Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 190
An post a d’éirigh leis a fháil i Londain, creideadh ó shin gur cheann de na dualgais bheith ag aistriú litreacha Gaeilge don Rialtas ··· Is fiú cuimhneamh freisin gurbh é a sholáthraigh leaganacha Gaeilge ar shráidainmneacha do Bhardas Bhaile Átha Cliath. Phós sé Elizabeth Sharp, Éireannach saibhir, le linn dó bheith sa státseirbhís i Londain ··· Le linn dó bheith i Londain agus anseo ina dhiaidh sin bhíodh iarracht d’easláinte intinne air go minic ··· Dar le Joseph Henry in DIB: 'His mental health suffered somewhat during this period [in Londain] and he spent some time in a psychiatric institution before returning to Ireland.’ [I rith na tréimhse sin i Londain bhí meabhair á chailleadh aige a bheag nó a mhór agus chaith sé tamall in ospidéal síciatrach roimh fhilleadh ar Éirinn dó]
Dar le DIB go raibh sé ag obair i Londain mar rúnaí ag Sir Charles Gavin Duffy ··· Bhí aithne aige ar an nGinearál Booth agus scríobh leabhar ar Arm an tSlánaithe, The Romance of a Motor Mission. Bhí sé sa Southwark Literary Society, san Irish Literary Society agus sa Chonradh chomh luath is a bunaíodh i Londain é ··· Theip ar The Irish Nation mar gheall ar fhiacha an-troma agus i ndeireadh 1911 thug sé Londain air féin arís ··· I ndiaidh dó titim ar an leac oighir sa tsráid, d’éag sé i Londain ar 31 Nollaig 1942
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Comhartha ar an tábhacht a bhain leis mar iriseoir i Londain go bhfuil sé ar an mbeagán náisiúnaithe Éireannacha sa 20ú haois ar scríobhadh iontrálacha orthu in Dictionary of National Biography ··· Is cuntas ar a shaol, agus go háirithe ar an leathchéad bliain a chaith sé i Londain, an réamhrá a chuir Seán MacMahon le Galway of the races: selected essays [of] Robert Lynd, 1990 ··· Aontachtóir ba ea an t-athair ach d’iompaigh deartháireacha agus deirfiúracha Riobaird ina náisiúnaithe faoina thionchar-san, ach amháin an cailín ba shine. Tar éis tamaill ghairide a chaitheamh ag obair do nuachtáin i mBéal Feirste agus i Manchain chuir sé faoi i Londain i 1901 agus go ceann seacht mbliana bhí ag gabháil don saor-iriseoireacht ··· In 1906, ba é a bhunaigh The Republic, seachtanán a mhair ar feadh sé mhí. Bhí baint aige leis na cumainn Éireannacha i Londain, go háirithe le Conradh na Gaeilge
Níorbh fhada riamh ó aigne Shiobhán ceist na teanga; tuairiscíodh in Inniu 14 Samhain 1952 go raibh sí ina buanbhall de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus go raibh sí le taispeántas ar litríocht na Gaeilge a oscailt i gClub na hÉireann i Londain. Cheana féin bhí páirt ag Siobhán sa scannán Hungry Hill agus bhí sonrú curtha inti ag an léirmheastóir cáiliúil Clive Barnes i Londain nuair a bhí ról aici in The White Steed le P.V ··· Bhí sí páirteach i léirithe go leor i Londain timpeall an ama seo agus spéis ag leithéidí Laurence Olivier inti mar aisteoir ··· D’éirigh leis thar barr.’ Bhí an ról céanna aici sa bhundráma Béarla i mBaile Átha Cliath, i bPáras, i Londain, agus i 1954 bhuaigh sí duais an Evening Standard dá bharr. Rólanna eile a bhain cáil amach di ba ea Juno in Juno and the Paycock agus Pegeen Mike in The Playboy of the Western World
Gearánadh é le rúnaí Propaganda Fide go ndearna sé rud éigin as bealach ach níl fáil anois ar cháipéis ina thaobhsan a cuireadh chuig nuinteas an Phápa i Londain ··· Shroich sé Londain i 1686 agus rinne iarracht ar shéiplineacht a fháil ··· Is dá thoradhsan a chuir Propaganda Fide fainic ar uachtaráin Mhic Ghabhráin sa Róimh gan cead a thabhairt do shagairt a raibh drochamhras orthu moill a dhéanamh i Londain. I Lúnasa 1687 ceapadh é ina sheanmóíri agus ina athair faoistine i Mainistir an Rois, Co
Thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge i Londain i 1903 agus an bhliain chéanna bhí sí ar ardchoiste Chonradh na Gaeilge ansiúd ··· Bhí sí i láthair mar theachta ó Londain ag Ardfheiseanna 1907 agus 1908 ··· In aiste aici in Inis Fáil, Meán Fómhair 1908, thagair sí do 500 páiste a bhí ag foghlaim Gaeilge i Londain agus i 1909 bhí sí i bhfeighil naonúir díobh sin ar feadh coicíse i gCloich Chionnaola. Ceapadh ina múinteoir taistil i ndeisceart Liatroma í an bhliain chéanna agus dúradh in An Claidheamh Soluis 15 Eanáir 1910: ‘The London Gaelic League has justified its existence, if in no other way, by the number of exceptionally fine workers it has given back to Ireland...
Ón gcumann sin a shíolraigh an Irish Literary Society i Londain agus bhí rang ar siúl aige ansin freisin ··· Tá an t-iomann seo dar céadline ‘Gabhaim molta Bhríde’ i gcló in Leabhar Iomann Veritas ach ní luaitear ainm Thomáis leis. Nuair a rinneadh Daonáireamh 1901 i Londain bhí cónaí air ag 38 St ··· D’éag an dara hiníon, Nóra, in aois 33 bliana di ar 7 Bealtaine 1915 i dteach a hathar, 38 St George’s Road, Forest Gate, Londain
Bhí Torna ag múineadh Gaeilge ann agus deirtear gurbh eisean a d’adhain spéis Phádraic sa litríocht. In 1900 thosaigh sé ag obair i mBord an Oideachais i Londain ··· Fuair Molly bás sa bhlitz i Londain i 1945. I Londain bhí baint mhór aige le Conradh na Gaeilge agus mhúineadh sé ranganna i Bishopsgate, Vauxhall, Bermondsey, Clapham agus Fulham
Ach i bhfad ina dhiaidh sin chuir sé síos Londain mar áit bhreithe san iontráil a bhí aige in Who’s who ··· Ellen Maria Beauchamp ab ainm do mháthair Edmund. Bhí sé ag an nGiomnáisiam Ríoga in Dusseldorf agus ansin i gColáiste Ríoga na hEolaíochta i Londain ··· Deirtear san iontráil úd gurb é ba thúisce a chraol pictiúr teilifíse, i Londain 24 Bealtaine 1923, agus gurbh é a chéadcheap an t-optofón, gléas a bhí ina chabhair don dall chun léitheoireachta
Bhí Micheál gníomhach i gConradh na Gaeilge i Londain ó bunaíodh é ··· An bhliain dár gcionn bhí sé ina theachta ó Londain chuig mórchomhdháil an Chonartha agus an bhliain chéanna aistríodh go Loch Garman é. In alt dar teideal ‘Carmanaigh agus an Ghaeilge’ (An Claidheamh Soluis 16 Nollaig 1911) tá cur síos ar a shaothar: ‘Ba é Micheál Ó Súilleabháin, togha cuireadóra aneas ó Chorcaigh [sic], an fear a chuir an síol ··· Ba mhinic é ag canadh ag ceolchoirmeacha i Londain 1897–99 agus tugadh ardmholadh dó ag Oireachtas 1899.
Thall i Londain dó chláraigh sé mar bhall den Chonradh agus bhí ar dhuine dá dteachtaí ag Ard-Fheis 1905 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Chaith sé tamall gairid ag obair i Meiriceá thar ceann Horace Plunkett agus tamall eile ina fho-bhardach in Toynbee Hall, institiúid oideachais don ísealaicme i Londain Thoir ··· Phós siad in oifig an Chláraitheora, Whitechapel, Londain, 15 Deireadh Fómhair 1910
Bhí baint aige le bunú Chraobh na Fáschoille (Forest Gate) de Chonradh na Gaeilge i Londain ··· Nuair a aistríodh ar ais go Londain é i 1901 tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 16 Feabhra 1901 faoi Chraobh an Phointe: ‘The departure of Mr D ··· Ar ais i Londain dó ‘Mr D
Chaith sé tamall i bparóiste Walsingham, áit a thaitin leis, sular ceapadh é ina shagart cúnta in Dockhead, Londain. Bhí sé sa láthair ag cruinniú tionscnaimh Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge agus bhunaigh sé scoileanna (craobhacha) in Bermondsey agus in Dockhead in 1897 ··· Bhí baint aige leis na ceolchoirmeacha móra a tionóladh i Halla na Banríona i Londain ó 1901 amach agus bhí an-tionchar aige ar chúrsaí ceoil eaglasta sa chathair ··· B’in é an chéad cór i Londain a bhí oilte sa chantaireacht Ghréagórach
Bhí sé ag múineadh fealsúnachta i Londain agus casadh smaointeoirí mar John Locke air ··· ‘Faightear ann an trácht is iomláine agus is fearr dá thuairimí i leith ceisteanna creidimh agus fealsúnachta’ (Harrison). I Londain is mó a bhí sé i rith 1700–22, é ag obair mar scríbhneoir fostaithe ··· Ach bhí teacht aige i Londain ar lámhscríbhinní Gaeilge a bheadh ina gcabhair aige mar thagairtí sa leabhar ar na draoithe
Ligeadh dó dul go Londain i 1552 ··· D’fhill sé ar Londain nuair a athchuireadh an rí agus bhí ag gníomhú ann thar ceann easpaig na hÉireann ··· D’éag sé i Londain 15 Márta 1688; beagán laetha roimhe sin, i scríbhinn a shínigh sé agus a cuireadh chun na Róimhe, tharraing sé siar cibé rudaí a shíl an Róimh a bhí earráideach
Ansin chuaigh sé go Londain agus d’fhan ansin go hathchur an rí ··· Ar ais i Londain dó d’fhoilsigh sé De Hibernia et Antiquitatibus ejus Disquisitiones, 1654
Bhí dán i gcló aige den chéad uair, in The Nation, an bhliain chéanna sin. In 1873 fuair sé post státseirbhíse i Londain, sa Bhord Tráchtála ··· But he had just that touch of personal distinction and skill in handling people which made them recognise his direction’. Maidir lena eolas ar an nGaeilge dúirt The Irish Peasant 10 Feabhra 1906: ‘His Irish knowledge is wide and deep though as a writer and speaker of Irish he suffers from a curious distrust of his powers’. D’éag sé in Clapham, Londain, 1 Aibreán 1935 agus cuireadh é i reilig Putney Vale
Bhí sé i mBéal Feirste, i Londain agus i mBaile Átha Cliath ··· Aistríodh go Londain ina dhiaidh sin é ach nuair a bunaíodh an Saorstát tháinig sé ar ais go hÉirinn ...’
Ansin chuaigh sé go Leyden, go Páras agus go Londain ag foghlaim na máinliachta ··· I Londain dó i 1745 rith sé leis liostáil in arm Shéarlais Óig Stíobhart
D’fhág sin, agus cibé leasuithe ar an gcóip sin a rinne Aodh Ó Raghallaigh i Londain, gur mór idir an Sean-Tiomna a clóbhuaileadh agus a bhfuil de shaothar Bhedell sna lámhscríbhinní i Leabharlann Marsh agus i Leabharlann na hOllscoile in Cambridge. Ní raibh síntiúsóirí le fáil agus ba é Boyle a d’íoc an costas nuair a clóbhuaileadh i Londain é: Leabhuir na Seintiomna ar na ttarraing go Gaidhilg tre chúram agus dhúthracht an Doctúir Uilliam Bedel (1685)
Fuair sé scoláireacht chun staidéar a dhéanamh ar an mBéarla i Londain ··· Úrscéal a scríobh sé is ea Solen gar aldri ned, 1938. I rith an chogaidh bhí sé ar cheannairí XU-Pan, eagraíocht spiaireachta a bhailíodh eolas faoin nGearmáin agus a chuireadh go Londain é
Theip ar an bpósadh ag pointe éigin agus anuas go dtí lár na 1950idí is i Londain is minice a bhíodh Seosamh ag obair, cé gurbh in Southampton a chaith sé tamall de 1955-58; d’fhág sé Glaschú ar fad i 1965. Sular fhág sé Éire bhí cáil mar amhránaí bainte amach aige ··· Le tamall anuas bhí ag méadú i Sasana agus i Meiriceá ar an dúil sa cheol tíre agus d’fhaigheadh sé deis amhráin a rá go poiblí sa chlub a reáchtáileadh Peggy Seeger agus Ewan MacColl in Kilburn, Londain
D’imigh sí go Londain agus cheangail le Conradh na Gaeilge ann ··· In Allegiance le Robert Brennan tá grianghraf di in éineacht le ceannairí eile an gharastúin in Inis Córthaidh. ‘Is ar Eibhlín Ní Éigeartaigh a bhí cúram eagrú seilgí an tsamhraidh’ a deirtear i dtaobh na bliana 1917 in Conradh na Gaeilge i Londain le Donncha Ó Súilleabháin
Chuaigh sé go Meiriceá uair le John Redmond chun airgead a bhailiú don pháirtí. Níor múineadh aon Ghaeilge dó ar scoil in Éirinn ach cláraíodh é ina bhall de Chonradh na Gaeilge i Londain 13 Nollaig 1900, an lá céanna a cláraíodh Pádraic Ó Conaire[B3] ··· Bhí sé ina ardrúnaí ag Comhlacht na Fírinne Caitlicí i Londain ó 1926 go 1947
Ag pointe éigin fuair sé post i Londain ··· Ba ar éigean Londain sroichte aige: ‘The chair was admirably filled by Mr George Shorten and in the mellifluous and idiomatic style peculiar to West Cork and Kerry he delivered an exceedingly able and eloquent speech eulogising the work of the the Gaelic League in London as well as in Ireland and condemning the presumptuous attitude of those witnesses before the Intermediate Commission who, while ignorant of the Irish national language as it is spoken, took on themselves to decry its teaching’. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 22 Aibreán 1899 gur aistríodh go Learpholl é
Bheartaigh triail a bhaint as an iriseoireacht i Londain ··· D’éag i Londain ar 19 Meán Fómhair 1911.
I ndiaidh tamaill i Londain fuair sé post sortálaí ar na traenacha a ritheadh idir Londain agus Bristol
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Upper Tooting, Londain, a rugadh é ar 17 Bealtaine 1878 ··· D’éag sé i Londain ar 18 Nollaig 1959.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar 3 Márta 1862 a rugadh é do Peter Henry agus a bhean Bridget Kilgannon ag a dteach cónaithe, 10 De Beausoir Square, West Hackney, Londain ··· Dar leis freisin gurbh annamh bliain nach dtugadh sé cuairt ar an Mór-Roinn chun cur lena eolas ar chúrsaí leighis agus chun teangacha a fhoghlaim. Ar ais i Londain dó bhí sé ag gabháil do chleachtas ginearálta sular iompaigh sé ina mháinlia súl
Bhí post mar eagraí faoin Roinn Talmhaíochta aige ach d’aistrigh sé go Londain nuair a thug an Times Literary Supplement cúram roinn na leabhar Gearmáinise dó ··· D’éag sé i Londain ar 5 Nollaig 1920. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Rugadh Aodh (Hugh Saunders Blackham) i Londain ar 16 Nollaig 1891 ··· Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i gConradh na Gaeilge i Londain
Thall i Londain bhí sí ina rúnaí ag an gCumann Ríoga Áiseach, ina ball de chomhairle an Chumainn Bhéaloidis agus ina huachtarán ar Chumann Liteartha na hÉireann ··· From first to last she took an active part in all this work, and those who have been associated with her will for long feel the loss of her careful judgement and wise counsel.’ I ndiaidh a báis ar 13 Eanáir 1935 i Londain dúradh fúithi in eagarfhocal an Irish Times go raibh sí ar an dream beag dílis Protastúnach a sheas go láidir ar son na Gaeilge
I 1901, bhí an chéad aiste riamh aige sa chéad uimhir de Banba. Aistríodh go Londain é i 1902 ··· Deir a nia Jack O’Connor go raibh sé ina chomhfhreagróir ag an Manchester Guardian le linn dó bheith i Londain
Cibé bunús fírinneach atá leis sin b’fhéidir beagán den áibhéil a bheith ann; níl fiú is tagairt dó i mbeathaisnéis mhór Uí Lúing. Bhí sé ag obair i mBaile Átha Troim faoi 1902 agus ansin aistríodh é go Londain ··· Scríobhadh sé ábhar in An tÉireannach (1912–3), iris an Chonartha i Londain
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sheinneadh sé an phíb mhór agus bhain sé cáil amach mar phíobaire Chonradh na Gaeilge i Londain ··· I 1905 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na bPíobairí i Londain agus ina rúnaí acu
I dTeach Knaresborough, Earl’s Court, Londain, a bhí cónaí air ag an am (idem 14 Eanáir 1899) ··· Nuair a d’éag sé i Londain ar 22 Eanáir 1905 ní raibh aon tuairisc in An Claidheamh Soluis
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Clerkenwell, Londain, a rugadh é 10 Nollaig 1869 ··· Seodóir Gearmáineach a athair Carl Joseph Hardebeck, a tháinig go Londain ó Amsterdam
Bhí sé i gColáiste na Tríonóide ó 1847 go 1851 agus ansin ag gabháil don dlí i Londain ··· Is mar seo a chuireann Norman Moore [B2] síos ar an gcaoi a ndeireadh sé fuaimeanna na Gaeilge – agus ba Shasanach é Moore féin: ‘[He] never acquired its pronunciation, and used always to read Irish exactly us English schoolboys once read Latin, according to the English powers of the letters, and he never sounded the ’r’ nor had he any idea of quantity’. Tar éis dó bheith ag cleachtadh an dlí ar feadh sé bliana i Londain d’imigh sé chun na hIndia in 1862
I Londain bhí sé ag obair do chomhlacht iarnróid ar dtús agus ansin ina chléireach ag ceannaí torthaí i margadh Covent Garden ··· I Meán Fómhair 1963, tar éis dó beagnach scór bliain a chaitheamh i Londain, ceapadh é ina eagarthóir nuachta sa pháipéar sin agus chuaigh chun cónaithe i mBaile Átha Cliath
Is i Londain a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus bhí Pádraic Ó Conaire[B2] ar dhuine dá mhúinteoirí ··· D’aistrigh sé go Londain agus níor fhill chun cónaithe go dtí 1944. Ball de Eaglais na hÉireann ba ea é
I Londain a thit sin amach faoi Chincís na bliana 1963 nuair a labhair sé le Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a thug sé ina dhiaidh sin air féin) do theilifís RTÉ ··· Bhí an dornálaí ag réiteach do throid i gcoinne sheaimpín na Breataine, Henry Cooper, agus Ó Ceallacháin i Londain ag obair ag cluichí peile a bhíodh ar siúl i Staid Wembley. Bhí an-tóir ag Seán Óg ar an ngalf, cluiche a chleacht sé go dtí go gairid sular bhásaigh sé
Chaith Neilí tamall i Scoil Slade i Londain ag foghlaim ealaíne agus tá cuntas in DIB ar a saothar ealaíne ··· Col ceathrair di, aisteach mar a tharla, Mary Spring Rice, a raibh baint aici sna raidhfilí a thabhairt go Binn Éadair san Asgard. D'éag Neilí (nó Ellen Lucy mar a baisteadh í) i dteach a dearthár Dermod i Londain ar 1 Aibreán 1925
Ainmníodh é mar theachta ó Chraobh Chúchulainn, Ard-Oifig an Phoist i gCorcaigh, chuig Ard-Fheis 1906 Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 28 Iúil 1906). Ó 1902 go 1913 is i Londain a bhí sé lonnaithe ··· D’éirigh sé cairdiúil le Michael Collins i Londain, agus ba é P.S
I mí Lúnasa 1958, agus gan é ach cosamar sé bliana déag d’aois, thug sé aghaidh ar Shasana – é ráite sa bhaile aige gur chun cluiche leathcheannais na hÉireann sa pheil a fheiceáil a bhí sé ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Chaith Maidhc Dainín bliain i Londain ag obair i monarcha innealtóireachta, ag maireachtáil lena dheartháir Dónall, agus ag seinm ceoil i dtábhairní agus i hallaí Gaelacha na cathrach ··· Fearacht Londan, ba ghearr go raibh sé le cloisteáil ag seinm an bhosca ceoil i dtábhairní móra Gaelacha na cathrach, áit a mbíodh sé ar stáitse le Joe Cooley, an boscadóir cáiliúil as Tobar Pheadair i gContae na Gaillimhe, agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Ba ag a leithéid de sheisiúin ceoil a chas Caitlín Nic Gearailt as an nGleanntán in aice le hOileán Ciarraí ar Mhaidhc agus phós siad in 1962
Dúirt Dónall le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 14 Bealtaine 1971): ‘B’as Luimneach m’athair, b’as Gort na hUamha a athair sin, agus bhí mo shin-sheanathair ag múineadh scoile (cois claí!) i gContae Thiobraid Árann—rud nach bhfuair mé amach gur thosaigh fear uasal i Londain ag scríobh stair na Mic Amhlaigh cúpla bliain ó shin agus gur thosaigh mé ag cur tuairisce mo shinsear féin ··· D’éag sé 27 Eanáir 1989; bhí sé ar a bhealach go Londain chun sraith léachtaí a thabhairt nuair a tháinig tinneas a bháis air
Nuair a phósadar in 1954 chuadar chun na Breataine – ar dtús go Cardiff agus ina dhiaidh sin go Londain, áit a raibh Éamonn ag obair i gConsalacht Ghinearálta na hAirgintíne. Bhí beirt chlainne orthu, Clíona agus Áine, nuair a shocraíodar dul ar imirce chun na hAstráile ar Scéim na nDeich bPunt
It seems, indeed, that many people think the word is an Irish one; The Irish crack, with its connotations of ribaldry and divilment in general, came to us, I suppose, by way of Donegal emigrants, who have borrowed many good words from their Scottish friends (The Irish Times 5 Nollaig 1992). Luadh seo arís sa chuntas iarbháis sa nuachtán céanna, ‘He never forgave The Irish Times for its part in the dodgy Gaelicisation of “crack” – “a good old English/Scottish word” – as “craic”’ (The Irish Times 19 Iúil 2014). Thug Richard Ingrims, eagarthóir The Oldie, iris i Londain, cuireadh do Dhiarmaid colún rialta a scríobh dó, rud a rinne ar feadh fiche bliain, faoin teideal, ‘Words, words, words', ar eascair leabhar den teideal céanna uaidh ó Lilliput Press
Dhíol a máthair an gnó a bhí aige sa Bhreatain Bheag agus bhog go Croydon i Londain, áit ar oibrigh sí arís mar bhanaltra
Shuigh coiste cróinéara i Rinn na Mara 1 Iúil agus tá tuairisc air in Irish Times 2 Iúil 1890; tá tagairt don tragóid ag James Joyce in Ulysses. Nuair a phós an t-athair thar n-ais i 1908 chuaigh Moya chun cónaithe i Londain
Is de bharr cúrsa comhfhreagrais le Coláiste an Rí i Londain a d’éirigh leis post sa státseirbhís a fháil in 1898
Ba mhac é le Máirtín Ó Luanaigh agus Bríd Ní Mháille agus chaith sé cuid mhaith dá shaol ag obair mar fhear Custaim is Máil i Londain agus cónaí air in Woodford Green, Essex.
Rinne a chumas mar staraí é a dhaingniú sa chreideamh Protastúnach ach deir Knox: 'Nevertheless, his methods of marshalling and assessing the evidence was usually so judicial that he was sometimes accused of favouring the Roman side and of providing a distinguished name and arguments for Roman protagonists against the Reformed Churches.' Ní mór a rá go raibh sé riamh diongbháilte in aghaidh faoiseamh creidimh a thabhairt do Chaitlicigh; bhí de cháil air go raibh dearcadh cúng éadulangach aige ar gach creideamh ach amháin a chreideamh féin. Lena mbua i gCionn tSáile i 1601 a cheiliúradh chuir Arm Shasana £1,800 ar fáil do Leabharlann an Choláiste agus cuireadh Uiséir anonn go Sasana a cheannach leabhar i 1603 agus i 1606; de réir a chéile bhí sé ag cur eolais ar sheanleabhair agus lámhscríbhinní in Oxford, Cambridge agus Londain
I ndiaidh dó cáilíocht a bhaint amach d’oibrigh sé i Londain agus in Albain agus bhí i measc na nInnealtóirí Ríoga sa Chéinia
Bhí ról aige timpeall an ama sin in The heart’s a wonder, leagan ceolmhar de The playboy of the western world, sa Gaiety i mBaile Átha Cliath ar dtús, agus ar ball in Amharclann Westminster, Londain. Fostaíodh é mar bhall d’Aisteoirí RTÉ in 1961 agus d’fhan sa phost lánaimseartha sin go ndeachaigh sé ar pinsean i mí Eanáir 1997
In aois a 19 dó is ea a d’aistrigh sé go Londain agus luaitear é a bheith i bpáirt Heathcliff in Wuthering heights in Richmond agus ar ról a bheith aige in Purple dust le Seán O’Casey i Learpholl, Sasana
Níorbh annamh dó léachtaí a thabhairt nó drámaí a stiúradh anseo is ansiúd sna Stáit, i dTalamh an Éisc, i bPáras nó i Londain
In 1997, foilsíodh úrscéal dorcha i nGaeilge, Tearmann, agus úrscéal iontach éagsúil i mBéarla, Groundwork, a chuir an New York Times ar liosta na ‘Notable Books of 1998’. In 2004, dhírigh sé a aird ó thuaidh leis an dráma, Protestants, a chuaigh ar camchuairt ar fud na hÉireann, go dtí an West End i Londain, agus go Dún Éideann, leis
Tar éis tamaill mar oide tí i Londain ag mac Iarla Aontroma tugadh paróiste Naomh Michan i mBaile Átha Cliath dó i 1699
Chuaigh sé go Londain in 1725 chun a thuilleadh síntiús a mhealladh agus fuair bás obann ann an bhliain dár gcionn
Oirníodh é i Maigh Nuad 1937 agus chaith sé blianta an chogaidh i Londain agus in Brighton, é ag friotháilt ar imircigh as Éirinn i rith Chogadh 1939-45
Chaitheadh sé deirí seachtaine lena mhuintir i Londain agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge ann
Bhí sé tamall ina mhonatóir i nDumha Thuama agus rinne sé cúrsa comhfhreagrais leis an Norman Correspondence College, Londain
Tuairim 1892 a tharla sin, ní foláir, mar de ghnáth deirtear gur tríocha bliain a chaith sé sa tseirbhís Chustaim is Máil anseo is ansiúd i Sasana. Is i Londain a bhí sé ar dtús agus thugadh sé léachtaí ar ábhair staire sa Chlub Náisiúnta
Thug cúrsa i gColáiste Skerry go post mar chléireach sóisearach sa státseirbhís é i Londain
Thuigfeá ón gcuntas seo gur chaith sé tréimhse i Londain
Eady in Bayswater, Londain, ar 12 Deireadh Fómhair 1909, dar le Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989
Tar éis tamaill i Scoil na mBráithre i gCaiseal d’éirigh leis post a fháil sa státseirbhís i Londain i 1907
Deirtear gur chaith sé tréimhse ag obair in Oifig Eolas an Chogaidh in Ambasáid Mheiriceá i Londain
Ba iníon i le James Drummond, ministir Úinitéireach, agus phós sí Arthur William Hutton, déantóir cóistí, mac le Lucius Octavius Hutton, 27 Márta 1890 i séipéal Rosslyn Hill, Hampstead, Londain
‘B’shin an chéad phósadh i nGaeilge ag Bayswater agus ba é an tAthair Ceannt, nach raibh riamh in Éirinn a phós iad’ (Donncha Ó Súilleabháin, Conradh na Gaeilge i Londain, 1894–1917, 1989). Bhí spéis mhór aige i stair na hÉireann agus bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar an ardán ag an bhfáiltiú a cuireadh go Londain roimh Art Ó Gríofa, Micheál Ó Coileáin agus na teachtaí eile i nDeireadh Fómhair 1921
Is i Londain a ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta. D’fhill sé abhaile 1908 agus bhí ina eagarthóir ar An Connachtach, iris nár mhair ach tamall gairid
Ó 1923 go 1928 bhí sé ina Ard-Choimisinéir ag an Saorstát i Londain
Bhí bailiúchán breá lámhscríbhinní aigesean agus is ar an gcuma sin a chuaigh Séamus i dtaithí na teanga liteartha go luath ina shaol. I ndiaidh meánoideachais i gColáiste na Carraige Duibhe fuair sé post cuntasóra in Oifig an Chogaidh i Londain
Bhí post státseirbhíse aige i Londain agus thaithíodh sé imeachtaí Chonradh na Gaeilge sa chathair sin, mar is léir ar aiste a bhí i gcló aige in Times Pictorial ar dtús agus ansin ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982
Bhí sí mar mholtóir ceoil ag Oireachtas 1898. Ó 1897 go 1908 bhí cónaí uirthi i Londain agus in 1909 chuaigh sí chun cónaithe i gCorcaigh agus bhí ina horgánaí in Eaglais Naomh Áine (An Seandún)
De réir an Blackrock College Annual 1933, chaith sé tamall ag ullmhú le haghaidh scrúduithe na státseirbhíse sa Choláiste agus bhí 14 bliana i seirbhís an phoist i Londain agus ina bhall den Chonradh ann
Ó 1901 amach b’annamh nach raibh sé ag seinm ceoil ag ceolchoirmeacha an Chonartha i Londain
Ag 86 Pathfield Road, Streatham, Londain, a rugadh é ar 1 Lúnasa 1905
D’aistrigh sé cuid mhaith amhrán go Gaeilge agus chum amhráin, iomann an Chonartha i Londain, ‘Clanna Gael go deo’, ina measc
Cuireadh sochraid ollmhór air i Londain agus i gCorcaigh. Nuair a bhí Máire seacht mbliana d’aois bhain tinneas dá cois agus rinneadh faillí ann
D’imigh sé go Londain i bhFeabhra 1937 agus chaith tamall mar fhear árachais ann
Bhí sé chomh dílis agus chomh dúthrachtach sin i ngluaiseacht na teanga agus an toil chomh láidir aige, b’éigean dom géilleadh dó ag deireadh agus ghlac mé leis an rúnaíocht’ (Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha). Thug sé seanmóir i nGaeilge uaidh in Ardeaglais Westminster, Londain, Lá ’le Pádraig 1905
O’Lehane organises the Dublin Drapers’ Assistants’. Nuair a fuair Donnchadh an post státseirbhíse cuireadh go Londain é agus is ann, tuairim 1896, a thosaigh sé ag obair ar son na teanga
Bhí sé ar dhuine den cheathrar rúnaí ag na toscairí Éireannacha i Londain san idirbheartaíocht i dtaobh conartha síochána
Ach is é an fáth a dtagraítear go minic di inniu go raibh sí i ngrá, más fíor, le Ruairí Mac Easmainn. I Londain a rugadh Ada Mary MacNeill
Bhain an bácús na duaiseanna ab airde ar arán (‘Arán bonn-órga Uí Néill’) i Londain
Dúirt siad leis gur rugadh Fionán in 1886 in Achadh Loiste in aice le Bealach an Doirín, go bhfuair sé scolaíocht i gColáiste Naithí i mBealach an Doirín, gur chaith sé 1911–13 ag fáil oiliúna sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, go bhfuair sé post san Ómaigh i 1913, i Scoil na mBráithre Críostaí ann, b’fhéidir, agus faoi 1917 go raibh sé ag múineadh i Sheffield tamall, agus tamall eile i Londain
Shíl sé nach mairfeadh an páipéar ach tamall gairid agus bhí sé díreach tar éis Ellen Mara a phósadh i Londain
I ndiaidh scolaíochta i gColáiste Foyle fuair sé post cléirigh i mbanc i Londain
agus thug teistiméaracht charachtair di; chuir sé aithne uirthi i Londain deich mbliana roimhe sin
In Iúil 1901 bhí an Conradh ag lorg rúnaí cúnta i Londain agus fuair Micheál an post ar £70 sa bhliain
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Londain a rugadh í ar 27 Meitheamh 1870, de réir ráitis scríofa a thug a hiníon Nuala do Chiarán Mac Mathúna dá ghnéchlár raidió “In the shades of Knockma”
Cailleadh an mháthair in 1895 agus thug an t-athair triúr de na páistí leis go Londain: Éamon, Máire agus mac eile
Phós siad i Londain i 1955
De bharr tréimhse san India chuaigh an diasúnacht i bhfeidhm air agus bhí sé ina rúnaí ar chraobh den ghluaiseacht i Londain tráth
Ba mhinic ag gabháil fhoinn é i Halla na Banríona i Londain
Bhí sé ina bhall d’Institiúid na nInnealtóirí Meicniúla (Londain)
Rugadh í ag 23 Chester Square, Pimlico, Londain ar 16 Nollaig 1861
Is nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i Londain a d’fhoghlaim sé an teanga
Nuair a bhí sé 21 bliana d’aois, ceapadh ina chléireach sóisearach in Oifig na hIndia i Londain é
Níor chaith sé ach deich mí i gCathair na gCeo, mar a thugadh sé ar Londain
Bhí sí ag staidéar ar an stair i gColáiste an Rí, Londain, faoin scoláire J.R
Deireadh sé féin go raibh sé ar an 17ú ball. Nuair a fuair sé post san Oifig Chogaidh i Londain casadh Fionán Mac Coluim air agus chuir siad rang beag Gaeilge ar siúl
Fuair sé bás nuair a bhí Art cúig bliana d’aois. Chuaigh Art ar scoil go dtí Coláiste St Charles i Londain
Chaith sé tamaill in Coventry, Birmingham, Londain, Leeds agus Hull
Sheinn sé ag Coirm Cheoil na Féile Pádraig i Halla na Banríona, Londain, i 1907
Ach riamh níor éirigh leo a ndóthain fianaise a fháil ina aghaidh. Fuair sé poist i mianach guail sa Bhreatain Bheag agus in ospidéil meabhairghalar in aice le Brighton sular thosaigh sé an cleachtadh dochtúra sin i Londain ar chaith sé 42 bliana leis
65 bliana a chaith sé i gcéin—seal in Albain, seal i Learpholl, tamall i Londain agus 40 bliain in Barrow in Furness i Lancashire
Gabhadh é i Londain faoina nom de guerre ‘Conor Hayes’ agus seoladh ar ais go hÉirinn é
Ba é seoladh a athar, David Wilson Greene, ag an am sin King’s Head Hotel, Richmond, Londain
Bhí sé i mBéal Feirste, in Iúr Cinn Trá, i Londain agus i Learpholl sular aistrigh sé go Gaillimh
Ó 1865 ar aghaidh bhí sé ag déanamh staidéir i dtithe de chuid na nÍosánach: Roehampton i Londain ar an litríocht; Stonyhurst, Lancashire ar an bhfealsúnacht ó 1872 go 1874; ar an diagacht i gColáiste Beuno sa Bhreatain Bheag
In aois 17 mbliana dó fuair se post (“boy-copyist”) sa státseirbhís i Londain
Dhéanadh sé obair freisin ag feiseanna in Inis Ceithleann, Doire, Londain, Birmingham ..
D’aistrigh sé go Londain agus bhí orthu sin a bhunaigh craobh den Irish Literary Society in Forest Gate
Caitliceach Rómhánach ba ea é. Ní thugann na leabhair thagartha d’eolas ach go ndearna sé staidéar ar cheol sa Róimh, agus faoi Stanford agus Parratt i Londain
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Carachtar aitheanta i gConradh na Gaeilge i Londain
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Cisteoir Chonradh na Gaeilge, Londain
Ach an fear is mó a rinne staidéar ar a bheatha, Maitiú de Buitléir, chreid sé rud a scríobh an Cistéirseach Stephen Barron i 1913, gurbh i Londain a d’éag sé
Tar éis dó tamaill a chaitheamh i Londain agus sa Ghearmáin ceapadh é ina ollamh le Sanscrait agus le graiméar comparáideach in ollscoil Bheirlín in 1821
I Londain a rugadh é 2 Feabhra 1831 (Crone)
Bhíodh sé ag tabhairt lámhscríbhinní ar iasacht don Súilleabhánach agus sin é an sagart ar thug an dialannaí cuairt air 27 Nollaig 1829 d’fhonn cleamhnas a dhéanamh lena dheirfiúr Máire (‘bean bhreá ard ghruadhearg, ghruaig fhionnrua, go dtóin triopallach, go mbrollach ard, go gcíocha crua cruinne cailce’). Tá cuntas Éamonn Uí Ógáin ar a thréimhse i Londain an-inspéise
Nuair a d’iarr sé ar an gCoiste Caitliceach i mBaile Átha Cliath sagart éirimiúil a chur chuige mar rúnaí agus séiplíneach ba é Carpenter a roghnaíodh agus chaith sé trí mhí i Londain
Bhí sé ag obair i gCill Choirín in oirthear na Gaillimhe, i mBéal Átha hAmhnais, i measc na nÉireannach i Londain, agus i mBéal Easa, mar ar chuir sé múinteoirí an Irish Society faoi scrúdú
Chuaigh sé go Londain an bhliain chéanna sin
Deirtear gur chaith sé tréimhse i Londain ag saothrú a bheatha mar iriseoir ach níl aon fhianaise gur chaith
Cuireadh go St Petersburg é mar ambasadóir agus in 1882 go Londain
Bhí sé ag staidéar ar an dlí sa Temple i Londain
Deirtear gur shocraigh an Tiarna Rosscarbery, a bhí thall i Londain ag an am, go mbeadh cling na marbh le clos ina onóir i séipéil i Londain
Ar a bhealach abhaile go hÉirinn mar mhisinéir casadh i Londain air droch-chomhluadar a chuir ar meisce é agus a ghoid a chuid airgid
Nuair a tháinig deireadh leis an obair sin chaith sé tamall ag múineadh agus ag obair mar línitheoir ar adhmad sular chaith ceithre bliana i Londain ag díol agus ag ceannach seaniarsmaí (Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T
Bhí cónaí air anseo is ansiúd i Londain: 12 Duke Street, Piccadilly; 1 Shephard Street, Oxford Street, in aice an Marble Arch; 19 Shephard Street
Conneely is the best Irish preacher in Ireland and I doubt very much if he has an equal in the pulpit when preaching in English.’ Thug sé níos mó misiún ná aon sagart eile in Éirinn agus thugadh misiúin in Huddersfield agus i Londain a bhfreastalaíodh muintir Chonamara orthu
‘One of the world’s great scholars’ a thugann Peate air. Bhí rialtas na hIorua ar deoraíocht i Londain i rith an dara Cogadh Domhanda agus bhí Sommerfelt in éineacht leo ann mar stiúrthóir ar Roinn an Oideachais
Bhí a chéad phost aige sa Thomas-Gymnasium in Leipzig agus ansin chaith sé tamall ag clárú lss na Sanscraite in Oifig na hIndia i Londain
I 1918 chuaigh sé féin agus dháréag eile anonn go Londain, é ar intinn acu baill den rialtas a fheallmharú dá gcuirtí an coinscríobh i bhfeidhm in Éirinn
Is faoi Alice Scarlett, baintreach, 2 Putney Hill, Londain SW1 agus ag Florence Shera, baintreach, (‘strangers in blood’) a bhí probháid na huachta. Tharraing an Alexandra College Magazine, June, 1948, an pictiúr seo di: ‘Alexandra College lost a faithful and devoted friend when Miss Mary Scarlett passed peacefully away to a higher life in February of this year
In Battersea, Londain, a rugadh é ar 9 Meán Fómhair 1899
Is le fána a bhí sé ag imeacht as sin amach: ráigeanna óil i Nua-Eabhrac, i Londain agus sa bhaile; na tamaill in ospidéal ag dul i minicíocht agus tamaill eile ansin ag iarraidh éirí as an ól
Faoi 1900 bhí sé ina rúnaí cúnta ag an gConradh i Londain agus d’fhreastail ar an gComhdháil i mBaile Átha Cliath i 1902 agus ag Ard- Fheiseanna 1903 agus 1904
D’éirigh leis post a fháil sa státseirbhís tuairim 1903 agus chuaigh isteach sa Chonradh i Londain
Lá Fhéile Pádraig 1904 bhí ‘Mr Joseph Halpin and his little daughter Treasa’ ar an stáitse ag Ceolchoirm na Féile i Londain
Chuaigh sí ag obair in Oifig an Phoist i Londain agus chuireadh sí airgead abhaile le cabhrú le hoideachas a deirfiúracha agus a deartháireacha. D’fhreastail Liaimín ar Mheánscoil Chúil Raithin agus bhuaigh scoláireacht i 1908 a thug go Coláiste Bedford, Ollscoil Londan, í agus bhí sí in aontíos le hEilís
Ceapadh é ar dhuine de rúnaithe na toscaireachta a chuaigh go Londain i 1921 chun conradh réitigh a dhéanamh
Ar 5 Márta 1886, cuireadh ag obair i Londain í (‘in the Treasurer’s and Accountant General’s Office’)
Fuair a chéad mhac bás in 1903 agus bhí baint aige sin leis an aistriú a rinne siad go Brighton ar dtús agus ansin go Londain
Tháinig tinneas a bháis air i ndeireadh Lúnasa 1971 agus d’éag sé in Ospidéal King’s College, Londain, ar 3 Deireadh Fómhair 1971
Bhí portráid i gcló in Sunday Independent 31 Márta 1935 agus deirtear ann gur chaith sé sealanna i mBaile Átha Cliath agus i Londain ach gur fhill sé ar Luimneach
Ina ball de Chonradh na Gaeilge i Londain
Seachas tamall de bhlianta i Londain agus i mBaile Locha Riach is i dteach an oird i Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath, a chaith sé a shaol
Níor imigh sé go Londain go 1921 agus lean sé den meánoideachas ansiúd go bhfuair máithreánach Ollscoil Londan
Chuaigh sé go Londain agus bhain amach dioplóma sa taistealaíocht tráchtála in Wallace Attwood College
Deir sé sa bhrollach: ‘Scríobhadh an leabhar seo in áiteanna éagsúla amhail Baile Átha Cliath, Doire Iorais, Páras, Lyons, Sydney agus Londain.’ Thosaigh sé ar an scríbhneoireacht i gColáiste Iognáid nuair a d’iarr an tAthair Eric Mac Fhinn[B8] air aiste faoi dhíospóireachtaí scoile a sholáthar in Ar Aghaidh
Chaith sé tamall i rith Chogadh 1914-18 i Londain agus tamall eile in Albain
Chláraigh sé in Ospidéal Naomh Bartholomew i Londain in 1869 agus bhain MD amach in 1876
Tar éis bunscolaíochta cuireadh í chun scoil aíochta cháiliúil i Londain mar a gcuirtí béim ar theangacha agus ar an bhFraincis go háirithe
Ní raibh fuascailt na ceiste ag aon duine gur aimsigh Pádraig agus a dheartháir Kieran teastas báis i Londain a thugann an dáta 10 Meán Fómhair 1844 (feic 1782-1881 Beathaisnéis, 1999, lch 17)
Keane) in 1991; bhí sé ina bhall de Shaor-Aisteoirí Chonamara ag an am agus thaistil siad ar fud Chonamara, go Lios Tuathail agus go Londain féin
Bhí a dheirfiúr Máire pósta ar dhuine de na hiarghéibheannaigh, Máirtín Standún[B8]. Phós sé Mary Anne Stapleton ón Inbhear Mór, poblachtach a díbríodh as Londain i 1939, agus bhí beirt mhac acu
Tar éis dó scoil a fhágáil chaith sé tamall de shamhradh ag scuabadh sráideanna i Londain
Tá neart eolais nua ag Muiris Mac Conghail in Aghaidheanna Fidil agus Púicíní: Seoirse Mac Thomáis in Éirinn, 2009. Ag 2, Allison Grove, Dulwich Common, Dulwich Thiar, Londain, a rugadh é ar 19 Lúnasa 1903
I Londain d’oibrigh sé i nuachtáin áitiúla agus ar ais in Éirinn dó bhí sé ag scríobh don Connacht Tribune sular ceapadh é ar fhoireann an Irish Times i 1968
Bhí sí fostaithe ag an Irish News Agency sna luathchaogaidí, í ag obair dóibh i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i Londain
Bhí sé ag aisteoireacht i bhFlórans, Londain agus sna 1980idí i Meiriceá
D’éag sé in Ospidéal Guy, Londain, 17 Meán Fómhair 1983.
Chaith sé na blianta 1958-74 i Sasana; in Huddersfield a bhí sé ar dtús agus bhí i Londain ina dhiaidh sin agus rang Gaeilge á mhúineadh aige ann
B’éigean dó dul go Londain go luath ina dhiaidh sin chun a thuilleadh ama a chaitheamh in ospidéal
Ní raibh aon duine fágtha le dul abhaile chuige agus chaitheadh sé saoire an tsamhraidh lena dheartháir i Londain go dtí gur thug máthair dhuine dá chomhscoláirí, Annrachánach ó Dhrom Dá Liag, cuireadh abhaile dó agus ba leis an teaghlach sin a chaitheadh sé laethanta saoire feasta
I 1948 bhain sé an dioplóma amach i Leigheas agus Sláinteachas an Teochreasa i Londain agus ghnóthaigh an MD i 1950 in Ollscoil na hÉireann
Bhí pinsean cogaidh le fáil aige agus go ceann bliana bhí cóir leighis á cur air. Chaith sé tamall le mionphoist i Londain sula bhfuair sé obair mar chothromóir lasta ar ghaltán a bhí ag triall ar Rio de Janeiro, cathair ar chaith sé tamall ar an ngannchuid inti
Sa nóta beathaisnéise in Nua-fhilí deir Séamas Ó Céileachair: ‘Ag obair ar an stáitse i Londain, i nGlaschú, i gCambridge agus in Eastbourne.’ Phós sé Elda Ní Shúilleabháin, Corcaíoch a rugadh in Montreal, agus bhí iníon agus beirt mhac acu
Duine dá sheanmháithreacha, bhí sí 96 bliana nuair a cailleadh í 1966.’ D’imigh sé go Sasana a luaithe a bhí an ardteistiméireacht déanta aige agus fuair obair mar ghiolla tae ar láithreán tógála i Londain ar dtús agus chleacht poist uirísle eile ina dhiaidh sin
Go ceann sé bliana bhí sé ag obair i Londain, tamall i monarcha agus tamall eile le hobair thógála in Heathrow, agus bliain ag iascach ar chósta na Breataine Bige
I Londain a rugadh é 13 Eanáir 1917 agus Augustus Walter a baisteadh air
Is léir ar a bhfuil scríofa ag Williams nach raibh an Ghaeilge ann sách sothuigthe ag Gaeil Alban agus go raibh in Albain, mar a bhí in Éirinn, go leor de lucht na cinsealachta a bhí in aghaidh gach rud ba dhóigh leo a chabhródh le teanga dhúchais na nGael. D’éag sé ar 31 Nollaig 1691 i Londain
Chaith sé trí sheachtain braighdeanais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sular cuireadh go Londain é
Le cúrsaí trádála a chuaigh sé agus bhí sé ina chónaí in Antwerp sular aistrigh go Londain ag pointe éigin roimh 1604
Chuir Norman Moore cruth níos fearr ar an scéal nuair a dúirt: ‘He was not perfectly acquainted with the Irish language.’ Chaith sé tamall de 1832–33 ag foghlaim dlí in Lincoln Inns i Londain, é beo ar cibé teacht isteach a bhí aige ó dhánta agus gearrscéalta agus ó ábhar a chóipeáil don tSuirbhéireacht Ordanáis
Scríobh sé dán do ‘cuideachtain Chaptaoin Cairí’ a bhí leis ar an mbóthar ó Londain go Canterbury i 1628
Shíl Eoghan Ó Comhraí [B6] go raibh 14 bliana caite aige ar deoraíocht, cuid díobh i Londain
Pearsa béaloidis é.’ Cromailigh sa cheantar, a raibh an talamh go léir acu agus saibhreas do-áirithe, ba ea: Joseph Damer (1628–1720); a nia John Damer, cníopaire, a tháinig i gcomharbacht air, a d’éag i 1768 agus a cuireadh i Srónaill; a gharnia, John Damer eile, a scaip an t-ór a bhí cnuasaithe ag an gcníopaire agus a chuir lámh ina bhás féin i Londain 15 Lúnasa 1776
Nuair nár tharla sin cuireadh na leabhair ar ceant in Sothebys, Londain
I find he is hunted out of that part of Ireland by bad men.’ Tuairimítear go ndeachaigh sé ó Londain chun na Fraince
Ach d’imigh sé go Londain i 1720 agus beagnach láithreach d’fhoilsigh scéim chun aistriúchán de stair Chéitinn a fhoilsiú; bhí ceithre chóip den Foras Feasa déanta aige agus is ar chóip a rinne sé do Mhuirís Ó Conchubhair Fáilghe, abhcóide i Londain, a bhunaigh sé an t-aistriúchán
he was buried in the vaults of the College chapel, which subsequently became L’Église St Ephraim des Syriens in rue des Carmes...’. Bhí meas chomh mór sin ar a chaiticeasma gur tugadh cuid mhór eagrán den leagan Béarla amach i Londain
Bhí sé i Londain go minic agus ina phríosúnach go minic ann agus d’éag sé tuairim 1640
His analysis of the problems of contemporary society reveal the same acute social and historical sensitivity as that which enabled him to cast so much light on the workings of the society of the Celtic past.’ Cibé a bhí ar siúl aige i rith an chogaidh níor laghdaigh ar a dhíograis timpeall léann na Gaeilge; cuimhnítear nach raibh ach triúr nó ceathrar sa láthair nuair a thug sé léacht Rhys (‘The linguistic and historical value of the Irish law tracts’) i Londain 1943 agus an blitz faoi lánréim. I 1937 chuir Acadamh Ríoga na hÉireann chuig an Roinn Oideachais tuarascáil a bhain le bunú Scoil an Léinn Cheiltigh le bheith mar chuid d’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
Chuaigh sé go Londain agus fuair teastas an British Institute of Dress Designing
Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh sa Chogadh Cathartha agus chaith tamall i gcampa coinneála an Churraigh. Bhí sé deacair ag Poblachtaigh post d’fháil agus chaith sé roinnt blianta i Londain ina chléireach ag ceannaí fíona agus biotáille
Costello ar ais arís agus gur tugadh ar ais é go dtí Gnóthaí Eachtracha.’ Bhí sé i Londain mar chéad rúnaí 1956-59 agus mar chonsailéir 1959-61, ina Ambasadóir sa tSualainn, san Iorua, sa bhFionlainn 1964-68, san India ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus i Lucsamburg 1973-79 agus sa Phortaingéil gur éirigh sé as obair i 1980