Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 8
“Seoid náisiúnta atá imithe uainn,” a dúirt a dhlúthchara Micheál de Mórdha agus é ag labhairt ar a shochraid. Bá é an leabhar A thig ná tit orm ba thúisce a d’fhógair a chumas scríbhneoireachta – scéal a shaoil mar ógánach in Iarthar Dhuibhneach, mar imirceach i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, as ar fhill sé abhaile in 1969 ··· Scríobh Maidhc os cionn scór leabhar eile ina dhiaidh sin, úrscéalta, gearrscéalta, leabhar filíochta agus leabhair don óige, chomh maith leis an dara cuid de scéal a shaoil, Mura mbuafam – suathfam, ina bhfuil cur síos ar a raibh i ndán dó agus é fillte as na Stáit. Iascaire agus tiománaí hacnaí as an mBaile Loiscthe, Baile na nGall, ab ea a athair, Dainín Dan Ó Sé, agus ba as Baile na Buaile, an Daingean, dá mháthair, Máire ‘Minnie’ Ní Chinnéide ··· Ach bhí sé ina chloigeann i gcónaí tabhairt faoi na Stáit Aontaithe agus faoi Chicago, mar a raibh beirt dheartháir eile dá chuid, Pádraig agus Seán, agus a dheirfiúr Máire ··· Ós rud é nach raibh Maidhc baileach ocht mbliana déag, ba trí phas a athar, saoránach de chuid na Stát, a fuair sé cead isteach ar 20 Deireadh Fómhair 1959. Ní raibh caite ach dhá lá ag Maidhc in Chicago nuair a bhí post faighte aige leis an gcomhlacht postdíola Sears Roebuck ··· Ba in Chicago a saolaíodh an bheirt ba shine dá gcuid páistí, Caoimhín agus Deirdre, agus bhí Caitlín ag súil leis an tríú duine, Danny, nuair a shocraigh siad filleadh abhaile in 1969, mar go raibh treisiú ag teacht ar an gciníochas sna Stáit agus gur thug siad faoi deara freisin go raibh úsáid drugaí ag éirí níos forleithne
Seo iad na scéalta de chuid Tom atá ar an gcaiséad: ‘An t-am a raibh Fionn Mac Cumhaill ina pháiste’, ‘An Gobán’, ‘An craiceann agus a luach’, ‘Ruaidhrí Caoir Ó Flatharta’, ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus, an scéal ab ansa leis féin, ‘Donnchadha Mór,’ an ceann a d’aithris sé do Mháirtín Tom Sheáinín ar an gclár Comhrá ar TG4 in Aibreán na bliana 2007. Scéalta fada Fiannaíochta ba ea cuid de na scéalta ab fhearr a bhí ag Tom Bheartla Tom, cuid acu os cionn uair an chloig ar fhad, ach iad a insint ó thús go deireadh, leithéidí ‘Triúr clainne na barrscolóige’ agus ‘Céatach Mac Fhinn Mhic Cumhaill.’ Ar na cinn eile a d’insíodh sé bhí ‘Glóir mhac rí in Éirinn,’ ‘An t-am ar tháinig Oisín as Tír na nÓg,’ ‘An Chailleach Bhéarra agus an bhó,’ agus ‘Alastar mac an Impreora.’ I dteannta na scéalta, bhí seanchas go leor aige freisin a bhain leis na seanfhéilte, Lá Bealtaine agus Oíche Fhéile Mártan, cuir i gcás. Bhí Tom Bheartla Tom páirteach freisin i gcláir a craoladh ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4 faoina sheanuncail Larry Saile Ó Flaithbheartaigh, a thug a bhean agus a chlann as an Lochán Beag chuig Minnesotana Stát Aontaithe in 1880, le héalú ón nGorta Beag
D’fhág sin ar a compord í le linn na dturas a thug sí ar mhórán chuile thír san Eoraip, ar Chúba, an Túinéis, Maracó, na Stáit Aontaithe, an Éigipt, an Íoslainn agus Barbadós
Bhí tóir mhór ar na cathaoireacha súgáin a bhíodh á ndéanamh acu agus easpórtáladh iad go Sasana, Mór-roinn na hEorpa agus chuig na Stáit Aontaithe. Níl cur síos ar a ndearna Seán Ó Ceallaigh ag cur na teanga agus an chultúir chun cinn go háirithe sa Chlár, a chontae dúchais. Bhí sé thar a bheith gníomhach i gConradh na Gaeilge, ina bhall de Choiste Gnó na heagraíochta sin agus ina uachtarán ar Chraobh na hInse, Co
Ag am a bháis in St Joseph’s Home, Dún Garbhán, ar 13 Deireadh Fómhair 1963 bhí seisear de na mic i Sasana, beirt sna Stáit Aontaithe, agus triúr mac eile agus iníon ina gcónaí i gContae Phort Láirge
Níorbh annamh dó léachtaí a thabhairt nó drámaí a stiúradh anseo is ansiúd sna Stáit, i dTalamh an Éisc, i bPáras nó i Londain
Eagraíocht í seo a bhunaigh bean chéile Uachtarán SAM, Jimmy Carter, Rosalind, chun cultúir an domhain a thabhairt le chéile. Tar éis a saol a chaitheamh i mbun chur chun cinn an cheoil Ghaelaigh agus na Gaeilge i measc an aosa óig, thiontaigh Caitlín ar a dúil féin san amhránaíocht sean-nóis agus bhain sí corn in Oireachtas 1992 sa Daingean, Co
Ba é Bearnard Ó Conluain a athair, fear a d’fhill ó Stáit Aontaithe Mheiriceá chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1916 i gceantar na Binne Boirbe