Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 134
Céim eile i dtreo Shinn Féin a bhí ann agus bealach le náisiúnaithe den uile dhath a thabhairt le chéile. I 1900 freisin chabhraigh sé le Seán Mac Giolla Bhríde i bhfeachtas toghchánaíochta i gContae Mhaigh Eo ··· Tuairimíonn Pádraig óg Ó Conaire gurbh í an chéad óráid thoghchánaíochta Ghaeilge í a chualathas riamh i gContae Mhaigh Eo. Bhí bá ar leith aige le Maigh Eo ··· An píosa aithriseorachta is marthanaí dá dhéantús, ‘The Priest of Adergool’, baineann sé le Maigh Eo freisin ··· ‘Fear na Muintire’ ceann dá ainmneacha pinn ach d’úsáideadh sé freisin, de réir mar a d’oirfeadh do ábhar a aiste, Shel Martin, Sliabh Rua, Criadhaire, Hi Fiachra, Gleann an smóil, Knockseadon, Baltrasna, Feltrim, Ballinascorney, Killester. I Márta 1901 tholg sé slaghdán trom ach aire níor thug sé dó féin ach d’imigh leis go Maigh Eo chun labhairt ag cruinniú
Mac Énrí[B2] é mar dhuine de scríbhneoirí Mhaigh Eo (Freeman’s Journal 16 Iúil 1917) ··· Do ‘Seán Mac Éinrigh ó Mhaigh Eo’ a thagraíonn Dubhghlas de hÍde[B4] in Mise agus an Connradh ··· Cé gurb i gContae na Gaillimhe atá an Fhairche is é Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, an seoladh oifigiúil. Is mar seo a chuir Seán T ··· Ag cruinniú den Choiste Gnó 6 Nollaig 1902 a ceapadh é ina thimire i gContae Mhaigh Eo (An Claidheamh Soluis13 Nollaig 1902). Ar Lá Fhéile Bríde 1903 is ea a thosaigh sé sa phost nua ··· Rinne sé cion beirte ar feadh i bhfad an uair sin ar fud Chontae Mhaigh Eo
Bhailigh sé béaloideas i ngach cúige díobh: in An Lóchrann, Feabhra, Márta, 1930 tá aiste aige dar teideal ‘Seanchaithe Éireann a bhuail liom’. Sa Droim Bán, míle go leith ó Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 23 Samhain 1874 ··· In alt i dtaobh an chnuasaigh sin in An Stoc, Márta 1926, dúradh: ‘Bhíodh agus atá fós, is dócha, suas le leathchéad fonn i gceann Philib agus ní raibh seanphaidir ná ortha dá ndúradh i gContae Mhaigh Eo ó Phádraic anall nach mbíodh aige ··· Bhailigh sé na céadta paidreacha agus seanamhrán i Maigh Eo ··· Bhí sé ina rúnaí dúiche i gContae Mhaigh Eo an bhliain sin agus chaith a lán dá chuid ama ag múineadh Gaeilge do mhúinteoirí náisiúnta
Sa Chorrán, Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 23 Samhain 1922 ··· Is ar son Chlann na Poblachta a sheas sé i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thuaidh i 1954 ··· Theip air suíochán Dála a bhuachan i Maigh Eo Thiar i 1969 ach d’éirigh leis in olltoghchán 1973 agus i ngach aon toghchán eile gur éirigh sé as an Dáil i 1989 ··· Thugtaí suas dó go raibh sáreolas aige ar amhráin Ghaeilge Mhaigh Eo
I Lainn Chille, Achadh Ghobhair, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 9 Meán Fómhair 1908 ··· Ochtar mac agus cúigear iníonacha a bhí ag a thuismitheoirí, Eoghan Ó hAodha, feirmeoir, agus Máire Nic Oireachtaigh ó Chill Mhíona, Co. Mhaigh Eo ··· Bhí staidéar á dhéanamh aige ar logainmneacha Mhaigh Eo faoi stiúir Thomáis Uí Mháille[B3] le haghaidh céim mháistir; b’fhéidir gurbh é bás Uí Mháille in Eanáir 1938 a chuir dá bhuille é agus, cé nár chríochnaigh sé a thráchtas, mhair a spéis i gcónaí sa dinnseanchas ··· Thacaigh sé le feachtas Mhuintir na Gaeltachta sna 1950idí agus go háirithe leis an bhfeachtas a bhí ar bun i Maigh Eo ag cisteoir na heagraíochta sin, Harry Ó Corrduibh[B5]; bhí sé ar an ardán i dTeach an Ard-Mhaoir i mBaile Átha Cliath 6 Deireadh Fómhair 1956 in éineacht le Máirtín Ó Cadhain[B4], Dónall Ó Móráin[q.v.], an tAthair Éamonn Ó Doibhlin[B5], Tomás Ó Muircheartaigh[B1] agus Ó Corrduibh
In Memories tugann sé cuntas ar a shinsir; ba dhóigh leis gur mhac le hIarla Crawford agus Balcarres ba ea an chéad duine de mhuintir Lindsay a chuir faoi i gContae Mhaigh Eo san 18ú haois ··· Nuair a bhí sé bliain go leith d’aois d’aistrigh a thuismitheoirí go feirm bheag i nDumha Locha in aice le Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo ··· Rinne Abhcóide Sinsearach de i 1954 agus an bhliain chéanna toghadh é mar Theachta Dála i Maigh Eo Thuaidh ··· Nuair a bunaíodh toghlach Mhaigh Eo Thiar i 1969 roghnaigh sé seasamh i mBaile Átha Cliath Láir Thuaidh i 1969 agus arís i 1973 ach níor éirigh leis
Ar an Tearmann, le hais Chuan an Fhóid Duibh, i bparóiste na Cille Móire i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo, a saolaíodh é in 1882 ··· Ní raibh an Conradh i bhfad ar an bhfód nuair a thosaigh siad ag eagrú feiseanna in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus bhuaigh Ó Gacháin duaiseanna ag Feis Mhaigh Eo i gCathair na Mart in 1904 agus ag an gcéad fheis riamh a reáchtáladh i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, an bhliain chéanna ··· Faoina stiúir siúd bhí fear eile as Maigh Eo, Pilib de Bhaldraithe, ag obair i dTrileac, láimh leis an áit a raibh Mártan
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2015 Léachtóir, aistritheoir, agus scríbhneoir ab ea Máire Uí Mhaicín / Uí Mhathúna a saolaíodh i mBaile Chruaich, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo ar 23 Eanáir 1949 ··· Bhí ochtar i dteaghlach Mháire i Maigh Eo: a tuismitheoirí P.J ··· Seoladh cuid de na portráidí sin san Axis, Baile Munna, ar 28 Deireadh Fómhair 2014. D’éag Máire ar 12 Deireadh Fómhair 2013 in Ospidéal Príobháideach Naomh Uinseann agus tá sí curtha i reilig Bhaingear, Co. Mhaigh Eo. Ailt Mac Amhlaigh, L
Tuairim 1965 ceapadh é ina bhainisteoir ar an The Mayo News, clólann a bhí ag Glúin na Buaidhe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo; ann a chlóbhuailtí leabhair Fhoilseacháin Náisiúnta Tta, chomh maith leis an The Mayo News féin agus an seachtanán Inniu; ar Phádraig a thiteadh sé profaí deireanacha Inniu a léamh gach Céadaoin ··· D’aistrigh sé ar ais go Maigh Eo ar ball agus bhí ina chónaí i Ros in aice le Caisleán an Bharraigh; bhunaigh sé an comhlacht Barrchló agus bhí foilsitheoireacht dheisce ar siúl aige chomh maith le heagarthóireacht ar leabhair agus ar irisí Gaeilge, an iris Saol ina measc ··· Cuireadh é sa Pháirc, Co. Mhaigh Eo
Rinneadh bagairt air i Maigh Eo ··· Tharraing Hannay a ainm siar chun nach scoiltfí an Conradh i Maigh Eo ··· Ar éigean má bhí aon dream sásta leis, go leor dá pharóisteánaigh ina aghaidh toisc gur náisiúnaí é agus bunús na gCaitliceach i Maigh Eo ina aghaidh mar gheall ar na húrscéalta
William ab ainm dá athair, duine uasal a bhí ag maireachtáil ar a chuid airgid, agus ba í Beda Jackson ó Chontae Mhaigh Eo a mháthair ··· Chaitheadh sé a shaoire bhliantúil i gContae Mhaigh Eo ag foghlaim Gaeilge ··· Bhí a dhóthain aige sa deireadh chun scéalta a scríobh síos go han-chruinn i nGaillimh, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill
Bhí aistí aige faoi ghnéithe de shaol na n-oileán ar chósta Mhaigh Eo in An tEaglaiseach Gaelach Márta 1920 go Meitheamh 1921. Tá an cur síos seo air in An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1913: ‘Agus sin é An Paorach leis an scian mhór airgid ··· Dúirt Seán Seóighe, múinteoir taistil i Maigh Eo, ag Ard-Fheis an Chonartha i 1917: ‘Ní thugtar aon seanmóir Gaeilge in aon teach pobail in Acaill agus ní mhúintear an Teagasc Críostaí in aon scoil ann, ach amháin i scoil an Phaoraigh’ (i gcló ag Proinsias Mac Aonghusa in Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993) ··· Scríobh ‘L.Mac C.’ (Liam Mac Coisteala) aiste fhada faoi in Scéala Éireann 3 Meitheamh 1955 agus dúirt: ‘Bhí sé gníomhach i ngnóthaí na nÓglach agus go hard i gcomhairlí Arm na Poblachta in iarthar Mhaigh Eo
Toghadh é ina uachtarán ar Choiste Chontae Mhaigh Eo i 1907 agus bhí ina chathaoirleach ag cruinniú de Dháil Chonnacht i 1927 ··· Sholáthraigh sé amhráin ó Mhaigh Eo do Eileen Costello[B2] nuair a bhí Amhráin Mhaighe Seola á réiteach aici ··· Tá tagairt in An Claidheamh Soluis 10 Nollaig 1904 do léacht ar bhéaloideas Mhaigh Eo a thug sé i láthair an Chumainn Liteartha Náisiúnta
Ball den Chonstáblacht Ríoga san áit sin ba ea a athair Michael; bheadh sé ina bhailitheoir béaloidis i Maigh Eo ar ball ··· Eagraíodh paráid agóide i mBaile Átha Cliath chun tacú leis agus bhí caoga gluaisteán gan cháin ó Mhaigh Eo agus slua ó Ros Dumhach páirteach ··· Tá cuntas ag Máirtín Ó Cadhain[B4] ar an bhfeachtas i Maigh Eo in An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, 2002 (lch 118-123) in eagar ag Seán Ó Laighin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ar dhuine de na ceannasaithe ba mhó i Maigh Eo i rith Chogadh na Saoirse agus ar dhuine de cheannasaithe na bPoblachtach i rith an Chogaidh Chathartha ··· B’as an gCnapach Bheag, Achadh Gabhail, Co. Mhaigh Eo, dá mhuintir ··· Toghadh é ina Theachta Dála i Maigh Eo Theas i 1920 agus arís i 1922
Dúirt Seán Ó Donnabháin [q.v.], ar chara saoil aige é, gurbh i gceantar Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ··· B’as Oireamh, Co. Maigh Eo, dá mháthair, Marcella Hall, agus is i gContae na Mí a rugadh an t-athair ··· Bhí sé go maith as sa saol, talamh i Maigh Eo á cheannach aige, gan trácht ar an bhfeirm in Oireamh a thug a mháthair dó
Sna Fáilíní i gCeathrú an Chaisil, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 22 Aibreán 1865 ··· Ag múineadh sa tSráid agus b’fhéidir i bparóistí eile i Maigh Eo Thiar
I 1792 freisin thaistil sé Co. Mhaigh Eo agus scríobh síos foinn ··· In 1802 d’fhostaigh sé Pádraig Ó Loingsigh[q.v.] ó Loch an Oileáin chun a bheith ag bailiú i gContae Mhaigh Eo
McManus in Scéala Éireann 6 Deireadh Fómhair 1944. I dTeach Chill Liadáin i gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í ··· Thady Conlon, a raibh léamh na Gaeilge aige agus chuir seisean focail an amhráin chuici chomh maith le haistriúchán. D’fhill sí ar Chontae Mhaigh Eo in 1897
Tá tagairtí minice dó ag Gerald Moran in A Radical priest in Mayo, Fr Patrick Lavelle: the rise and fall of an Irish nationalist,1825-86, 1994. Ba é an seachtú mac é ag William Conway agus Peggy Burke i Scardán, Co. Mhaigh Eo ··· Bhí fógra báis in Irish Independent, agus in Irish Catholic Directory na bliana dár gcionn, ach ní léir go raibh tuairisc cheart air in aon pháipéar i Maigh Eo ná i nGaillimh ná in aon iris Ghaeilge timpeall an ama sin.
Ní Bheirn ón Dúinín, Cill Charthaigh, i 1933 agus bhí mac amháin acu. Ceapadh ina chigire bunscoile é i 1932 agus bhí ag obair sna ceantair seo: Béal an Átha, Maigh Eo (1932-39); Bun Cranncha, Co ··· D’éag sé i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, ar 19 Lúnasa 1981.
I gCreig an Rí, Conga, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í ar 16 Meitheamh 1874 ··· Dúradh gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh é, go raibh Béarla agus Gaeilge aige féin agus a bhean Mary (57), múinteoir scoile a rugadh i gContae Mhaigh Eo
Rugadh é 15 Márta 1886 i gCaladh Breac, Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo ··· na Mí, agus ansin sa Srath Mór agus i gCnoc Luachra i gContae Mhaigh Eo
Shligigh dó ach ní raibh puinn amhrais ar Lughaidh Breathnach sa leabhar Old Friends ná gurbh as Co. Mhaigh Eo ··· Is é rud is dealraithí gurb é an chuid sin de chomharsanacht Bhealach an Doirín atá i gContae Mhaigh Eo agus teorainneach le Co
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh é ar 20 Meán Fómhair 1853 sa Chartún Dubh, Eadargúil, Co. Mhaigh Eo ··· Ní foláir nó thug sé slám airgid abhaile leis nuair a bhí ar chumas dó a shaol anuas go 1910 a chaitheamh ag bailiú amhrán agus béaloidis ar fud Mhaigh Eo. In Aibreán 1903 bhí sé ar thrí dhuine déag a chuaigh faoi scrúdú Gaeilge do mhúinteoirí sa Ghort Mór, Ros Muc
Mhaigh Eo, a rugadh é (John Nelson Beaumont) ar 21 Samhain 1893 ··· Cuntasóir ab ea a athair William a bhí an uair sin ina ghníomhaire talún ag Tiarna Mhaigh Eo
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCraig an Rí, i gConga, Co. Mhaigh Eo, ar 26 Bealtaine 1887 a rugadh an múinteoir taistil seo nuair ba Ghaeltacht an ceantar sin ··· Scaoileadh amach é Márta 1917 agus bhí sé ag timireacht i gContae Mhaigh Eo nuair a dúirt an Conradh leis dul ar ais go dtí an Clár chun cabhrú leis an mbailiúchán náisiúnta
Mhaigh Eo, agus Constance Grace ó Bhaile Mhic Andáin, Co ··· Chuir sé spéis in ábhair nár bhain puinn le léann na Gaeilge agus ceann dá leabhair dheireanacha ba ea The playboy and the yellow lady, 1986 ina bhfuil curtha le chéile aige a bhfuil ar eolas faoi Loingseachán úd Mhaigh Eo, fear a raibh an tóir ag póilíní air agus a d’éalaigh go Meiriceá timpeall 1900. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Ba é a athair Michael Corduff, a bhí tamall ina bhall den Chonstábhlacht Ríoga agus ar ball ina bhailitheoir béaloidis i gContae Mhaigh Eo, agus ba í Ann Gannon a mháthair ··· I Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, a d’fhás sé suas
Thug an Seán seo leis ó Chontae Mhaigh Eo go Baile Átha Clíath lámhscríbhinní mar an ‘Leabhar Gabhála’, ‘Leabhar Ginealaigh Uí Chléirigh’, ‘Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill’, agus dánta dinnseanchais Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin agus Ghiolla na Naomh Uí Uidhrín ··· Is inspéise gur bhailigh Pádraig Ó Moghráin[B4] seanchas i gceantar Bhaile Chruaich, Co. Mhaigh Eo, i dtaobh Chúchoigríche agus Chairbre, a dheartháir (Measgra i gCuimhne Mhichíl Uí Chléirigh, 1944 in eagar ag S
Bhailigh Tomás Ó Máille[B3] naoi gcinn díobh agus cibé eolas a bhí le fáil ar a bheatha in Micheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe, 1934. In Áth Choirc in aice le Conga i gContae Mhaigh Eo a saolaíodh é ach is i gConamara a chaith sé an chuid is mó dá shaol agus is ar an bhFairche in aice an Chlocháin a cailleadh é ··· Deirtear gurbh ó Chúige Uladh dá shinsir agus gur chuir siad fúthu i Maigh Eo in aimsir Chromail, gur in éineacht lena dheartháir Toirdhealbhach a tháinig sé go Conamara, gur chuir fúthu i dTuairín in aice le Maigh Ard, go raibh sé fostaithe ag Steward, tiarna talún, agus gur fhoghlaim sé le bheith ina ghabha dubh
I gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a chaith sé a shaol oibre ··· In IorrasChontae Mhaigh Eo, bhí sé ag bailiú i bparóiste Bhaile Chruaich agus i gceantar Cheathrú Thaidhg, agus i mbarúntacht Chearra bhí sé ag saothrú leis i dTuar Mhic Éideagus i mBaile Éibhe.’ I Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá breis is 30,000 leathanach a scríobh sé: ‘Tá gach cinéal ábhair le léamh i ngach lámhscríbhinn uaidh
I dTulachán Bán, Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 10 Márta 1888 ··· His name is Micheál Mac Énrí—one of the most careful and painstaking of all our outdoor staff.’ Tá sé luaite ag Pádraig Ó Duinnín[B3] mar dhuine a thug eolas dó faoi Ghaeilge Mhaigh Eo
I gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 26 Lúnasa 1906 ··· Seachas a chuid oibre i gCarna, bhailigh sé ábhar in áiteanna éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Shligigh agus i gContae Mhaigh Eo
I mBaile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 17 Márta 1918 ··· I gConga, Co. Mhaigh Eo, a chuir siad fúthu ar dtús
Is de bharr a thaithí ar Chois Fharraige a roghnaigh sé féin Gaillimh-Maigh Eo mar réigiún. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Poist agus Telegrafa ó 1945 go dtí go bhfuair sé post an Rúnaí i 1948 agus bhí baint mhór aige leis an bhforbairt a rinneadh ar Radio Éireann ó 1947 amach agus go háirithe maidir leis an gceolfhoireann shiansach
I nDoire Ghé, Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í (Annie Delia Cannon) 22 Deireadh Fómhair 1907
Chuaigh sí ina dhiaidh sin go Coláiste Ullmhúcháin Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, mar a bhfuair sí scoláireacht go dtí Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, áit ar cháiligh sí mar bhunmhúinteoir i 1941
I gCúige na Sí, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í 30 Meitheamh 1943
Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin go 1927, agus chaith bliain ina dhiaidh sin i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré, agus bliain eile in Beaufield (tá cuntas ag Patricia Lysaght ar an scoil ullmhúcháin sin in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998, iris chumann béaloidis California; is ann a bhí Seán Ó Súilleabháin[q.v.] tamall freisin) i gContae Mhaigh Eo, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge i 1932; b’éigean dó cuid mhór de 1930 a chaitheamh sa bhaile de dheasca breoiteachta
Ann a casadh air Lil Prendergast, banaltra ó Chluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo; phós siad i 1960 agus chuaigh go Kampala, Uganda, mar a raibh post lia aige in Ospidéal Naomh Proinsias
Sa Ghoirtín Mór, Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Michael Columba Flatley 1 Samhain 1902
Theagasc mé coicís eile i scoil amháin i mBaile Átha Cliath, sé nó seacht de sheachtainí i nDún Dealgan, cúpla mí arís i mBaile Átha Cliath, dhá mhí thiar i gcontae Mhaigh Eo
Bhailigh sí féin ábhar béaloidis i gCeathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo agus in Árainn agus chaith tamall in Lund ag freastal ar léachtaí Carl von Sydow[B7: 201] agus tamall in Uppsala
B’as Co. Mhaigh Eo dá athair James, fear a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus a bhuaigh suíochán i gContae Bhaile Átha Cliath do Pháirtí an Lucht Oibre in olltoghchán 1943 agus a bhí ina Sheanadóir tar éis olltoghchán 1944
Shligigh agus Mhaigh Eo a tuismitheoirí siúd. Ba í Dóirín an duine ba shine de thriúr clainne; bhásaigh deartháir di agus é ina naíonán agus bhí deirfiúr amháin aici, Monica. Nuair a bhí Dóirín naoi mbliana d’aois d’fhill a muintir ar Éirinn, chuireadar fúthu ar feadh tamaill i gCeann Toirc agus ansin i gCoill an Chollaigh i gCo
I Maigh Eo, i gCiarraí, i gContae na Gaillimhe agus i gCléire a bailíodh cuid eile díobh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo, a rugadh an ginealeolaí seo i mí na Nollag 1824
Ba é an mac ba shine é ag Dowell O’Reilly, Heath House, Port Laoise, agus a dhara banchéile, Elizabeth Knox ón Maighean i gContae Mhaigh Eo
Sa tSeansráid in aice an Leasa Aird i gCill Liadáin, Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é
Fuair Wilde amach go raibh Gaeilge ag an mbuachaill óg: ‘After that Sir William would always take me with him as interpreter with Irish speaking farmers when he was investigating old forts or any archaeological remains.’ In The Narrative of a Voyage to Madeira, Tenerife, and along the Shores of the Mediterranean, 1840 tá an abairt seo aige i ndiaidh dó eachtra áirithe a insint: ‘Never did I feel the pride of being an Englishman as strong as at that moment.’ Deir White nár náisiúnaí é: ‘Sir William subscribed to Butt’s Home Rule League, but that was really a movement to retain power by the Protestant ascendancy, even if it was by now a more enlightened ascendancy.’ Ach bhí cuimhne aige ar bhrúidiúlacht Dhonncha de Brún i Maigh Eo agus ar an gcaoi ar maraíodh mac Pháidín Breathnach a bhí sna Buachaillí Bána. Toghadh ina bhall den Acadamh é in 1839
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar fheirm i mBrugh, Achadh Mór, Béal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh agus a tógadh é
I ndán eile thug sé fealsamh air; bhí dlúthghaol ag an bhfealsúnacht leis an leigheas anuas go dtí aimsir Uí Fhearghusa. I nDumha Chaocháin, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é
Tá dáta báis Aindrias in DIB: 6 Nollaig 1746. I gContae Mhaigh Eo, i gceantar Bhaile Chathail, síltear, a rugadh é
An rud is inspéise faoin gcéad aiste an méid béaloidis faoin Uiginneach a bailíodh i gContae Mhaigh Eo
Is in áit ar theorainn Chontae Shligigh agus Mhaigh Eo, san áit a dtugtar Caisleán an Dumha inniu air, ach gur dóigh gur Dumha Chorainn an cheartfhoirm Gaeilge le linn Thaidhg, a bhí cónaí air ar dtús agus ansin i gCúl re Coill
Tugtar 10 Deireadh Fómhair mar dháta breithe in áiteanna. Cainteoir Gaeilge as Co. Mhaigh Eo a athair Michael, fear a scríobhadh véarsaí Gaeilge; fuair seisean post i Scoil Saighleáin i gceantar Bhéal Chláir agus tugadh lóistín dó i dteach mhuintir mháthair Mhichíl sa Trian Bán; fuair sise (Bridget Joyner) post sa scoil chéanna agus pósadh iad
Um Nollaig 1934 agus é ar saoire bhailigh sé béaloideas in Áth an tSléibhe d’Institiúid an Bhéaloidis agus an bhliain dár gcionn is air a thit sé an t-eitneolaí Sualannach Äke Campbell a thabhairt timpeall Mhaigh Eo agus na Gaillimhe; meastar gurbh iad an dá thasc sin a d’adhain a spéis in ailtireacht dúchasach tuaithe na hÉireann
Thug scoláireacht é go Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, mar ar bhain sé cáilíocht mhúinteora Gaeilge amach
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, mar a raibh post státseirbhíse ag a athair, a rugadh an drámadóir seo 26 Márta 1916
B’as Co. Mhaigh Eo dó agus d’aistrigh sé La Mujer del Herve le Gregorio Martinez Sierra (1881-1947) faoin teideal Bean an ghaiscidhigh, 1933 agus El centenario le Serafin Alvarez Quintero (1871-1938) mar Céad bliain d’aois, 1933
I 1984 scríobh sé agus léigh sé an script le haghaidh Flight from the Snipe Grass atá bunaithe ar sheanscannáin a rinneadh i Maigh Eo i rith na 1950idí; an script sin faoi deara gurbh fhiú leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh an scannán a thaispeáint gach bliain dá mhic léinn staire
I gCill Ghallagáin i nGaeltacht Mhaigh Eo thiar thuaidh a rugadh é 26 Iúil 1915
Mar sin féin, in áit ligean dó obair a dhéanamh don chéim MA agus don Ard-Teastas Oideachais is amhlaidh a chuir an Cúigíoch siar go Caisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo é chun an mhatamaitic a mhúineadh’ (Caomhánach). Ó 1933 go 1940 bhí sé ag múineadh i gColáiste na Mumhan, coláiste ullmhúcháin de La Salle, a bhí lonnaithe go sealadach i Mala
I Ros in aice le Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh ar 25 Nollaig 1912 an seachtú mac seo le Bryan agus Ellen Moran
Ar feadh 1920-21 is i scoil ullmhúcháin in Beaufield in aice le Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a bhí sé
He had to deal every day with the possibility, perhaps the likelihood, that after him and his friends and contemporaries there would come no more poets in the living Irish.’ Phós sé Máire Nic Fhinn, cainteoir dúchais ó Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, 26 Iúil 1975, agus rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh
Ar an gCeann Garbh, An Claigeann, Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 9 Aibreán 1856
Tá cuntas iarbháis ar Mhairéad in Foinse 25 Meán Fómhair 2005 agus beagán eolais ar a saol sa leabhar sin ar stair Scoil Bhríde. I nDumha Locha i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Mairéad ar 16 Nollaig 1917
I mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Eithne 10 Eanáir 1957
I gConga, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 4 Samhain 1895
Nuair a cheannaigh Glúin na Buaidhe clólann Mhaigh Eo i bhFeabhra 1948 ba é Pádraig a cuireadh siar go Cathair na Mart chun cúram a dhéanamh den ghnó; ba é a chéadmhol, i 1946, go gceannódh Glúin na Buaidhe an chlólann sin
Bhí cainteoir dúchais Gaeilge ó Mhaigh Eo, Helen Sweeney, mar chailín aimsire sa teach agus is uaithi a thosaigh Gearailt ag foghlaim Gaeilge
Ina dhiaidh sin, bhí sé tamall leis an bhFórsa Cosanta Áitiúil i gContae Mhaigh Eo, tamall i gCampa Finner i nDún na nGall agus ansin sa Churrach mar ar thit air rialacha, treoracha agus orduithe an Airm a aistriú go Gaeilge
Cé gurbh fhear Gaeltachta é, agus gur thábhachtach leis an teanga ina shaol pearsanta agus gur bhreá leis seans a fháil ar a bheith páirteach i ndrámaí agus i scannáin Ghaeilge, ba i ndrámaíocht an Bhéarla gan amhras ba mhó ab éigean dó a bheatha a thuilleamh. I nDoire Mhianaigh, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 10 Samhain 1945
Bhí sé pósta ar Mháire Hastings, aisteoir aitheanta ó Mhaigh Eo, agus rugadh mac, Aindreas, agus beirt iníonacha, Bríd agus Clíona, dóibh
B’as Co. Mhaigh Eo dá hathair Christopher, Leas-Phríomh-Mháinlia i Seirbhís Sláinte na hIndia
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBalla, Co. Mhaigh Eo, 23 Iúil 1868, a rugadh Pádraig Mac an Fhailghe nó Patrick James Nally
Chuir sé craobh den Chonradh ar bun agus d’fhostaigh siad Pilib de Bhaldraithe[q.v.] ó Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, mar mhúinteoir taistil i nDeireadh Fómhair 1906
I gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é, dar leis an gCraoibhín (Scéalta Thomáis Uí Chathasaigh, 1939)
Bhí comórtas filíochta ar siúl nuair a bhíothas ag oscailt an Ghairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, agus bhuaigh sé an dara duais. Phós sé Anastasia O’Connell ó Chluain Átha Buí, Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo
Mac ba ea é le Niall Ó Domhnaill agus a bhean Honoria Joyce, an Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
Tá tagairt don iarsma sin in An Claidheamh Soluis 22 Bealtaine 1915 agus bhí sé i gceist ag an bPiarsach é a léiriú in Amharclann Shráid Hardwick. Nuair a ceapadh é go buan mar chigire is i gceantar Bhéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a bhí sé anuas go 1915, ansin i gceantar Inis Córthaidh agus ó 1919 amach i mBaile Átha Cliath agus cúram na scoileanna dátheangacha ar fud na tíre air
De mhuintir Oisín i nGarraí Mór an tSléibhe, Co. Mhaigh Eo, an mháthair
Deirtear sa chuntas sin freisin gur dornálaí fiúntach ab ea é agus é ‘ar fheabhas leis an meáchan a ardú’. In ainneoin na tagairte sin do chósta an oirthir is léir ar litreacha a bhí i gcló aige in An Claidheamh Soluis go mbíodh sé ag taisteal sna ceantair Ghaeltachta, i dToraigh, Dún na nGall, Maigh Eo, agus Corcaigh, go háirithe, agus é ar dualgas sna tithe solais, agus go gcuireadh sé an taisteal sin chun tairbhe dá eolas ar cheart na Gaeilge
Mhaigh Eo dó, ag feidhmiú mar sháirsint i mBaile Fhobhair san Iarmhí
B’as Tobar na bhFiann, Leathardán, Co. Mhaigh Eo, dá thuismitheoirí
Phós sé arís nuair a d’éag sí.Rugadh é ar 11 Samhain 1874 i Sráid Knox, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
Ach máistir scoile ó Chontae Mhaigh Eo, Aodh Ó Flaitile, an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí aici. I 1904 cuireadh tús le Feis na nGleann agus bhí Maighréad ina ball den chéad choiste agus ina rúnaí litríochta ar feadh na mblianta fada
Rugadh an bheirt iníonacha ba shine i gContae Mhaigh Eo idir 1885 agus 1889 agus an iníon ab óige, Lilian nó Lil, i gContae an Dúin in 1891
and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’. Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo
Tá cuid dár bhailigh Bushe uaidhsean, ó Bhrian Shaffrey ó Mhaigh nEalta, agus i gContae Mhaigh Eo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1891. An spéis sin an fáth, is dóigh, gur thug Mac Néill cuireadh do Bhushe chuig na cruinnithe ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893
Thug an Dr Conchubhar Maguidhir agus a bhean amhráin di a bhí bailithe acu i gContae Mhaigh Eo
Ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda i nGaillimh agus i Maigh Eo i 1924
Captaen mara a athair Gregory agus b’as Inis Mór i gCuan Mó, Co. Mhaigh Eo, dá mháthair Bridget Kelly
Rugadh cúigear clainne dóibh. I 1911, ar chuireadh Thomáis Bháin Uí Choncheanainn, ghlac sé le post múinteora taistil i gContae Mhaigh Eo
In The Mayo News 1910–13 a cuireadh i gcló den chéad uair iad. I mBun Abhann, Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo a rugadh Berry in 1842
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Bhaile Thíos, Fochaill, Leacain, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é
Cuid de sheanchas Mhaigh Eo atá in Creach Bhaile an Teampaill (1930) agus réamhrá beathaisnéiseach ann ó Thomás Ó Concheanainn.
I gCnoc na Coilleadh,Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 5 Aibreán 1846
Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é agus tuairim 1900 thosaigh sé ag múineadh faoi Chonradh na Gaeilge i mBealach an Doirín agus ar fud Mhaigh Eo, i Sligeach agus i Liatroma
B’as Droichead Uí Dhálaigh sa Chabhán dá shinsir ach theith siad go Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo, i ndiaidh Chath Bhéal Átha na Muice
Seán a bhí ar a athair agus b’as Cill Chuimín, Co. Mhaigh Eo, dá mháthair, Bríd Ní Mhaolalaí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDumha Locha, Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 20 Feabhra 1883
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Sráid an Droichid, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 14 Meitheamh 1875
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sna Clochánaí in aice le Béal an Átha i gContae Mhaigh Eo, mar a raibh a athair John ina sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga, a rugadh é (Gerald Arthur Bartley) ar 12 Meitheamh 1898
De réir Dhaonáireamh 1901 bhí sé ina chónaí ar an bhfeirm i Muintir Eoghain in éineacht lena athair Micheál (71 bliana), a mháthair Sorcha (56), arbh as Co. Mhaigh Eo di (d’éag sí Iúil 1916), a dheirfiúracha Máire (36), Caitlín (34), Sinéad (30), a dheartháireacha Peadar (23), Tomás (20) agus Éamonn (17)
Tá bunús fírinneach leis sin mar a fheicfimid. Níl puinn amhrais ach gurb é an Pádraig Ó Súilleabháin a rugadh i mBuaile Phádraig i gceantar Bhéal an Átha (i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Shligigh) ar 26 Samhain 1874 an fear s’againne
Dúradh in Sligo Independent 3 Aibreán 1948 go raibh sé ina eagarthóir ar irisleabhar deoise Thuama, Chill Ala agus Achadh Conaire agus go raibh baint aige óna tús le Féile Drámaíochta an Iarthair agus go ndéanadh sé moltóireacht ar na drámaí Gaeilge. Bhí duine dá dheartháireacha ina oifigeach in arm na Breataine san India agus bhí deartháireacha eile ina ministrí, duine díobh ina Reachtaire i mBéal Easa i gContae Mhaigh Eo agus an fear eile ina reachtaire i gCalraí, Co
Bhí seisean ar dhuine de na cigirí i Maigh Eo ó 1907 go 1915: ‘Mr Deeny, one of the six, who had as centre the town of Castlebar, performed much strenuous work for the language revival, not indeed without a good deal of opposition
Bhí deichniúr eile sa chlann a bhí ag John Fegan, a raibh ‘Fenian’ mar leasainm air—toisc baint a bheith aige leis na Fíníní—agus a bhean Sarah Kelly arbh as Baile Uí Fhiacháin i gContae Mhaigh Eo di. Chuaigh an chlann chun cónaithe i mBearna nuair a bhí Nioclás dhá bhliain d’aois
Níor foilsíodh riamh leaganacha Gaeilge ná Béarla de na cinn a bhí scríofa aige ar Chorcaigh, Bhaile Átha Cliath, Dhún na nGall, Mhaigh Eo ná Loch Garman (tá siad i measc a chuid Iss sa Leabharlann Náisiúnta)
I nGaeltacht Mhaigh Eo a chaith sé 1908–9 cés moite de sheal i gContae Ros Comáin
Thaistil sé Maigh Eo, Dún na nGall, Ciarraí, iarthar Chorcaí agus oileáin iartharacha na hAlban
Is i gCill tSeanbhoithe sa pharóiste céanna a bhí an teaghlach nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh: Michael McHugh (50), feirmeoir a rugadh i gContae Mhaigh Eo; a bhean Ellen (50) a rugadh i gContae na Gaillimhe; deirfiúr a chéile, Margaret Keville (52); a iníonacha Maggie (15), Mary (12), Norah (10)
Phós sé Mary Earnor i 1918 agus chuir siad fúthu sa Cheapaigh Dhuibh i gContae Mhaigh Eo
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBoth Chomhla, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 23 Nollaig 1885
Chorcaí, é; agus Brian Mac Gabhann, as Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
De bhunadh Éireannach an chuid ba mhó de na daltaí sa scoil sin agus ba mhinic Pádraig ag labhairt i nGaeilge le tuismitheoirí as Tír Chonaill agus Maigh Eo
Mhaigh Eo, dó sin
In Western People i ndiaidh a bháis dúradh go raibh sé ina phríomhoide i gCeardscoil Acla sular aistrigh sé go Béal an Átha i 1939. Sholáthraíodh sé nuacht agus aistí faoi Ghaeltacht Mhaigh Eo go rialta sa pháipéar An t–Éireannach
Murphy ó Choillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a mháthair
In Chicago casadh air fear as Co. Mhaigh Eo a raibh leabhair Ghaeilge aige agus scríobh síos ‘Laoidh Oisín ar Thír na nÓg’ ó cheann díobh
Deir Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 gur thosaigh sé ag obair 24 Bealtaine faoi threoir Phádraic Uí Mháille[B3] i nGaillimh, Ros Comáin, Sligeach agus Maigh Eo
Tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath agus ansin i nDún na nGall, Sligeach agus Maigh Eo
Ag Coill an Stócaigh, Baile an Daingin, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é
Bhí sé ina bhall de chomhairle an Chumainn Oisínigh. Ba mhac é le Thomas Crowe, an Chraobhach, Conga, Co. Mhaigh Eo
Phós John Catherine Philips ó Chluain Mór, Co. Mhaigh Eo
Sa Bheairic, Iorras, Co. Mhaigh Eo, a saolaíodh é circa 1735-45 agus is ann a chónaigh sé go raibh sé meánaosta nuair a d’aistrigh sé go dtí An Carn in aice le Béal an Mhuirthead
Agus, ar ndóigh, bhí sé ina éarlamh ag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge. I dTobar na bhFiann, i gceantar Thír Amhghlaigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 6 Márta 1791