Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Anuas ar an méid sin go léir bhí sé ina eagarthóir ar Comhar ó 1960 go dtí gurbh éigean dó éirí as an obair pháirtaimseartha sin tar éis dó ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú in uimhir Mhárta 1962 gan lánchead an choiste eagarthóireachta; ionsaí é a rinne Máirtín Ó Cadhain ar chuid de phearsana móra na Gaeilge. D’fhág sé a phost in Scéala Éireann i lár 1963 d’fhonn bliain go leith a chaitheamh lena theaghlach san Iar-Ghearmáin mar a raibh muintir Catherine ag cur fúthu anois tar éis dóibh aistriú ón gColóim