Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 39
D’fhill sé ar Mheiriceá go luath ina dhiaidh sin agus bhí ag obair i siopa leabhar i Nua-Eabhrac ··· Ar ais i Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar ag 110 Sráid Fulton ··· Ar fhilleadh ar Nua-Eabhrac dó d’oscail sé siopa leabhar eile i Sráid Barclay i Manhattan, siopa a bheadh ina lárionad liteartha sa chathair ··· Deirtear gur bhuail sé le gach Éireannach mór le rá dár shroich Nua-Eabhrac
Faoi Eanáir 1854 bhí sé i Nua-Eabhrac ··· I Nua-Eabhrac a dfhoilsigh P.M ··· Kirker, Nua-Eabhrac, an dara heagrán amach in 1860
Chaith sé cúpla bliain timpeall 1831 i Nua-Eabhrac agus d’fhoghlaim léamh na Spáinnise ann ··· Is dóigh gur lena uncail, Robert Swanton, a bhí sé ag fanacht ann; mar bhall de na hÉireannaigh Aontaithe a theith seisean go Meiriceá agus d’éirigh leis a bheith ina bhreitheamh sa Marine Court i Nua-Eabhrac. D’fhill Tomás ar Éirinn in 1832
D’fhostaigh sé an t-aisteoir Phyllis Ryan (1923–2011) chun aisteoirí a thoghadh do na páirteanna go léir agus gheofar cur síos ar an mórócáid sin ina cuimhní cinn The company I kept (1996). I Nua-Eabhrac in 1970 stiúir sé Borstal boy, é bunaithe ag Frank McMahon ar leabhar úd Bhreandáin Uí Bheacháin, agus Niall Tóibín agus Frank Grimes sna príomhpháirteanna ··· Gnóthaigh an dráma sin ‘Tony.’ Agus neamhspleáchas na Stát Aontaithe á chomóradh in 1976, léirigh sé The plough and the stars le Seán O’Casey i Nua-Eabhrac, in Washington agus i mBostún
Bhí trí fheirm ag col ceathracha leis in aice le Utica, baile i gcontae Oneida i stát Nua-Eabhrac, 260 míle ó chathair Nua-Eabhrac
Cláraíodh Craobh an Athar Dáibhí Ó Maolchatha, Béal Feirste, ag cruinniu de Choiste Gnó an Chonartha 18 Márta 1902. In 1879 thug Pádraig a aghaidh ar Nua-Eabhrac agus fuair post cuntasóra/rúnaí i siopa línéadaitheora ar le beirt as Cill Charthaigh, Dún na nGall, é ··· Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 agus an seoladh 156 Bowery, Nua-Eabhrac, aige. Bhailigh Seán Mac a Bhaird dán agus fiche dá dhéantus faoin teideal Leabhar filidheachta fa choinne na scol, 1909
D’imigh sé ar bord loinge go Nua-Eabhrac in Iúil 1866 agus chaith tamall eile ina mhairnéalach gur shroich sé San Francisco ··· Phós sé Anna Rogers tuairim an ama seo; casadh ar a chéile ar dtús iad ar an turas loinge go Nua-Eabhrac in 1866
D’aistrigh sé an dán iomlán go Béarla agus rinne é a reic oíche i dtábhairne McDaid i mBaile Átha Cliath; chaill sé an lámhscríbhinn trí lá ina dhiaidh sin agus níl i gcló anois ach an sliocht sin in Borstal Boy. I bhfómhar 1960 chuaigh sé go Nua-Eabhrac; bhí The Hostage le hoscailt ann 20 Meán Fómhair
Chuaigh sé go Meiriceá i Meán Fómhair 1898 agus phós Nannie Brown 15 Aibreán 1899 i Nua-Eabhrac
Chuaigh sé ar imirce go dtí Nua-Eabhrac agus d’éag ann ar 21 Eanáir 1944
Shiúil sé na Stáit go léir ach, mar a dúirt a dheartháir i ndiaidh a bháis, bhí Nua-Eabhrac ar chroí a bhoise aige. Sé bliana déag a chaith sé sna Stáit
D’éag sé i Nua-Eabhrac ar 21 Iúil 1924. Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964
Cibé fáth a bhí leis, nuair a bhí an cogadh thart agus tamall caite aige ina phríosúnach, níor fhill sé ar an gColáiste ná ar Bhaile Bhuirne ach rinne a bhealach go Nua-Eabhrac agus ansin go dtí na Rockies ar lorg an óir
Chaith sé cúpla bliain ag fánaíocht ach in 1893 thosaigh sé ag staidéar ar an Laidin agus ar an gcuntasaíocht i Nua-Eabhrac
Tugann Liam Ó Dochartaigh blas maith de scéal agus de stíl amhráin An Bard ’gus an Fó. D’éag Paul McSwiney ina theach cónaithe, 333 East 30th St., Nua-Eabhrac, 17 Samhain 1889
Bhí poist éagsúla aige ansiúd agus bhunaigh sé Scoil Ghaeilge Nua-Eabhrac
Thug sé aitheasc tábhachtach i dtaobh na teanga i Nua-Eabhrac 16 Meitheamh 1891
Rinne saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá de i ndiaidh cúig bliana. Bunaíodh Conradh na Gaeilge i stát Nua-Eabhrac i 1902 agus toghadh Diarmuid ina uachtarán
Cailleadh Séamus ar 23 Deireadh Fómhair 1960 nuair a thit sé ón seachtú hurlár i dteach banaltrais i Nua-Eabhrac.
Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sé ag mórán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil’. Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ba ea Douglas Sealy agus gheofar tuairim dá háilleacht, dá pearsantacht, dá hábaltacht mar mhúinteoir, agus dá cumas mar amhránaí in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann in Eanáir 1977 (i gcló i leabhar Éamoin Uí Chiosáin, chomh maith le pictiúr dubh is bán den phortráid a rinne Charles Lamb). Rinne sí roinnt amhrán, chomh maith le scéal amháin, a thaifeadadh do Folkways i Nua-Eabhrac le linn di bheith ar cuairt ag a deartháireacha i 1945
‘Chonaic sé féin an tairbhe a tháinig as scoileanna den tsaghas sin le linn dó bheith i gceantar na nAdirondacks i Stát Nua-Eabhrac, áit a dtéadh a lán daoine ar saoire—agus a lán acu ag foghlaim san am céanna.’ (An Duinníneach, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair)
D’éag an t-athair nuair a bhí sé 15 bliana d’aois agus tuairim an ama sin a thosaigh sé ag obair go lánaimseartha san American Car and Foundry Co. In Éirinn, sa Ghaeilge, sa litríocht agus i muintir na Gaeltachta a bhí a spéis riamh. Bhí sé ina bhall den Gaelic Society, Nua-Eabhrac, agus thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i 1918
Bhí sé ar scoil ag a mháthair ar an Droim agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Carraige Duibhe, mar ar músclaíodh a spéis i lúthchleasa, i liathróid láimhe agus sa pheil. Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe mar a raibh gaolta leis agus chláraigh mar bhall de Chumann Lúthchleasa Nua-Eabhrac
Bhí díol ar a chuid úrscéalta sa Bhreatain agus i Meiriceá agus go háirithe ar Rain on the wind, 1950; Seek the fair land, 1959, The Silent people agus The scorching wind, 1964. In Broadway, Nua-Eabhrac, thóg sé príomhrólanna in The King of Friday’s men, le M.J
D’éag an Gael uasal in Flatbush i Stát Nua-Eabhrac
Ní de thaisme atá débhríocht mhór sa méid a dúradh faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí in eagarfhocal Cuisle (Deireadh Fómhair 1998): ‘Níl aon fhear beo i saol na Gaeilge is mó a chuaigh i gcion ar aos óg na tíre le daichead éigin bliain.’ Is i Nua-Eabhrac a rugadh Domhnall Ó Lubhlaí ar 26 Aibreán 1930
Tar éis tamaill eile a chaitheamh i gcoláiste bhí sé ina ollamh le Laidin agus Gréigis i Mount Loreto College, Nua-Eabhrac
In 1808 ceapadh ina ollamh é i gColáiste na Lianna agus na Máinlianna i Nua-Eabhrac
,1996 in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha). Eachtra inspéise is ea an t-aighneas fileata a lean idir é agus Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin [q.v.]. Meastar gurbh é Seán Ó Ceallaigh as Baile an Bhairéadaigh, Baile Locha Riach, a chum ‘Mise Raiftearaí an file’ nuair a bhí cónaí air in Oswego, Stát Nua-Eabhrac
In 1865 thug sé seanmóirí Gaeilge i Nua-Eabhrac
Is iomaí tochailt a raibh sé páirteach inti in Éirinn agus thar lear agus bhí ollúnachtaí aige i Nua-Eabhrac, Pittsburg agus Toronto
Chaith sé tréimhse sna 1950idí ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iona, Nua-Eabhrac
Caerwyn Williams [q.v.], Calvert Watkins, Joseph Falaky Nagy, agus tá cuntas ar a bheatha ann ag Robert Treacy. I Nua-Eabhrac a rugadh é 11 Aibreán 1927
Bhí sé tréimhse i mBostún lena dheartháir Tomás agus bhí ag aistriú ó phost go post ansiúd agus i Nua-Eabhrac; cuid dá thinneas a bheith corrthónach míshuaimhneach
Timpeall an ama sin ghlac sé leis an deis chun dul in éineacht le trúpa aisteoirí Hilton Edwards go Nua-Eabhrac agus Ottawa; bhí ról aige in Broadway sa dráma le Shaw, Heartbreak House, agus thairg Hollywood conradh dó ach roghnaigh sé a pháistí a thógáil in Éirinn
Rinne sé imirce go Meiriceá an bhliain dár gcionn agus ar feadh 14 bliana bhí sé i bhfeighil an ardaitheora i mbloc árasán in Manhattan, Nua-Eabhrac; bhí post páirtaimseartha aige mar mhúinteoir béaloidis san Ollscoil Veislíoch in Middletown, Connecticut, agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Washington, Seattle
Bhí spéis aige i gcúrsaí spóirt: bhí sé ina chaptaen ar Chumann Gailf RTÉ, rith sa mharatón i mBaile Átha Cliath agus in Nua-Eabhrac agus bhí ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann sna International Transplant Games
Ach d’éirigh leis féin agus beirt chairde Nua-Eabhrac a shroichint in Eanáir 1850
Faoin am seo bhí meath tagtha ar eacnamaíocht Mheiriceá agus obair gann ach d’éirigh leis post a fháil ag coinneáil caoi ar bhóthar iarainn Nua-Eabhrac-New Haven-Hartford