeilge sna cláir.

I 1948 nuair a chuaigh comhrialtas i gcumhacht cheangail sé le Fianna Fáil i nDún Laoghaire agus bhí sé tamall ina chathaoirleach ar an gComhairle Dáilcheantair. B’fhéidir gur chabhair dó an stádas sin nuair a bheartaigh sé ar scoil lán-Ghaelach a bhunú sa Bhuirg. Dó is mó a thugtar an chreidiúint gur osclaíodh Scoil Lorcáin in Áras an Bhaile sa Charraig Dhubh ar 15 Meán Fómhair 1952.

Bhí sé pósta ar Fhionnghuala Ní Dhálaigh, deirfiúr le Cearbhall Ó Dálaigh. Rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh agus thóg siad le Gaeilge iad. D’éag Diarmuid Ó hAlmhain ar 7 Eanáir 1980 agus tá sé curtha i Reilig Pheadair i mBré.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú