Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 30
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Lawrence, Massachusetts, Stáit AontaitheMheiriceá, a rugadh é 4 Aibreán 1871 ··· Bhuail an Craoibhín leis i rith a thurais trí Mheiriceá agus ba é a chuir in aithne é ag an bpríomhócáid i mBostún 3 Nollaig 1905. An moladh is airde is féidir a thabhairt dó gurbh é athair an léinn Cheiltigh sna Stáit Aontaithe é
D’fhoilsíodh siad leabhair agus ábhar i mBéarla gan amhras: ceann de na chéad leabhair ar cháin ioncaim na hÉireann; The National Digest; The Catholic Digest.... Tar éis dó cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe bhunaigh sé an comhlacht The National Direct Mail
Chaith sé saol sna Stáit Aontaithe a bhí eachtrúil go maith
Bhí an Diarmuid seo ina chigire ag Bord Calafoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath ar ball. Deirtear freisin gur dheartháir le Diarmuid ba ea an tAthair Denis O’Sullivan a tháinig abhaile ó dheisceart Stáit AontaitheMheiriceá i 1928 le hóráid a thabhairt os cionn uaigh John Devoy
Tuairim 1852 chuaigh sé ag obair sna Stáit Aontaithe agus bhí ina shagart paróiste i gCambridge, deoise Albany, nuair a d’éag sé 5 Márta 1857
D’fhág sé an t-arm in 1805 le dul go dtí na Stáit Aontaithe
In 1858 cheap James Stephens é mar Cheann Urra Bhráithreachas na Poblachta sna Stáit Aontaithe; bhí an Bráithreachas Fíníneach mar ainm air ag an Mathúnach go luath in 1859
Thugadh sé léachtaí freisin sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus anseo is ansiúd san Eoraip. Ar feadh na tréimhse 1960-71 bhí sé ina eagarthóir ar The Irish Sword agus bhí tamall ina uachtarán ar an gCumann um Stair Mhíleata na hÉireann
‘Cé go raibh ceadúnas faoi uimhir dhleathach imirce agam dul isteach ins na Stáit Aontaithe arís, agus mé ullamh chun dul, bhris an tarna cogadh domhanda amach agus dúnadh doras na himirce ar gach éinne ach amháin saoránaigh na tíre sin’ (Feasta, Meán Fómhair 1989)
Deirtear in Irish Times gur chaith sé tamall gairid ag obair sna Stáit Aontaithe
Bhí sí in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha ach chaith tamall maith fada ón am sin amach ag tabhairt aire do theaghlach Risteáird Uí Mhaolchatha [B5]. Chaith sí an tréimhse 1927-66 i Stáit AontaitheMheiriceá, tamaill ag obair in ospidéil i mBoston, tamaill eile mar altra i monarcha muinisin agus san aerfhórsa in Missisippi
Ó 1939 ar aghaidh ba mhinic é ag rince agus ag eagrú sna Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn
Ach ba dhóigh lena mháthair (Imeall, TG4, 4 Samhain 2010) gurbh iad drámaí Radio Éireann gach Domhnach sna 1950idí luatha a chuaigh i gcion air. Seanathair leis i Stáit AontaitheMheiriceá a d’íoc costais an oideachais a cuireadh air i nGaillimh: bhí sé ina dhalta cónaitheach i gColáiste Mhuire, Gaillimh, agus Gaeilge agus stair na hábhair chéime aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh
Gnóthaigh an dráma sin ‘Tony.’ Agus neamhspleáchas na Stát Aontaithe á chomóradh in 1976, léirigh sé The plough and the stars le Seán O’Casey i Nua-Eabhrac, in Washington agus i mBostún
Sa bhliain 1978, tugadh cuireadh dóibh a bheith mar aíonna speisialta mar ambasadóirí ceoil ó Éirinn do theacht le chéile na heagraíochta ‘The Friendship Force’ in Des Moines, Iowa, sna Stáit Aontaithe
Blianta ina dhiaidh sin bronnadh Scoláireacht Fulbright air agus chaith sé bliain i Reed College, Oregon, sna Stáit Aontaithe. Fostaíodh é mar oifigeach riaracháin sa Roinn Airgeadais in 1953 agus bhí sé ar fhoireann sin T.K
Scríobh Seán Ó Lúing an véarsa seo faoi: Kruger na sé dtroithe Kruger agónistés Deisiúil le maidí rámha Seinmeoir méar-dhána Ar chláirseach na fiannaíochta, Agus tríd uile, individual dochloíte. Bhí sé pósta ar Cháit Ní Néill agus d’éag sé ar 15 Aibreán 1971. Tá cuntas ag Seán Ó Lúing ar an Journal of the Kerry Archeological and Historical Society 15–16 (1982–3) (a foilsíodh in earrach 1984), mar aon le faisnéis doiciméadach, ar eachtraí Kruger sna Stáit Aontaithe
‘Óráidí greann-mhara maslacha’ a thugadh sé uaidh ag na cruinnithe, dar leis an mBlaghdach. In 1914 d’imigh sé go dtí na Stáit Aontaithe agus d’fhan thall go dtí 1921 nó 1922
I ndiaidh dó éirí as an saighdiúireacht chaith sé tamall ina fhear gnó agus tamall eile sna Stáit Aontaithe mar a raibh post aige sna hiarnróid
Ní Shéagha agus Brighid Ní Shíothcháin] [g.d.]; Amhráin ó Mhuscraighe: Próinséas Ó Ceallaigh do bhailigh [q.v.], [g.d.], in eagar ag Fionán Mac Coluim. Tharla ganntanas airgid bheith ag cur as don Chonradh d’imigh Fionán agus an tAthair Micheál Ó Flanagáin go dtí na Stáit Aontaithe in 1910 an sagart ag tabhairt léachtaí agus Fionán i bhfeighil taispeántais d’earraí de dhéantús na hÉireann
Chaith sé an tréimhse ó 1914 amach sna Stáit Aontaithe, ag léachtóireacht i Harvard agus in Ollscoil Illinois agus ar fud na tíre. Tá leide bheag dá aigne ag an am agus den uisce faoi thalamh freisin le brath ar a litir chuig John Devoy ar 2 Meán Fómhair 1915 (Devoy’s post bag Vol
Sórt deisceabail ba ea é ag F.N.Robinson, an té a deirtear a thug an léann Ceilteach go Meiriceá. Tar éis poist a bheith aige anseo is ansiúd sna Stáit Aontaithe ceapadh é ina ollamh le Béarla agus Ceiltis in Chicago 1913 agus bhí sé ann go 1945
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ar dhuine de na fir ba mhó lena linn sna Stáit Aontaithe a rinne obair ar son na teanga
Nuair a bhris an Cogadh Mór amach cuireadh go dtí na Stáit Aontaithe é agus deirtear go raibh baint aige leis na socruithe airgeadais a rinneadh nuair a tháinig na Stáit isteach sa chogadh
Dúirt seisean go raibh tamall de bhlianta caite ag an mBrianach sna Stáit Aontaithe agus gur fhoghlaim sé ceird an chlódóra, agus líofacht Ghearmáinise in éineacht leis, agus é ag obair do chomhlacht Gearmáineach ann
Bhí cúpla leabhar eile scríofa aige nó bhí ar intinn aige iad a scríobh: ceann faoin tréimhse a chaith sé sna Stáit Aontaithe agus cuntas ar a eachtraí sa Chogadh Cathartha.
Chaith sé tamall sna Stáit Aontaithe mar ionadaí ón bPoblacht
Chuaigh sé féin agus Micheál Seosamh Ó Rathghaille[q.v.] chun na Stáit Aontaithe um Shamhain 1909 chun teacht ar dhaoine a dhéanfadh infheistíocht sa pháipéar
Bhí sé ar scoil ag a mháthair ar an Droim agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Carraige Duibhe, mar ar músclaíodh a spéis i lúthchleasa, i liathróid láimhe agus sa pheil. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe mar a raibh gaolta leis agus chláraigh mar bhall de Chumann Lúthchleasa Nua-Eabhrac
Rinneadh margadh: ach go bpléadálfaidís ciontach, nach ndaorfaí aon duine chun báis, go ngearrfaí téarmaí pianseirbhíse fada ar chuid acu, príosúnacht ghairid ar chuid eile agus go scaoilfí an Canónach saor. In earrach 1897 cuireadh go dtí na Stáit Aontaithe é chun airgead le haghaidh na hardeaglaise nua i Leitir Ceanainn a bhailiú