Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 46
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Sráid Éadbhaird, Trá Lí, Co ··· Thuairimigh Mary Macken in Studies XXIX 1940 go mba gheall le breac-Ghaeltacht Trá Lí san am sin. Tar éis bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí agus ansin i Scoil Dhoiminiceach na Croise Naofa i dTrá Lí chuaigh sé le leigheas i Scoil Leighis na hOllscoile Caitlicí, Sráid Cecilia, Baile Átha Cliath, in 1883 ··· Ba é a mhol gur i dTrá Lí a thabharfaí an chéad léiriú do dhráma an Duinnínigh, An Tobar Draíochta i 1902 agus bhí ról aige féin ann
I Rock Street, Trá Lí, a rugadh é ar 19 Nollaig 1868 ··· Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne ··· Tagraíonn Breandán Breathnach dá phíobaireacht in Éigse Cheol Tíre 4, 1982–85 Tá cuntais air in Vexilla Regis, 1965, agus in Cork Holly Bough, Nollaig 1982. D’fhág sé eastát arbh fhiú £8720.7.9 é, an teach ag 13 Sráid na Carraige, Trá Lí, san áireamh
Bhí sé ina shagart cúnta sna Foidhrí, an Ráth Mhór, Lios Tuathail, Baile Mhic Eileagóid, Sráid an Mhuilinn agus i dTrá Lí ··· Bhí na húdaráis ina dhiaidh uair i dTrá Lí ··· I dTrá Lí dó rinne sé taighde ar staid na teanga sna 417 bunscoil sa deoise
Bhí seisean ag múineadh i dTrá Lí, mar a raibh a chara Proinsias Ó Fathaigh[B4] ag múineadh, agus is ann a casadh a bhean air; ba dhuine í de mhuintir Uí Bhrolcháin, tógálaithe i gCorcaigh ··· Cuireadh go hÉirinn í nuair bhí sí dhá bhliain go leith d’aois agus chaith sí tamall le deirfiúr a hathar i dTrá Lí
Bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, 1918-20 agus chaith sé cúpla bliain ag teagasc i Scoil Náisiúnta Thrá Lí ··· ‘Agus ó Mheán Fómhair 1920 go dtí an sos comhraic i mí Iúil 1921, bhíodh sé ar diúité go rúnda ag Arm Poblachtach na hÉireann i dTrá Lí, ag Complacht B de Bhriogáid Chiarraí Uimhir 1’ (Ó Glaisne)
D’éag sé ar 4 Meán Fómhair 1907. I séipéal an Spuncáin ar 25 Samhain 1877 phós sé Eibhlín Nic Chárthaigh, duine den seisear iníonacha a bhí ag Fionán Mac Cárthaigh ar de bhunadh Oileán Dairbhre é, agus Bairbre Ní Ríordáin ó Dhroim an Dísirt i gceantar Thrá Lí ··· Bhí seisean ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga sa chathair ach ba ghairid go raibh sé ar na foinsí eolais ab fhearr ag an gCoileánach; bheadh sé ar dhuine de phríomhcheannfoirt thosaigh an Gharda Síochána agus deirtear gurbh eisean ba mhó faoi deara ainm an fhórsa. Phós Fionán Bridget Slattery ó Thrá Lí i 1919
Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin a thuigeas go raibh Ailf, gan fhios dó féin, ag ullmhú chun na raidhfilí a chur i dtír i mBeann Éadair’. I Meitheamh 1914 aistríodh go Trá Lí é ··· Deirtear gur chaith sé éide na nÓglach in eaglais Phrotastúnach Thrá Lí uair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I dTrá Lí a rugadh é ar 4 Lúnasa 1923 ··· Is i dTrá Lí a bhí na Riordánaigh lonnaithe le fada
Ó 1901 go 1906 bhí sé ag múineadh i Scoil na mBráithre i dTrá Lí ··· Bhí sé pósta ar Anna Barton, ealaíontóir, arbh as Trá Lí di
Deir Norman Moore[B2] in Dictionary of National Biography gur i dTrá Lí a rugadh é ··· Bhí sé gan bhróg gur thosaigh sé ag obair i siopa Patrick Grey i dTrá Lí
Chaith Tomás 24 bliana ag obair i gContae Chiarraí, tamall ina churáideach i nDún Chaoin, ina reachtaire i dTrá Lí in 1862-69 agus anuas go 1879 i mBaile na Cúrta ··· D’éag sé i dTrá Lí ar 26 Aibreán 1894
Chuaigh a nia, Anthony O’Connell, go Trá Lí agus thaispeáin an foclóir do Dhomhnall Ó Conaill ach ní bhfuair de fhreagra ón bhfear mór ach gur seanamadán a bhí san uncail, gur cur amú ama a bhí sa saothar ··· Chuir Anthony an leabhar i ngeall i dTrá Lí ar dheich scilling
Ní i gcoinne an rí ach i gcoinne na parlaiminte a d’éirigh sé amach...’ Tá i gcló ag an Duinníneach litir a scríobh Honor Denny, banchéile Thiarna Chiarraí, ó Chorcaigh chuig Piaras timpeall an ama seo á rá leis go raibh cloiste aici go raibh sé i bpáirt le Finín Mac Cárthaigh an tSúgáin chun caisleáin Thrá Lí a ghabháil; fear dá muintir a bhí i gceannas ar lucht cosanta na gcaisleán ··· An léiriú atá ann ar dhlúthchairdeas a bheith eatarthu an rud is inspéise sa litir. Ghabh na Gaeil Caisleán na Mainge ar dtús sular chuir siad dhá chaisleán Thrá Lí faoi léigear; ó Mhárta 1642 go fómhar na bliana sin ba é Piaras a bhí ina cheann urra acu
Ghlac sé féin, a athair agus a bheirt deartháireacha páirt san iomshuí a rinneadh ar chaisleáin Thrá Lí i 1642
Iascaire ba ea a athair Pádraig sular chuir sé tús le gnó sa Bhuailtín; is é a bhí i gceannas ar na hÓglaigh i mBaile an Fheirtéaraigh nuair a fuair siad an t-ordú um Cháisc 1916 dul go Trá Lí: ‘Turas dian máirseála ab ea é ...
Chaith sé tamall ar an misean in Glamorgan sa Bhreatain Bheag agus, anuas go dtí 1951, bhí sé ina shéiplíneach i Sanatóir Edenburn i nGort an tSléibhe, Trá Lí; bhí an eitinn forleata ag an am sin
Creideadh go raibh de phribhléid aige triúr a shaoradh ón gcroich ag an Seisiún Mór i dTrá Lí gach bliain
Is dóigh gurbh é Brian freisin faoi deara an cló a cuireadh amach i dTrá Lí in 1863, The Land of Youth, an Ossianic Poem, metrically translated by a member of the Ossianic Society [by M.C.]
The grave of this priest and the few relics we have of his Gaelic verses may serve to recall the Hidden Ireland to those in that area who strive to revive an Irish Ireland.’ D’aimsigh de Brún 26 Nollaig mar dháta báis i dtaifid an pharóiste, agus 24 Nollaig i bpáipéar Thrá Lí, Chute’s Western Herald 30 Nollaig 1826.
D’imigh sé go Meiriceá arís i 1911–12, in éineacht le Fionán Mac Coluim [B1], Dónall Ó Conchubhair (ó Thrá Lí) agus Shane Leslie, chun airgead a bhailiú don Chonradh
Ag pointe éigin chaith sé trí bliana i Jeffer’s Institute, Trá Lí, agus trí bliana eile sa Metropolitan School of Art i mBaile Átha Cliath
Shocraigh síos i dTrá Lí
Bhí sé ag obair sa Phrióireacht, i dTrá Lí, Lios Eiltín, Leic Snámha, agus sa Bhóthar Buí sular aistríodh go dtí Cill Maoilchéadair é in 1844
Fuair siad teach i mBaile an tSagairt míle ón Daingean ar bhóthar Thrá Lí ar dtús sular éirigh leo léas a fháil ar chuid de stáisiún an gharda cósta i gCeann Trá
D’éag sé in Ospidéal Thrá Lí ar 16 Lúnasa 1975 agus cuireadh é i reilig Mt Lawrence, Luimneach
Ba é a d’aithin Monteith nuair a tháinig seisean go Trá Lí chun bualadh le Aibhistín de Staic
Oíche úd an Daonáirimh i 1911 bhí cúigear oibrithe ag cur fúthu sa teach: beirt chléireach, beirt chailíní aimsire, agus gréasaí agus bhí Gaeilge ag triúr díobh. Síltear go ndeachaigh Maoghnas ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i dTrá Lí; bhí traein an Daingin áisúil
Léiríodh é i dTrá Lí 15 Lúnasa 1902
Bhí tionóil phoiblí den sórt sin á reáchtáil ar fud na hÉireann agus is dóigh gur ag tagairt a bhí sé don tionól a chuir Cumann GaelachThrá Lí ar siúl sa bhaile sin 31 Bealtaine 1896 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1896)
I 1911 nuair a bhí an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Fionán Mac Coluim [B1] ag bailiú airgid don Chonradh sna Stáit d’iarr Pádraig orthu fear a roghnú chun feiseanna a eagrú i mórchathracha an chósta thoir agus is ar an gcuma sin a chaith Micheál Ó Conchubhair ó Thrá Lí cúpla bliain ann. Bhí baint an-mhór ag Pádraig le saol na nÉireannach thall, é ina bhall den AOH agus ar dhuine de bhunaitheoirí an John Boyle O’Reilly Club (club a d’fhág sé toisc nach raibh sé ag réiteach le hólachán), ina eagraí ag aonad Springfield de Arm na Poblachta, ina oibrí le haghaidh bhannaí na hÉireann agus ina uachtarán i Massachussetts ar The American Association for the Recognition of the Irish Republic
Bhí sé i gceannas buíon foghlaimeoirí (Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán 1895), scéal chath Chéim an Fhia á insint aige babhta eile (ibid 1 Deireadh Fómhair 1895), é i láthair ag comhdháil i dTrá Lí thar ceann Chorcaí, é ag tacú leis an gConradh i nGabhgán Barra ag cruinniú san áit sin ar 21 Meitheamh 1896
Chaití go dona leis agus shíl sé nach mairfeadh sé in aon chor murach an chuairt a thugadh sé ar uncail leis gach Domhnach. I ndiaidh na printíseachta chuaigh sé ag obair i gCill Airne, i dTrá Lí, i Mala agus i gcathair Chorcaí mar ar chaith sé ceithre bliana déag
Bhí sé san fhoireann a stiúraigh Willie Fay i ndráma an Duinnínigh, An Tobar Draíochta, i dTrá Lí, i gCill Airne agus i mBaile Átha Cliath i 1902
Bhí Máire agus Neans ar an bhfoireann a léirigh An Tobar Draíochta i dTrá Lí i 1902
I 1914 rinne Ó Domhnaill a dhícheall chun go mbeadh na hÓglaigh dílis don Réamonnach ach vótáil na hÓglaigh i dTrá Lí, 300 in aghaidh 20, go mbeidís dílis do Mhac Néill
Leasuncail di athair an fhile Micheál Dainín Ó Sé. Fuair sí bunscolaíocht i Scoil Chill Chuain agus cuireadh ansin í go dtí meánscoil Chlochar Thobar Mhuire i dTrá Lí agus bhuaigh sí áit i gColáiste Oiliúna Mhuire gan Smál i Luimneach
I 1956 d’éirigh leis ceadúnas óil a fháil sa chúirt i dTrá Lí in ainneoin go raibh a shagart paróiste ag cur ina aghaidh
Scríobh sé dráma, An Puncán, a léiríodh ag Feis an Daingin agus i dTrá Lí
Fear iltréitheach gan amhras. Bhí baint aige leis na hÓglaigh agus é ina shagart cúnta i dTrá Lí i 1916
Bhí spéis aige sa drámaíocht riamh ó ghlac sé páirt sa léiriú den Tobar Draíochta a rinne Willie Fay i dTrá Lí ar 15 Lúnasa 1902
Sheehan agus a bhean Pauline Mary O’Connor ó Thrá Lí
Bhuaigh sí an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1988 i dTrá Lí
Mhúin sé i Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhúraigh, Corca Dhuibhne, sna blianta 1917-25, nuair a ceapadh ina phríomhoide é i scoil an Choma, deich míle siar ó Thrá Lí. Sna blianta tosaigh aige mar mhúinteoir, mhúineadh sé Gaeilge i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Co
As sin chuaigh sé go Dún Garbhán, ansin go Trá Lí, go Cnoc Síon i bPort Láirge, go Plás Mhuire i mBaile Átha Cliath agus go Coláiste Mhuire i mBré
I scoileanna na mBráithre Críostaí i dTrá Lí, Co
Ar 16 Bealtaine 1955 a saolaíodh an duine clainne ab óige a bhí acu agus deireadh sé féin gur baisteadh Páidí air in ómós do pheileadóir Chiarraí Páidí Sheehy, a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann an bhliain sin. Fear eile a bhí ar an bhfoireann sin, Mick Murphy, a mhúin Páidí nuair a d’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Chill Mhic an Domhnaigh agus idir sin agus na cuairteanna a thugadh beirt iar-pheileadóirí eile, Batt Garvey as Ceann Trá agus John Joe Sheehy as Trá Lí, ar an siopa, spreagadh suim an fhir óig i gcluiche na peile