Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 178
Rinne saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá de i ndiaidh cúig bliana. Bunaíodh Conradh na Gaeilge i stát Nua-Eabhrac i 1902 agus toghadh Diarmuid ina uachtarán ··· Agus bhí baint aige leis an gcéad dráma Gaeilge a léiríodh riamh i Meiriceá, más fíor: Ar son Cháit, a chéad ghrá i mBealtaine 1904 ··· So, I had to content myself with the pertinent query: An tusa an Ard-Fheis?’ Nuair a bhí an Conradh á chur go Meiriceá in éineacht le Tomás Ághas[B1] chun airgead a bhailiú dúradh faoi in An Claidheamh Soluis 24 Eanáir 1914: ‘Fear gustalach é, gnóthach cruinn i dtaobh figiúirí is tuairiscí, lách le labhairt leis, dian ar lorg an rud a bhíonn uaidh, deaschainteach, binnbhéalach le Gaeil a mhealladh chun oibre, misniúil, agus níl meas maide gan chos aige ar dhaoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle bréige’ ··· Dhaor an chúirt airm chun báis é ‘ach níorbh fhéidir é a bhású toisc páipéir ghéillsine Mheiriceá a bheith aige’ (Fáinne an Lae 21 Nollaig 1918) ··· Bhí sé geallta le Mary Quinn ón Droichead Nua agus shíl siad nach ligfí di siúd é a leanúint go Meiriceá mar gheall ar an gcogadh
‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar ..., 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin. I gCurrach an Doire, Baile an Mhuilinn, Co ··· Ba é An Teagasg Críosdaigh, 1839 le Seán Mac Héil an chéad leabhar Gaeilge a leigh sé agus is léir ar a scríobhadh sé in An Gaodhal go raibh meas an domhain aige ar an ardeaspag agus drochmheas dá réir aige ar a chomharba, Mac an Mhílidh. Níl a fhios cad a bhí ar siúl aige in Éirinn ó 1854, nuair a d’fhág sé scoil, go 1870 nuair a fuair sé a chéad phost i Meiriceá ··· Le múinteoireacht a chuaigh sé i Meiriceá agus faoi 1872 bhí sé ina phríomhoide i scoil ‘Our Lady of Victory’ i mBrooklyn ··· Bhí a leithéid á beartú aige in 1898 chun Éirí Amach ’98 a chomóradh ach ansin bhris an cogadh idir an Spáinn agus Meiriceá amach ··· Nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Meiriceá in 1898 ba é Micheál Ó Lócháin a ceapadh ina rúnaí. Faoi choimirce chumann Bhrooklyn a bhunaigh an Lóchánach An Gaodhal: leabharaithris míosamhail, tabhartha chum an teanga Ghaeidhilge a chosnadh agus a shaorthughadh agus chum féin-riaghla Cinidh na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 1881
Cuireadh go Meiriceá é i 1904 a bhailiú airgid ar son chlochar na bhProinsiasach i Loch Glinne agus chun tacú le déantúis an cheantair, leis an lásadóireacht go háirithe ··· Léiriú greannmhar ar a chumas chun na hoibre sin gur thug sé leis go Meiriceá uair fód móna as gach contae ··· D’imigh sé go Meiriceá arís i 1911–12, in éineacht le Fionán Mac Coluim [B1], Dónall Ó Conchubhair (ó Thrá Lí) agus Shane Leslie, chun airgead a bhailiú don Chonradh ··· Bhagair sé dlí a chur ar an gCoiste Gnó i 1914 toisc gur thug toscairí an Chonartha taispeántas de dhéantús na hÉireann amach go Meiriceá leo: ba eisean a smaoinigh ar an seift ar dtús agus ba cheart cuid den bhrabach a theacht chuige (Donnchadh Ó Súilleabháin in Feasta, Eanáir 1982) ··· Cuireadh go Meiriceá arís é i 1921 mar bholscaire ar son chúis na Poblachta agus d’fhan ann go 1925, cé is moite de thréimhse a chaith sé féin agus ‘Sceilg’ san Astráil
Bhí sé ag beartú a dheartháir agus Eibhlín a leanúint go Meiriceá ach gur mhol George Thomson dó in 1927 dul isteach sa Gharda Síochána ··· Foilsíodh dhá eagrán den leagan Béarla, Twenty years a-growing, a scríobh Thomson agus Moya Llewelyn Davies, i Sasana (Chatto & Windus a d’fhoilsigh i mBealtaine 1933) agus i Meiriceá (An Viking Press i Lúnasa 1933) agus bhí sé ar cheann de na leabhair ba mhó díolachán sa dá thír ··· San mbliain 1944, deineadh slátaí dhe i Meiriceá i gcóir na ndall ...’ (23 Iúil 1947). Faoi 1934, bhí sé tuirseach de shaol an Gharda Síochána le tamall ··· In 1958, phós sé cailín as Inis Bearachain a tógadh i Meiriceá
Ba fhear é a rinne a lán chun cabhrú le daoine, feirmeoirí ó Chontae na Mí go háirithe, a shocrú i Meiriceá ··· Ní hé gur áitigh John Sweetman ar dhaoine as an tír seo imeacht leo go Minnesota ach nuair a fuair sé amach go raibh fonn ar dhaoine áirithe dul amach go Meiriceá, thug sé luach a bpasáiste nó cabhair éigin eile dóibh ··· Bhí sé orthu sin a shínigh achainí ar Éireannaigh i Meiriceá gan daoine a mhisniú chun dul ar imirce agus gan dul i muinín an ‘mischievous prepaid ticket’ (An Claidheamh Soluis 9 Aibreán 1904) In Sinn Féin 28 Eanáir 1911 tá tuairisc ar léacht a thug sé do Ard-ChraobhShinn Féin agus dúirt sé ann gur cuireadh ina leith uair gur rainseoir é agus go raibh tailte i Meiriceá agus in Éirinn aige: ‘For over 40 years my hobby has been the abolishing of ranches and 30 years ago I bought over 20,000 acres of grassland in America for the purpose of breaking it up into small farms and I succeeded in doing so’
Chuaigh sé go Meiriceá i Meán Fómhair 1898 agus phós Nannie Brown 15 Aibreán 1899 i Nua-Eabhrac ··· Meastar gur tuairim 1901, le linn dó a bheith i Meiriceá, a thosaigh a spéis sa teanga: shínigh sé a ainm i nGaeilge uair i rith na haimsire sin ··· Thaistil sé go Meiriceá le William Bulfin [q.v.] chun airgead a bhailiú don pháipéar ach ní rómhaith a d’éirigh leo
Sórt freagra ba ea an chéad cheann ar rud a bhí ráite ag Pádraig Ó Séaghdha(1855-1928) [B1] faoi pholasaí an Uachtaráin Mac Fhionnlaoich i leith Cuba; dearbhaíonn Ó Cathail go raibh fir bhuí i Meiriceá ag cur nuacht Mheiriceá as a riocht agus damnaíonn sé polasaithe na Spáinneach ··· Is cáipéis shóisialta an-inspéise an dara litir; cuireann sé síos ann ar na gnéithe is measa de shaol Mheiriceá d’fhonn a áitiú ar Éireannaigh gurbh fhearr dóibh gan imirce a dhéanamh
D’imigh sé go Meiriceá in 1847 ach d’fhill chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach 1848 ··· D’fhill sé ar Mheiriceá go luath ina dhiaidh sin agus bhí ag obair i siopa leabhar i Nua-Eabhrac ··· Ba é a eagrán de Bourke’s Easy Lessons an chéad leabhar Gaeilge dár foilsíodh i Meiriceá, deirtear
Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin, agus dúirt: ‘An té a thabharfadh faoi scéal na nGaeilgeoirí agus na Gaeilge i Meiriceá a scríobh, níor mhór dó gan neamhshuim a dhéanamh de Uilliam Hubert Mac Giolla Íosa...’ ··· Aontroma, in 1816 agus a tugadh go Meiriceá nuair a bhí sé ina leanbh ··· Dhún na nGall, a bhí i Meiriceá ó bhí sí trí bliana d’aois
Deir Helen Meehan go maítear gurbh ón gCuntaois Renelagh (deirfiúr le Richard Montgomery, laoch i gCogadh na Saoirse i Meiriceá) a shíolraigh Mary. Bhí sé i gceist go mbeadh Pádraig ina mhúinteoir náisiúnta ach d’imigh sé go Meiriceá go hóg agus chuaigh isteach sa chabhlach ··· Chuir sé £10 abhaile le haghaidh comhartha urraime a tugadh do Mhicheál Ó hIceadha[B1] (idem 23 Aibreán 1910). Ba é ionadaí chreidiúnaithe na Chéad Dála san Airgintín é agus dhéanadh sé bolscaireacht i Meiriceá Theas ar son chúis na bPoblachtach
Is amhlaidh a chuir Tomás Ó Concheanainn[B2] airgead abhaile chuig Shan Van Vocht ó Mheiriceá agus bheartaigh an bheirt bhan é a chaitheamh ar Fheis Mhaigh Chromtha ··· D’éirigh thar cionn leis mar scríbhneoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a chuaigh sé ann in 1898 ··· Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1905–6 sula ndeachaigh sé ar ais go Meiriceá
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Betha Colaim Chille tá cuid den phrós is suimiúla dár scríobhadh idir 1200 agus 1600, agus is inspéise gur i Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1918 a clóbhuaileadh agus a foilsíodh an chéad eagrán iomlán den téacs ··· Bhí poist éagsúla aici in ollscoileanna Mheiriceá idir 1911 agus bliain a báis: baint aici le roinn an Bhéarla in Ollscoil Illinois ó 1911 go 1919; ina teagascóir Gearmáinise in Ollscoil Nua-Eabhrac i 1912–3; ina hOllamh le Fraincis i gColáiste Vassar 1919–21. Bhí aiste ag Gertrude in Studies, Márta 1913, i dtaobh shaothrú léann na Gaeilge agus na spéise i gcultúr na hÉireann in Ollscoil Illinois ··· Ba í Gertrude a thug Kuno Meyer ar cuairt chuig an ollscoil i 1916 in ainneoin an oiread sin daoine i Meiriceá a bheith in aghaidh na Gearmáine ag an am
Chaith seisean saol an-eachtrúil, bhí ag troid ar son an deiscirt i gCogadh Cathartha Mheiriceá gur thréig an t-arm ··· Thug sé léachtanna in ollscoileanna móra Mheiriceá sna 1930idí agus cibé táillí a fuair sé bhronn iad ar mhuintir an Bhlascaoid. Ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Londan in 1913
Ach thuigfeá ón litir nach raibh puinn Gaeilge ag an gCeallachánach le linn do Thomás bheith ar scoil aige, gur ina dhiaidhsean a d’fhoghlaim sé an teanga. Chaith Tomás tamall gairid i Scoil na mBráithre Paitríseacha i nGaillimh agus i samhradh 1887 d’fhág sé Inis Meáin le dul go dtí na Stáit Aontaithe ··· Shiúil sé páirt mhór de na Stáit, British Columbia, Ceanada, Meicsiceo agus Meiriceá Láir agus bhí sé i gCúba sular bhris an cogadh amach ansin
De shliocht Úgónach na Fraince i Meiriceá muintir Phiatt ··· Bhí seanathair Dhonn, John James Piatt, ina chonsal ag Stáit Aontaithe Mheiriceá i gCorcaigh ó 1882 go 1895, é pósta ar an bhfile Meiriceánach Sarah Morgan Bryan
Bhí ochtar díobh, idir dheartháireacha is dheirfiúracha, agus cés moite den mháistir scoile, d’imigh siad go léir go Meiriceá ··· I ndiaidh do Therence imeacht go Meiriceá thug an mháthair a clann óg chun cónaithe lena deartháir John a bhí ina mhaor ag an Tiarna Dufferin i gClann Aodha Buí i gContae an Dúin. Tá leabhar staire a bhí i seilbh an uncail mar fhianaise ar an spéis a bhí aigesean i stair na hÉireann
Ó 1864 go 1870 bhí sé ina rúnaí ag leagáideacht Stát Aontaithe Mheiriceá sa Rúis ··· Bhí sé mór le cuid de na pearsana ab iomráití i saol Mheiriceá—leithéidí Longfellow, Theodore Roosevelt agus Charles A
Chuaigh sé go Meiriceá i 1926 agus bhí i bhfeighil ranganna Gaeilge don Chumann Gaelach agus do Chonradh na Gaeilge ··· Dúirt Ó Máille: ‘B’éigean dó Meiriceá a thabhairt dó féin, an áit a gcaitheadh sé ó bhliain go chéile gan grian an lae a fheiceáil go ndeachaigh sé faoina shláinte’
Mais, taistealaí eile: ‘We drove down a wider stonier country to Carna which has a barracks like a pale castle and a cosy little hotel with a fine garden run by Jose [sic] Mongan, a TD or Member of the Dáil, which explains why the road to Carna is so well kept up’ (I return to Ireland, 1948). Thar lear, i Sasana agus i Meiriceá, is mó a dhéanadh sé fógraíocht ··· Deirtí go bhféadfadh sé púcán a sheoladh go Meiriceá agus ar ais! Bhí baint aige freisin le Cumann Turasóireachta na hÉireann agus le Cumann Chapaillíní Chonamara. Phós sé Máirín Ní Néill ó Chluain Meala, deirfiúr leis an gCornal Eoghan Ó Néill, i 1941
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ar an duine ba mhó sa 19ú haois a rinne staidéar ar bheathaí naoimh na hÉireann agus ar stair na nÉireannach i Meiriceá. Sa Sráidbhaile, Co ··· Ach cúpla bliain ina dhiaidh sin chinn a mhuintir ar dhul go Meiriceá agus chuaigh sé in éineacht leo
In Catholic Bulletin, Márta 1936 tugtar le fios go ndeachaigh a mhuintir go Meiriceá nuair a cuireadh as seilbh iad ··· I mí na Nollag 1899 bhí sé mar ionadaí ó Springfield ag chomhdháil chraobhacha Mheiriceá a raibh an Dr de Hindeberg[B2] ina chathaoirleach air. Phós sé Catherine Ward (1869–1955) agus thóg siad a gclann, triúr iníonacha agus ceathrar mac le Gaeilge
Ba é an mairtíreach ba mhó riamh é ag Conradh na Gaeilge agus chuir siad a bhás, agus aistriú a choirp abhaile ó Mheiriceá, chun lántairbhe do chúis na teanga ··· D’éirigh sé an-tinn i nDeireadh Fómhair 1894 agus d’iarr saoire bliana chun teacht ar a shláinte arís in iarthar Mheiriceá
Deirtear gur chaith sé tréimhse ag obair in Oifig Eolas an Chogaidh in Ambasáid Mheiriceá i Londain ··· Agus mar Chríostaí díograiseach sheas sé go tréan in aghaidh fheachtas Mheiriceá i Vietnam’. D’éag sé 18 Meitheamh 1972
Thug sé óráid i láthair na sluaite i gCorcaigh nuair a bhí Dubhghlas de hÍde [q.v.] ag triall ar Mheiriceá i 1905 agus chuaigh a dhealramh i gcion chomh mór sin ar Alice Milligan [B2] gur scríobh sí véarsaí ina thaobh: ‘As he stands there grave and tall before the people,/ Speaking nobly, speaking loud,/ Speaking words to which the Holy One will hearken/ There is awe among the crowd./ There is awe; and in the awe-compelling stillness,/ As I look on the rope-girdle and the gown/ My memory summons many another picture/ Of the Friars in the garb of Brown’. Trí bhearna sna ballaí d’éirigh leis dul isteach in Ard-Oifig an Phoist i 1916 go ndearna freastal spioradálta ar Sheán Mac Giolla Bhríde, agus ar an bPiarsach [q.v.] agus a dheartháir ··· Dar leis an Irish Times gurbh é sin an chéad phósadh Caitliceach san áit ó aimsir an Reifirméisin. Nuair a aistríodh é go Meiriceá mar mhisinéir thug sé leis teachtaireachtaí rúin chuig de Valera agus Harry Boland
Ar nós scríbhneoirí caiticeasmaí Gaeilge roimhe, bhí sé féin leithsceálach: ‘Is leor mar leithscéal, ar son locht na Teanga agus an Chló, imeacht an Tiomsaitheora as a Thír Dhúchais, tuilleadh re bliain air tríocha ó shin...’. Tharraing mórscríbhneoir grinn Mheiriceá, H.L ··· Mencken, samplaí as de Bhéarla na hÉireann a shíl sé a d’fhág rian ar chaint Mheiriceá
3, 1973 tá aiste ag Breandán Ó Cathaoir (‘John O’Mahony: Moulder of the Irish-American Dimension’), agus in imleabhair 7 agus 8 (1978) den iris chéanna tá aistí le Mainchín Seoighe (‘The O’Mahonys of the Galtees’) agus le Diarmuid Ó Mathúna (‘The vision and sacrifice of John O Mahony’, a bhfuil eolas níos mine ann ar chúrsaí Uí Mhathúna i Meiriceá) ··· Nuair a bhris Cogadh CatharthaMheiriceá amach d’eagraigh sé Reisimint a 99 agus bhí ina chornal air
In 1848 chuidigh sé leis an Éireannach Óg Richard O’Gorman (1820-95) éalú go Meiriceá. Nuair a cailleadh an tAthair ‘Parliament’ Malachy Duggan den chalar ba é Ó Míocháin a ceapadh mar chomharba air i bparóiste Cill Bhaile Uí Eoghain / Maigh Fhearta i mBealtaine 1849 ··· Chun fiacha na scoileanna agus an tséipéil a ghlanadh chaith sé trí bliana ó 1864 amach i Meiriceá
Preasáil, b’fhéidir, faoi deara gur tharla i gcabhlach na Breataine é, é i long sna hIndiacha Thiar nuair a troideadh Cath na Naomh (Iles les Saints) idir na Briotanaigh faoi Rodney agus Hood agus cabhlach na Fraince faoi de Grasse in Aibreán 1782, cath ar chuid de Chogadh Neamhspleáchas Mheiriceá é ··· Cuireadh é i Mucros Lá Fhéile Peadar is Póil, más fíor; ach tá sé sa seanchas freisin gur go Nuachabháil, taobh thiar de Chuileann Uí Chaoimh, a tugadh é agus dhearbhaigh Cróiníneach i Meiriceá do Risteárd Ó Foghludha go raibh an ráiteas seo ag muintir na dúiche: ‘Tar éis an ghliocais ar fad, tar éis na filíochta ar fad, tar éis an léinn agus an eolais ar fad, sin é thall é i Nuachabháil ina chodladh go sámh dó féin ar nós na ndall agus na dtuatach.’ Deir Ó Fiannachta: ‘Is geall le deireadh bheatha naoimh, an sórt seo aighnis faoi cá luíonn a chorp.’ Scríobh sé fiche aisling, suantraí, barántais, amhráin molta ban agus dánta i dtaobh ócáidí pearsanta
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh an teangeolaí Sualannach seo leabhair ar Ghaeilge an Chláir, Aontroma agus Reachlainn agus bhí cur amach aige ar mhórchuid eile teangacha, ina measc teangacha Indiaigh Mheiriceá, an Bhascais, agus teangacha bhunstoc na hAstráile ··· His persistent use of phonetic script to note down the dialectal differences in pronunciation already was a source of great amusement to some of his informants: “He spoke very good Gaelic, but his spelling was atrocious!” was a comment which still could be heard in the late seventies.’ Chuir an Dara Cogadh Domhanda stop lena thaisteal agus chuir moill ar an staidéar a bhí sé a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha. Tar éis an chogaidh thosaigh sé ar thaighde a dhéanamh ar chuid de theangacha threibheanna Indiacha Mheiriceá Thuaidh agus bhí páirt aige sna turais ar Phanama i 1947 agus ar an gCholóim i 1955 a d’eagraigh Músaem Eithneolaíochta Göteborg d’fhonn eolas a bhailiú ar Indiaigh na dtíortha sin
Scannáin a raibh ról aici iontu sna 1960idí is ea King of Kings (1961), Of Human Bondage (1964) agus Doctor Zhivago (1965). Ó 1970 ar aghaidh thaitin a seó aonair Here are Ladies leis an bpobal in Éirinn, i Meiriceá, i gCeanada agus san Astráil ··· Tugadh raidhse onóracha di ó 1966 ar aghaidh: in éineacht le naonúr eile toghadh í ina ball saoil den Mhainistir; i 1970 tugadh ballraíocht saoil di in Irish Actors’ Equity; thug Ollscoil na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Uladh agus ollscoileanna i Meiriceá dochtúireachtaí di; d’ainmnigh Cearbhall Ó Dálaigh [B5], Uachtarán na hÉireann, í mar bhall de Chomhairle an Stáit i 1975 agus ba í an chéad ealaíontóir í ar tugadh an gradam sin di
Bhí tamall caite ag Sorcha i Meiriceá ··· Bhíodh na hamhráin le cloisteáil amuigh is istigh.’ Thaifead sí féin amhráin ó Shorcha nuair a bhí sise 82 bliain d’aois agus thóg Jean Ritchie, bailtheoir clúiteach as Meiriceá, amhráin uaithi agus gan amhras ó Mháire Áine féin. I mbunscoil Sailearna agus i gClochar na Trócaire, Tuaim, a cuireadh oideachas uirthi
D’imigh an chuid eile den teaghlach go Sasana agus go Meiriceá ··· Is le linn dó a bheith i Meiriceá le compántas ceoltóirí a casadh beirt de na deartháireacha ba shine air den chéad uair; bhí siad imithe ann sular rugadh é
Le tamall anuas bhí ag méadú i Sasana agus i Meiriceá ar an dúil sa cheol tíre agus d’fhaigheadh sé deis amhráin a rá go poiblí sa chlub a reáchtáileadh Peggy Seeger agus Ewan MacColl in Kilburn, Londain ··· Rinne sé imirce go Meiriceá an bhliain dár gcionn agus ar feadh 14 bliana bhí sé i bhfeighil an ardaitheora i mbloc árasán in Manhattan, Nua-Eabhrac; bhí post páirtaimseartha aige mar mhúinteoir béaloidis san Ollscoil Veislíoch in Middletown, Connecticut, agus ina dhiaidh sin in Ollscoil Washington, Seattle
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ina ollamh le stair agus le litríocht na hÉireann in Ollscoil Harvard, Massachusetts, agus tuairimítear gurbh eisean thar aon duine eile a chuir tús i gceart le léann na hÉireann a bheith ina ábhar staidéir in ollscoileanna Mheiriceá (ach feic DUNN, Charles thuas) ··· B’as Éirinn dá sheanmhuintir go léir, agus an tseanmháthair ba dheireannaí a d’fhág Éire is i mbliain 1870 a shroich sí Meiriceá. Chaith sé cúpla bliain ag siúinéireacht lena athair agus a uncailí chun go mbeadh costas an ardoideachais aige
an Dúin’ (Ciarán Ó Duibhín). D’imigh sé go Meiriceá i 1917 agus bhí ag obair i gColáiste Naomh Tomás, St ··· Fuair sé saoránacht Mheiriceá i 1924
Bhí a dheartháir Tadhg in Connecticut agus chuir seisean airgead an ticéid go Meiriceá chuige ··· Faoin am seo bhí meath tagtha ar eacnamaíocht Mheiriceá agus obair gann ach d’éirigh leis post a fháil ag coinneáil caoi ar bhóthar iarainn Nua-Eabhrac-New Haven-Hartford
Is cosúil gur imigh sí go Meiriceá nuair a tháinig an cur i gcéill chun solais. Bhí aintín léi in St Paul agus fostaíodh í mar bhunmhúinteoir ann ··· Chaith Máire dhá bhliain i Meiriceá; bhí triúr dá deirfiúracha agus mórán dá col ceathracha thall agus thug sí cuairt orthu go léir
I ndiaidh loisceadh Chathair Chorcaí 11 Nollaig 1920 chuaigh sé go Meiriceá chun fianaise a thabhairt i dtaobh an ghnímh sin ··· Chaith sé tamall fada i ndiaidh 6 Eanáir 1922 ag míniú cás na bPoblachtach i Meiriceá
I nDaonáireamh 1911 thug Aodh (65) le fios go raibh sé pósta le 44 bliana, go raibh a bhean 62 bliana d’aois, gur cúigear a rugadh dóibh agus, in ainneoin eolas 1901, go raibh an cúigear beo. Go hachomair is é an t-eolas a thug sé ina dhírbheathaisnéis: chuaigh sé go Meiriceá nuair a bhí sé 16 bliana d’aois; bhí beirt deartháireacha ann roimhe; liostáil sé in arm an tuaiscirt in 1862 ··· Tamall ina dhiaidh sin bhailigh sé airgead chun dul go Meiriceá: ghabh sé buíochas leis an Freeman’s Journal, le feisirí agus lena ‘chara maith fiúntach’ Pól Ó Broin, 4 Sráid Diúc, a bhí ina ‘rúnaire’ aige chun an turas Gaelach a eagrú
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Lawrence, Massachusetts, Stáit AontaitheMheiriceá, a rugadh é 4 Aibreán 1871 ··· Bhuail an Craoibhín leis i rith a thurais trí Mheiriceá agus ba é a chuir in aithne é ag an bpríomhócáid i mBostún 3 Nollaig 1905. An moladh is airde is féidir a thabhairt dó gurbh é athair an léinn Cheiltigh sna Stáit Aontaithe é
Bhí ar intinn aici dul go Meiriceá agus chuaigh sí ag obair arís, i mBaile an Bhróigín an babhta seo, taobh thoir den Daingean ach níor caitheadh go maith léi ann ··· D’imigh an chuid eile go Meiriceá agus bhí a mac Micheál ann ar feadh píosa
Rugadh buachaill dóibh in 1897 agus cailín i 1903 ach chaill sí leanaí idir dhá linn. Cara mór léi san oileán ba ea Máire bean Mhicil Uí Shúilleabháin, ar dheirfiúr í le Tomás Ó Criomhthain agus a raibh tamall caite aici i Meiriceá ··· Thagadh a hiníon Máire ar cuairt ó Mheiriceá agus théadh a mac in aontíos léi anois agus arís go dtí go bhfuair sé bás i 1963
Bhí baint aige le cúrsaí na nÉireannach i Meiriceá agus bhunaigh malartán feidhmeannais d’inimircigh Éireannacha ··· O’Donoghue in Poets of Ireland, 1892 gur foilsíodh cuid dá dhánta i Meiriceá in A selection for the ancient music of Ireland, : arranged for the flute or violin, some of the most admired melodies, adapted to American poetry, 1824, le John McCreevy.
Riar maith de na dánta sin, níor foilsíodh fós iad; is trí mhiontochailt sna lámhscríbhinní a tháinig an Buachallach orthu. Chuir Joe Lee, ollamh nótáilte staire, an teachtaireacht seo abhaile ó Mheiriceá: Fathach a bhí ann, agus cailliúint dolíonta fulaingthe ag an saol Fódhlach, ag an Léann Gaeilge ··· Chiarraí, in 1970; agus go deireanach ina shaol, agus é in Ollscoil Notre Dame, Meiriceá, chuir sé a ainm leis an achainí go gcuirfí stop leis an bplean úd chun mótarbhealach a thógáil gar do Chnoc na Scríne agus Teamhair, Co
Bhí trí dhuine déag clainne acu agus d’imigh aon duine déag díobh sin go Meiriceá, an chéad bheirt go Utah, beirt eile go Butte, Montana, agus seachtar go Boston ··· Níor tháinig riamh abhaile as Meiriceá ach an t-aon duine amháin díobh
D’éirigh le mac leis a bheith ina mháistir scoile i gcathair Chorcaí ach d’imigh sé ar imirce go Meiriceá, rud a rinne a iníon freisin
Chaith sé tamaill ina ollamh cuairte in Oxford agus in Harvard agus ba mhinic ag léachtóireacht é i Meiriceá Thuaidh. In 1950, foilsíodh Nuabhéarsaíocht
Bhí cúpla faicsean i measc na ndaltaí agus ó tharla Muiris ina cheannaire ar na ‘Bóraigh’ tugadh Kruger air agus lean an t-ainm sin de ar feadh a shaoil. I 1913 d’imigh sé go Meiriceá
I Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile
I Meiriceá dó bhí róil aige in David and Bethsheba (1951) agus le Burt Lancaster in Ten tall men (1951) Ar ais i Sasana dó bhí róil aige sna B-scannáin Mantrap (1953) agus Recoil (1953)
D’oibrigh uncail eile le hEibhlín, Seán Ruiséal, sna mianaigh in Butte, Montana, Meiriceá, agus ba é a chum ‘Amhrán na Mianach’ úd a chloistí go minic ag amhránaithe Chorca Dhuibhne. I scoil náisiúnta Naomh Bríde ar an gCarraig agus i Meánscoil Chlochar na Toirbhearta sa Daingean, Co
Ach ba dhóigh lena mháthair (Imeall, TG4, 4 Samhain 2010) gurbh iad drámaí Radio Éireann gach Domhnach sna 1950idí luatha a chuaigh i gcion air. Seanathair leis i Stáit AontaitheMheiriceá a d’íoc costais an oideachais a cuireadh air i nGaillimh: bhí sé ina dhalta cónaitheach i gColáiste Mhuire, Gaillimh, agus Gaeilge agus stair na hábhair chéime aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh
Bhí iníon aige, Marja, lena chéad bhean, Jane Houston, arbh as Meiriceá di
Rinne sé cuid mhaith taistil san Eoraip agus i Meiriceá agus, cé nár ghlac sé aon pháirt sa pholaitíocht, níor leasc leis a chuid tuairimí a chur os ard
Thóg sé séipeíl i mBaile Mhac Óda agus i gCill Ia agus thug dhá thuras ar Mheiriceá chun airgead a bhailiú
Is dóigh gur lena uncail, Robert Swanton, a bhí sé ag fanacht ann; mar bhall de na hÉireannaigh Aontaithe a theith seisean go Meiriceá agus d’éirigh leis a bheith ina bhreitheamh sa Marine Court i Nua-Eabhrac. D’fhill Tomás ar Éirinn in 1832
It is noteworthy, and in itself a tribute to the dead priest’s work, that for the first time in this great Cathedral in the Empire City, the men and women of his race raised up their voices in prayer in their own language as they waked him before the Altar of God.’ Bhí na lámhscríbhinní tugtha aige leis ó Éirinn, sin nó fuair sé ó dhuine de mhuintir Phort Láirge i Meiriceá iad
Chaith sé tamall i Meiriceá agus bhí ranganna Gaeilge á múineadh aige ansin
Fuair John Tankard, tábhairneoir ag 4 Pill Lane, seilbh ar roinnt eile agus tháinig an fuíoll i seilbh Bhriain Uí Dhoirnín, siopadóir leabhar agus foilsitheoir a d’imigh go Meiriceác.1799
Thug sé turas ar Mheiriceá i 1937 agus bhí i gCorcaigh arís ar feadh 1937-43
Bhí an Diarmuid seo ina chigire ag Bord Calafoirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath ar ball. Deirtear freisin gur dheartháir le Diarmuid ba ea an tAthair Denis O’Sullivan a tháinig abhaile ó dheisceart Stáit AontaitheMheiriceá i 1928 le hóráid a thabhairt os cionn uaigh John Devoy
Bhí beirt eile sa teaghlach: deartháir a chaithfeadh a shaol i Meiriceá agus deirfiúr a bheadh ag obair in Eagraíocht Sláinte an Domhain sa Chian-Oirthear
an Dúin, agus b’as Meiriceá dá mháthair
D’imigh sé go Meiriceá agus bhí ag obair sna mianaigh ghuail i Scranton
Bainteach le gluaiseacht na saoirse agus luaitear go háirithe a pháirt in éalú Liam Mellows go Meiriceá i ndiaidh Éirí Amach 1916
D’imigh siad go léir go Meiriceá ach amháin Tadhg
Tamall éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá agus níl aon tuairisc air ina dhiaidh sin
An phríomhthábhacht a bhaineann leis gur scríobh sé litreacha abhaile ó Mheiriceá, a ndeir Breandán Ó Buachalla fúthu: ‘Is iad na litreacha sin uaidh an t-aon chnuasach mar iad atá againn sa Ghaeilge
Bhí sé ina oide i scoil náisiúnta san áit sin ar ball ach d’imigh go Meiriceá ag pointe éigin i ndiaidh 1839
Lean sé leis sa pharóiste agus deirtear gur chabhraigh sé le daoine nár fhéad pósadh, toisc iompúcháin creidimh, dul go Meiriceá
Dúirt an Tiarna Leifteanant Harcourt faoi: ‘Since I was born I never had to deal with so difficult a man, owing principally to his high-strained ideas of his own great importance and popularity.’ Le linn dó a bheith sa phost cuireadh lánchosc ar easpórtálacha agus chuir an rialtas 4,000 saighdiúirí Éireannacha go Meiriceá mar ‘armed negotiators’
Luadh ann turas seanmóireachta a thug sé ar fud Mheiriceá
Phós sé Catherine O’Connell ó Chiarraí Thuaidh i Meiriceá
Sin é an dáta a d’aimsigh an tOllamh Bo Almqvist i gClárlann na mBreitheanna agus sin é an dáta atá ar an bpas a bhí aige ag dul go Meiriceá dó (Béaloideas 58, 1990)
Bhí sé orthu sin a shínigh dileagra chuig Uachtarán agus Parlaimint Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Cheannfoirt na hÉireann ar 18 Meitheamh 1917
O’Donnell in Éire-Ireland, samhradh 1976 agus ba dhóigh lena mhac Colm gurbh in an fáth a raibh sé i gceist ag Séamus dul go Meiriceá
Joyce [B3] agus chuir a uncail leabhair agus graiméar abhaile ó Mheiriceá chuige
Ba é Cornelius O’Leary a athair; in Inse Geimhleach a rugadh eisean ach nuair a cuireadh a mhuintir as seilbh d’imigh siad go Meiriceá agus gan ann ach naíonán agus is ann a tógadh é; d’fhill sé ar Éirinn agus fuair post mar chúipéir i ngrúdlann Beamish & Crawford agus bhí ina chuntasóir ann ar ball
D’imigh beirt acu go Meiriceá: Catherine a bhí i gceantar Chicago agus Diarmuid nó Darby ar éirigh leis bheith ina mhéara i gcathair éigin i Minnesota
Tuairiscíodh 19 Lúnasa go raibh sí ag stiúradh cór na gcailíní agus na mbuachaillí ag an bhfáilte a cuireadh i Maigh Chromtha roimh Bhean Warren ó Mheiriceá
Toisc ráflaí a bhí curtha timpeall i dtaobh de Valera agus a rúnaí síleadh gur den chríonnacht í a bheith in éineacht leis i Meiriceá ar feadh tamaill de 1920
Tuairiscíodh 8 Deireadh Fómhair go raibh sé i Meiriceá agus go raibh ar intinn aige monarcha bhróg a bhunú ar fhilleadh abhaile dó
Bhí sé i bpríosún tamall i gCaisleán an Bharraigh aimsir na bhFíníní agus b’éigean dó dul go Meiriceá
Bhí sé ar dhuine díobh sin a shínigh dileagra chuig Uachtarán agus Parlaimint Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Cheannfoirt na hÉireann ar 18 Meitheamh 1916 (The Irish Republic, 1937 le Dorothy Macardle)
Bhí sé ar dhuine díobh sin a shínigh ‘Dileagra na gCeannfort Éireannach chuig Uachtarán agus Comhdháil Stát Aontaithe Mheiriceá 18 Meitheamh 1917’
Bhunaigh sí freisin Craobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge ('The Branch of the Five Protestants' mar a thugtaí air) agus i 1914 thaistil sí go Meiriceá in éineacht le Fionán Mac Coluim a bhailiú airgid don Chonradh
I Meiriceá a rugadh James F
Nuair nár fhéad sí post eile a fháil bhí ar intinn aici dul ar imirce go Meiriceá
Nuair a bhris an Cogadh Domhanda amach bhí ar mhúinteoirí Mheiriceá mionn dílseachta a ghlacadh agus deirtear gur oibrigh sé a phasáiste abhaile mar stócálaí nuair nach dtabharfadh Ambasáid na Breataine víosa dó
Bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann 1979-82 agus bhí ina bhall oinigh de chumainn léannta i Meiriceá agus sa tSualainn
In this pursuit, Mac Mathúna has a place in the genealogy of Irish folklorism, the first modern figures of which were Bunting [q.v.] and Petrie [q.v.]. Fear déanta clár faisnéise ba ea é freisin agus cuimhnítear ar na cláir amhránaíochta a rinne sé, breis is leathchéad díobh, i dtaobh na n-amhrán Gaeilge go léir a shlánaigh Fionán Mac Coluim [q.v.], ar an gclár beathaisnéise faoin mbailitheoir mór eile úd, Eileen Costello [q.v.], ar na turais a thug sé ar cheoltóirí na Breataine, na Sualainne agus Mheiriceá
Chuir formhór a bpáistí fúthu i Meiriceá. Níor scoláire béaloidis é Pedersen
Bhí sí in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha ach chaith tamall maith fada ón am sin amach ag tabhairt aire do theaghlach Risteáird Uí Mhaolchatha [B5]. Chaith sí an tréimhse 1927-66 i Stáit AontaitheMheiriceá, tamaill ag obair in ospidéil i mBoston, tamaill eile mar altra i monarcha muinisin agus san aerfhórsa in Missisippi
Sa chlann acu freisin bhí Seán Donlon, a bhí ina Ambasadóir ag Éirinn i Meiriceá, agus Áine Hyland, Leas-Uachtarán Choláiste Ollscoile Chorcaí
Chuaigh an muirín ar fad, seachas Máirtín agus a dheartháir Vail, ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bhí seanuncail leis sna Ribínigh agus b’éigean dó teicheadh go Meiriceá
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é bunaitheoir an Fhorais Cultúir Ghael-Mheiriceánaigh (Irish American Cultural Institute) é agus is dóigh gurbh é an Meiriceánach é is mó a thug cabhair agus misneach do scríbhneoirí Gaeilge agus is mó a rinne iarracht ar spéis i léann na hÉireann a chothú i measc sliocht na nGael i Meiriceá
Aintín leis a bhí ar cuairt ó Mheiriceá a d’áitigh ar a mhuintir gur Béarla ba cheart dóibh a labhairt leis na páistí, rud nár mhaith sé riamh di. Tar éis bunoideachais san oileán thosaigh sé ag freastal ar mheánscoil na mBráithre Críostaí i gCathair Saidhbhín i 1916
Tugadh saorántacht Mheiriceá dó 15 Deireadh Fómhair 1855
Duine de na mná sin ba ea Bríd Ní Chatháin, a rugadh 30 Nollaig 1907 agus a bhí tagtha abhaile ar cuairt chuig a tuismitheoirí, Pats Muiris Ó Catháin agus Neans Ní Dhálaigh ó Inis Mhic Aoibhleáin, tar éis di cúig bliana a chaitheamh i Meiriceá
Nuair a tháinig téipthaifeadáin sa saol, tosaíodh ag taifeadadh teachtaireachtaí, amhrán, ceoil agus eile, le cur go Meiriceá
Toghadh Risteard ina stiúrthóir in Éirinn ar an bhForas Cultúir Gael-Mheiriceánach agus is air a thit sé cúram a dhéanamh de na cúrsaí sa choláiste do mhic léinn ó Mheiriceá
Ansin tháinig col ceathrair liom abhaile ó Mheiriceá—Íosánach ba ea é—agus thug sé ar dhearcadh eile iad’ (Comhar)
Bhí sé sa Bhlascaod samhradh na bliana sin agus thosaigh ag tathant ar Mhuiris Ó Súilleabháin dul isteach sa Gharda Síochána in ionad dul go Meiriceá
Bhí sé ag aisteoireacht i bhFlórans, Londain agus sna 1980idí i Meiriceá
Cé gur chaith a mháthair tamall i Meiriceá ní chloistí aon Bhéarla uaithi sa teach ach amháin nuair a thagadh traibhléirí chun an dorais
Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine
In Súil Tharam: Aistí Aimsir Éigeandála, 2001 deir Proinsias Mac Aonghusa gur shínigh sé achainí go scaoilfí Ezra Pound saor: ‘Nuair a hathraíodh an rialtas sa bhliain 1951 agus go raibh Fianna Fáil ar ais arís, dúirt Ambasadóir Mheiriceá le haire rialtais áirithe gur cumannach a bhí in Val agus nár cheart a leithéid a bheith sa Roinn Gnóthaí Eachtracha
Bhí deirfiúr beo i Meiriceá ach bhí gach duine eile marbh
Tháinig sí ó Mheiriceá i 1930 ar saoire agus casadh Criostóir uirthi
Tá stair an chaisleáin ar an idirlíon ag Clan Campbell Society, Meiriceá Thuaidh, agus deirtear ann: ‘John Carswell obtained Carnasserie by charter of sale from Archibald, Earl of Argyll, in 1559–60...
Deirtear go ndeachaigh Elizabeth Squibb go Meiriceá i ndiaidh na trialach
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é seo an Abbé Mac Geoghegan, údar Histoire de l’Irlande, ancienne et moderne, tirée des monumens les plus authentiques, 1758–63, saothar a raibh ardmheas ag náisiúnaithe an 19ú haois air; foilsíodh eagrán Béarla i Meiriceá in 1868 agus istigh leis bhí ‘A Continuation from the Treaty of Limerick to the present time’ le John Mitchel
Chuir sé spéis in ábhair nár bhain puinn le léann na Gaeilge agus ceann dá leabhair dheireanacha ba ea The playboy and the yellow lady, 1986 ina bhfuil curtha le chéile aige a bhfuil ar eolas faoi Loingseachán úd Mhaigh Eo, fear a raibh an tóir ag póilíní air agus a d’éalaigh go Meiriceá timpeall 1900. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
George Petrie [q.v.] a dhear an chrois cheilteach ar bailíodh airgead i Meiriceá agus in Éirinn lena tógáil
Bhí Wolfe Tone sa láthair agus bhronn an Dochtúir bosca leighis air an lá roimh imeacht go Meiriceá
D’imigh buachaill díobh agus beirt de na cailíní go Meiriceá
Bhí sé ar dhuine díobh sin a d’eagraigh turas de Valera go Meiriceá i 1919
Chuaigh sé go Meiriceá uair le John Redmond chun airgead a bhailiú don pháirtí. Níor múineadh aon Ghaeilge dó ar scoil in Éirinn ach cláraíodh é ina bhall de Chonradh na Gaeilge i Londain 13 Nollaig 1900, an lá céanna a cláraíodh Pádraic Ó Conaire[B3]
Deir Marcus Burke in The O’Rahilly, 1967 gur chuir an fuacht i Meiriceá isteach go mór air agus gurbh in faoi deara an niúmóine
I Loch Garman a bhí sé ag obair ar dtús agus ansin chaith sé tamaill i Meiriceá Thuaidh, i Meiriceá Theas, agus san Astráil
Chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú le haghaidh séipéal Mhic Dara
Is Timothy Corcoran ar fad eile, fear as Currach Dubh, Cill Shléibhe, Teampall Mór, a scríobh an t-amhrán ‘On Carden’s wild domain’: d’imigh seisean go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá tuairim 1885 (The Spirit of Tipperary ). Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
His discovery that the Sole Island of his Admiralty chart was the Island of Souls brought home to him more vividly than any printed page what Hyde really meant when he preached the de-Anglicisation of Ireland’. I ndiaidh Chathair na Mart chaith sé tamall ag léachtóireacht i Meiriceá
D’imigh ceathrar díobh go Meiriceá
Bhí díol ar a chuid úrscéalta sa Bhreatain agus i Meiriceá agus go háirithe ar Rain on the wind, 1950; Seek the fair land, 1959, The Silent people agus The scorching wind, 1964. In Broadway, Nua-Eabhrac, thóg sé príomhrólanna in The King of Friday’s men, le M.J
Chaith sé tamall gairid ag obair i Meiriceá thar ceann Horace Plunkett agus tamall eile ina fho-bhardach in Toynbee Hall, institiúid oideachais don ísealaicme i Londain Thoir
Sa bhliain sin bhí dán aige in An Claidheamh 10 Samhain ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimh an gCraoibhín agus dán eile ar 1 Nollaig ag moladh na mBráithre Críostaí. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1883 agus is cosúil go raibh sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge roimhe sin
Dar le Séamus Fenton [Séamus Ó Fiannachta] [q.v.] in It all happened: reminiscences, 1948 go raibh sraith litreacha aige in The Irishman chomh luath le 1858 i dtaobh athbheochan na Gaeilge. Tuairim 1865 bhí eagla a ghabhála air, deirtear, mar gheall ar bhaint a bheith aige leis an bpáipéar sin agus d’imigh sé go Meiriceá
Thugadh sé léachtaí in ollscoileanna Stáit Aontaithe Mheiriceá
Joyce [q.v.] i gcomórtas éigin. Tá portráid i gcló in Irish Peasant 24 Feabhra 1906 a thugann cuid mhaith eolais i dtaobh a mhuintire: gaolta leis a throid in aghaidh Garibaldi agus sa chogadh cathartha i Meiriceá, seanuncail arbh éigean dó teitheadh i ndiaidh éirí amach 1867
I 1958 bailíodh airgead ó sheansaighdiúirí Chogadh na Saoirse in Éirinn agus i Meiriceá chun a chorp a chur abhaile, in éineacht le corp Caipisínigh eile a bhí bainteach le 1916, an tAthair Doiminic
Pointí suntasacha i rith na tréimhse sin is ea: an fhianaise a thug sé os comhair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899 agus an chaoi ar thug sé ar scoláirí móra na Gaeilge cur in aghaidh fianaise a bhí tugtha ag leithéidí Robert Atkinson [B2]: léiriú a dhráma Casadh an tSúgáin 21 Deireadh Fómhair 1901 agus An Tincéar agus an tSióg 19 Bealtaine 1902; a thuras go Meiriceá i 1905–6 nuair a bhailigh sé breis agus £12,400 don Chonradh
Dubhghlas de hÍde [q.v.] a scríobh an réamhfhocal. Bhí ardmheas ag Fionán ar an gCraoibhín agus is í an tagairt is luaithe dó féin go raibh dán aige in The Shanachie agus in Freeman’s Journal ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimhe (An Claidheamh Soluis 14 Iúil 1906)
Chaith sé seal ina mhairnéalach ar long thráchtála a théadh go Meiriceá, an Astráil agus Murascaill na Peirse
Ní heol duinn éinne eile a chleachtas léiritheoireacht Ghael a bhfuil dán is ealaí an dráma aige fé mar atá ag Máire Nic Shiubhlaigh’. D’fhill sí ar an Mhainistir in 1910, bhí ar an turas go Meiriceá leo in 1911 ach d’fhag arís iad in 1912
Caitheann sé amhras ar an aois a chuirtear síos dó; clann a chlainne a chuir an inscríbhinn ar an leac nuair a tugadh corp iníon Tharlach abhaile ó Mheiriceá i 1929, agus b’fhéidir nach raibh an t-eolas ceart acu; nuair a thug iriseoir cuairt air i 1909 dúirt an píobaire leis go raibh sé 78 mbliana d’aois (Weekly Irish Times 24 Aibreán 1909). Is léir ar léacht sin Sheáin Uí Ghallchóir gur ‘Charlie Éamoinn Rua’ a thugtaí go coitianta ar Tharlach
Bhí sí ar ais i mBaile Átha Cliath i 1919 agus is toisc a líonmhaire a bhí na cairde a maraíodh a thug sí Meiriceá uirthi féin i 1925
Bhí sé ina thoscaire ag Sinn Féin i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna blianta 1924–26
Tar éis tamaill i Meiriceá chaith sé an chuid eile dá shaol, tuairim caoga bliain, i gceantar Chnoc an tSamhraidh i mBaile Átha Cliath
Nuair a bhí sé ceithre nó cúig bliana d’aois d’imigh an chlann ar imirce go Meiriceá
Bhí a athair pósta faoi dhó; bhí airgead dá cuid féin ag an chéad bhean agus d’imigh sí léi go Meiriceá
D’éag sé i Nua-Eabhrac ar 21 Iúil 1924. Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964
Maidir leis an aibítir a fhoghlaim ba mhó an cúnamh a thugadh sean-chomharsa dó nuair a tharraingíodh sé na litreacha ar chláir an urláir le slat saileoige a raibh a barr dóite. Chaith sé cúig shéasúr in Albain sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá
Phós sise Arthur Donn Piatt, Leas-Chonsal Mheiriceá i mBaile Átha Cliath. Sigerson a d’aistrigh an dara sraith de Poets and Poetry of Munster do Sheán Ó Dálaigh in 1860
Bhí sé sna cumainn náisiúnta go léir i dtús an chéid agus scríobhadh sé go rialta in Shan Van Vocht, The United Irishman, Irish Emerald agus do phreas Mheiriceá
B’éigean dá dheartháireacha éalú go Meiriceá ach tháinig Micheál slán i ndiaidh 1867. Ar 19 Iúil 1868 phós sé Siobhán Ní Cheallaigh, oide scoile, agus timpeall an ama sin fuair sé scoil i mBaile Chathail
D’imigh triúr de na mic go Meiriceá agus thug Niall agus Aodh Albain orthu féin
Den deichniúr a mhair chuaigh cúigear go Meiriceá
D’imigh a bhean Eibhlín go Meiriceá ach ba ar éigean ann í nuair a sciobadh ise chun siúil freisin. Dá óige é bhí meas scoláire ar Phádraig
D’éirigh leis éalú go Meiriceá
Chaith sé tamaill san Ísiltír agus i Meiriceá
Ba é Liam ba mhó faoi deara gur thug gluaiseacht an lucht oibre Séamus Ó Conghaile abhaile as Meiriceá
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí ionad chomh tábhachtach aige i ngluaiseacht na bhFíníní sa Bhreatain agus a bhí i Meiriceá ag John Devoy
Bhí John Strachan in Ollscoil Mhanchain le linn do Risteard a bheith in Salford agus ba é a thug isteach ar an Sean-Ghaeilge é. Bhí airgead curtha ar fáil ag an Ord Ibeirneach i Meiriceá chun cathaoir Ghaeilge a bhunú san Ollscoil Chaitliceach in Washington
Bhí sé mar “Leabhar na Míosa” ag díoltóirí leabhar Mheiriceá
Chaith sé tamall i Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús a shaoil agus ar fhilleadh go hÉirinn dó chuaigh le hiriseoireacht
Tá tuairim ann gur bhain sé teideal an domhain i Meiriceá uair agus é ar a laethanta saoire ó Mhaigh Nuad
Bhí scór bliain caite ag a hathair Tomás i Meiriceá agus ba í Maighréad, iníon le Seán Hiúdaí Mac an Bhaird sna Clocha Corra, Árainn Mhór, a máthair
Timpeall 1858 d’imigh sé go Meiriceá
Is cosúil go raibh an Buitléarach ar a bhealach go Meiriceá chun iarracht a dhéanamh ar Muirghéis a léiriú ann
Sórt deisceabail ba ea é ag F.N.Robinson, an té a deirtear a thug an léann Ceilteach go Meiriceá. Tar éis poist a bheith aige anseo is ansiúd sna Stáit Aontaithe ceapadh é ina ollamh le Béarla agus Ceiltis in Chicago 1913 agus bhí sé ann go 1945
Nuair a fuair a athair bás chuaigh a mháthair go Meiriceá agus cuireadh Peadar ar aíocht i gColáiste Iarlatha i dTuaim
Nuair nach raibh ag éirí lena ghnó d’imigh an t-athair go Meiriceá
Bhí sé ag beartú Meiriceá a thabhairt air féin arís tar éis na cuairte ach ní ligfeadh a mhuintir dó imeacht
Chabhraigh sé le Ó Maoilíosa éalú go Meiriceá. I dtosach 1917 tharraing sé ainm nua chuige féin, “Tadhg Mac Suibhne” agus chaith tamall i gContae Chorcaí ag iarraidh na hÓglaigh a athbhunú ann
Níorbh iontas gurbh é an t-ainm cleite a roghnódh se ar ball “An Síofra”. Ní raibh aige ach ticéad singil agus cúpla punt nuair a thug sé aghaidh ar Mheiriceá
Gabhadh é ar a shlí go Meiriceá mí na Samhna 1922 agus chaith sé tamall i bPríosún Mhountjoy
Bhí dúil aige sa taisteal agus chonaic sé cuid mhaith den Afraic Theas; bhí sé i Meiriceá, san Astráil, san India agus i Mauritius
Bhí naonúr clainne ag a athair Pádraig (bhí tamall caite aige i Meiriceá; d’éag sé in aois seachtó bliain dó 23 Feabhra 1912) agus a mháthair, Brigid Curley, agus ba é Seán an buachaill ba shine
Léirigh baill an chumainn féin an ceoldráma ar cheann de phríomhfhéilte Mheiriceá (Thanksgiving .i
D’fháiltigh Ard-Chraobh an Chonartha roimhe ar 24ú den mhí sin agus chuir sé síos dóibh ar staid na gluaiseachta i Meiriceá
Ní deirtear faoi eolas na clainne ar an nGaeilge ach gur ag Liam amháin a bhí sí. ‘Rugadh mé fein nuair a bhí an Brianach úd [William O’Brien, MP] i bpríosún, agus cuireadh a ainm baiste orm, fé mar a cuireadh ar gach Brianach óg a rugadh in Éirinn agus i Meiriceá an tráth céanna’ (Comhar, Márta 1944)
Ar chúis éigin, deir sí, ruaigeadh as Coillte Mach é ach d’fhan an ráiteas ‘chomh glic le hÓ Cathasaigh tincéir’ i gcaint mhuintir an bhaile toisc gurbh aige a bhíodh an lámh in uachtar sna heachtraí a insítí ina thaobh. Shíl an Craoibhín gur chaith Tomás tamall i Meiriceá ach faoin am ar casadh air é is i gContae Shligigh a bhí cónaí air
Chuaigh sé ar imirce go Meiriceá agus is mar sin a tharla go raibh sé ag troid mar leifteanant sa ‘Fighting 69th’ sa Chéad Chogadh Mór
Bhí siopa agus teach tábhairne aige i mBaile Uí Fhiacháin, chomh maith le háisínteacht taistil, ar le daoine ag dul go Meiriceá is mó a bhain sé
Bhí sé ina thimire ag Sinn Féin i 1925 agus tráth éigin ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá