Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 78
Cuireadh oideachas air i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach agus i Maigh Nuad ··· Bhí sé ina shagart cúnta sa Ghráinseach, Co. Shligigh, nuair a cheangail sé le Conradh na Gaeilge in 1899. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899 gur fhreastail sé ar chruinniú de Choiste an Oireachtais agus san iris chéanna ar 12 Lúnasa 1899 go raibh sé ar saoire in Inis Meáin agus go raibh sé sa láthair ag cruinniú de Chraobh na mBan ann ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 13 Meán Fómhair 1902 é a bheith ag teagasc Gaeilge do na mná rialta sa Chlochar Ursalach i Sligeach ··· Mac Énrí[B2] air: ‘Is olc liom a rá gur gallda ar fad an baile é baile mór Shligigh ··· Aistríodh go Sligeach é tuairim an ama sin agus ba ghairid go raibh rang á reáchtáil aige do mhúinteoirí dhá thráthnóna sa tseachtain agus tinreamh de 25 orthu (idem 27 Iúil 1907)
Sa Chorcach Bheag i bparóiste Theampall Baoith, Co. Shligigh, a rugadh é ··· Tuairim 1807 bhí tuairimí creidimh Albert Blest [q.v.], Baisteach i Sligeach a bhí ceaptha ina cheannasaí ceantair ag an London Hibernian Society, ag dul i gcion air ··· Faoi 1835 bhí Tadhg á mhaíomh gur leor dhá mhí chun léamh na Gaeilge a mhúineadh do chainteoir dúchais, ach na leabhráin chuí a bheith ar fáil. Bhí sé i gceannas ar scoil Blest i gCúil Áine, Co. Shligigh, ar dtús ach dar le McTernan nár fhéad sé smacht a choimeád sa rang ··· Froude, The English in the West Indies, i gcló in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1898 agus ag Tomás Ó hAilín). Chaith sé na blianta deiridh i dteach a nia i bparóiste na Scríne i Sligeach agus d’éag ann 27 Iúil 1854 ··· Níl a fhios inniu cá bhfuil uaigh Thaidhg sa reilig. Is léir ar chur síos a rinne Seán Ó Donnabháin[q.v.] ar mháistir scoile i Sligeach in 1836 go raibh idir chion agus, b’fhéidir, lagmheas aige ar Thadhg: ‘He is a protestant as to his religion, resembles Thady Connellan in the rotundity of his body and in that very agreeable tranquillity of disposition and soft roundness of Connaught Bloss which renders Thady so acceptable to the English Bullocks and so capable of slewdering their money from them for the purpose of giving the bread of life to the starving peasantry of Ireland; this schoolmaster is in fact the Aithghin of Thady in every particular, a perfect specimen of a good natured Irish protestant who is too well acquainted with the doctrines and faults of both religions to be at all a bigot or a zealot’ (sliocht as Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Sligeach, 1836 i gcló ag Ó hAilín)
Bhíodar lonnaithe i gContae Shligigh ón 14ú aois ··· Did he [Fearghal] help them in procuring manuscripts, and build up a store of goodwill which was to serve him and the Four Masters in good stead when, ten or fifteen years later, they embarked on the compilation of the Annals?’ Chuidigh Ussher leis na Froinsiasaigh trí lámhscríbhinní a thabhairt ar iasacht dóibh. Nuair a tháinig Fearghal in aois oirbhirt bhí sé ar dhuine de na húinéirí talún ba mhó i gContae Shligigh; bhí an teideal ‘Lord of Moygara agus Coolavin’ á úsaid aige ··· Bhí sé ina bhall parlaiminte; luann Ó Cléirigh i litir tiomnaithe na nAnnála é mar ‘aon den dís Ridirí Parlaiminte a toghadh ar Chontae Shligigh go hÁth Cliath an bhliain d’aois Chríost, 1634’ ach deir McTernan gur lean a bhallraíocht ó 1628 go 1640 ··· Cé nach bhfuil trácht ar aon ní dá ndúirt ná dá ndearna sé i dtaifid na parlaiminte, ní foláir nó bheadh meas duine uasail chreidiúnaigh air ag Ussher agus Ware. Bhí tuairim ann gur Phrotastúnach é; sin a shíl Seán Ó Donnabháin[B6], eagarthóir Annála Ríoghachta Éireann, agus b’fhéidir gurbh in an fáth a ndearna sé beag is fiú d’fhear Shligigh sa réamhrá a chuir sé leis na hAnnála: ‘If O’Donnell were in the country at the time, he ought have felt great envy and jealousy that the Four Masters should have committed this work, which treats of the O’Donnells more than of any other family, to the world under the name and patronage of any of the rival race of Oilioll Olum, much less to so petty a chieftain of that race as O’Gara.’ B’fhéidir gur chleacht Fearghal an Protastúnachas i gColáiste na Tríonóide ach is deimhin nach mbeadh glacadh ag Froinsiasaigh ná le Michél Ó Cléirigh le Protastúnach mar phátrún
Bhí Éireannaigh ó theorainneacha Liatroma, Shligigh agus Ros Comáin ag cur fúthu in Janesville ó lonnaigh fear de mhuintir Shioradáin ón dúiche sin ann i bhfad rompu ··· I ndiaidh freastail ar an scoil áitiúil cuireadh é chuig Coláiste Deoiseach Chnoc an tSamhraidh, Sligeach ··· I ndiaidh trí bliana ansiúd thosaigh sé ag obair in oifig an phoist i Sligeach agus ina dhiaidh sin i gCara Droma Rúisc ··· I gcraobh den Chonradh i Sligeach a d’éirigh sé líofa sa Ghaeilge agus bhí sé orthu sin a bhunaigh craobh i gCara Droma Rúisc
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBrisleach, Goirtín, Co. Shligigh, a rugadh Tomás Ó Ceallaigh (‘Ibh Maine’) ar 15 Nollaig 1879 ··· Is dóigh gurb é an Thomas Kelly céanna é a baisteadh ar 18 Nollaig 1879 i bparóiste ‘Kilfree and Killaraght’ (Goirtín, Co. Shligigh) ··· I ndiaidh bunoideachais i gCoillte Chríocháin ghnóthaigh sé scoláireacht i gColáiste Summerhill, Sligeach, in 1893.Thosaigh sé ag cur spéise sa Ghaeilge agus ag bailiú béaloidis óna shean-mháthair agus ó tháilliúir i dTeampall Rónáin a raibh cáil air as a chuid seanchais ··· Chuir sé coláiste Gaeilge ar bun i Sligeach agus chaith trí bliana ina uachtarán air.I 1913 ceapadh é ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean i mBaile Átha Cliath
Níl an Droichead Nua ach ceithre mhíle go leith ón gCreagán. Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach sular oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, 1900 ··· D’oibrigh sé sna paróistí seo: Ail Finn (Ros Comáin), An Gleann agus Bealach idir Dhá Abhainn (Sligeach), paróiste Naomh Muire i Sligeach, agus sa Ghráinseach ··· Bhí sé ina uachtarán ar an gConradh i Sligeach ar feadh i bhfad agus, sna 1930idí, ina uachtarán ar choiste contae Ros Comáin
an Dúin i dtosach, thart ar Dhún Pádraig, Port an Pheire agus Loch an Oileáin, agus ansin in Achadh Conaire, Co. Shligigh ··· Rugadh seisear clainne dóibh. Ó 1908 go 1922 bhí sé ag múineadh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, i gclochar na nUrsalach agus sa cheardscoil i Sligeach ··· Briseadh mé as Scoil na gCeard tamall ina dhiaidh sin”. Bhí sé gníomhach sna hÓglaigh i Sligeach ··· I Sligeach a rugadh í 3 Márta 1914
Ar chúis éigin, deir sí, ruaigeadh as Coillte Mach é ach d’fhan an ráiteas ‘chomh glic le hÓ Cathasaigh tincéir’ i gcaint mhuintir an bhaile toisc gurbh aige a bhíodh an lámh in uachtar sna heachtraí a insítí ina thaobh. Shíl an Craoibhín gur chaith Tomás tamall i Meiriceá ach faoin am ar casadh air é is i gContae Shligigh a bhí cónaí air ··· Fuair Thomas Casey áirithe ó Chill Mhac Eoghain bás san ospidéal i Sligeach 24 Aibreán 1937 ··· Níl muintir Chathasaigh lionmhar i gContae Shligigh
Bhí deartháir agus deirfiúracha eile ag Pádraig: Dudley (rugadh ar 10 Aibreán 1879), a bhí ina dhiaidh sin ina dhochtúir i mBéal na mBuillí; deirfiúr a bhí ina bean rialta i gClochar na Trócaire i Sligeach; Síle a bhí ina poitigéir. Oirníodh Pádraig i séipéal an Chlochair i Sligeach 15 Lúnasa 1899 ··· Is i ngeall ar an bpaimfléad sin is mó a chuimhneofaí air feasta: thagair An Claidheamh Soluis 28 Aibreán 1906 dó mar ‘the man who awakened Baile Átha Luain and who wrote The Philosophy of the language movement’. Ó 1904 go 1908 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, Sligeach
Ar fhilleadh dó i 1921 is i Sligeach agus i dTír Chonaill a ghlac sé páirt sa troid ··· I 1931 chuir sé gnó leictreachais ar bun i mbaile Shligigh ··· D’éag sé ina theach cónaithe i Ros Ceite, Co. Shligigh, ar 15 Nollaig 1954
Fuair seisean bás nuair a bhí Seán faoi bhun bliain d’aois agus thug an mháthair ar ais go dtí a háit dhúchais, an Ard Glas i bParóiste na Scríne, Co. Shligigh, é in 1864 ··· Bhí deirfiúr lena mháthair pósta ar fhear de mhuintir Uí Airt i bPort Royal sa Droim Ard agus is ann a théadh sé ar saoire nuair a bhí sé ina chónaí i Londain. Nuair a bhí sé in aois scoile chuaigh an mháthair chun cónaithe i mbaile Shligigh agus cuireadh Seán ar scoil chuig an Máistreás Nic Aodha ar an Meal agus ansin chuig Bráithre Mhuire ··· Bhí sraith alt i gcló aige in An Claidheamh Soluis, “Turas faoi Thír-Fhiachrach i gCondae Shligigh”, ag tosú ar 2 Lúnasa 1902, agus cur síos iontu ar na cruinnithe agus na feiseanna ar thug sé cabhair don timire Pádraic Ó Máille lena n-eagrú. I 1903–5 tugadh amach a mhórshaothar A handbook of modern Irish
O’Rorke in The history of Sligo: town and county, 1889, ag John McTernan in Here’s to their memory, 1977 agus ag Donal O’Sullivan in Carolan: the life times and music of an Irish harper, 1958. B’as an gCraobhach, i bparóiste Chill Mhic Treana, Co. Shligigh, dó ··· I 1689, bhí sé ina bhall de pharlaimint Shéamuis II thar ceann Shligigh agus bhí sé ina chaptaen i reisimint coisithe an Diolúnaigh in arm Shéamuis, é i gceannas ar gharastún i mBaile an Mhóta sula ndearnadh príosúnach de in aice le hInis Ceithleann i mBealtaine 1689 ··· D’éag an Cabhnsailéir i 1713 agus cuireadh é faoi thúr mhainistir Bhaile an Dúin i Sligeach.
I gCliafuine, Co. Shligigh, a rugadh é 4 Feabhra 1877 ··· Taispeánann Daonáireamh 1901 go raibh siopa agus teach tábhairne ag an athair a bhí 54 bliana d’aois agus arbh i gContae Ros Comáin a rugadh é, gur 45 bliana a bhí ag a bhean agus gurbh i gContae Shligigh a rugadh í ··· Oirníodh é san Ardeaglais i Sligeach ar 14 Aibreán 1901
I Sligeach a rugadh é ··· Bhunaigh an bheirt fhear seo eaglais neamhspleách i Sligeach ··· Idir 1811 agus 1814 bhunaigh sé 140 scoil i gContae Shligigh féin chun léamh agus foghlaim na Scrioptúr a spreagadh
Shligigh, a bhí cónaí ar Mhathghamhain agus ba é Tadhg a tháinig in oidhreacht an talaimh ··· Is in áit ar theorainn Chontae Shligigh agus Mhaigh Eo, san áit a dtugtar Caisleán an Dumha inniu air, ach gur dóigh gur Dumha Chorainn an cheartfhoirm Gaeilge le linn Thaidhg, a bhí cónaí air ar dtús agus ansin i gCúl re Coill ··· I bhfiosrúchán i Sligeach 30 Meitheamh 1617 tugadh fianaise go raibh baint ag seisear, arbh Ó hEadhra ba shloinne do chúigear díobh, le dúnmharú Thaidhg
Bhí post múinteora ag deirfiúr léi i Sligeach agus sin a tharraing go dtí an baile mór sin í agus chaith sí deich mbliana ag teagasc i Scoil Chaitríona, Clochar na Trócaire ··· ‘Ba spéis léi i gcónaí iad siúd a bhí ar an ngannchuid agus chaith sí tréimhse ag teagasc lucht siúil i Sligeach’ (Foinse) ··· I ngach áit a raibh cónaí uirthi, i mBaile Átha Cliath agus i Sligeach go háirithe, bhí sí bainteach le gluaiseacht na Gaeilge trína bheith páirteach in obair an Réalt nó an Chonartha nó ina ball de cibé cumann Gaelach nó ciorcal comhrá a bhí ann
I Leacán i seanlimistéar Thír Fhiachrach agus in aice le hInis Crabhann, Co. Shligigh, a rugadh é ··· In Nua-Léamha deir Ó Muraíle faoina dhiscréidí a bhí Cathal Ó Conchubhair faoin gcéad chuntas ar an dúnmharú: ‘Tharlódh go raibh cúis aige leis an discréid a léirigh sé: ó mo thaighde féin, measaim go bhfuil seans láidir ann gur gharmhac é Thomas Crofton le duine de ghaolta Chathail – gur cosúil go raibh bean darbh ainm Onóra, iníon Ruaidhrí Uí Chonchubhair Dhoinn, ina seanmháthair aige.’ Ach is é focal scoir Uí Mhuraíle: ‘In the end, when all possible avenues have been explored, we are compelled to confess that the precise identity of Thomas Crofton who murdered Dubhaltach Mac Fhirbhisigh and the precise circumstances that provoked the crime are likely to forever remain a mystery.’ Scríobh scoláire eile Thír Fhiachrach, Owen Connellan[B6], gur i gCill Ghlas, Co. Shligigh, a cuireadh é. Déanann Ó Muraíle an suimiú seo ar ar fhág Mac Fhirbhisigh againn mar oidhreacht: ‘Murach é, bheimis gan saothair thábhachtacha éagsúla; ina measc sin..
Tá sé i gcló arís ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967, in éineacht le marbhna a scríobh sé ar Aodh Mac Diarmuda, an tSrúibh, Co. Shligigh agus le dán eile a leagtar air, ‘Deabhaidh i leacain mhná’ ··· Tá i gcló ag Mhág Craith tagairtí suimiúla as teistiochtaí a tógadh 1712–14 go bhfacthas é anseo is ansiúd i Sligeach agus i Liatroim ag feidhmiú mar shagart
Bhain sé leis an gcraobh a bhí lonnaithe i Seanchuaidh, Tír Oiliolla, Co. Shligigh, agus ba mhac é le Matha Glas Ó Duibhgeannáin ··· Tá fianaise Chathail Uí Chonchubhair[B6] againn gur chaith sé tamall i gCill Mhic Treana, Co. Shligigh, i ndeireadh a shaoil
Nuair a tháinig siad ar ais go hÉirinn bhí socair acu gur faoin tuaith i gContae Shligigh a chuirfidís fúthu ··· Ach rug an bás go tobann air agus é amuigh ag siúl i gContae Shligigh 19 Meitheamh 2005
Chaith sé sealanna i mBaile Átha Cliath agus i gCo. Shligigh agus é i mbun cigireachta ach fuair sé post i nGaillimh a thug abhaile é in 1972 ··· Bhí siad i Sligeach go dtí 1972 agus ansin chuir siad fúthu sa Bhaile Ard, an Spidéal, Co
Ba é a sheanchuimhne é, dar lena iníon Aideen, ‘asal a chomáint isteach go Sligeach is é timpeall cúig nó sé bliana d’aois.’ Is cosúil gur aistrigh an teaghlach ó Chill Chainnigh go Oakfield, Co ··· Ros Comáin, ach ba i Sligeach a fuair Leo Henry oideachas bunscoile agus meánscoile
Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an gConradh i 1919–20. Le linn dó bheith ina shéiplíneach i mbaile Shligigh i 1913 thacaigh sé le stailc na ndugairí ··· Ach bronnadh saoirse Shligigh air Meitheamh 1918 agus ba é a roghnaíodh chun an phaidir thionscnaimh a rá ag cruinniú na Chéad Dála 21 Eanáir 1919 ··· Níor foilsíodh ach stair chúig chontae faoin teideal sraithe Stair na gConndae: Ros Comáin, 1938; Muineachán, 1940; Ceatharlach, 1940; Ciarraí, 1941; Sligeach, 1944
Bhí contaetha Shligigh, Liatroma agus Ros Comáin ina chúram ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin (Na timirí i ré tosaigh un Chonartha 1893–1927, 1990) gurbh i gContae Shligigh is mó a bhí sé ag obair
Sular aistríodh go Sligeach é i mBealtaine 1912 bhí sé ceaptha ina eagraí ag an mBráithreachas ··· Bhí sé gníomhach i mbunú craobh den Freedom Club i Sligeach agus, ar ball, cathlán de na hÓglaigh a raibh sé ina rúnaí acu
Dúirt Muiris Ó Droighncáin in Taighde i gcomhair Stair Litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 gurbh as Co. Shligigh dó ach ní raibh puinn amhrais ar Lughaidh Breathnach sa leabhar Old Friends ná gurbh as Co ··· Is é rud is dealraithí gurb é an chuid sin de chomharsanacht Bhealach an Doirín atá i gContae Mhaigh Eo agus teorainneach le Co. Shligigh atá i gceist
I Sráid Thomáis i Sligeach a rugadh é (Thomas Lawrence) 22 Lúnasa 1879 ··· Le siúinéireacht a chuaigh sé agus faoi 1901 bhí cónaí air ag 172 Great Britain St, in éineacht lena mháthair, Margaret (56), baintreach, a rugadh i Sligeach
Bhí cuid de chontaetha Ros Comáin, Shligigh agus Liatroma faoina chúram freisin
Is i gCorcaigh, Gaillimh agus Sligeach a cuireadh bunoideachas air
Chaith sé tamall ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan agus ceapadh é ina bhall den Gharda Síochána ar 21 Feabhra 1935 agus bhí lonnaithe i Sligeach ar feadh tamaill
Bhí an Ceallachánach agus Casement ag iarraidh gurbh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach a chuirfí meánoideachas air ach theip ar an iarracht
Deir Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 gur thosaigh sé ag obair 24 Bealtaine faoi threoir Phádraic Uí Mháille[B3] i nGaillimh, Ros Comáin, Sligeach agus Maigh Eo
Tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath agus ansin i nDún na nGall, Sligeach agus Maigh Eo
Thug sé turas timpeall na hÉireann agus thug seanmóir i nGàidhlig i Sligeach
In Inis Crabhann, Co. Shligigh, a rugadh é ar 15 Eanáir 1884
Bhí cleachtas leighis aige i Sligeach (1878–81) agus is ó bhalcóin a thí ann a labhair Parnell uair amháin
Bhronn an Ollscoil dochtúireacht air i 1953. Phós sé Mary Agnes Scanlon ó Dhroim Chliabh, Co. Shligigh, i nDeireadh Fómhair 1931
Ó 1907 go 1910 bhí sé ina reachtaire in Achadh Conaire i gContae Shligigh agus ina Chanónach i gCill Mobhí
Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é agus tuairim 1900 thosaigh sé ag múineadh faoi Chonradh na Gaeilge i mBealach an Doirín agus ar fud Mhaigh Eo, i Sligeach agus i Liatroma
Fuair sé post mar chigire sóisearach in 1921 agus in 1923 ceapadh é ina Roinn-Chigire i Sligeach
Baineadh taitneamh ar leith as a aistriúchán ar David Copperfield (1938). Le múineadh na Gaeilge a chaith sé an chuid is mó dá shaol: i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh mar ar chuir sé aithne ar Éamon de Valera i 1909; faoin gCoiste Gairmoideachais i Sligeach; ar feadh scór bliain anuas go dtí 1948 ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Bhantiarna na Trócaire, sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath
Bhí a fhear gaoil Seosamh Mac Grianna ag obair sa Choláiste ag an am agus bhí post aige féin ann ar ball. I 1927 bhí post páirtaimseartha aige i gContae Shligigh ag múineadh ranganna Gaeilge san oíche
Tá bunús fírinneach leis sin mar a fheicfimid. Níl puinn amhrais ach gurb é an Pádraig Ó Súilleabháin a rugadh i mBuaile Phádraig i gceantar Bhéal an Átha (i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh) ar 26 Samhain 1874 an fear s’againne
Ba é Aindrias Ó Baoill ó Chontae Shligigh a scríobh
Fuair sé duais ar chnuasach de sheanamhráin ag Oireachtas 1924. Chuir sé isteach ar phost buan i Sligeach ach ní raibh sé le fáil aige nuair nach dtógfadh sé mionn dílseachta
Bhí sé 47 mbliana d’aois agus i Sligeach a dúirt sé a rugadh é
Le geallúint chabhrach ó Casement rinne O’Callaghan iarracht ar Thomás a chur go Coláiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach ach theip air
Bhí an chlann lonnaithe i Sligeach ar dtús agus ann a rugadh Felix ar 10 Eanáir 1872
Ó 1909 go 1912 bhí sé ag obair i bparóiste Naomh Eoin i Sligeach, in Inis Mhic Chraith ina dhiaidh sin go 1916, agus ansin go dtí 1917 i bparóiste Naomh Seoirse i mBaile Átha Cliath, agus uaidh sin go 1921 in Sandfor, Baile Átha Cliath
Phós sé i 1918 Bríd, an tríú hiníon ag Proinsias Ó hAirt, an Port Ríúil, Co. Shligigh (Fáinne an Lae, 22 Meán Fómhair 1918).
Ba in Lancashire a saolaíodh máthair Dhóirín, Marie-Therese Duffy, múinteoir bunscoile, ach go mba as Co. Shligigh agus Mhaigh Eo a tuismitheoirí siúd. Ba í Dóirín an duine ba shine de thriúr clainne; bhásaigh deartháir di agus é ina naíonán agus bhí deirfiúr amháin aici, Monica. Nuair a bhí Dóirín naoi mbliana d’aois d’fhill a muintir ar Éirinn, chuireadar fúthu ar feadh tamaill i gCeann Toirc agus ansin i gCoill an Chollaigh i gCo
Ag labhairt ag a shochraid, dúirt an craoltóir, a chara agus a chomharsa bhéal dorais Mícheál Ó Sé, go raibh ceantar Chorca Dhuibhne chomh suaite agus dá mbeadh ‘scamh curtha ar Shliabh an Iolair, nó Ceann Slé féin tite le haill isteach sa bhfarraige.’ Go fiú agus gur thagair an BBC dá bhás ar an gclár BBC Sports Personality of the Year, a craoladh dhá lá tar éis dó dul ar shlí na fírinne. Ba i Sasana a chas a mháthair, Beatrice Lavin as Baile an Mhóta, Co. Shligigh, agus a athair Tommy Ó Sé, as Ceann Trá, Corca Dhuibhne, Co
Aindreas a thug an t-aitheasc ag sochraid Bhreandáin in 1990. Cháiligh Aindreas mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig agus bhí sé fostaithe anseo is ansiúd: Sligeach, Móinteach Mílic, Co
I gCnoc Reamhar, Co. Shligigh a bhí cónaí air agus Seán ab ainm dá athair
Tá dánta le 14 file ann agus cinn le Fearghal Óg Mac An Bhaird [q.v.], Irial agus Tadhg Dall Ó hUiginn[q.v.] agus filí eile de mhuintir Uiginn, Maol Mhuire Ón Cháinte, Pádraig Óg Mac An Bhaird, Diarmuid Dall Mac an Fhir Léighinn, Tadhg mac Giolla Brighde Mac Bruaideadha, Diarmuid Mac an Bhacaigh Ó Clúmháin. Ag a athair Cian agus ag a dheartháir féin, Tadhg, a bhí tiarnas Luighne, Co. Shligigh, roimhe
Tá cuntas iarbháis in Irish Times 21 Bealtaine 2005. I Liafuine, Cill Ghlas, Co. Shligigh, a rugadh é ar 17 Deireadh Fómhair 1916
Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh ar éigean a bhí aon Bhéarla aige go dtí go raibh sé timpeall 13 bliana d’aois. Nuair a scar Criostóir agus Mairéad ó chéile sna luath-dhaichidí is lena athair a d’fhan Proinsias; an fáth a bhí leis sin, tuairimítear, gurbh i gcoláiste cónaithe - Summerhill, Sligeach, b’fhéidir - a bhí sé ag an am agus nár theastaigh ó Mhairéad cur isteach rómhór ar a shaol scoile ag an bpointe sin
Ba iad a thuismitheoirí James Redmond ó Bhuaile Mhaodhóg agus Wilhelmina Bruen ó Shligeach
Dhéanadh sí Dún na nGall agus Sligeach a thaisteal ar rothar
Mhair an cúigiú Lochlainn timpeall 1621 agus chum dán do Sir Lúcás Diolúin i gContae Shligigh
Is i Luíne, Co. Shligigh, a rugadh é agus is dóigh, mar sin, gurbh ar scoil ag muintir Uí Uiginn san áit chéanna sin a bhí sé
I mBaile idir Dhá Abhainn i gContae Shligigh a rugadh é 30 Samhain 1909
I Sligeach a bhí sé ag teagasc agus ag timireacht go dtí 1944 nuair a d’fhostaigh Coiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin é
an Dúin, agus Máire Ní Ghormáin, as Cúil Áine, Baile an Mhóta, Co. Shligigh, a thuismitheoirí
Bhí ag teip ar a shláinte ó na 1960idí ar aghaidh agus d’éag sé 14 Aibreán 1985 in Óstán Silver Swan i Sligeach, mar a raibh sé ag freastal ar ócáid de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
Bhí post aige ina dhiaidh sin i mbaile Shligigh
Seachas a chuid oibre i gCarna, bhailigh sé ábhar in áiteanna éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Shligigh agus i gContae Mhaigh Eo
B’as Caisleán an Bharraigh dá athair Seosamh, siúinéir, agus ba í Ellen McCannon as Sligeach a mháthair
B’as Sligeach d’athair Eibhlín, Michael Colleary, agus ba í Nora Brodrick a máthair; ‘motor man’ an cur síos ar shlí bheatha an athar sa taifead beireatais
I mbailte anseo is ansiúd a bhí cónaí ar an teaghlach—Fionntamhnach agus Caisleán na Deirge i dTír Eoghain, Ard Mhacha, Sligeach
Fuair a iníon Kitty post Eoghanachta ar ball. I ndiaidh dó cáiliú mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí poist sealadacha aige anseo is ansiúd agus i Sligeach go háirithe: an Ghráinseach, Cliafuine, Lake View ...
Chuir sé faoi in Éirinn i 1933 agus chaith seacht mbliana ina státseirbhíseach sa Roinn Tionscail agus Tráchtála i Sligeach
Bhí sé pósta ar Bhríd Áine Nic Gabhann, banaltra as Co. Shligigh a casadh air i gConradh na Gaeilge i Londain agus bhí beirt iníonacha acu.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I dTír Fhiachrach i Sligeach a rugadh é
Bhí beirt mhac agus iníon acu. Toghadh é ina thimire ag cruinniú den Choiste Gnó (Fáinne an Lae 20 Deireadh Fómhair 1923) agus thosaigh sé ag obair i gContae Shligigh
He would take the longer journey round by Sligo
Fíodóir as an gCéis, Co. Shligigh, a bhí tagtha chun a bheith ag obair do na Táthaigh (muintir Taaffe), a athair agus de mhuintir Bhraonáin a mháthair