Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 52
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Is pearsa sa bhéaloideas an ginearál gníomhchumasach seo a throid in Albain agus in Éirinn i gcogaí 1641–52 agus dá réir sin tá cuntas ar a bheatha ag Dáithí Ó hÓgáin in Myth, Legend and Romance ··· I gCholbhannsáigh in Albain a rugadh é ··· Chúlaigh sé siar go Doire nuair a shroich arm Albanach Robert Munro Aontroim agus bhí in arm Fhéilim Uí Néill nuair a bhuaigh Monro orthu in aice le Ráth Bhoth 16 Meitheamh 1642. B’fhéidir gur gortaíodh sa chath sin é mar ní aithristear a thuilleadh air gur chuir sé 1,600 saighdiúir, ar Dhomhnallaigh agus fir de bhunadh na hAlban in Éirinn a bhformhór mór, ar bord loinge sa Phasáiste i bPort Láirge le dul go hAlbain ··· Fuair Alasdar anacal a anama ón nGrádach a ghabh é ach d’fhiafraigh Major Purdom, Sasanach, cérbh é féin agus níor luaithe a ainm cloiste aige ná a scaoil sé urchar trína inchinn; is í an tagairt dó in ‘Aiste Dháibhí Cúndún’ (Five Seventeenth Century Political Poems): ‘is ó Lá Chnuic na nDos ba dhéarach / ionar fealladh ar Alasdram éachtach.’ Tá scéalta eile faoina mharú, gan amhras. Cumadh amhrán ar Alasdar in Albain
An bhliain dár gcionn d’imigh sé go hAlbain lena athair agus bhíodh sé ag obair in áiteanna éagsúla in Lanarkshire, in Biggar, in Carnwath, taobh thoir de Dhún Éideann agus ar oileán Kerrera amach ón Óban ··· Nuair a chuaigh sé ar ais go hAlbain casadh a chomharsa Gracie Neidí Phadaí Éamainn air agus níorbh fhada gur pósadh an dís ar 12 Deireadh Fómhair 1957 in Eaglais Eoin Baiste i bPort Ghlaschú na hAlban ··· Ta cuntas ann fosta ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda agus é ag obair in Albain
Deartháir dá sin-seanmháthair, Mary Elizabeth eile, an Alan MacDonald ón Oileán Sciathanach in Albain a phós Flora MacDonald ··· Uncail do Norma ba ea Sir John MacDonald, Lord Kingsburgh, a bhí ina Lord Justice-Clerk ar Albain ó 1888 go 1915 ··· Tháinig a huncail ó Albain
Bhí a athair cairdiúil le cinnirí polaitiúla agus timpeall an ama a d’éag Parnell bhíodh cúrsaí na hÉireann faoi chaibidil sa teach. Chuir sé aithne ar mhic léinn ó Albain nuair a chuaigh sé isteach san ollscoil agus thug sé cuairt ar Oileán Leodhais leo le linn na laethanta saoire agus rinne staidéar ar na nGáidhlig agus ar an gceol ··· Bhailigh sé airgead don Chonradh san Oileán Sgiathanach in Albain mí Iúil 1911 agus is é Cill Chríost, Uiscephort (Oxford), a sheoladh ar litir in An Claidheamh Soluis 2 Márta 1912
Bhailigh sé airgead in Albain agus i Sasana le haghaidh séipéil nua le linn dó a bheith ann ··· Rinne an tAthair Uaitéar a aigne suas láithreach go bhfágfadh sé a phost. Chuaigh sé chun cónaithe i Musselborough in aice le Dún-deagh in Albain
D’imigh triúr de na mic go Meiriceá agus thug Niall agus Aodh Albain orthu féin ··· Tháinig Niall abhaile freisin ach b’éigean dó filleadh ar Albain tuairim 1921
Bhronn daoine gustalacha a bhaill dúchais cláirseach a rinne Cormac Ó Ceallaigh na gCláirseach air (Cláirseach Dhún Bó nó ‘The Downside Harp’) agus nuair a bhí 18 bliain slán aige thaistil sé Éire agus Albain ar feadh deich mbliana ··· Bhí sé in Albain arís i 1745 agus sheinn i láthair Shéarlais Óig in Holyrood
Ghlac sé páirt i rith 1938-39 sa taighde ar chanúintí Ghaeilge na hAlban a bhí ar siúl faoi threoir Carl Marstrander [B4] in Albain ··· Bhí sé pósta ar Vanja Abrahamsson. Is iad na leabhair leis a bhaineann le hÉirinn agus le hAlbain: Argyllshire Gaelic, 1938; On some relics of the Irish dialect spoken in the Glens of Antrim (with an attempt towards the reconstruction of northeastern Irish), 1940; The Irish language in Rathlin Island, 1942; The Gaelic of Arran, 1957; The Gaelic of Kintyre, 1962; The dialects of Co
Ach ní mór cuimhneamh ar a ndúirt Carsuel féin: ‘Agus ar an ábhar sin, dá bhfaigheadh saoi ré healaín locht scríofa nó deachtaidh sa leabhar beag seo, gabhadh sé mo leithscéalsa, óir ní dhearna mé saothar ná foghlaim sa nGaeilge ach amháin mar gach nduine don phobal choiteann.’ Ba mhian le Carsuel go mbainfí leas as a leabhar in Éirinn freisin agus sa litir chun an léitheora luann sé Éire go minic agus tá an cheathrú seo aige: ‘Dá éis sin taistil gach tond / Go crích Éireand na bhfond bhfial; / Gé beag ar na bráithribh thú, / Gluais ar amharc a súl siar’. B’as paróiste Chill Mhártain in Earra Gael in Albain dó agus bhí a mhuintir ina gconstáblaí ar Chaisleán Charn Ásaraidh dhá mhíle lastuaidh de shráidbhaile Chill Mhártain ··· Cé gur clóbhuaileadh cúig chéad cóip den leabhar is cosúil nach bhfuil ar marthain inniu ach trí cinn díobh, agus gach ceann díobh uireasach, ceann i Leabharlann na Breataine, ceann in Ollscoil Dhún Éideann agus ceann sa Pierpoint Morgan Library i Nua-Eabhrac. Deir Meck gur fada a mhair tionchar Charsuel ar theanga an chreidimh in Albain: ‘Nevertheless, the shape of Gaelic religious language had been set by Carswell’s book, and the Protestant church in the Highlands became the direct heir of the literary legacy of the Gaelic medieval learned classes...
Chaitheadh Tarlach ó Mheitheamh go Samhain ag obair le feirmeoir in Albain agus fuair bás nuair a bhí Niall 13 bliana d’aois agus ba é an chuimhne a d’fhan ag an mbuachaill óg air: ‘É ina éadaí Domhnaigh agus mála aige ag dul anonn an pháirc ar a bhealach go hAlbain ··· Deir Mac an Rí: ‘Ach ní dhearna sé scrúduithe an tríú bliain toisc go raibh sé tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair sna tolláin thall in Albain.’ Le linn dó a bheith ina mhac léinn chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste
Is ar leathanaigh An tUltach ba mhó a rinneadh cur síos air agus is orthu sin a d’fhág sé lorg a láimhe féin faoin dá ainm cleite, ‘Scota’ agus ‘Seán as Albain’. Rugadh ar an 25 Bealtaine 1890 in Uphall in Albain é ··· Ba de bhunadh Éireannach an mháthair a rugadh in Albain
Comhrá leis is ea ‘Rus in Urbe’ i gcló in Innti 11. I nGlaschú, Albain, a rugadh é ar 16 Feabhra 1927 ··· Is i ngeall ar an mballraíocht sin a díbríodh as Albain é agus a chaith sé tamall i bhFrongoch i rith Chogadh na Saoirse agus tamall eile i bPríosún Mhuinseo i rith an Chogaidh Chathartha
Ba ghnách leis baill den phobal a chur faoi agallamh ag an deireadh seachtaine i rith na scoilbhliana agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh in Ollscoil Harvard agus ag taisteal go hÉirinn, go hAlbain, go dtí an Bhreatain Bheag, agus go dtí an Bhriotáin chun tabhairt faoi thaighde agus theagasc ··· Ar na cláir a raibh baint aige leo, tá Finisterre (2000), clár faisnéise faoi theanga agus cheol na Briotáine, Na h-Eilthirich (1999), clár faisnéise faoin imirce ó Albain go Meiriceá Thuaidh ar BBC Alba, Pádraig Feiritéar (1998), clár faisnéise ar RTÉ, agus Eadrainn (1983), ar RTÉ. Ba Leas-Uachtarán é ar Chumann na Gaeilge i mBostún ó 1979 go 1984 agus d’eagraigh sé an chéad fheis a bhí acu
Bhí spéis acu ar aon sna cúinní ab fhaide i gcéin de chruinne na Lochlannach agus dúil i dteangacha, i litríocht agus in oidhreacht bhéil na hAlban agus na hÉireann
Thaistil siad an domhan le ceol na hÉireann a chur chun cinn sa Bhreatain Bheag, i Sasana, in Albain, in Oileán Mhanann, sa Bhriotáin, agus sa Ghearmáin i rith na tréimhse seo chomh maith
D’fhreastail sí mar theachta bráithreachais ar na féilte Ceilteacha eile: Am Mòd Nàiseanta Rìoghail in Albain, Eisteddfod Genedlaethol Cymru sa Bhreatain Bheag agus Yn Chruinnaght ar Oileán Mhanann, agus bhí sí thar barr ag cur fáilte rompu siúd a thagadh ó na tíortha sin chuig an Oireachtas
Maidir leis an aibítir a fhoghlaim ba mhó an cúnamh a thugadh sean-chomharsa dó nuair a tharraingíodh sé na litreacha ar chláir an urláir le slat saileoige a raibh a barr dóite. Chaith sé cúig shéasúr in Albain sular thug sé aghaidh ar Mheiriceá
Chaith sé tamall i rith Chogadh 1914-18 i Londain agus tamall eile in Albain
I ndiaidh dó cáilíocht a bhaint amach d’oibrigh sé i Londain agus in Albain agus bhí i measc na nInnealtóirí Ríoga sa Chéinia
Tá cuntas aici ar mhí na meala acu in Albain in Siúlach scéalach
Seachas cúpla tréimhse in Albain sna 1950dí, is ar an oileán a chaith sé a shaol
Deir ‘SÓC’: ‘More than any other person Charles Dunn is responsible, through his learning, example and congenial personality, for the burgeoning of Celtic Studies as an academic discipline throughout North America, while former students also occupy prominent academic positions in Ireland, Scotland and Wales.’ Tá a shaothar liostaithe ag Rolf Baumgarten in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986. In Arbuthnott, Albain, mar a raibh a athair ina mhinistir Preispitéireach, a rugadh é i 1915
In Albain a bhí sé i 1603 agus fuair pátrúnacht ann
Bhí na coláistí i Lováin, i bPrág agus i Vielun sa Pholainn faoina chúram tráth agus bhí baint aige leis an miscan in Albain
Ansin fuair sé deontas chun staidéar a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha agus chaith sé tréimhsí fada in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin
Chaith sí tamall in Albain
In éineacht le Micheál Ó hAirtnéide thug sé camchuairt na hAlban ag léamh a dhánta. Bhí spéis ar leith aige san Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] agus d’aistrigh Mo Scéal Féin (My Story, 1970) agus Séadna, 1989
Ina theannta sin fuair sé saibhreas seanchais cois teallaigh ag oícheanta airneáin i measc mhuintir an bhaile; teach mór airneáin ba ea teach Johnnie Shéimisín agus clann Fhéilimí Dhónaill Phroinnsiais agus go leor eile ar cuairt ann. Chaith sé tamaill ag obair ar fheirmeacha in Albain, i gceantar Peebles agus i Lanark agus Biggar
Chaith sé seal in Albain
Tréimhse aneachtrúil ina shaol, a bhfuil litreacha agus cáipéisí mar fhianaise ag Breathnach air, ba ea an dá bhliain ina dhiaidh sin: bhí baint aige le héirí amach in Albain, bhí an tóir air i nGlinnte Aontroma, ghoid sé long ó Shasanach agus d’éirigh leis Dunkirk a bhaint amach
Le cabhair ó Thoirealach Luineach d’éirigh leis dul go hAlbain agus as sin go dtí an Róimh
Gheall Rí Séamus V na hAlban gunnaí dó in 1537 agus d’iarr sé slabhra óir ar Anraí VIII in 1542. Faoi 1548 bhí ag teip ar a shláinte agus níorbh aon chabhair dó a mhac Calbhach; lean seisean sampla Mhaghnais féin, thug dúshlán a athar agus ar deireadh thiar thug sé gunna mór (‘gunna cam’) agus gallóglaigh ó Albain agus b’éigean do Mhaghnas géilleadh
Is léir ar an aiste ‘Aonghus nan Aoir, or an Irish bard in the highlands’ le George Henderson (Inverness Gaelic Society Transactions XXVI, 1904–1907) gur chaith sé tamall in Albain
Bhí tamaill caite aige ag foghlaim in Albain, sa Bhreatain Bheag, sa Bhriotáin agus i Manainn
Tá cnuasach de laoithe Fiannaíochta, a chóipeáil sé féin agus beirt eile in 1843, i leabharlann an Choláiste Ollscoile i gCorcaigh agus deir Ní Dheá faoi: ‘Maireann an lámhscríbhinn seo mar fhianaise againn ar chiorcal beag scríobhaithe a bhí ag saothrú leo i gceanntar Chill Rois i dtús agus i lár an chéid seo caite, mar a bhí, Micheál Ó hAnnracháin, Pádraig Ó Conchubhair agus Micheál Ó Súilleabháin.’ Dealraíonn ó nóta a chuir sé le lámhscríbinn amháin gur chaith sé seal in Albain
Deir Williams: ‘Cibé constaicí a chuir naimhde na Gaeilge i mbealach Boyle agus a chúntóirí maidir le scaipeadh agus úsáid an tSean-Tiomna, bhí an Bíobla iomlán idir Thiomna Nua agus Shean-Tiomna i gcló i nGaeilge den chéad uair riamh i stair na hÉireann.’ Trí theagmhálacha leis an Urramach James Kirkwood tuigeadh do Boyle go n-oirfeadh sé go scaipfí an Bíobla Gaeilge in Albain
65 bliana a chaith sé i gcéin—seal in Albain, seal i Learpholl, tamall i Londain agus 40 bliain in Barrow in Furness i Lancashire
Dúradh le Ciarán Ó Duibhín go gcaitheadh sé leath na bliana ag taisteal agus gur mhinic sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus in Albain é
Bhí poist aige i gcomhlachtaí in Gateshead, Billingham-on-Tees, Helburn agus i mbailte eile. Beirt phíobairí as Albain a chuala sé ag labairt i nGaeilge na hAlban nuair a bhí sé ina bhuachaill óg a spreag a spéis sa Ghaeilge an chéad uair
Ba é Pádraig a toghadh ina rúnaí ar an gcoiste ar chuir cruinniú d’ionadaithe na n-eagras Éireannach sa chathair de chúram air a shocrú cén chaoi ab fhearr an iubhaile a chomóradh. As sin amach ba é an duine ba mhó é i ngluaiseacht na Gaeilge in Albain
Gabhadh é tar éis an Éirí Amach agus tugadh ó Bheairic Mhíleata Chluain Meala é go Príosún Chorcaí, as sin go Beairic Risteamain agus go príosún Barlinnie in Albain sular aistríodh go Frongoch é
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh é ar 15 Eanáir 1841 in Tullibody, Clackmannan, Albain
I mbun na taighde thaistil sé Éire, an Bhreatain Bheag, Albain, Inse Ghall agus Inse Orc
Thall a d’éag sé i 1925. Bhí Tadhg ar scoil i Loch an Iúir agus ina mhonatóir ann ar ball sularbh éigean dó dul ag sclábhaíocht in Albain
Chaith sé an bhliain 1952 ag obair in Albain agus b’éigean dó tamaill a chaitheamh in ospidéal nuair a d’fhill sé abhaile
Chaill siad cibé talamh a bhí acu agus is ag siúl na mbóithre a chaith Éamonn Rua cuid dá shaol. Théadh Tarlach ag spailpíneacht i Sasana agus in Albain
Tar éis dó bheith ag obair i Sasana agus in Albain, d’fhill sé ar Rinn Mhaoile agus phós sé in1865
Ach luaitear i measc na mac léinn a thug aird air Seán Ó hEidhin, Liam Ó Beirn[B1], agus Brian Ó Críocháin[B3]. Tharla é in Albain ag an am, ní raibh sé i láthair ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge ach is duine é den bheirt a luann Mac Néill sa chiorclán a chuir sé amach 12 Meitheamh 1893
“Bhí an teach an-bheag, bhí an díon agus an doras íseal, bhí tíne oscailte sa chistin agus dhá leaba ann, ceann amháin a mbaintí feidhm as, de réir chosúlachta, de dhíobháil chathaoireacha”, an cur síos a rinne Proinsias Ó Conluain air. D’imíodh Séamas go hAlbain gach bliain
Scríobh Séamus MacManus cuntas inléite in Sinn Féin 5 Bealtaine 1906 ar thuras go hAlbain in éineacht leis
Chaith sé deich mbliana i Sasana, cuid mhaith díobh sa Chorn, agus naoi mbliana in Albain. Bhí sé tamall i mBéal Feirste agus é i mbun rang Gaeilge ann roimh 1898
Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus gach bliain go ceann trí bliana d’oibrigh sé an fómhar in Albain, ag tanú tornapaí agus ag baint sméar agus prátaí an dá bhabhta tosaigh agus le hobair náibhíochta ar an bpíopa uisce idir Broughton agus Dún Éideann an triú bliain. Bhain sé an chéad duais ar thrí scéal ón mbéaloideas ag Oireachtas 1912