Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 17
Timpeall an ama sin freisin a bhuaigh sé duais Oireachtais lena aiste ‘Scrúdú ar theagasc Descartes’ (i gcló in Gaethe Gréine, 1920) agus a d’fhoilsigh sé ‘Éire—náisiún céasta’ in An Síoladóir. Chuaigh sé a dhéanamh staidéir sa Róimh i 1920 ··· Oirníodh sa Róimh é i 1922 agus d’fhill sé ar Éirinn. Níor scríobh sé aon leabhar nach í an bheatha chrábhaidh nó gné den chreideamh is ábhar di
Tugadh sparán dó i gColáiste na nGael sa Róimh ··· Thug sagart paróiste a bhí sa Róimh leis post dó i séipéal Naomh Proinnsias, Baile Átha Cliath
Thug sé cuairt ar an Róimh agus ar Éirinn in 1858-9 agus rinne a dhícheall sagairt Éireannacha a thabhairt go Sydney
Bhí sé ar tí an turas go hÉirinn a dhéanamh nuair a bhuail taom fiabhrais é gur éag sa Róimh 22 Meán Fómhair 1626
Bhí de cháil air mar scoláire gur ceapadh é i 1618 mar dhiagaire oifigiúil i dtoscaireacht Rí na Spáinne a cuireadh ar bun sa Róimh d’fhonn Giniúint Mhuire gan Smál a chur chun cinn mar dhogma
Chaith sé blianta an chogaidh i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ann é 16 Meitheamh 1941
Chill Dara; Port Láirge; Corcaigh agus an Róimh
Chaith sé breis agus sé bliana sa Róimh ag iarraidh a chás a chur chun cinn
I gcoláistí Naomh Antaine agus Naomh Isadóir sa Róimh bhí sé ag gabháil don diagacht agus is sa chathair sin a oirníodh ina shagart é ar 8 Iúil 1934. Chaith sé na blianta 1935–1941 i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus an léann Ceilteach ar siúl aige
Caitliceach Rómhánach ba ea é. Ní thugann na leabhair thagartha d’eolas ach go ndearna sé staidéar ar cheol sa Róimh, agus faoi Stanford agus Parratt i Londain
Fuair sé dochtúireacht sa diagacht ón Róimh in 1898, agus tar éis staidéir in Griefswald agus Bonn bronnadh dochtúireacht eile air in 1900
Ainmníodh é féin mar bhall den toscaireacht sin agus chaith sé ó 4 Feabhra go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921 i bPáras agus sa Róimh
Iarradh air faoi dhó seanmóir na hAidbhinte a thabhairt in Ardeaglais San Silvestro sa Róimh
Chaith sé tamaill ina dhiaidh sin san Eilbhéis agus sa Róimh sular fhill sé ar Chorcaigh
Tá tagairt san uacht do chíosanna talún i nDroichead Átha agus seans go raibh baint ag a mhuintir leis an mbaile sin. Oirníodh é sa Róimh i ndiaidh dó a bheith i gColáiste Chluain Life agus i gColáiste an Phropaganda sa Róimh
D’fhág sé Coláiste na nGael sa Róimh sé mhí sula rabhthas lena oirniú
Scríobh sé chuig na húdaráis sa Róimh ag tathant orthu Gaeilgeoir a cheapadh mar reachtaire ar Choláiste na nGael ansin i gcaoi go bhfaigheadh na mic léinn oiliúint sa Ghaeilge