Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 321
na Gaillimhe, a rugadh é ··· San iris sin 13 Aibreán 1901 tuairiscíodh go raibh Scoil Leach [sic] na mBocht, Gaillimh, ar na scoileanna a bhuaigh duaiseanna an Chliabhraigh agus gurbh é Labhrás Ó Tuathail an múinteoir sa scoil sin ··· Ní léir aon áit den ainm sin a bheith i nGaillimh ··· Toole ag múineadh agus ag cur faoi i dTeach na mBocht, Townpark, i gcathair na Gaillimhe ··· I gContae na Gaillimhe a rugadh é agus bhí Gaeilge aige
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘Ba duine é Seoirse a bhfuil a ainm fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge agus a mbaineann léi, go h-áirid i gContae na Gaillimhe ··· Faoi 1915 bhí post páirtaimseartha aige faoi Choiste Teagaisc Teicniúil agus Talmhaíochta Chontae na Gaillimhe ··· Ceapadh é go lánaimseartha i 1922 agus faoi 1925 bhí sé ina chigire agus ina thimire ag an gcomhairle chontae i nGaillimh thuaidh (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· I rith an ama sin go léir chaitheadh sé dúthracht mhór le hobair Chonradh na Gaeilge agus le feiseanna i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, go mór mór le Feis Cheoil an Iarthair ··· Deirtí gur mhór a bhí Comhlacht Gael na Gaillimhe ag brath air le háras an Chonartha i nGaillimh a choimeád ag imeacht
San Ospidéal Láir, Gaillimh, a rugadh é (Daniel Peter McCawley) 10 Nollaig 1926 ··· B’as Cnoc na Cathrach, Gaillimh, dá mháthair Mary Condon; bhí Pádraic Ó Conaire [B2] mór lena muintir (Nollaig Ó Gadhra in Connacht Tribune 3 Feabhra 1989) ··· ‘James McCawley, Free State soldier’ an cur síos atá ar a athair sa taifead beireatais agus is é Cnoc na Cathrach, Gaillimh, a sheoladh ··· Cundúnaigh Thiobraid Árann a d’aistrigh go Gaillimh a bhí i muintir mo mháthar.’ Dar le cuntas Hutton ba i Scoil Naomh Uinsionn de Pól, Sráid Anraí, Luimneach, a bhí Dónall ar scoil ar dtús agus ba mhúinteoir ansiúd (Miss Hanrahan) ba thúisce agus ba mhó a spreag a spéis sa Ghaeilge ··· Ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Scoil Fhursa, Gaillimh
Gan amhras bhí fir go leor ón taobh sin i bpríosúin eile sa Bhreatain. I dTuar Beag tamall taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 20 Eanáir 1889 ··· Bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse i rith an ama ach i Lúnasa 1919 bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Choláiste Gaeilge Mhic Phiarais i gCathair na Gaillimhe ··· Tá cuntas aige ar a chaidreamh ar an údar in Clocha ar a charn, 1982 in eagar ag Tomás de Bhaldraithe. Bhí sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1922 agus chaith tamall gairid ina ghovarnóir ar phríosún na Gaillimhe ··· ‘É ina scríbhneoir oilte agus ina aisteoir clúúil, ar ardán na Taibhdheirce, an t-am ab fhearr don drámaíocht Gaeilge i nGaillimh’, a dúradh in Ar Aghaidh, Márta 1964 ··· Deirtear go raibh spéis mhór aige i gcúnna ráis agus bhí sé ina bhainisteoir oinigh tráth ar ráschúrsa na Gaillimhe
Is ó Mhairéad a scríobh Bean Mhic Choisdealbha na foinn atá le naoi gcinn déag de na hamhráin atá sa chnuasach sin. Sa Bhaile Dóite, Béal Chláir, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 24 Feabhra 1892 ··· Ghlac Áine páirt i gceolchoirm an Oireachtais i nGaillimh i 1913 ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis ar 2 Meán Fómhair 1916 go raibh sí ag múineadh scoile i Sailearna, taobh thiar den Spidéal; ar 10 Márta 1917 go raibh sí ag cruinniú de Chumann Múinteoirí Ghaeltacht na Gaillimhe; agus ar 23 Meitheamh na bliana céanna sin go raibh sí féin agus Éamonn Ó Gógáin ina gcomhrúnaithe ar Chumann Gaelach na Múinteoirí Scoile. Fostaíodh Áine chun amhráin ar an sean-nós a mhúineadh i scoileanna Chill Scíre (An Claidheamh Soluis 26 Deireadh Fómhair 1907) ··· Bhí sé mar ollamh Gaeilge i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh ar feadh dhá bhliain ··· Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus bhí ranganna á múineadh aige sa Choláiste Ollscoile, áit a raibh sé ag staidéar le bheith ina dhochtúir gur cháiligh sé i 1922
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘In the early years of Saorstát Éireann the city’s [Gaillimh] most prominent politician was Máirtin Mór Mac Donough’, a dúirt Breandán Ó hEithir in Irish Times 4 Feabhra 1984 ··· D’éirigh thar cionn le siopa a bhí aige i Sráid Flood i gCathair na Gaillimhe ··· Ba bheag gné de shaol gnótha na Gaillimhe nach raibh baint ag Máirtín Mór léi ··· Tuairim ceithre chéad oibrí a bhí fostaithe aige. Léiriú eile ar a thábhacht i nGaillimh go raibh sé ina bhall de bhord stiúrtha an Choláiste Ollscoile, ina chathaoirleach ar an Galway Steamship Co., ina bhall de Choimisinéirí Chalafort na Gaillimhe. Is inspéise go raibh sé ina ionadaí ag an Irish Convention úd a raibh Horace Plunket ina chathaoirleach air in Iúil 1917-Aibreán 1918 ··· Ba gheall le lá saoire phoiblí i nGaillimh é lá na sochraide. Bhí píosa ina thaobh in The Observer ag Stephen Gwynn, fear a bhí ina bhall parlaiminte sa chathair uair, agus chuir an Connaught Tribune i gcló é 8 Nollaig 1934: ‘Galway is the most Irish city in Ireland and nothing in Galway was more Irish than the big man who was buried there last week - Martin McDonagh, Máirtín Mór as the whole county and its islands called him ...
Bhunaigh Proinsias Ó Maolaithe C.SS.R cuid dá alt ‘Graiméar Mhionlaigh’ (Éigse, earrach 1954) ar chaint Thomáis agus seo é an cur síos a rinne seisean ar an mbaile beag: ‘Is é Mionlach an ceantar Gaelach is goire do chathair na Gaillimhe ··· Go deimhin, tá sé ag dul isteach go “doras na Gaillimhe” féin: is é teach Pháraic Uí Cheallaigh, ceann de na cainteoirí a bhfuil an trácht seo bunaithe orthu, an teach is goire do Ghaillimh ar bhóthar Áth Cinn—i bhfoisceacht ceathrú míle don chathair ··· Tá sé trí mhíle bealaigh ó Ghaillimh, san uillinn a dhéanas an abhainn leis an loch ··· Tá tuairim 30 teach fós ann, ach deir [William] Wilde go raibh 1,100 de líon daoine ann in 1841.’ Deir de Bhaldraithe: ‘Cois na Coiribe, ar an mbruach thoir den abhainn, atá Mionlach, i bhfoisceacht timpeall trí mhíle do Chathair na Gaillimhe de shiúl cos agus níos cóngaraí ná sin di bealach na habhann ··· Nuair a phléideáil sé nach raibh iontu ach páistí beaga is é a d’fhreagair an giúistís: ‘The small children, Mr Lawless, of the old block.’ Chaith Tomás tamall de 1917 ag obair do Bhord na gCeantar gCúng sular thosaigh sé ag obair ‘i stór an leasú i nGaillimh
Ar an Turlach i gceantar Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 28 Eanáir 1913 ··· Chaith sé trí bliana ina shaighdiúir sa Rinn Mhór i nGaillimh agus bhí fostaithe tamall ag Matthew O’ Reilly, Teachta Dála Fhianna Fáil i dtoghlach na Mí 1927-54 ··· Deir Mac Con Iomaire: ‘Chaith sé tréimhse eile i Sasana níos deireanaí nó gur fhill sé ar Éirinn go buan agus go ndeachaigh sé ag cónaí i nGaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.’ Fiche bliain a chaith sé i nGaillimh, is cosúil. Faoi Dheireadh Fómhair 1989 is fear singil a bhí ann agus cónaí air ag 50 Árasáin Uaitéir Uí Mhaicín sa Bhaile Bán, Gaillimh, nuair a bhain timpiste dó sa chathair ··· Chaith sé tamall i dTeach Banaltrais Pháirc Mheirlinne i nGaillimh sular aistríodh é go hOspidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riach
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sna Doiriú, Casla, Co. na Gaillimhe, a rugadh an ceoltóir agus cigire scoile seo ar 20 Márta 1938 ··· an Chláir dó, agus Máire McGann as ceantar Thuama, Co. na Gaillimhe, a thuismitheoirí ··· D’fhill an teaghlach ar chontae na Gaillimhe go gairid ina dhiaidh sin agus rinne Micheál an Ardteist i gColáiste Mhuire, Gaillimh ··· Shligigh agus é i mbun cigireachta ach fuair sé post i nGaillimh a thug abhaile é in 1972 ··· Chas sé leis an Loch Lurgan Céilí Band agus é ina mhac léinn i nGaillimh agus bhí sé sa Brosna Céilí Band le linn dó a bheith i gCorcaigh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhailigh sé béaloideas in oirthear na Gaillimhe agus ar an teorainn idir Gaillimh agus an Clár i rith 1937-40 nuair a bhí cainteoirí dúchais Gaeilge beo go fóill sna dúthaí sin ··· Scríobh Pádraig Ó Baoill cuntas gairid air in Glórtha Ár Sinsear: Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe, 2005 curtha in eagar ag Pádraig Ó Baoill agus Feargal Ó Béarra (i gcomhar le Loughrea History Project). Sna Cairthíní Beaga i bparóiste Sheaneaglais in aice leis an nGort, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 25 Márta 1908 ··· an Chláir agus Co. na Gaillimhe.’ Ó phointe éigin ama ina dhiaidh sin bhí sé ina mhúinteoir i scoileanna náisiúnta i gcontaetha na Gaillimhe, an Longfoirt, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí
I mBaile an Tí Mhóir i gCois Fharrraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ··· Dhíol sé an fheirm agus chuaigh isteach i gcathair na Gaillimhe ag saothrú a phá ··· Ach d’oir Gaillimh dó féin agus dá bhean toisc Gaeilge a bheith ag gach tríú duine, b’fhéidir, sa chathair san am sin agus go mbíodh tarraingt mhuintir Chois Fharraige ar an bhFatha Bheag mar a raibh cónaí orthu ··· Bhíodh sé ag obair gach lá margaidh i siopa báicéara agus ceannaí plúir agus thaitníodh leis comhrá a dhéanamh ann lena chairde aniar. Obair eile a dhéanadh sé beithigh a thiomáint soir do cheannaithe na Gaillimhe ··· Na daoine, na rudaí, na himeachta a chonnaic sé, d’iompaigh a intinn ina bpictiúirí iad agus choinnigh sé na pictiúirí seo beo úr i riocht is gur fhéad sé nuair a thogair sé é an duine, an rud, nó an tarlú a chur gan dua ina scéal.’ Cailleadh é ina theach ar an bhFatha Bhig i nGaillimh ar 30 Meitheamh 1930.
D’éirigh leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir 1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937 ··· Ba é Liam Ó Briain[B3] a mheall isteach sa Taibhdhearc é nuair a bhí an amharclann sin ar tí a hoscailte agus bhí páirt aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne 27 Lúnasa 1928; is insuime gur ghlac sé an phríomhpháirt ina dhráma féin, Éisc Aduain (a scríobh sé le linn dó a bheith i nGaillimh ach a foilsíodh in Comhar, Bealtaine 1988), sa Damer 22 Samhain—9 Nollaig 1967, agus go raibh baint leanúnach aige leis na hiarrachtaí i mBaile Átha Cliath chun go mbunófaí amharclann Ghaeilge ··· Is i rith na tréimhse i nGaillimh a thosaigh sé ag scríobh agus pléann Mac Craith an prós a scríobh sé, ón gcéad phíosa in An Stoc, Márta 1931 anuas go 1938, 14 píosa ar fad, an chuid is mó díobh in Ar Aghaidh; taispeánann sé go bhfuil ‘snáth leanúnach aontachta idir na chéad aistí próis agus ceapadóireacht fhileata Uí Dhireáin.’ Bhí sé ina rúnaí ar an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ··· Is le beatha agus saothar Uí Dhireáin a bhain Scoil Gheimhridh Merriman 2010 i nGaillimh agus céad bliain Uí Dhireáin á chomóradh acu
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar 24 Samhain 1904 a rugadh an bailitheoir béaloidis seo i dTír An Fhia, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe ··· Bhí sé ar fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1934 ··· I gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo a chaith sé a shaol oibre ··· Ach is ceart tagairt a dhéanamh anseo chomh maith don éacht oibre a rinne an Búrcach in iarthar chontae na Gaillimhe ··· Anuas ar na scéalta fada, tá finnscéalta, greannscéalta agus scéilíní, tá creidiúintí agus nósanna, tá amhráin, paidreacha, orthaí agus go leor eile.’ Bhí sé pósta ar Bhairbre Ní Chuirrín ón gCloch Bhreac, Co. na Gaillimhe, agus bhí beirt bhuachaillí agus beirt iníonacha acu agus bhí cónaí orthu i gCorr na Móna
I nGaillimh a rugadh é 30 Nollaig 1915 ··· Níor spíd leis an mhaoin sin a chaitheamh ar chúis na hÉireann, ná ar aon chúis eile a rachadh i dtairbhe do chall an duine bhoicht.’ Cuireadh oideachas ar Shéamus i Scoil Naomh Seosamh agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh ··· Nuair a d’fhill sé ar Ghaillimh chaith sé tamall eile sa Taibhdhearc ··· Deir a mhuintir gur fhan sé dílis riamh do bharrshamhail an phoblachtachais, agus gurbh é an Piarsach a rogha den laochra—sa mhéid gur cheannaigh sé teach in Ascaill an Phiarsaigh i nGaillimh ··· Bhí a dheartháir Fursa gníomhach i gConradh na Gaeilge i nGaillimh, i gCumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gClann na Poblachta.
Idir dhá linn bhí aistrithe go Gaillimh ag an teaghlach agus siopa, más fíor, ag an athair ann ··· Déanann Robert Welch stíl agus aidhmeanna liteartha na n-aistritheoirí a mheas in A History of verse translation from the Irish 1789-1897, 1988. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Irish Archaeological Society in 1840 agus den Chumann Ceilteach in 1846. Nuair a cuireadh deireadh le hOifig na dTaifead Poiblí in 1830 d’aistrigh Hardiman go Gaillimh ··· Níor mhaith Eoghan Ó Comhraí [q.v.], ná go leor eile, sin dó mar bhí geallta aige nach ligfeadh sé an leabhar amach as Éirinn. Bhí sé ina dhlíodóir oifigiúil ag Coimisinéirí na Gaillimhe agus deir Ó Túinléigh gurbh é a bhí ag plé thar ceann an Bhardais nuair a bhíothas ag iarraidh an bóthar iarainn a thabhairt chomh fada le Gaillimh ··· Tairgeadh ollúnacht na Gaeilge dó nuair a bhí Coláiste na Banríona á bhunú i nGaillimh ach níor ghlac sé leis ··· Cuireadh é i reilig mhainistir na bProinsiasach i nGaillimh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Leamhchoill, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 12 Bealtaine 1883 ··· Cainteoirí dúchais Gaeilge iad agus thóg siad le Gaeilge an chlann mhór a bhí acu. Fuair Tomás bunoideachas i Maigh Cuilinn sula ndeachaigh sé go dtí Meánscoil Sheosaimh Naofa i gCathair na Gaillimhe ··· Fuair sé post múinteora i mBaile Chláirna Gaillimhe i 1916 ··· D’aistrigh sé as sin go dtí Coláiste Sheosaimh Naofa i nGaillimh agus fuair Máire Sinéad post i scoil an Chladaigh ··· Thogh céimithe na Gaillimhe é ar Choiste Riartha an Choláiste ar feadh dhá thréimhse
D’fhéadfadh sé bheith ina Uachtarán ar an gConradh ón mbliain 1917 amach, le deá-thoil gach éinne, dá mba mhian leis é”. Is i 1917 a phós sé Sinéad Ní Bheag (Jane Louise Little, The Crescent, Gaillimh) ··· I nGaillimh a bhí cónaí air i rith an ama agus bhí sé i ndrochshláinte faoin am seo. Dar le Tomás Bán go raibh sé ag doras an bháis go minic sna naoi mhí deiridh dá shaol ··· Trí lá roimh a bhás chuaigh sé chun an ospidéil i nGaillimh chun obráid a dhéanamh ar thincéir a raibh faithne ailse ar a shúil ··· D’éag sé ina theach cónaithe, Avondale, An Bóthar Ard, Gaillimh ar 15 Aibreán 1930 ··· Adhlacadh é sa Reilig Nua i nGaillimh. Bailíodh airgead chun leacht cuimhneacháin a thógáil os cionn na huaighe agus nochtadh é ar 17 Márta 1935
Tá cuntais ar a bheatha is a shaothar in Pádraic Ó Conaire (1947) le hÁine Ní Chnáimhín, Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (dara heagrán 1939) le Seosamh Mac Grianna, Scothscéalta (1956) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978) in eagar ag Gearóid Denvir, Clocha ar a charn (1982) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, Gaillimh agus aistí eile (1983) le Proinsias Mac Aonghusa, in Léachtaí cuimhneacháin (1983) in eagar ag Gearóid Denvir, in aiste in The Irish Times 13 Deireadh Fómhair 1983 ag Nollaig Ó Gadhra agus in Saoirse Anama Uí Chonaire (1984) le Tomás Ó Broin[q.v.] ··· .’. I dteach tábhairne The Lobster Pot ar na dugaí i nGaillimh a rugadh é ar 28 Feabhra 1882 ··· Tuairimíonn Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile gur bhualadh a thug scata ógánach dó i nGaillimh tamall roimhe sin a ghiorraigh a shaol. I 1935 nocht Éamon de Valera dealbh de Phádraic ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe agus mar chomóradh céad bliain i 1982 nocht Máirtín Ó Direáin leacht ag a uaigh sa Reilig Nua, Gaillimh. Tá a shaothar liostaithe in Pádraic Ó Conaire: léachtaí cuimhneacháin (1982), Nóra Mharcais Bhig agus sgéalta eile (1909), Deoraidheacht (1910), An chéad chloch (1914), Seacht mbuaidh an Éirghe Amach (1918), An crann géagach (1919), Síol Éabha (1922), M’asal beag dubh (g.d.) na leabhair is minice faoi thrácht
Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh an Conradh ann 25 Eanáir 1894 (Irisleabhar na Gaeilge, Feabhra 1894) ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 gur thosaigh sé ag obair 24 Bealtaine faoi threoir Phádraic Uí Mháille[B3] i nGaillimh, Ros Comáin, Sligeach agus Maigh Eo ··· Oirthear na Gaillimhe agus Ros Comáin Thiar a bhí faoina chúram i 1904 (idem 13 Feabhra 1904) ··· Tuairiscíodh 13 Bealtaine 1905 gurbh i gcathair na Gaillimhe a bhí a cheanncheathrúna ··· In Sinn Féin 1 Meitheamh 1907 bhí an píosa seo: ‘Tomás Ó Míodhcháin is at present working in Béal Átha na Sluaighe district, Co. na Gaillimhe
Cé gurb i gContae na Gaillimhe atá an Fhairche is é Clár Chlainne Mhuiris, Co ··· In An Connachtach, Samhain 1907 tuairiscíodh go raibh sé ag obair i gcathair na Gaillimhe ··· D’eagraigh sé Seachtain na Gaeilge i gceantar na Gaillimhe (idem 21 Márta 1908) ··· D’fhill sé ar Ghaillimh ansin ina dhiaidh sin (An Claidheamh Soluis 17 Deireadh Fómhair 1908) ··· Bhí sé ag timireacht i gceantar na Gaillimhe, soir go hÓrán Mór agus siar go hUachtar Ard
Ceapadh é ina uachtarán ar na hAisteoirí nuair a bunaíodh iad i nDeireadh Fómhair 1912. Ar 31 Eanáir 1859 i dTulach Lathraigh, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ··· Fear saibhir a hathair James agus talamh aige i Masonbrook, Co. na Gaillimhe ··· In 1888 d’iarr sé cead ar Easpag na Gaillimhe leabhair ar an Index expurgatorius a léamh ··· Tugadh faoi deara gur chaith sé go hainmheasartha le carachtair ban an scéil. I dtús a shaoil agus go háirithe le linn Chonradh na Talún ní raibh sé pioc difriúil, ó thaobh na polaitíochta de, le tiarnaí talún na Gaillimhe ··· Tuairim an ama chéanna d’éirigh sé as na coimisiúin a bhí aige i gContae na Gaillimhe mar leasleifteanant an chontae agus mar ghiúistís
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2015 Ní raibh aon rian den áibhéil i gceist nuair a tugadh ‘Banríon na Taibhdheirce’ ar Mháire Stafford ag aifreann a sochraide i Séipéal na nÍosánach ar Bhóthar na Mara i gcathair na Gaillimhe agus arís ag an ócáid san amharclann sin cúpla mí dár gcionn nuair a rinneadh comóradh agus ceiliúradh ar na trí scór bliain a chaith sí ansiúd mar aisteoir, mar stiúrthóir, mar léiritheoir, mar dhrámadóir, ag dearadh feistis, ag aistriú ceoldrámaí agus i mbun geamaireachtaí. Osclaíodh na doirse ar Thaibhdhearc na Gaillimhe den chéad uair ar 27 Lúnasa 1928 nuair a léiríodh dráma Mhichíl Mhic Liammóir, Diarmuid agus Gráinne, ansiúd ··· Sheas sí freisin ar an stáitse in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, d’oibrigh sí le compántais drámaíochta Druid agus an Town Hall Theatre Company i nGaillimh agus bhí páirteanna go leor aici i ndrámaí teilifíse, i bpríomhscannáin agus i ndrámaí raidío. In Newport na Breataine Bige a saolaíodh Máire ar 6 Márta 1923 ··· Bhíodar geallta in imeacht trí seachtaine, cé nár phósadar go dtí an bhliain 1950 nuair a bhí a chuid cáilíochtaí múinteoireachta bainte amach ag Seán, post faighte aige i gCeardscoil Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe agus cúpla punt curtha i dtoll a chéile. Thógadar teach gar don Bhóthar Ard ar imeall thiar na cathrach agus ba ansiúd a thógadar cúigear clainne, Ruaidhrí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall. Thug Máire Stafford (agus Seán lena hais) an chuid eile dá saol agus dá dúthracht ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn i gCathair na dTreabh ··· Ba í a bhí i mbun deartha ar an bhfeisteas i dtríocha léiriúchán de chuid na Taibhdheirce agus lasmuigh den amharclann bhí sí thar a bheith cumasach i mbun ealaíne, sceitseála agus i ndéanamh mósáice. In 2003 bronnadh an gradam Rehab Galway People of the Year uirthi féin agus ar Sheán as ucht a raibh déanta acu ar son na teanga, an chultúir agus na hamharclannaíochta, agus an bhliain dár gcionn bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh sa Ghaeilge agus sa stair ar an mbeirt acu. Bhásaigh Máire Stafford ar 1 Iúil 2014 agus tá sí curtha i Reilig Rathúin i nGaillimh.
Phós sise Deáirbí Mac an Adhastair a tháinig ag obair go Conamara as Ros Cam ar imeall thoir chathair na Gaillimhe nuair a tosaíodh ar tharra a chur ar na bóithre ··· Ba iad scannáin na mbuachaillí bó, scannáin chogaidh agus scannáin ghrinn Laurel and Hardy agus Abbot agus Costello ab ansa leis. Tosaíodh ag reáchtáil damhsaí ansin Tigh Deáirbí agus cé is moite d’achar gairid a chaith sé i Sasana, ba ina bhfeighil siúd agus i bhfeighil an tí ósta a chaith Diarmuid Mac an Adhastair an chéad leath dá shaol oibre, agus é críochnaithe lena chuid scolaíochta i Scoil Náisiúnta an Tuairín, i nGairmscoileanna na Ceathrún Rua agus Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe. Ba faoi smacht na sagart a bhí na hallaí pobail a bhí i gConamara ag an am agus cosc dá réir iontu ar ‘dhamhsaí Gallda’, ar jeighbheáil agus ar válsáil ··· Dheisigh sé bád seoil a chaith 35 bliain i mBostún nuair a dhíol sé í agus a tháinig ar ais go Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe, ina dhiaidh sin arís. Bhí an-suim riamh aige i gcúrsaí spóirt ··· Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBaile an Dúna in Inis Meáin, Co. na Gaillimhe, ar 7 Iúil 1920, a rugadh Dara Beag Ó Fáthartaigh, cé go ndeireadh sé féin nach raibh sé cinnte den dáta ··· Bhásaigh Tomás go tragóideach i dtimpiste a tharla ar dhuganna na Gaillimhe i mí Mheán Fómhair 1995 in aois a thríocha seacht bliain ··· Rinne a fhear gaoil, Macdara Ó Conaola as Inis Oírr, cóiriú nua-aimseartha ar cheann díobh, ‘Slán leis an Dún Aengus’ – dán faoi dheireadh ré an bháid cháiliúil a théadh as Gaillimh go hÁrainn roimh ré an ‘Naomh Éanna’ agus na seirbhísí nua-aimseartha a théann anois as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe, agus as Dúlainn, Co
Tá cuntas cuimsitheach in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail ar an dul chun cinn go léir a d’éirigh leis a dhéanamh, i dTaibhdhearcna Gaillimhe go háirithe ··· Ag 18 Ardán Naomh Seosamh, Gaillimh, a rugadh é (Walter Augustine) 3 Bealtaine 1915 ··· Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Máire i nGaillimh ar feadh bliana agus ansin ó Bhráithre Phádraig sa chathair. Thosaigh sé ag aisteoireacht ar scoil agus é i ról Shean-Mhaitias in Íosagán ··· D’aithin sé cad iad na drámaí ní hamháin a thaitneodh le pobal amharclainne na Gaillimhe ach a d’oirfeadh dá fhoireann pháirtaimseartha agus scríobh a leithéidí
Chaith sé tamall i mBeairic Portobello i mBaile Átha Cliath agus i 1925 aistríodh go Gaillimh é agus bhí sé ina bhall den Chéad Chath Gaelach ansin i mBeairic na Rinne Móire. I 1928 thosaigh sé ag aisteoireacht sa Taidhbhearc agus bhí páirt Oisín aige sa chéad léiriú de Diarmuid agus Gráinne le Micheál Mac Liammóir [B4] an bhliain sin ··· Deacracht a bhí sa tslí ar Mhac Diarmada sa Taibhdhearc, is cosúil, an drochmheas a bhí, más fíor, ag meánaicme na Gaillimhe ar ghnáthshaighdiúirí airm ··· Sholáthair sé freisin ábhar do roinnt mhaith clár raidió a craoladh as Gaillimh ··· Agus é ag scríobh in Irish Times i ndiaidh bhás Mhic Dhiarmada ba chuimhin le Seán Mac Réamoinn an draíocht a bhain le cúrsaí amharclainne i nGaillimh
I nGaillimh a rugadh é ··· Bhí sé ag obair i gCill Choirín in oirthear na Gaillimhe, i mBéal Átha hAmhnais, i measc na nÉireannach i Londain, agus i mBéal Easa, mar ar chuir sé múinteoirí an Irish Society faoi scrúdú ··· Bhí sé ina mhisinéir ar fud iarthar na Gaillimhe agus chaith séasúr in Acaill ··· Bhí sé ina reachtaire ar pharóiste Bhaile na Cille, Co. na Gaillimhe, ag an am sin
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCloch na Rón, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 14 Iúil 1873 ··· Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i Mungairit sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad ··· Nuair a bhí bailiú do chiste an Chonartha ar siúl an lá úd ní raibh a dhóthain aige dá chuid féin chun síntiús oiriúnach a thabhairt uaidh, agus fuair sé ar iasacht é agus níor éirigh leis é a aisíoc go dtí go ndearnadh bailiú do na sagartaibh Domhnach Cásca !’. Aistríodh ansin é go dtí paróiste theas Naomh Nioclás i nGaillimh ··· Ceapadh ina shagart paróiste é i gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1921
In Soupers and Jumpers: The Protestant Missions in Connemara 1848-1937, 2008 tugann Miriam Moffitt léiriú ar sheal Uí Fhotharta mar mhúínteoir scoile in Iorras Fhlannáin, Co. na Gaillimhe ··· Ó na hochtaidí luatha amach is ina phríomhoide i gCalla a bhí sé. Ba é Michael Faherty, feirmeoir as oileán Iomaí Co. na Gaillimhe, a athair, de réir an teastais pósta ··· Níl a fhios cén áit i nGaillimh a rugadh é ··· Seanfhear san áit a raibh cáil an eolais air, dúirt sé le húdair an chuntais seo (Aibreán 1994) gur shíl sé go mba strainséir é; ní raibh de sheanchas aige ina thaobh ach gur chuala sé riamh aon duine a bhí ar scoil ag Dan Faherty go mba scoláire maith é. Tá a ainm (‘Daniel Louis Faherty’) i measc shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883 agus i measc an scór múinteoir i nGaillimh a bhí cáilithe in 1893 chun Gaeilge a theagasc (liosta i gcló in Micheál Ó Locháin agus ‘An Gaodhal’, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin). Bhí ábhar i gcló aige den chéad uair in An Gaodhal, páipéar i Nua-Eabhrac, in 1890
Cháiligh seisean mar dhochtúir in 1859 agus chaith dhá bhliain ag obair i gColáiste na Ríona i nGaillimh ··· Deir garchlann Chonchubhair gur le linn do Edward bheith ina dhochtúir íoclainne ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, a rugadh Conchubhar (Conor O’Loughlin a baisteadh air) ansiúd ··· Phós an t-athair faoi dhó agus d’fhág sin go raibh leasdeartháireacha aige, ar dhuine díobh Edward a bhí tráth ina eagarthóir ar an Irish Independent. Ní raibh toradh ar chuardach a rinneadh i dtaifid bheireatais na Ceathrún Rua agus pharóistí chathair na Gaillimhe ··· Is ansiúd a chuir an Tiarna Ardilaun as seilbh a thí é toisc baint rómhór a bheith aige le náisiúnachas. Cháiligh sé mar dhochtúir i gColáiste na Banríona, Gaillimh, in 1882 agus bhí ina dhochtúir íoclainne i gConga, Co
Griffin 1892–1920, 1994. I nGoirtín, tuairim 10 míle ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1892 ··· Cé gur bhain sé le deoise Chluain Fearta tugadh do dheoise na Gaillimhe é ··· Tháinig sé go Gaillimh i 1918 agus is maith is cuimhin liom an t-áthas a bhí air nuair a fuair sé amach go mbeadh Gaeltacht dáiríre faoina stiúrú ··· Tógadh séipéal ina chuimhne i nGoirtín agus ainmníodh bóthar agus club peile i nGaillimh as.
Nuair a d’éag an t-athair thug an mháthair, Ann Costello, abhaile go dtí an Clochán, Co. na Gaillimhe, é ··· Bhí baint aige le Sinn Féin agus bhí ina chaptaen ar na hÓglaigh sa Chlochán agus gearradh mí príosúnachta i nGaillimh air i ndiaidh dó tine a lasadh ag dealbh John Darcy sa bhaile sin chun bua Shinn Féin i Longfort i mBealtaine 1917 a cheiliúradh ··· Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus gabhadh é 18 Deireadh Fómhair 1922 agus bhí i bpríosún i nGaillimh agus sa Churrach. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó 1925 go 1931 ··· Toghadh ina Theachta Dála thar ceann Fhianna Fáil i nGaillimh é i 1932 agus i 1933, agus ag gach toghchán i nGaillimh Thiar ó 1937 amach gur éirigh sé as i 1965
Is leis an eolas sin a bhain sé an ceann de scéal a bheatha, Mise, 1943, agus níl de bhuneolas le cur leis ach gur in Inbhear, Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a rugadh é, agus gur mhairnéalach a thaistil an domhan ba ea a athair ach a bhí anois ag tráchtáil ar bhád mór idir Gaillimh agus Conamara ··· Tar éis do Cholm bheith ag gabháil don chrua-obair sa Chlochán ar feadh tamaill de 1911 b’éigean dó cúig sheachtain a chaitheamh in ospidéal i mBaile Átha Cliath. Ag Oireachtas 1913 i nGaillimh thug Seán Mac Diarmada mionn Bhráithreachas na Poblachta dó, chomh maith le húdarás chun an ghluaiseacht a bhunú i gConamara ··· Nuair a ceapadh Colm mar fhothimire i gContae na Gaillimhe i nDeireadh Fómhair 1917 rinneadh tagairt in An Claidheamh Soluis 3 Samhain dó féin, do Thomás Ághas[B1] agus de Valera beith ‘i ngarraí prátaí i bpríosún Lewes i Sasana ag leogaint orthu bheith ag rómhar agus gan pioc ar siúl acu mar chúrsaí cainte ach an Ghaeilge agus obair náisiúntachta na hÉireann’. Toghadh é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1919 agus toghadh é ina chathaoirleach ar an gComhairle Dúiche in Uachtar Aird i 1920 (Fáinne an Lae 26 Meitheamh 1920)
Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004). Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine déag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola ··· Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932 ··· Thacaigh sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus rinne canbhasáil dá n-iarrthóir i dtoghchán na Gaillimhe Thiar i Meitheamh 1969 ··· Bhí ómós agus onóir le fáil aige i gcónaí ó mhuintir a cheantair fhéin chuile áit ó chathair na Gaillimhe go Tor Cheann Gólaim i Leitir Mealláin’. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Ceannaí saibhir i gcathair na Gaillimhe ba ea a hathair; bhí sirriamacht an chontae le fáil aige ach é a bheith sásta Mionn an Ardcheannais a ghlacadh ··· Chuaigh sí isteach i Siúracha Bochta Naomh Clára i gclochar Bheithil in aice le Baile Átha Luain agus bhí ann go 1647 nuair a ceapadh í ina ban-ab i nGaillimh ··· Thug si léi as Clochar Bheithil go Gaillimh an chóip a rinne Michél Ó Cléirigh [q.v.] i 1636 dá raibh déanta acu ··· with her from Bethlehem.’ Cuireann Ó Muraíle leis sin: ‘It is also an interesting index of the status of the Irish language in a community whose members were drawn so predominantly from the Old English section of the Irish population ...’. Nuair a ghéill Gaillimh d’arm na Parlaiminte i 1652 d’éalaigh na siúracha go dtí an Spáinn
Bhí mórmheas aige ar an nGaeilge agus d’aistrigh Foras Feasa ar Éirinn go Laidin. I nGaillimh a rugadh é ··· Sular tugadh cead i 1642 eaglaisí Caitliceacha a oscailt léadh sé aifreann i dtithe príobháideacha agus in áiteanna uaigneacha, agus bhí scoil aige i nGaillimh, de réir an DNB ··· Bhí sé páirteach in dhá shionóid i nGaillimh, i 1632 agus i 1640 ··· The Alithinologia, in particular, showed that a man who had been a citizen of Galway saw the history of his country very differently from a member of the one-time ruling family of Annaly.’ Coigistíodh tailte na nGael ach tháinig an cuid ba mhó de na Sean-Ghaill slán. Scríobh sé dán Laidine agus d’fhoilsigh James Hardiman [B6] é in Miscellany of the Irish Archaeological Society, 1, 1846
Meastar gur fhoghlaim sé Béarla, Laidín agus beagán Gréigise sa scoil a bhí ag Alasdar de Linse nó ag Séamus de Línse i nGaillimh agus gur lena linn sin, b’fhéidir, a chuir sé aithne ar John Lynch[q.v.]. I dtús na 1640idí, b’fhéidir, a scríobh sé Chronicum Scotorum (in eagar ag W.M ··· I nGaillimh a bhí cónaí air 1645–c.1652 ··· Le linn a thréimhse i nGaillimh d’aistrigh sé go Gaeilge rialacha a bhain le hOrd San Clára, a raibh clochar acu sa chathair (i gcló ag Eleanor Knott[B2] in Ériu, 15, 1948: ‘A seventeenth century Irish version of the Rule of St ··· Deirtear go minic gur mhúinteoir i gcoláiste San Niocláis ba ea é i rith a thréimhse i nGaillimh ach deir Ó Muraíle gur míthuiscint ar an mbrí áirithe a bhaineann le ‘college’ sa chás seo ba bhun leis an tuairim sin
Ba baint mhór aige le leacht a chur á thógáil i 1978 i reilig Chill Fhinín (‘Reilig na bhfilí’) in aice le Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe ··· Ar an gCluain, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 22 Feabhra 1916 ··· Chabhraigh a dheartháir Peadar leis san obair freisin; gabhann Ciarán Ó Coigligh buíochas leis an mbeirt acu faoi fhoinn roinnt d’amhráin Raiftearaí a thabhairt dó. Tar éis bunoideachais i Scoil Náisiúnta Bhaile Chláir na Gaillimhe agus i Meánscoil Naomh Seosamh, Gaillimh, cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1936 ··· Chaith sé trí bliana ag múineadh san Oileán Iarthach i Ros Muc agus seacht mbliana i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe sular ceapadh é ina phríomhoide sa bhunscoil i gCreachmhaoil 3 Bealtaine 1948
D’aistrigh siad go Gaillimh i 1928 nuair a ceapadh Eoghan ina léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ··· Bhí an pobal Gaeilge tógtha go mór leis an iarracht mhisniúil seo ag lucht na Gaillimhe; bhí siad bródúil as Siobhán Nic Cionnaith a mb’fhiú léi a clú mar aisteoir i mBéarla a chur i leataobh tamall lena thaispeáint don saol ar fad agus do lucht na Gaeilge go speisialta cá raibh rún a croí ... ··· Ach ní raibh deireadh fós lena caithréim: ar 5 Nollaig 1985 i nGaillimh a tharla ‘her last and perhaps her greatest triumph as Mommo in Bailegangaire by her friend Tom Murphy’ (Ó hAodha) ··· Cuireadh í i Rathún, Gaillimh. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Bhí feirm mhaith ag a mhuintir i gCluain Dúlais, Cill Íomair, Co. na Gaillimhe, agus ann a rugadh é 5 Feabhra 1903 ··· Tá fianaise in Ó Thrá Anoir, 1985 le Dónal Ó Flannagáin [q.v.] go raibh sé ag múineadh i gColáiste Éinde le linn don choláiste sin a bheith tamall i mBaile Átha Cliath agus deir an Flannagánach faoi aistriú an choláiste sin go Gaillimh i 1937: ‘Ghoill sé go mór orainn, agus orm féin go mór mór, go raibh Séamas Mac Cnáimhín ar iarraidh ··· níor thréig sé muid ar fad, mar tháinig sé go Gaillimh seachtain nó mar sin roimh oscailt don choláiste gur eagraigh sé an seomra eolaíochta nua don fhear a bhí le teacht ina dhiaidh.’ Faoi 1937 bhí sé ina ollamh le matamaitic agus le heolaíocht i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí, áit a dtugtaí an t-ainm ceana ‘Paddy Maths’ air, agus bhí sa phost sin go ndeachaigh ar pinsean ··· Bhí spéis ar leith aige in William James MacNeven (1763-1841) [B6], an tÉireannach Aontaithe ar tugadh ‘The Father of American Chemistry’ air, agus d’fhéach sé chuige go n-ainmneofaí bóthar ina dhiaidh i mBéal Átha na Sluaighe, agus scríobh an cuntas is cuimsithí dá bhfuil ar fáil air in Éireannaigh san Eolaíocht; tá sa leabhar sin freisin cuntas ar mhuintir Mhic Cnáimhín in oirthear na Gaillimhe ó timpeall 1150
Ar an Aird Thiar i gCarna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é (‘Johnny Jó Phaitsín’) 2 Deireadh Fómhair 1919 ··· Chaith sé na 25 bliain deiridh dá shaol oibre mar phríomhoide in Áth Eascrach, Co. na Gaillimhe ··· Ag múineadh sa scoil sin freisin bhí a bhean Bríd Ní Eidhin arbh as an Droichead Nua, an Creagán, Co. na Gaillimhe, di ··· Nia leis is ea Seosamh Mac Donncha, captaen ar fhoireann iomána na Gaillimhe uair, iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCathair na Gaillimhe a rugadh an scoláire litríochta seo ar 22 Feabhra 1933 ··· B’as Luascán i gceantar Phort Omna, Co. na Gaillimhe, do mhuintir Stewart ach rinne tiarnaí talún iad a dhíshealbhú ansiúd agus chuir seanathair James gnó tógála ar bun i gcathair na Gaillimhe tuairim 1889 ··· Tar éis bunoideachais i Scoil Fhursa, Gaillimh, chuaigh sé go Coláiste Iognáid agus as sin go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe agus ar ball go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
The candidate stood up and delivered himself of a lecture on Plato in Blasket Irish to the astonishment of the interview board.’ Is é a dúirt sé féin in Gach Órlach de mo Chroí go raibh baint ag Earnán de Blaghd[B5] leis an gceapachán agus leis na pleananna a bhí á ndéanamh aige. Thomson a mhol do Mhuiris Ó Súilleabháin scéal a bheatha a scríobh agus a thug an-chabhair dó lena dhéanamh, go háirithe nuair a bhí sé lonnaithe i nGaillimh, tharla Muiris a bheith ina gharda in Indreabhán i gCois Fharraige ··· Bhronn Thomson lámhscríbhinn Uí Shúilleabháin ar an Leabharlann Náisiúnta i 1986. Chuir sé roimhe i nGaillimh téacsleabhair a scríobh agus blas den oideachas ollscoile a roinnt ar mhuintir Chonamara ina dteanga féin ··· Maidir leis an aidhm eile níorbh fhéidir í a bhaint amach murarbh fhéidir úsáid a bhaint as na scoileanna náisiúnta mar ionaid ach is cosúil nár thug bainisteoir scoile ar bith i nGaeltacht na Gaillimhe an cead sin dó ··· Chuir Seoirse, Osborn Bergin[B2] agus Séamus Ó Séaghdha[B2] leagan giorraithe de Leabhar na nUrnaithe Comhchoiteann ar fáil i 1938-39 do APCK faoin teideal Leabhar na n-Urnaihi Cóchoitteanna. Is léir ar an aguisín (‘Taibhdhearc na Gaillimhe: Clár na Léirithe 1928-1970’) a chuir Pádraig Ó Siadhail le Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 gur chuir sé spéis mhór sa drámaíocht le linn dó a bheith i nGaillimh
I nGaillimh a rugadh é (Pádraic Gearóid) ar 12 Aibreán 1924 ··· Bhí Máire Sinéad ag múineadh ar feadh 35 bliana i Scoil Náisiúnta an Chladaigh i gcathair na Gaillimhe agus is ann a bhí Pádraic ar scoil ar dtús; ceantar bocht ba ea é agus thosaíodh an mháthair go luath gach maidin chun go mbeadh an tine coigilte agus cócó te ullamh do na leanaí ocracha ··· Gheofar tuairim dá shaol i nGaillimh, agus go háirithe maidir le Cumann Drámaíochta na hollscoile agus Taibhdhearc na Gaillimhe, san alt a scríobh sé ar Shiobhán Nic Cionnaith[q.v.] in Comhar, Deireadh Fómhair 1977
Chill Mhantáin, a máthair (d’éag sise i dteach Mháire, Inis Ealga, An Bóthar Ard, Gaillimh 19 Deireadh Fómhair 1961) ··· Is chun páirt a ghlacadh sa bhFeis a chuaigh sí go Gaillimh i 1927 ··· San Oileán Ealtanach i nGaillimh a bhí cónaí uirthi ag an am sin. Is dóigh gurbh i ndiaidh di aithne a chur ar Liam a thosaigh sí ag bailiú amhrán; bhí suirbhé canúineolaíoch de chineál éigin ar bun aigesean agus ag Tomás Ó Máille [B3] agus bhailigh sí amhráin ó chuid de na cainteoirí dúchais a bhí páirteach sa suirbhé ··· Tuairiscíodh in An Saol, Nollaig 2002 gur seoladh dlúthdhiosca Chór na Mara, Gaillimh, Carúil na Nollag—Ó bhailiúchán Mháire Ní Scolaí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘Last trading skipper of a Galway hooker’ an cheannlíne ar thuairisc bháis an mháistir báid mhóir seo san Irish Times 2 Deireadh Fómhair 2004 ··· Sa Doirín Glas, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 25 Márta 1932 ··· an Chláir, go hÁrainn agus go Gaillimh le ceithre ghlúin ar a laghad ··· Ag pointe éigin d’aistrigh an teaghlach isteach go cathair na Gaillimhe
Níl aon amhras ach gur chuir na haistriúcháin sin go mór le stair na drámaíochta Gaeilge: Cara an Phobail; An Fear Siúil; Éirí na Gealaí; An tUbhall Óir; Dubhairt sé Dábhairt sé; Aireagal Teach na mBocht.... In Roxborough House in aice le Cill Chríost, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 15 Márta 1852 ··· In 1880 phós sí Sir William Gregory (1817- 92), baintreach fir ar leis eastát Pháirc na Cúile, An Gort, Co. na Gaillimhe ··· Is fiú a lua freisin gur bhunaigh sí craobh de Chonradh na Gaeilge i gCill Tartan, Co. na Gaillimhe. Níor mhiste a bhfuil le rá fúithi ag Proinsias Mac Aonghusa[q.v.] in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 a lua freisin: ‘Bhí Augusta Gregory an-tógtha le Gaeilge agus le Gaelachas agus le cur chun cinn an Chonartha, rud nach raibh éasca do dhuine dá cúlra sise
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhain an Ciarraíoch seo cáil amach mar mhúinteoir i gCois Fhairrge, Co. na Gaillimhe, agus bhíodh amhráin a bhailigh sé agus dánta agus scéalta a d’aistrigh sé i gcló ó 1930 ar aghaidh in Gearrbhaile, Ar Aghaidh, An Stoc, An Phoblacht, The Standard... ··· I nGaillimh dó ina dhiaidh sin bhí sé in ann freastal ar an gColáiste Ollscoile ··· Bhí sé ar feadh i bhfad ina bhall de Choiste Leabharlann Chontae na Gaillimhe
Luaitear go háirithe ar bhailigh sé d’ábhar ar an gCarn Mór agus i bparóiste Bhaile Chláir, Co. na Gaillimhe ··· D’éag sé 18 Lúnasa 1976 in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne, Gaillimh ··· ‘Beechmount’, An Turlach Mór, Co. na Gaillimhe, agus ‘Ferndale’, Bóthar Whitehall, Baile Átha Cliath, a tugadh mar sheoltaí san fhógra báis
Tugadh coimisiún dó in 1947 agus cuireadh siar é chuig an Chéad Chath i nGaillimh ··· Chuir Pádraig Ó Siochrú go mór leis an gcomhluadar sin, lena sháracmhainn grinn agus lena scéilíní spéisiúla agus barrúla faoina shaol san Arm, go háirithe sa Chéad Chath ar an Rinn Mhóir i nGaillimh idir 1948 agus 1958, agus faoi Thaibhdhearc na Gaillimhe, áit a raibh sé ina dhlúthchara ag daoine mar Aodh Mac Dhubháin[q.v.] agus Siobhán Nic Chionnaith[q.v.]. D’éirigh sé as an bpost in RTÉ in 1986. Drámaí a d’aistrigh sé agus a léiríodh sa Taibhdhearc is ea The odd couple (An cúpla corr)(Simon 1966), Rossa (McHugh 1948); Is the priest at home
Ach ba dhóigh lena mháthair (Imeall, TG4, 4 Samhain 2010) gurbh iad drámaí Radio Éireann gach Domhnach sna 1950idí luatha a chuaigh i gcion air. Seanathair leis i Stáit AontaitheMheiriceá a d’íoc costais an oideachais a cuireadh air i nGaillimh: bhí sé ina dhalta cónaitheach i gColáiste Mhuire, Gaillimh, agus Gaeilge agus stair na hábhair chéime aige i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh ··· Bhí sé páirteach go minic i léiriúcháin na Taibhdheirce, ach go háirithe i rith na sé bliana sin a chaith sé mar mhúinteoir sa cheardscoil i dTuaim, Co. na Gaillimhe ··· B’fhéidir a rá go raibh aird phobal amharclainne na Gaillimhe air mar aisteoir
Agus é ina bhall de Chraobh na Carraige Duibhe de Chonradh na Gaeilge is ea a casadh air Máirín Ní Chonaire, bunmhúinteoir arbh as Carna, Co. na Gaillimhe, di ··· Arís in 1976, ag comhdháil i nGaillimh i dtaobh thionscal na hiascaireachta, bhagair sé go gcuirfeadh polasaí an rialtais deireadh leis an tionscal traidisiúnta sin ··· Ba é ba mhó faoi deara stáisiún bitheolaíochta a bhunú i Maínis, Co. na Gaillimhe
na Gaillimhe, a rugadh é mí Iúil 1981 ··· An bhliain dár gcionn ghnóthaigh an tráchtas ‘Clár Amhrán Chois Fharraige’ M.Litt dó, é bunaithe ar a bhfuil i Roinn Bhéaloideas Éireann d’amhráin a bailíodh i mbarúntacht Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, agus i 2004 bhronn Ollscoil na hÉireann scoláireacht taistil air agus chaith sé an dá bhliain in Ollscoil Dhún Éideann, Albain ··· Ní raibh aon choinne lena bhás i mBaile Átha Cliath ar 3 Feabhra 2009 agus sin go ríghairid roimh pháirt a bheadh aige an deireadh seachtaine dar gcionn in imeachtaí Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh
Sa Spidéal a fuair sé a chuid bunscolaíochta agus de thoradh scoláireachta fuair sé meánoideachas i gColáiste Éinde agus i gColáiste Mhuire i nGaillimh, áit ar ghnóthaigh sé bonn airgid na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht agus bonn óir na Gaeilge san Ardteistiméireacht ··· Nuair a rinneadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille ar an Tulach, d’aistrigh sé go dtí an mheánhúinteoireacht: mhúin sé i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh agus ansin bhog go dtí Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal ··· Chaith sé blianta fada mar stiúrthóir ar Thaibhdhearc na Gaillimhe; i measc na ndrámaí a d’aistrigh sé bhí Monserrat (le Emmaneul Roblès) 12-15 Bealtaine 1960 agus Robáil gan stró ("Anyone can rob a bank" le Tomás Coffey) 27-30 Aibreán 1961 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail). Spreag sé peil, iománaíocht agus lúthchleasaíocht sa phobal áitiúil agus bhí ina thraenálaí ag Cumann Naomh Éinde ar feadh na mblianta
Dúirt Eoghan Harris faoi: ‘Bhí Breandán Ó hEithir ar an iriseoir ab fhearr dár chas mé leis riamh, bar nobody, i nGaeilge nó i mBéarla.’ I dteach banaltrais ar Bhóthar na Trá, Gaillimh, a rugadh é 18 Eanáir 1930 ··· D’éirigh leis de thoradh scrúdaithe i 1943 áit a fháil i gColáiste Éinde, Gaillimh, ceann de na coláistí ullmhúcháin úd a bunaíodh i 1927 chun oideachas den dara leibhéal a chur ar ábhar múinteoirí (i ngeall ar chúrsaí na héig­eandála 1939-45 is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a bhí an coláiste sa bhliain sin 1943-44) ··· Is toisc gurbh i nGaillimh a d’fhás sé suas ina fhear a rug an chathair sin greim ar a shamhlaíocht
B’as Cathair na Gaillimhe ··· Ba iad a thuismitheoirí Martin Newell, ‘merchant’ i Sráid Lombard, Gaillimh, agus Annie Corr ··· Newell, ball d’fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shinsearach na hÉireann trí bliana as a chéile.
Murar leor sin chuala sé léacht a thug Séamus Ó Duilearga[B5] tamall de blianta ina dhiaidh sin ag cúrsa do mhúinteoirí Gaeilge. Múinteoir Gaeilge i gceantar Charna, Co. na Gaillimhe, faoin gCoiste Gairmoideachais, a bhí ann um an dtaca seo ··· Seachas a chuid oibre i gCarna, bhailigh sé ábhar in áiteanna éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Shligigh agus i gContae Mhaigh Eo ··· D’éag sé ar 9 Aibreán 1996 in aois 89 bliain dó agus adhlacadh é i Rathún, Gaillimh.
Ar an gCnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 7 Aibreán 1919 ··· Bhí siad ina gcónaí sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar dtús agus ansin i gcathair na Gaillimhe
Go luath ina saol bhí sí ina ball den Réalt i nDún Laoghaire agus ba bheag samhradh nach raibh sí ag foghlaim Gaeilge sa choláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, nó le linn di a bheith ar saoire sa cheantar sin ··· Deirtear in eagarfhocal na hirise sin, Meán Fómhair 1994: ‘Chuir sí chun na hoibre le fuinneamh agus le samhlaíocht agus ba chaibidil éachtach i stair fhorbairt Comhar a tréimhse sise sa “suíochán te”.’ Catalógú a rinne sí ar amhráin Ghaeilge oirthear na Gaillimhe i mbailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann is ea Clár Amhrán an Achréidh, 1974; a tráchtas máistir atá ann go bunúsach agus chiallaigh an saothar sin gur scrúdaigh sí lámhscríbhinní an Choimisiúin leathanach ar leathanach chun na hamhráin ó oirthear na Gaillimhe a aimsiú, agus go ndearna sí na hamhráin a scagadh agus a chlárú agus a aicmiú de réir téama
Sa Lochán Beag, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 23 Eanáir 1913 agus ba dhuine é den dáréag, ochtar buachaillí agus ceathrar cailíní, a bhí ag Micheál Ó Finneadha agus Bríd Ní Fhualáin ··· I ndiaidh bunoideachais cuireadh Pádraig go Coláiste Éinde i nGaillimh ··· Fuair sé post an bhliain dár gcionn mar Oifigeach Leighis Cheantar Charna, Co. na Gaillimhe
Bhí caisleán ag athair Ruairí, Aodh Ó Flaithbheartaigh, ‘captain of the nation of the O’Flahertys,’ i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, mar a raibh réimse mór talún ag a mhuintir, agus is ann a rugadh é ··· Cuireann Ó Muraíle in amhras na nithe a scríobh James Hardiman[B6], sa réamhrá a chuir sé le leabhar Ruairí, A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught..., 1846, faoin oideachas a cuireadh ar an bhFlaithbheartach, go raibh sé ag freastal ar scoil John Lynch[q.v.] i nGaillimh ··· Deir Nollaig Ó Muraíle in Oxford DNB gur chaith Ruairí 1696-7 i bpríosún i nGaillimh i ngeall ar fhiacha gan ghlanadh agus le cabhair dlí gur éirigh lena mhac cuid dá dtalamh a fháil ar ais ó na Máirtínigh
Chaith sé seacht mí i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ag foghlaim na teanga agus ag múineadh na Gearmáinise sular thosaigh sé, i mBealtaine 1939, ar thaighde a dhéanamh ar bhéaloideas na mara i Ros an Mhíl. Bhí sé ar lóistín i dteach Pheadair Uí Fhaoláin sna Doiriú nuair a bhris an cogadh amach ··· Bhí 150 pictiúr sa taispeántas úd. Bhí sé i gContae na Gaillimhe go 1941 agus as sin go 1952 i mBaile Átha Cliath, é ag saothrú a choda ann ag múineadh na Gearmáinise agus ag seinm an veidhlín ··· Chuir sé réamhrá i nGaeilge le Deutsche Lieder aus 7 Jahrhunderten: German Songs of seven centuries (1943) agus deir: ‘Ba mhinic dom ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge cois tine in Árainn is i gConamara agus i measc cuideachtan Ghaelach i nGaillimh is i mBaile Átha Cliath, agus is mé a bhaineadh taitneamh astu
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBéal Átha Mó, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 21 Meán Fómhair 1881 ··· (25), gníomhaire tithe a rugadh i nGaillimh; Michael (22), clóscríobhaí a rugadh i nGaillimh; Edward Thomas (19), cléireach sa Bhardas; Richard (17), dalta scoile
Gabhadh é i nGaillimh go luath i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh go príosún Wandsworth é ··· Toradh eile a bhí ar an iarracht seo ar é a mharú go mbíodh air oícheanta a chaitheamh go minic i dTithe an Rialtais in éineacht le hAirí i rith an Chogaidh Chathartha. D’éirigh le Pádraig i mórthoghchán 1923 nuair ba aon toghlach amháin Gaillimh ··· Sheas sé i nGaillimh in olltoghchán 1927 agus ní bhfuair ach 3.1% den vóta
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Muintir Eoghain, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 30 Márta 1880 ··· Dúirt Liam Ó Buachalla faoi in Ar Aghaidh, Feabhra 1938: ‘Bhí aithne agus eolas faoi leith ar bhochta na Gaillimhe aige agus is fial flaithiúil a chuidigh sé leo uair ar bith a raibh a fhios aige go raibh siad ina chall’. Phós sé Eibhlín Ní Scannláin ón bhFearann Fuar, Co ··· Ba é a sheoladh ag an am Roighne, Bóthar an Choláiste, Gaillimh
Chaith sé tamall ansin ag obair do ghrósaeir i gcathair na Gaillimhe go dtí gur thosaigh sé ag freastal ar Choláiste Sheosaimh, meánscoil a bhí ag na Bráithre Patraíseacha in Oileán Ealtannach i gcathair na Gaillimhe ··· Is cinnte go raibh sé ar ais i nGaillimh samhradh 1900 mar ba é a stiúraigh Feis na Gaillimhe 23 Lúnasa na bliana sin (An Claidheamh Soluis 8 Meán Fómhair 1900)
Dhealródh sé gur aistrigh an chlann go dtí cathair na Gaillimhe nuair a bhí Tomás ina bhuachaill óg ··· Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1910 ar aghaidh. I 1911 chuaigh sé ar ais chun na hAfraice Theas chun airgead a bhailiú ‘i gcóir an Ard-Teampaill agus i gcóir an Choláiste nua atáthar a thógáil i nGaillimh’, mar a dúradh in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1911 ··· Deirfiúr leis, Bean Emerson, a bhunaigh Óstán Eglinton i nGaillimh.
Busher beathaisnéis faoin teideal oiriúnach Consecrated thunderbolt (1971) Rugadh Peter Yorke sa Bhalla Fada, Gaillimh, ar 13 Lúnasa 1864 ··· Bhí sé ar scoil i gColáiste Iognáid i nGaillimh ··· Tá seanchas le fáil in Tales of the West of Ireland (1967) le James Berry [q.v.] faoin mbaint a bhí ag long de chuid mhuintir Yorke na Gaillimhe le bunú San Francisco. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Cuireadh síos go raibh Gaeilge aicisean agus gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh í ··· B’fhéidir gur leagan de ‘Lahiff’, atá le fáil sa Chlár agus in oirthear na Gaillimhe, an sloinne sin. Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1899 á chosaint féin ar chúiseamh ina aghaidh a bhí i gcuntas 23 Meán Fómhair ar an timire nuacheaptha Tomás Ó Concheanainn[B2] ··· Sa chúirt i nGaillimh 2 Márta 1912 chuir an máistir i leith an tsagairt gur chuir sé míchlú air
As sin amach bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe ··· D’éag sé 16 Meán Fómhair 1970 i nDroichead Átha agus adhlacadh é i reilig Rathúin i nGaillimh ··· Bhí sise ag cur fúithi san Oileán Ealtanach i nGaillimh ag an am
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Maíros, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Joseph William Mongan 4 Márta 1880 ··· Ba é an duine ba shine sa chlann é agus bhí triúr deirfiúracha aige. Sheas sé do Chumann na nGaedheal i nGaillimh in olltoghchán Mheitheamh 1927 agus d éirigh leis suíochán a bhuachan in olltoghchán Mheán Fómhair na bliana céanna ··· I nGaillimh thiar d’éirigh leis sna holltoghcháin go léir idir 1937 agus 1948
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘Fear séimh cneasta cuirtéiseach deá-ionramhálach ab ea é ach é fós go dígeanta dobhogtha nuair ba ghá sin agus dea-mheas dá réir sin ag a chomhpháirtithe agus a chomhchointinnigh air’ Ag scríobh ar a oiriúnaí a bhí sé i bpost Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a bhí Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 ach is dóigh go n-oireann sé mar chur síos ar na cáilíochtaí a bhí aige agus é ina Cheann Comhairle i nDáil Éireann. I nGleann an tSalainn, Cill Chonaicne, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 23 Bealtaine 1879 ··· Gabhadh é Meitheamh na bliana dár gcionn agus bhí i bPríosún Reading nuair a toghadh é i nGaillimh Theas in olltoghchán 1918 ··· Fuair sé an vóta ab airde i dtoghlach na Gaillimhe i 1932. Níor cheap de Valera ina aire oideachais é an bhliain sin, cé go raibh talamh slán á dhéanamh den cheapachán anseo is ansiúd
D’fhág sé an Blascaod i Márta 1927 agus tar éis oiliúna mar gharda cuireadh go dtí Indreabhán, Co. na Gaillimhe, é ar 12 Samhain 1927. Thuig Thomson go raibh mianach scríbhneora ann ··· Cuireadh Muiris ar diúité sealadach i nGaillimh féin ar 21 Meitheamh ··· Chaith sé ceithre bliana i gColáiste Éinne, Gaillimh, agus bliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Taispeánann sé go raibh John Killeen 10 mbliana d’aois ag an am agus ina chónaí i Roisín Thoir, Co. na Gaillimhe, in éineacht lena mháthair Mary, baintreach a bhí 45 bliana d’aois ··· Dúradh gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh é, go raibh Béarla agus Gaeilge aige féin agus a bhean Mary (57), múinteoir scoile a rugadh i gContae Mhaigh Eo ··· D’éag sí ar 28 Aibreán 1956 i dteach a mhic Cillian i Lenaboy Gardens, Gaillimh, in aois 81 di
I bhfoirgneamh Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a bhí an coláiste ullmhúcháin sin i rith Éigeandáil 1939–45, agus sin toisc seilbh ar fhoirgneamh an choláiste i nGaillimh a bheith ag an Roinn Cosanta agus gur tharla Coláiste Phádraig folamh ag an am i ngeall ar bhac a bheith i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais ar ábhar múinteoirí a earcú (Jones 2006) ··· An bhliain dár gcionn is i bhfoirgneamh an choláiste i nGaillimh a bhí siad ··· Chuaigh sé féin, a bhean agus a mhuirín óg chun cónaithe i dTuismeáin , Co. na Gaillimhe
Fear mór béaloidis a bhí ann freisin agus bhailigh sé an t-uafás ábhair i gCarna, Co. na Gaillimhe, a d’fhoilsigh sé ar na nuachtáin chéanna thar na blianta ··· Chuir siad fúthu i mBaile na mBúrcach ar imeall Chathair na Gaillimhe agus thóg siad triúr clainne, mar atá, Róisín, Dónal agus Eoin. Duine a bhí i nDiarmuid a thaistil ar fud an domhain i rith a shaoil go dtí an deireadh, ó uachtar go híochtar na cruinne
Bhí cónaí uirthi ag an am i gCillín, Páirc Moinseal, Gaillimh ··· Tá sí curtha i reilig Ráthún, Gaillimh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Bhaile Thíos, Mionloch, Gaillimh, a rugadh an scéalaí seo ··· Leis an láí a thuilleadh sé a bheatha, é ag saothrú na talún nó mar oibrí coitianta sna scéimeanna móra tógála ar nós an duga nua i nGaillimh nó na heaglaise Doiminicí, nó ag obair sa choiléar marmair in aice le Mionloch. Nuair a bhí tuairim daichead bliain d’aois aige phós sé Cáit Ní Fhathaigh
Faoi 1908 bhí sé ina rúnaí ar Chumann Dátheangach Chontae na Gaillimhe agus bhí alt i gcló aige, ‘Cois Fhairrge as a resort for Gaels’ (An Claidheamh Soluis 11 Iúil 1908) ··· Is amhlaidh a mhalartaigh sé poist le múinteoir sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, i dtreo go mbainfeadh sé amach líofacht sa Ghaeilge
‘The Conamara Crusher’ a thugtaí air ach i mbarr a réime i 1944 thugtaí ‘The Pride of Conamara’ air freisin. Sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 13 Deireadh Fómhair 1916 ··· Bhí ochtar mac agus beirt iníonacha aige. Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i 1936 chuaigh go Sasana agus d’fhaigheadh obair mar bouncer sna hallaí rince
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F ··· D’eagraigh sé mórshiúl na heagraíochta i nGaillimh i 1910
Bhí seachtar dá chuid oibrithe sa teach agus bhí Gaeilge ag duine díobh, Mary Molloy as Gaillimh, a bhí ag obair mar ‘nursery maid’ ··· Bhí máistreás cónaithe sa teach a raibh Gaeilge aici, Agnes Curtin ó Chontae Chiarraí, agus buime, Julia Connolly ó Chontae na Gaillimhe, a raibh Gaeilge aici. B’fhéidir gur tamall roimh 1901 a thosaigh a spéis i gConradh na Gaeilge
Fuair sé post taobh thiar de cathair na Gaillimhe ··· Phós sé Catherine Bergin i nGaillimh i 1919
Chaith sé tamall i nGaillimh ar dtús agus d’fhreastalaíodh ar ranganna Gaeilge a bhí ar bun ann ag na Proinsiasaigh ··· Deir Proinsias Mac an Bheatha go mba dhlúthchara ag Pádraic Ó Conaire [B2] é ach níl tagairt dó ag beathaisnéisithe an údair sin; deirtear freisin gur aistrigh sé scéalta de chuid Uí Chonaire agus go raibh baint aige le tógáil na deilbhe ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBaile na hAbhann, Eachroim, Co. na Gaillimhe, ar 21 Márta 1763 a rugadh an ball seo de na hÉireannaigh Aontaithe ··· Madden in The United Irishmen, their lives and times, 1843-46; thug a iníon, Jane Maryanne, eolas don Mhaidíneach. Mar ‘innocent papists’ agus i gcúiteamh an ghabháltais mhóir in Ulaidh a chaill siad in aimsir Chromail is ea a fuair a shinsir eastát i nGaillimh, dar le R.R
Bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Uladh. Ceapadh ina chigire bunscoileanna é i 1930 agus chaith sé tréimhsí sa Chaisleán Riabhach, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath ··· Bhí an dúspéis aige i stair Ghaoth Dobhair agus bhí sé ag bailiú eolais le linn dó bheith i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus é de rún aige leabhar a fhoilsiú.
Tá tuairim ag a muintir go ndeachaigh sí isteach in ord crábhaidh i nGaillimh ar feadh tamaill de 1916 ··· D’fhoghlaim an tAthair Tomás Ó Ceallaigh[B1] uaithi é agus thug do bhean i nGaillimh é agus thug sise é d’Eileen Costello.
Toghadh é ina fheisire thar ceann na Gaillimhe níos deireanaí an bhliain sin ··· Bhí sé ar dhuine de chisteoirí an choiste a bhunaigh an Conradh i 1908 chun troid in aghaidh na heitinne in iarthar na Gaillimhe. Bhí sé ina chogadh faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann an bhliain dár gcionn agus d'áirigh Pádraic Mac Piarais[q.v.] Gwynn mar dhuine de na gaeilgeoirí i Seanad nuacheaptha na hOllscoile
Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ann 25 Eanáir 1894 ··· Bhí fógra báis in Irish Independent, agus in Irish Catholic Directory na bliana dár gcionn, ach ní léir go raibh tuairisc cheart air in aon pháipéar i Maigh Eo ná i nGaillimh ná in aon iris Ghaeilge timpeall an ama sin.
Chuaigh scata ollúna ollscoile, Tomás Ó Máille ina gceann, amach ar ród na Gaillimhe le fáiltiú roimhe ··· Tugadh fleá agus féasta dó sa Royal Hotel i nGaillimh
D’fhág sé Baile Uí Fhiacháin i 1945 agus chaith sé deich mbliana ag múineadh i gColáiste Iognáid i nGaillimh ··· ‘Naomh Breandán’, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh, a sheoladh ag an am (Inniu 7 Meitheamh 1955)
Bhí spéis aige sna canúintí mar eochair don Sean-Ghaeilge agus bhreac sé ábhar ó sheanduine i mBóthar na Trá i nGaillimh (agallamh le Tomás de Bhaldraithe in Comhar, Feabhra 1995) agus scríobh aistí in Revue Celtique faoina raibh foghlamtha aige, mar aon le téacs an scéil a scríobh sé síos ó Thomas Forde i nGaillimh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Ráth Teis, Cill Chonla, Tuaim, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 7 Bealtaine 1882 ··· Is i gCill tSeanbhoithe sa pharóiste céanna a bhí an teaghlach nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh: Michael McHugh (50), feirmeoir a rugadh i gContae Mhaigh Eo; a bhean Ellen (50) a rugadh i gContae na Gaillimhe; deirfiúr a chéile, Margaret Keville (52); a iníonacha Maggie (15), Mary (12), Norah (10)
Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin in oirthear na Gaillimhe. Bhí baint aige le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ó thosach agus bhí ina chathaoirleach ar feadh tríocha bliain ··· Bhí sé ina shagart paróiste in Áth Eascrach, Co. na Gaillimhe, le 37 bliana nuair a cailleadh é ar 27 Márta 1967 agus is ann atá sé curtha.
Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus bhí ina theachta acu ag Ard-Fheis 1931 ··· Bhí cónaí air ag ‘Cúilín’, An Caisleán Nua, ag am a bháis, 29 Eanáir 1967, agus tá sé curtha i Rathún, Co. na Gaillimhe
Múinteoir scoile a rugadh i nGaillimh ba ea a mháthair, Brigid Murray ··· Sheas sé ar son Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh Thiar in olltoghchán 1944 agus ní bhfuair ach 442 vóta sa chéad chomhaireamh. Bhí cónaí air ar feadh i bhfad agus anuas go 1956 le muintir Schweppe ag 35 Cearnóg Mountjoy
Faoi 1915 bhí sé ina riarthóir i Lios Ceannúir agus ceapadh é an bhliain dár gcionn ina shagart paróiste i mBaile Chláir, Co. na Gaillimhe ··· I nGaeilge a thugadh sé a sheanmóirí i gcónaí agus tá sé tugtha suas dó gurb é a dhúthracht seisean a choinnigh an Ghaeilge beo i measc a phobail timpeall Bhaile Chláirna Gaillimhe
Thugadh sé cuairt ar na ceantair Ghaeltachta i bPort Láirge, i gCiarraí, i nGaillimh agus i dTír Chonaill. Bhí sé meáite ar Ghaeilgeoir a phósadh agus d’iarr sé lámh Josephine Ahearne, múinteoir i nDurlas ··· Is minic a thugadh sé cuairt ar Ghaillimh is ar Árainn mar is í Gaeilge Chonnachta ab fhearr leis labhairt
a fháil i 1908 cháiligh George Nicolls mar aturnae agus bhí sé ina Chláraitheoir i gContae na Gaillimhe ··· Gabhadh é i nGaillimh roimh an Éirí Amach agus chaith sé tamaill in Reading agus in Frongoch
Ach thuigfeá ón litir nach raibh puinn Gaeilge ag an gCeallachánach le linn do Thomás bheith ar scoil aige, gur ina dhiaidhsean a d’fhoghlaim sé an teanga. Chaith Tomás tamall gairid i Scoil na mBráithre Paitríseacha i nGaillimh agus i samhradh 1887 d’fhág sé Inis Meáin le dul go dtí na Stáit Aontaithe ··· I gCluain Eois a bhí sé ina chónaí ach i nGaillimh a bhí sé ag cur faoi ó dheireadh 1912 amach agus lean sé ar aghaidh ag obair go toildheonach don Chonradh ansiúd agus bhíodh sé i láthair ag Ard-Fheiseanna thar ceann Chraobh Inis Meáin anuas go dtí 1917
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Nuair a nocht Éamonn de Valera dealbh Phádraic Uí Chonaire i nGaillimh ar 9 Meitheamh 1935 is ar Phádhraic Ó Domhnalláin a thit sé labhairt ar shaothar an údair mhairbh ··· Fós féin moltar a iarrachtaí ar stíl phróis a fhorbairt. Rugadh Pádhraic in Íochtar Ard i bParóiste Uachtar Aid, Co. na Gaillimhe, ar 1 Márta 1884
Bhí sé i mBéal Feirste, in Iúr Cinn Trá, i Londain agus i Learpholl sular aistrigh sé go Gaillimh ··· I nGaillimh bhí baint aige le Conradh na Gaeilge
‘Amhrán an Tae’ agus ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ an dá amhrán is mó cáil dá bhfuil sa chnuasach. Dar le Colm gur rugadh é ar 2 Bealtaine 1796 i Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe ··· Ba chuimhin leis an rosc ‘Cuirfimid an choróin ar Bhonaparte’ bheith coitianta i measc an phobail, scéala a theacht faoi Waterloo, Raiftearaí a fheiceáil ag fidléireacht ar an mBóthar Mór i nGaillimh (‘fear garbh’ a thug sé air) agus Fuascailt na gCaitliceach
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Loch Cútra, an Gort, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 6 Meitheamh 1878 ··· Chaith sé an tréimhse 1938–42 i nGaillimh mar chigire ranna ag anRoinn Sláinte, post a bhí ag Tomás Bán Ó Concheanainn roimhe
Eisean a chuireadh cibé airgead a bhailítí i nGaillimh don Iasacht Náisiúnta chuig Micheál Ó Coileáin ··· Tá sé curtha in aice le Nice. Le linn dó bheith i nGaillimh chuir sé tacar amhrán le chéile, 77 ar fad
Ba dhóigh le duine go raibh i ndán don Bheirneach ón gcéad lá amach go mbainfeadh doiléire agus rúndiamhracht féin lena bheatha. I gCeathrú na Gaoithe, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ··· Oirníodh ina shagart é ar 19 Samhain 1899 i nGaillimh (Maynooth students and ordinations index 1795–1895)
Fuair sé bunoideachas i dTamhain agus chaith tamall i gColáiste na nÍosánach i nGaillimh ··· Faoi 1916 bhí siad ar ais i nGaillimh agus cleachtas ar bun ag Séamus ann
Rugadh é in Áit Tí Bhreasail in aice Eachroma, Co. na Gaillimhe ··· I dTeannmhagh, Co. na Gaillimhe, a fuair sé bunscolaíocht agus ansin chuaigh sé isteach sa choláiste deoiseach i mBaile Locha Riach
Ba thábhachtach an scríbhneoir é Tomás Bairéad agus is cinnte nár tugadh an t-aitheantas ceart dá thallann i measc ghearrscéalaithe na Gaeilge” (An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981). Sa Bhaile Dóite, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 7 Iúil 1893 ··· Bhí gach rud ar a mhian aige ann: “bád ar an loch agus gléas iascaireachta; gunna, cú, leathbhrocaire agus mada caorach; trapanna agus súilribeacha agus capall agus carr cruinn a thabharfadh chuig an Aifreann muid agus isteach go Gaillimh corrlá”. Bhí sé sna hÓglaigh ó thosach agus ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta
B’fhéidir gur mhó an toradh a bhí ag an mbéaloideas ar a phrós ná ar dhéantús aon duine eile de scríbhneoirí a linne, an chuid díobh nár chainteoirí dúchais Gaeilge iad. I gCoill an Bhogaigh, Goirtín i bparóiste Bhaile Mhic an Bhaird, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 13 Meán Fómhair 1880 ··· Bhí cónaí orthu i nGaillimh agus triúr mac acu
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Bhaile Nua, an Líonán, Co. na Gaillimhe, a rugadh ‘Conall Cearnach’ (Frederick William O’Connell) ar 22 Deireadh Fómhair 1876 ··· Thaistil a bhean, a pháistí agus a thuismitheoirí leis an gcónra ar an traein go dtí an Clochán i gContae na Gaillimhe
Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i Londain ó 1896 go 1908 agus ba phearsa ríthábhachtach é i saol na nÉireannach thall. I gCinn Mhara, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 27 Méan Fómhair 1854 ··· B’as Boirinn, baile beag sa Chlár siar an bóthar ó Chinn Mhara, dá athair Tomás, agus b’as Ráth Torpa in aice le Gort, Co. na Gaillimhe, dá mháthair, Celia Marlborough
Beidh faill aige feasta bheith ag cruinniú litríochta Gaeilge i nGaillimh ··· Faoi Bhealtaine 1917 bhí sé ag timireacht i gContae Liatroma agus sa bhfómhar chuir an Coiste Gnó i gceannas ar Ghaillimh agus Ros Comáin é
na Gaillimhe, ag múineadh scoile sa Drom Bán ag an am agus pósadh iad i bhfómhar 1917 ··· Sloinne coitianta é in iarthar na Gaillimhe
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Lorgain i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh an timire seo ar 14 Eanáir 1881 ··· Phós sé Bríd Nic Ghloinn ón gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1944 agus rugadh beirt mhac dóibh
Thuigfeá ó thráchtas Uí Chonghaile gur foinse saibhir fíanaise i dtaobh ghnéithe den saol sin is ea saothar Phádraic Óig. Sa Turlach Beag, Ros Muc, Co. na Gaillimhe a rugadh é 11 Márta 1893 ··· I nGaillimh a bhí sé ar feadh cuid den tréimhse 1911–17. Ceapadh é ina mhúinteoir taistil i dtuaisceart Uíbh Fhailí i nDeireadh Fómhair 1917
Dar leis an iontráil in Celtic who’s who 1921 gurbh sa Leathcheathrú, An Droichead Nua, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 2 lúil 1874 ··· Ba iad John Crehan agus Mary Farrell a thuismitheoirí, Rushestown, an Creagán, Co. na Gaillimhe, an chaoi a gcuirtear síos ar a áit bhreithe in Galway authors
na Gaillimhe, i 1647 ainmníodh ina ghairdian é ar chlochar Dhún Dealgan ··· Ach a luaithe a bhí sé soiléir go raibh Cromail ar tí teacht ghéill Gearnon, Walsh agus a lucht leanúna ag caibidil i gCill Chonaill, Co.na Gaillimhe, agus d’iarr maithiúnas ar an bproibhinsial. Is cosúil go raibh air teitheadh thar lear ag an am seo
Bhí samhlaíocht agus stuaim san fhíodóireacht a ndearna sé ar fhocail agus ar véarsaí.’ Ar Fhínis, oileán in aice le Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Seán Cheoinín 1 Nollaig 1918 ··· Ba leis an iascaireacht agus le hiompar earraí ar an bhfarraige idir Conamara agus Gaillimh a thuill sé a bheatha roimh ré na leoraithe
Sa Leathbhaile Rua i bparóiste Chill Tulach, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ··· Bhí sé ina shagart paróiste sa Dún Mór, Co. na Gaillimhe
B’as an mBroscach i gContae na Gaillimhe ··· Bhuail scríbhneoir darbh ainm Jeremiah O’Donovan ó Phittsburgh leis agus cuireann seisean síos air in A Brief Account of the Author’s Interview with his Countrymen and of the parts of the Emerald Isle whence they emigrated together with a direct reference to their present location in the land of their adoption, during his travels through various states of the Union in 1851 and 1855, 1864: ‘To omit the name of an Irish gentleman from County Galway of the name of Michael Burke, Esquire, would be an unpardonable sin and show much ingratitude on my side of the question
I gcathair na Gaillimhe a rugadh é ar 3 Feabhra 1766 ··· I measc na gcáipéisí sa Leabharlann Náisiúnta tá litir a scríobh Francis Blake i nGaillimh i 1783 chuig Francis Martin i nGreanáda ag iarraidh air cuidiú leis an bhfear óg
Faoi 1637 bhí sé ina ghairdian ar an gcoinbhint i nGaillimh ··· Froinsias a ba mhó a bhí ag cothú ceannairce, gur chuir sé a ainm, nuair a bhí sé i nGaillimh, leis “an bhfógra fuilteach”, agus gur cháin sé go scannalach an Ardchomhairle agus a lucht leanúna ina chuid scanmóirí, agus ar mbeith i Luimneach dó, go raibh sé páirteach in uisce fá thalamh in aghaidh an rí, mar shúil is go mbainfi an choróin de.’ Tá fianaise ann go raibh sé ar a choimeád i sléibhte Chúige Uladh i 1656
Dar leis an Catholic Encyclopaedia gur aistrigh sé go Gaillimh i 1644, tar éis dó a bheith ag múineadh an chreidimh i nDeoise Phort Láirge agus Leasa Móire, agus gurbh i nGaillimh a d’éag sé. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
I gCill Tormóir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 30 Lúnasa 1909 ··· D’aistrigh an teaghlach go cathair na Gaillimhe agus d’fhreastail sé ar bhunscoil Bhráithre Phádraig
Ar an Tulach i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 29 Aibreán 1907; ba é Pádhraic (Pat Shéamais) Ó Conghaile a athair agus ba í Bridget Flatharty ó Bhánrach a mháthair ··· Deir Mac Lochlainn: ‘Dealraíonn sé go mba eagras poiblí eile den IRA, Muinntir na Gaedhealtachta, a bhí taobh thiar d’aighneas an locha, agus Séamus, [Máirtín] Ó Cadhain[B4] agus [Seán] Ó Coisdealbha mar cheannairí air.’ Páirc Moyola, An Caisleán Nua, Gaillimh, seoladh Shéamuis nuair a d’éag sé ar 6 Aibreán 1989
Ó Conaola ar an gceoltóir seo ón Spidéal, Co. na Gaillimhe, in Foinse 10 Meitheamh 2001 agus cuntas ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an Tír Aineoil ··· Ba é an dara duine ab óige é den deichniúr páistí a bhí ag Micheál Ó Conluain, múinteoir Gaeilge ón Muileann gCearr, agus Cáit Ní Choisdealbha, amhránaí cáiliúil ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal, Co. na Gaillimhe
B’as an mBóthar Dubh, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, dó; bhí sé gaolmhar leis na filí Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin [B6] agus bhí sé i seanchas a mhuintire go bhfanadh Raiftearaí[B6] ina dteach. Bhí triúr deirfiúracha ag Tomás ··· Bhí baint aige le Clann na hÉireann i ndeireadh na 1930idí agus ar feadh cúpla bliain bhí sé i gceannas ar champa samhraidh do bhuachaillí ar an gCnoc, taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe
I Lios Maine, i bparóiste Chluain Tuaiscirt agus in aice le Míleac, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 8 Márta 1895; foilsíodh léacht a thug sé ar a áit dhúchais faoin teideal Mílic, 1943 ··· Chaith sé tamall timpeall 1981-82 in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus na blianta deireanacha in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil in iarthar na hÉireann agus toghadh ina chomhairleoir contae é i 1934; bhí sé ina bhall de Choiste Leabharlann Chontae na Gaillimhe ar feadh i bhfad ··· Chaith Mairéad tamall ina múinteoir Gaeilge agus ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha, agus chaith tréimhsí i bpríosún i nGaillimh agus i gCill Mhaighneann
Chaith siad tamall i nGaillimh sular shochraigh siad síos i mBaile Átha Cliath ··· Le linn dóibh a bheith i nGaillimh bhí tionchar mór uirthi ag George L
Cuireadh oideachas uirthi i gclochar na nDoiminiceach sa Bhóthar Ard i nGaillimh ··· Dhéanadh sí aisteoireacht i dTaibhdhearc na Gaillimhe, sna drámaí a d’aistrigh a hathair ón Fhraincis go mór mhór
In Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ··· Ghabh fórsaí an tSaorstáit é i 1923 agus chaith sé tamall i bpríosún i nGaillimh agus i ngéibheann sa Churrach
Rinne Barry taighde ar shiúcraí ann agus deir Mollan: ‘His work on sugars at Galway quickly led to the establishment of an industry based on seaweed.’ Monarcha Atlantic Alginate i mBaile Conaola, Co. na Gaillimhe, a bhí i gceist, ní foláir. I 1943 thug an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Comhaltacht sa Cheimic Orgánach dó, rud a mhol an Medical Research Council of Ireland dóibh i ngeall ar imní Rialtas na hÉireann i dtaobh na heitinne, agus dhírigh sé ar úsáid an cheimiteiripe in aghaidh an ghalair sin a iniúcadh
Shíl cuid dá lucht aitheantais gur bhain contrárthacht uaireanta lena dhearcadh i leith na hathbheochana agus na polaitíochta, agus is cur síos ar an taobh sin dá phearsantacht a rinne Kevin Dawson in The Sunday Tribune 20 Bealtaine 1990 (‘Gulliver of the Gaels’) go gairid i ndiaidh do Phroinsias a bheith tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. I dTeach Altranais ‘Seamount’, Bóthar na Trá,Gaillimh, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1933 (sa teach céanna a rugadh Breandán Ó hEithir breis is trí bliana roimhe sin) ··· Sa Ghort Mór, Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Criostóir Mac Aonghusa [B8] agus Mairéad de Lappe
Bhí sé ar ais i nGaeltarra Éireann, a aistríodh ó Shráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath go dtí Coismeig Móir sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, mar bhainisteoir ginearálta, tharla muinín a bheith aige as an mbord a bhí ceaptha, as Íomhar Ó Cionnaigh agus Colm Barnes go háirithe ··· Sna Foraí Maola, Bearna, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí orthu
Chraol TG4 an clár ‘Sin í an fhírinne – Johnny Chóil Mhaidhc’ 27 Nollaig 2006. In Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh an mac seo le Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, gabha, agus Máire Ní Dhonnchadha ar 21 Meitheamh 1929 ··· Is amhlaidh a bronnadh duais air i dTaibhdhearc na Gaillimhe mar an aisteoir ab fhearr
Tar éis tamaill ina feighlí páistí ag dochtúir i dTuaim, Co. na Gaillimhe, chaith sí dhá bhliain mar bhean an tí ag an Athair Mathúin Ó Riain[B1] i bparóiste Chnoc an Bhile, Co ··· Aistríodh í go dtí teach altranais sa Chaisleán Nua, Gaillimh, i 1996 agus is ann a d’éag sí 31 Nollaig 2003.
San Aird Thoir, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 1 Deireadh Fómhair 1919 ··· Chaith sé tamall ag obair d’fheirmeoir in oirthear na Gaillimhe
Sa Lochán Beag ceithre mhíle taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 12 Samhain 1932 ··· Sna Fotharaí Maola, Bearna, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí air féin agus a bhean Máire Ní Chartúir
I ndiaidh oideachais i gColáiste Éinde, Gaillimh, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ··· Bhí sé ag múineadh scoile i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chláir agus bhí ina phríomhoide i scoil Chora Finne, Co
Chaitheadh sé tamaill i Ros Muc, Co. na Gaillimhe; le scríbhneoireacht na Gaeilge i rith 500 bliain a bhain a thráchtas dochtúra ··· Bhí sé pósta ar Mháire Ní Mhurchú, múinteoir náisiúnta ón gCluain i gceantar an Chloiginn, Co. na Gaillimhe, agus bhí iníon agus triúr mac acu
Baineann cuid mhaith de chuntas Uí Ghadhra leis an tionchar a bhí aige ar shaol na hollscoile agus na Gaillimhe; is leis ba thúisce, mar shampla, a rith an smaoineamh go ndéanfaí 500 bliain Chathair na Gaillimhe a chomóradh i 1986
Chuaigh sé as sin go Coláiste Naomh Muire i nGaillimh ··· Anuas go 1966 bhí sé ag múineadh na Laidine agus an Teagaisc Chríostaí i gColáiste Éinde, Gaillimh, agus bhí tamall ina uachtarán ann
Ar an gCnoc, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 24 Márta 1912 ··· Chuaigh sé isteach in Ord na gCairmilíteach Díbhrógacha i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, 7 Meán Fómhair 1931 agus oirníodh i mBaile Átha Cliath é 11 Meitheamh 1938
Sna Forbacha, Co. na Gaillimhe a bhí cónaí ar an teaghlach. Óna lámh a tháinig: Gandhi (1969); John Boyle O’Reilly agus an glór Gael-Mheiriceánach (1976); Éamann Iognáid Rís (1977); Richard J ··· Taom croí ba thrúig bháis dó ina theach sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar 13 Lúnasa 2008
Leis an drámaíocht agus an amharclannaíocht i gcoitinne, i gCorcaigh ar dtús agus ansin i nGaillimh, a chaith sé cuid mhór dá dhúthracht ··· D’athbhunaigh sé an Cumann Drámaíochta san ollscoil i nGaillimh
D’imir sé mar chúl báire ar fhoireann peile Chorcaí ar bhuaigh Gaillimh orthu i gCraobhchluiche na hÉireann in 1956 – tharla Seán Purcell agus Frankie Stockwell a bheith ar fhoireann na Gaillimhe
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar 22 Eanáir 1930 i gcathair na Gaillimhe a rugadh Éamon Óg de Buitléar, tharla gur sa chathair sin a bhí a athair Éamon (1902–1981) [q.v.] i gceannas ar an gCéad Chath d’Arm na hÉireann ··· Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thug sé cuairt arís ar Ghaeltacht na Gaillimhe, é ar an ‘ordóg’ an uair seo
Cuireadh bunoideachas air i gCnoc a’ Stolaire agus meánscolaíocht i gColáiste Éinde, Gaillimh ··· na Gaillimhe (mionúr)
Maidir leis na comharchumainn i gConamara luaitear é in aon anáil le Pádraig Ó hAoláin, Tarlach de Blacam agus Éamon Ó Cuív. Is mar iarrthóir neamhspleách a sheas sé i bhfothoghchán 1975 i nGaillimh Thiar nuair is ag Máire Geoghegan-Quinn a bhí an bua ··· I 2002 theastaigh uaidh a bheith ina iarrthóir Dála thar ceann Fhine Gael i nGaillimh Thiar
Ghlac Pádhraic Learaí páirt i gCogadh na Saoirse i gConamara; mar is léir ar chuid dá amhráin, chaith sé téarmaí i bpríosún i nGaillimh agus i nDoire
Is cosúil gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh é
Foilsíodh in Comhar, Feabhra 1981 agallamh a rinneadh léi ar fiú é a léamh chun teacht ar léirthuiscint ar fhoilsitheoireacht Ghaeilge 1945-80 agus ar a mhéid a d’éirigh le comhlacht beag a dhéanamh de thoradh misnigh, grá tíre, éirime agus spiorad na fiontraíochta. I dteach a seanathar Hubert Breathnach (1849-1905) i gCill Fhínín, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 26 Aibreán 1920
Bhí sé ag múineadh ar feadh bliana i nGaillimh sular ceapadh é ina mhúinteoir ceimice sa Choláiste Teicneolaíochta, Sráid Chaoimhín, Baile Átha Cliath
na Gaillimhe, a rugadh é ar 5 Samhain 1910
Maigh Locha, Co. na Gaillimhe, a seoladh um Nollaig 1921 nuair a chuir Cumann Gaelach na hEaglaise fáilte roimh Éamonn de Valera (An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990 le Risteárd Giltrap). In alt san Irish Times 25 Feabhra 1967 féachann Beatrice siar (‘One Protestant’s claim to Irish identity’): ‘Despite my involvement with the Gaelic League at the beginning of the century, was I really justified in maintaining a completely Irish stance, in view of my Anglo-Irish Ascendancy background
Ghnóthaigh sé Duais (seachas Scoláireacht) Chiste Theach an Ard-Mhéara sa Ghaeilge i 1934.’ Mar chomhalta den Chumann Éigse agus Seanchais a bhí sé i láthair oíche Dhomhnaigh an 17 Feabhra 1935 in Óstán Eglinton, Bóthar na Trá, Gaillimh, ag díospóireacht idirollscoile, agus mhol sé comheagraíocht a bhunú, rud ar aontaigh teachtaí eile chumainn Gaelacha na n-ollscoileanna leis go fonnmhar
Tá a dhealbh de Raiftearaí[B6] i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe, agus ceann den Bhantiarna Gregory[q.v.] taobh leis
‘Tá an Pháirc Gharbh tuairim is sé mhíle soir ó Ghaillimh, an taobh ó thua den bhóthar atá ag dul go Muine Mheadha’
na Gaillimhe do mhuintir Threasaigh
Chaith sé tamall i gColáiste Naomh Antaine i nGaillimh ag múineadh fealsúnachta agus stair na bhFroinsiasach sular ceapadh é ina Ollamh le Fealsúnacht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1937
B’éigean dó scor den obair de dheasca drochshláinte i 1973 agus d’éag sé i nGaillimh 13 Nollaig 1976
Cuireadh go Gaillimh é agus bhí sé ag déileáil ansiúd le seandaoine a bhí i dteideal an phinsin; Gaeilgeoirí i gConamara ba ea cuid mhaith díobh agus chabhraigh sin le Pádraig cur leis an nGaeilge a bhí foghlamtha ar scoil aige
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a rugadh an scoláire clasaiceach seo ar 18 Deireadh Fómhair 1907
Cúram na n-ábhar sagart i mBaile Átha an Rí agus i gCluain Mhuire, Gaillimh, ab obair dá laetha ó 1939 agus ó 1947 bhí sé ina cheannaire ar na nóibhísigh i Luimneach
Toghadh ar Choiste an Chumainn le Béaloideas Éireann é i mí Eanáir 1936 agus bhí sé ina bhall den Choiste ó 1936 go 1961. Thagadh sé féin agus Treasa agus a gclann go Carna, Co. na Gaillimhe, ar laethanta saoire sna 1930idí agus thógaidís teach ar cíos i Maíros
Tar éis dó tamall a chaitheamh ag cairéalú agus tamall ag sclábhaíocht do thiarna talún agus d’fheirmeoirí láidre chaith sé tréimhse na hÉigeandála ina shaighdiúir in Arm na hÉireann (ó 1939 go 1947), é sá Chéad Chath sa Rinn Mhór i nGaillimh cuid mhaith den am
Chaith Peadar gach samhradh ó 1925 amach i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, é ina mhac léinn ann ar dtús agus ina ollamh ar ball
Bhí cónaí orthu anseo is ansiúd: i nDeilginis ar dtús, i mBinn Éadair ar feadh i bhfad, tamall i seanteach an RIC in Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus, ar deireadh thiar, i mBré
Chaith sé tamaill i gCathair Saidhbhín, i dTír Chonaill, sa Daingean agus bhí sé i nGaillimh ó 1937 go ndeachaigh ar pinsean in 1957. Chaill Séamus a phost i gCarraig an Tobair mar gheall ar 1916 agus ceapadh Seán Ó Curraoin ón Rinn ina ionad
I ndiaidh bunoideachais i gCora Finne cuireadh go Coláiste St Mary i nGaillimh é agus ar ball bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh
Bhí sé pósta ar Mháirín Ní Chionnaith as Carna, Co. na Gaillimhe, agus bhí iníon agus triúr mac acu
Is sa phost sin dó, agus é ag fiosrú i dtaobh Gaeilge logainmneacha Chreachmhaoil in oirthear na Gaillimhe, a chuir sé aithne ar fhear a bhí eolach ar a leithéid, Máirtín Furey (1877–1963), Manainn Ard, Creachmhaoil, Gaeilgeoir a bhí i láthair ar 26 Lúnasa 1900 nuair a cuireadh cloch ar uaigh Raiftearaí
Scoláireacht Ghaeltachta de chuid Choiste na bPáistí a thug go Conamara, Co. na Gaillimhe, í
I gCaisleán Achadh Raithin (Caisleán Uí Cheallaigh), Béal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe a rugadh é ar 8 Lúnasa 1797
na Gaillimhe, agus i gCill Chainnigh
I 1950 phós sé Máire Ní Mhuirí, múinteoir ón gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe (d’éag sí 27 Aibreán 1998)
Ó hÉigeartaigh[B5] .... Bhronn Ollscoil na hÉireann DLittCelt air um Meitheamh 1995 i nGaillimh
D’aistrigh sé drámaí ón mBéarla don Chomhar agus scríobh bundrámaí a stáitsíodh sa Gheata, in Amharclann na Mainistreach, sa Phéacóg, i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus in Halla Damer
Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Éinde, coláiste ullmhúcháin i nGaillimh, agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i nGaillimh ar feadh tamaill
Is iomaí onóir a bronnadh air: saoirse na Gaillimhe, dochtúireachtaí ó Ollscoil na Ríona, ó Choláiste na Tríonóide, ó Ollscoil Luimnigh; rinneadh chevalier de sa Légion d’Honneur
Chuaigh sé isteach sa Chéad Chath ar an Rinn Mhór, Gaillimh, i 1940 agus chaith blianta an chogaidh ann
na hIarmhí, gach seans gur tháinig cuid eile de Dhomhnallánaigh Bhaile Uí Dhomhnalláin, Co. na Gaillimhe, aniar in éineacht leis
Ábhar i mBéarla is mó a bhailíodh Séamas ach bhailigh sé ábhar i nGaeilge freisin ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, mar a raibh sealla saoire acu
Ba iad a thuismitheoirí Mícheál Ó Briain [B8], aisteoir gairmiúil arbh as an gCoilleach, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, dó, agus Caitlín Ní Fhaoláin arbh as Co
I nGaillimh agus i gCorcaigh a bhí sé ag obair sular ceapadh ina chigire bunscoile in iarthar na tíre é i 1941
I 1917 aistríodh é go dtí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i nGaillimh
‘Ba gheal leis i gcónaí cuimhne a thurais go Gaillimh, áit ar cuireadh a chaint ar cheirnín.’ Tá cuid mhór dá sheanchas i mbailiúchán Roinn Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
D’éag sé ar 9 Márta 2004 agus tá sé curtha sa Reilig Nua i nGaillimh
Bhí sé in aois mheánscoile nuair a d’aistrigh an teaghlach go Gaillimh
na Gaillimhe, a lonnaigh in Árainn timpeall 1815
Ar an gCoilleach i bparóiste an Spidéil, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 15 Lúnasa 1923
Is de bharr a thaithí ar Chois Fharraige a roghnaigh sé féin Gaillimh-Maigh Eo mar réigiún. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Poist agus Telegrafa ó 1945 go dtí go bhfuair sé post an Rúnaí i 1948 agus bhí baint mhór aige leis an bhforbairt a rinneadh ar Radio Éireann ó 1947 amach agus go háirithe maidir leis an gceolfhoireann shiansach
Cháiligh sé mar oifigeach sláinte poiblí agus bhí ag obair i Leitir Ceanainn, i gCiarraí agus i nGaillimh
I ndiaidh bunoideachais i scoil an Toir, bhí sé i gColáiste Éinde i nGaillimh
Anuraidh chaith mé bliain ar an Chreagán i gContae na Gaillimhe’ (as an litir chuig Ó Droighneáin); síltear gur dheacair dó post buan a fháil i ngeall ar a phoblachtachas ach síltear freisin gurbh í an mhúinteoireacht faoi deara an cliseadh néarach a bhain dó i gContae Liatroma timpeall an ama sin
Casadh ar an bhFlathartach den chéad uair é i 1933 ag Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCnoc na hAille, Co. na Gaillimhe
Ag an gComhdháil Nordach-Ceilteach ar fhinnscéalta a tionóladh i nGaillimh i 1992 d’inis sé scéalta do dhaoine as tíortha éagsúla, seisiún a chuir go mór le himeachtaí na comhdhála
I mBaile na gCrann sna hAille, trí mhíle taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é i nDeireadh Fómhair 1903
Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr
Sa Mháimín, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 30 Meán Fómhair 1922
Tar éis dó freastal ar scoil an Oileáin chuaigh sé féin leis an iascaireacht. Chaith sé bliain i rith 1936-37 i nGaillimh, mar a raibh a dheirfiúr pósta
D'athfhoilsigh Nuascéalta Teo The house of gold, le réamhrá ag Tomás Mac Síomóin, agus sheol an tAthair Pádraig Standún an leabhar i Leabharlann Cathrach na Gaillimhe ar 13 Meitheamh 2013. Foilsíodh an t-úrscéal Famine in 1937 agus meastar gurb é an saothar is foirfe dá chuid scríbhneoireachta é
a bhí ag Cóil Choilm Deáirbe agus ag Nan Mharcuisín (Ní Chualáin) as Inis Oirc, ar Inis Mhic Cionnaith (An tOileán Mór), sular athraíodar amach go Doire Fhátharta [an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe] i 1969.’ Tar éis bunscolaíochta agus meánoideachais ar an gCeathrú Rua chaith sé tamall i Sasana sula ndeachaigh sé go Boston mar ar chaith sé tuairim is deich mbliana
Chuirtí siar go Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, é tharla aithne ag a mhuintir ar theaghlach i nDroichead na hInse arbh as an áit sin dóibh
Bhí sé ina Stiúrthóir Múnlaithe i gColáiste Antoine, Gaillimh, 1972-78
Is é an t-údar atá leis sin go bhfuil úsáid shóisialta i bhfilíocht Joe Shéamais Sheáin do phobal Chois Fharraige.’ I mBaile na mBrobhach atá in aice leis an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh an Filí 1 Eanáir 1908; b’as an áit sin dá athair, arbh fheirmeoir é de réir thaifead an bheireatais, agus b’as Baile na hAbhann dá mháthair, Nóra Ní Chualáin
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir ach chuaigh isteach san Arm agus i 1942 tugadh coimisiún captaein dó agus bhí sé sa Chéad Chath i nGaillimh
Faoi 1596 bhí sé ina léachtóir ann nuair a cuireadh go Gaillimh é chun go gcabhródh sé le hEaglais na hÉireann ansiúd
I gContae na Gaillimhe a rugadh é
Is cosúil gurbh é Cill na Manach, Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, a bhí i gceist
Sa Pháirc, Co. na Gaillimhe, mar a raibh scoil ag muintir Mhic Aodhagáin, a rinneadh cuid den obair sin
Bhí muintir Uí Sheachnasa i nGort, Co. na Gaillimhe, síolraithe ó Ghuaire an Oinigh, mar shampla, ach dúirt Aonghus fúthu: ‘Do bhádhas oíche gan digh, / I dtigh an Ghiolla Dhuibh, is gan bhia, / Ní buíoch fear aon uaire, / I nGort Inse Guaire riamh.’ Ach ba mheasa fós an dara ceathrú: ‘Ní aoraimse ach mná maithe, / Clann rithe nó ró-fhlatha, / Atá sibhse saor, mar sin, / Níor aor mise bhur máthair.’ Tháinig sé ar deireadh go teach Uí Mheachair i nDroim Saileach in aice le Ros Cré
Tar éis tamaill i mBaile Átha Cliath cuireadh go Gaillimh é i 1644 agus bhí sé ina uachtarán ar na Caipisínigh ansiúd nuair a shroich Rinuccini an chathair um Meitheamh 1648
Bhí sé ag obair i bparóiste Dhún an Uchta i nGaillimh ar dtús agus ansin i gCill Tulach
I mBaile Uí Ogáin in aice leis an Tobar, Co. na Gaillimhe, ar theorainn Chontae an Chláir, a rugadh é
Bhí talamh aige i Ros Comáin agus i nGaillimh freisin
Deir Seosamh Mac Mathúna in Kilfarboy: a history of a West Clare parish, 1974 go raibh sé pósta roimhe sin ar bhean i nGaillimh
Um Nollaig 1934 agus é ar saoire bhailigh sé béaloideas in Áth an tSléibhe d’Institiúid an Bhéaloidis agus an bhliain dár gcionn is air a thit sé an t-eitneolaí Sualannach Äke Campbell a thabhairt timpeall Mhaigh Eo agus na Gaillimhe; meastar gurbh iad an dá thasc sin a d’adhain a spéis in ailtireacht dúchasach tuaithe na hÉireann
I gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 1 Deireadh Fómhair 1911
Chaith sé cúpla tamall san arm agus tamaill eile ag spailpínteacht in oirthear na Gaillimhe
Bhíodh sé ag liostáil chomh fada ó bhaile le Loch Garman agus is amhlaidh a d’fhuadaíodh se fir óga anois is arís. Tuairim deireadh 1750 d’fhostaigh na Coimisinéirí Ioncaim John Puxley, Protastúnach ó Chontae na Gaillimhe, fear a bhí ag cur faoi i mBéarra le fiche bliain
Is dá thoradhsan a chuir Propaganda Fide fainic ar uachtaráin Mhic Ghabhráin sa Róimh gan cead a thabhairt do shagairt a raibh drochamhras orthu moill a dhéanamh i Londain. I Lúnasa 1687 ceapadh é ina sheanmóíri agus ina athair faoistine i Mainistir an Rois, Co. na Gaillimhe
Dúradh san Irish Times i dtaobh fhoilseacháin a roinne i nGaillimh: ‘Perhaps the most impressive single piece of work to emerge from the geography department in its early years was the Galway Gaeltacht Survey [An tSuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe, 1969]
i nGaillimh. Bunaíodh Dún Mhuire agus a fhoireann taighde i gCill Iníon Léinín, Co
I 1900 chaith Micheál bliain i gColáiste Iognáid mar dhalta lae, ansin bliain eile mar mhac léinn cónaithe i gColáiste na bProinsiasach sa Chreagán, agus bliain eile fós i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh
Ceapadh é ina bhreitheamh dúiche i 1968, post a bhí aige go ceann 31 bliain; i rith an 17 bliain tosaigh bhíodh cúirt aige i mórán áiteanna: Árainn, Gaillimh, Ros Mhic Thriúin
Chaith sé tamall i dteach Phádraig Mhic an Iomaire i gCarna, Co. na Gaillimhe, ag foghlaim Gaeilge agus chaith sé tamaill i dTeileann agus sa Bhun Beag
Is dóigh lena mhuintir nach le Gaeilge a tógadh iad. Oirníodh Máirtín tuairim 1904 agus bhí sé ina shagart cúnta sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, 1909–10 tar éis dó bheith ina shéiplíneach i mBéal Átha Bhearaigh roimhe sin
Ceithre bliana a chaith sé ansiúd, é ag freastal ar bhunscoil Chéim an Fhia, agus bliain ansin in aice an Spidéil i nGaillimh mar a raibh Mairéad agus Aodán ar scoil
‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar ..., 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin. I gCurrach an Doire, Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 29 Meán Fómhair 1836
Dlúthchara le hArt Ó Gríofa agus Liam Ó Maolruanaidh [B2] ba ea é agus ball bunaidh den Chumann Liteartha Ceilteach agus de Shinn Féin . I mBaile Átha Cliath a rugadh é ach b’as Gaillimh do mhuintir a athar agus b’as Cill Dara do mhuintir na máthar
Clódóir ag an bpáipéar sin, Micheál Mac Aodha ó Chontae na Gaillimhe, fear a mhúineadh rang i Halla na gCeard, Sráid Chéipil, an chéad mhúinteoir Gaeilge a bhí ag Séamus
De Loingsigh na Gaillimhe seanmhuintir Jane. I Scoil Ghramadaí Leeds bhí Robin chomh tugtha sin don léitheoireacht go bhféadfadh sé leabhar a léamh agus rothar a stiúradh in éineacht
Tar éis bheith i gColáiste Avondhu i Mala, sórt coláiste ullmhúcháin, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de la Salle i bPort Láirge. Fuair sé post i nGaillimh agus is ann a casadh air a bhean Nuala Ní Mhóráin
Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é agus is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín
D’aistrigh siad go dtí Bóthar Larkhill i Whitehall agus fuair Labhrás bunscolaíocht i Scoil Naomh Seosamh, Sráid Dorset, sula ndeachaigh sé go Coláiste Éinde i nGaillimh 1928
Ag Aifreann chuairt an Phápa ar Ghaillimh chas Seán “Seacht súáilcí na Maighdine” (“Seinn Aililiú”)
Phós duine díobh, Margaret, Henry Carey, pílear ó Ghlinnte Aontroma agus bhí mac leosan, Hugo Carey, ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann sa pheil i 1934. Dúirt Berry gur ó bhéalaithris a scríobh sé na scéalta
Deirtear gur scríobh sí dráma trí mhír i nGaeilge freisin. In aice le Gaillimh a bhí cónaí orthu ar dtús agus ansin i dTeach an Rosa i Ros Cathail in aice le hUachtar Ard
Ó 1929 amach is gColáiste Éinne agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh a bhí sé ag múineadh
Sin é a d’inis beirt de na scéalaithe féin do Shéamus Ó Duilearga. I gCiarraí is mó a scríobh sé scéalta síos agus bhíodh sé i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i Luimneach freisin
XIII, 1996, in eagar ag Pádraig Ó Macháin agus Nessa Ní Shéaghdha, tá cur síos ar chuid dá bhfuil ina lámhscríbhinní. I Móinin an Chumair, Béal Átha Glúinín, Co. na Gaillimhe, a rugadh é
Chaith sé tréimhsí i scoileanna i nGaillimh, i nGuaire agus i bPort Láirge sula bhfuair sé post i gColáiste Ullmhúcháin Naomh Caoimhín i nGlas Naíon
Thug sé óráid ag mórchruinniú i nGaillimh lá Fhéile Pádraig 1908. Théadh sé rófhada leis an díograis, más fíor
Deir Íosold Ní Dheirg, an té is mó a rinne taighde ar a beatha, go ndeireadh sí féin gurbh i gCill Chonaill, Co. na Gaillimhe, a rugadh í
I bhFeabhra 1920 ceapadh é ina bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha i gContae na Gaillimhe
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Mac ba ea é le Paitsín Mhicil Thaidhg Ó Catháin, an tógálaí a thóg cé Chaladh Thaidhg ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus a bhean, Saile Ní Fhiontain ó Thismeann
Shamhlaítí do lucht a mholta, i bhfad i ndiaidh a bháis, go mbeadh sé ar dhuine d’ardcheannairí 1916 dá mairfeadh sé. Sa Lochán Beag, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 16 Meán Fómhair 1881
Deir Mac Néill freisin gur éirigh Bushe cairdiúil le Gaeilgeoir ó Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, darb ainm Séamus Ó Muiris, a bhí ag obair mar ghlantóir sráide do Bhardas Bhaile Átha Cliath agus go mbíodh Séamus istigh in oifig Bhushe sna Ceithre Chúirt ar an Satharn ag tabhairt focal, frásaí agus giotaí seanchais do Bhushe
Ar an Domhnach tháinig an chéad charr isteach i Sráid Uí Chonaill tar éis na troda agus ba iad an Dr Tomás agus Sir Joseph Glynn a bhí tagtha chun Eibhlín agus a hiníon Nuala a thabhairt abhaile. Le linn Chogadh na Saoirse bhí sí tamall ina Cathaoirleach ar Choimisinéirí Baile Thuama agus ina ball de Chomhairle Cheantar Tuaithe na Gaillimhe Thuaidh
I ndiaidh dó bheith ina mhúinteoir ionaid i gCora Finne cuireadh a thuilleadh oiliúna air sa Mhodhscoil Láir i mBaile Átha Cliath agus in 1866 ceapadh é ina phríomhoide i scoil náisiúnta Loch Cútra in aice le Gort, Co. na Gaillimhe, scoil a raibh an 2ú Bíocunta Gough ina bhainisteoir air. Ar 16 Deireadh Fómhair 1871 chuaigh sé i mbun poist i gColáiste Cholmáin san Iúr i gContae an Dúin ag teagasc bunmhatamaitice agus cuntasaíochta
Bhí sé ina údar idirnáisiúnta ar charbaihiodráití agus ar fheamainn agus bhí baint aige le bunú monarcha Atlantic Alginate i mBaile Conaola, Co. na Gaillimhe
I mBaile Átha Cliath bhí sé ina bhall den ghrúpa beag ar a raibh Sean O’Casey, an Blaghdach agus Anraí Mac Niocaill, grúpa a bhí ag iarraidh go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do Phrotastúnaigh. Bhí sé tamall i nGaillimh ag obair don Connacht Tribune agus bhí dúil ar leith aige i gConamara riamh ina dhiaidh sin
Ar 10 Samhain 1844 i gCill Chonla, Co. na Gaillimhe, a rugadh é
Baineadh na cumhachtaí sagairt de dá bharr. Chaith sé tréimhsí sa Róimh, i gCorcaigh agus i nGaillimh
An t-ordú a bhí faighte aige dul siar go Gaillimh chealaigh Eoin Mac Néill é agus ní bhfuair sé aon ordú nua
na Gaillimhe a d’fhoghlaim sí Gaeilge: ‘Bhí seanchaí iontach agus de réir chosúlachta togha múinteora ar an oileán san am darbh ainm Micheál Ó Fathaigh
Mhaíodh sé gur air a thit sé óráid dheireanach úd Pharnell sna Creaga, Co.na Gaillimhe, ar 27 Meán Fómhair 1891 a thuairisciú
D’éag sé ar 26 Nollaig 1946 agus trí lá ina dhiaidhsean bhí de Valera ag labhairt ag comóradh chéad bliain Pharnell sna Creaga, Co. na Gaillimhe, agus dúirt sé: ‘Inné bhíos ar shochraid an fhir a rinne an chéad bhunleagan Gaeilge de Bhunreacht na hÉireann—Micheál Ó Griobhtha, go ndéana Dia maith air’.
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In aice Phort Omna, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 15 Deireadh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh é i gCluain Bú in Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, i Meán Fómhair 1881
Bhí a dhóthain aige sa deireadh chun scéalta a scríobh síos go han-chruinn i nGaillimh, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Amhrán Grá Vietnam Gael-Linn Eisithe ar Caitlín Maude (2003). Rugadh í sna Doiriú, Casla, Co. na Gaillimhe, ar 22 Bealtaine 1941
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCarna, Co. na Gaillimhe, a rugadh an scéalaí cáiliúil seo ar 2 Aibreán 1866
Scríobh sé péire leabhar: Irish pronunciation: practice and theory (1895) agus An introduction to the study of the Irish language based upon the preface to Donlevy’s Catechism(1891). Chaith sé an bhliain 1894 agus an tréimhse 1900–1905 in Eaglais Naomh Iognáid i nGaillimh – bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chonartha ansiúd – agus an chuid eile dá shaol i Sráid Gardnar agus i mBaile an Mhuilinn mar ar éag sé ar 9 Eanáir 1919.
Deirtear freisin gurbh ann a d’fhanadh sé nuair a bhíodh Feis an Chontae ar siúl i dtús an chéid. Is léir óna leabhar go raibh sí cairdiúil freisin le Pilib de Bhaldraithe, leis an Athair Tomás Ó Ceallaigh, le Neilí Ní Bhriain agus le hAntoine Ó Dochartaigh. Bhí a hathair ina ghiúistís i gContae na Gaillimhe freisin agus teach “Doohulla Lodge” aige ann
Gabhadh é i 1915 agus, mar a deireadh sé féin, d’ith sé dinnéar na Nollag i bPríosún Chroimghlinne i mBéal Feirste. Go luath i 1916 bhí feachtas in aghaidh liostála in Arm na Breataine ar siúl aige i gContae na Gaillimhe
Bhí sé lonnaithe i nGaillimh in 1879 nuair a thosaigh sé ag staidéar chun áit a fháil i Saotharlann na Ribhíneach Intíre
Bhí sé ina chathaoirleach tamall ag múinteoirí náisiúnta an Chláir. Cúpla bliain sula bhfuair sé bás d’aistrigh sé féin agus Eibhlín go dtí Órán Mór, Co. na Gaillimhe
Ó hÉigeartaigh air tráchtaireacht raidió a dhéanamh ar an gcluiche leathcheannais iomána idir Gaillimh agus Cill Chainnigh ar 29 Lúnasa 1926
Ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda i nGaillimh agus i Maigh Eo i 1924
I 1935 ceapadh é ina chléireach baile i nGaillimh, i 1938 ina Chléireach Sinsearach in Ollscoil na hÉireann agus ina Chláraitheoir ann ar ball
Chuir sé craobh den Chumann ar bun i nGaillimh nuair a d’aistrigh sé ansiúd tar éis gur ceapadh ina Roinn-Chigire é i 1935
Bhí duine de na mic, Aindrias, ina shagart paróiste sa Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Ba é a n-athair Máirtín Gorham, feirmeoir i Roisín na Mainiach taobh thoir de Charna, Co. na Gaillimhe, agus ba í Catherine Burke a máthair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 An Ceannaí Fírinneach agus an Ceannaí Bréagach Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Blaiseadh (1995). Ba í Sorcha an duine ab óige den aon duine déag clainne a bhí ag Máirtín Gorham, feirmeoir i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Catherine Burke
Tuairim 1924 phós sé Máire Ní Mhurchadha, oide scoile as Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Bhí sé tamaill i nGaillimh, i Mainistir na Búille, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Mhuileann, an Ghráig, Dún Mór, Co. na Gaillimhe, a rugadh an múinteoir taistil seo 17 Márta 1878
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Lios Coill sa Droichead Nua, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 5 Eanáir 1875
Is dó a thugtar an chreidiúint maidir le polasaithe Gaeilge an rialtais i gcoitinne idir 1922 agus 1932 agus maidir le bunú an Ghúim, Choláiste Mhuire, na gcoláistí ullmhúcháin (cé nár easaontaigh sé le cinneadh na Roinne Oideachais in 1960 iad a dhúnadh) agus Thaibhdhearc na Gaillimhe, agus maoiniú Choláiste Ollscoile na Gaillimhe i dtreo go gcuirfí le tábhacht na teanga ann
Nuair a foilsíodh atheagrán den Fhoclóir Míleata i 1958 cuireadh de chúram oifigiúil air arís, agus ar bheagán oifigeach eile, leanúint orthu ag leathnú agus ag caighdeánú na téarmaíochta sin. Bhí sé i gceannas ar an gCéad Chath i nGaillimh ó 1929 go 1931 agus is i gCorcaigh agus i gceanncheathrú an Airm a chaith sé cuid mhaith de na 1930idí
Sa tréimhse 1940-43 bhí sé ag múineadh i gColáiste Iognáid i nGaillimh, é ag freastal ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe agus ag cur a thráchtais dochtúra le chéile i rith an ama
Ina leabhar tá tagairt aige d’Ard-Fheis 1913 an Chonartha i nGaillimh ar léir dhá ní shuimiúla uirthi: an teannas idir an dá eite, Sinn Féin agus na Réamonnaigh, mar a mheas sé, agus an méid Gaeilge a bhí aige féin: ‘His [de hÍde] rulings from the chair were distinctly one-sided...
Níl cur síos ar an spreagadh atá tugtha aige dá chuid scoláirí agus ní le seanmóireacht é’ (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Samhain 1959). Múinteoirí ó Chontae an Chláir a bhí ag múineadh scoile i dTír an Fhia, Co. na Gaillimhe, ba ea a thuismitheoirí
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I Muintir Eoghain, trí mhíle taobh thoir den Líonán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é an duine ba shine é den naonúr clainne a bhí ag Máirtín Ó Caoidheáin, Glinsce, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Máire Nic Chon Iomaire
Sa Tulach Mhór i gceantar Rinn Mhaoile, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 2 Eanáir 1884 agus ba é an mac ab óige é ag Festus Quigley agus a bhean Mary Murray
Ansin in earrach 1928 shocraigh Mac Liammóir le Liam Ó Briain[B3] gurbh é an leagan Gaeilge den dráma sin an chéad dráma a léireofaí san amharclann úrnua i nGaillimh, An Taibhdhearc, ar 27 Lúnasa 1928
Bhí sé ina phríomhoide i scoil an Spidéil i gContae na Gaillimhe ina dhiaidh sin
Bhí sé in éineacht le de hÍde agus Micheál Cíosóg [B2] i nGaillimh 25 Eanáir 1894 chun an chéad chraobh den Chonradh a bhunú ann
I Maigh Eo, i gCiarraí, i gContae na Gaillimhe agus i gCléire a bailíodh cuid eile díobh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDún Mór, Co. na Gaillimhe, a rugadh an soiscéalaí Modhach seo ar 24 Feabhra 1762
Ag fánaíocht ar Achréidh na Gaillimhe a chaith sé an chuid eile dá shaol
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Chreagán, Co. na Gaillimhe, a rugadh an fear seo a bhí i gcathaoir na Gaeilge i Maigh Nuad ar feadh nach mór leathchéad bliain nuair is géire a bhí gá ag pobal na Gaeilge le cabhair shagartúil
Tá an bheirt curtha i reilig na bhfilí i gCillín Fhínín Mhór i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe
Tugadh go Gaillimh é chun go ndéanfaí ceirníní dá chuid cainte
Ach léiríonn Buttimer gur lú fós a bhí ag fear na Gaillimhe agus nach raibh mac léinn riamh ag Seán Ó Donnabháin i mBéal Feirste
Mac ba ea é leis an bpolaiteoir Denis Daly (1747–1791) ó Dhún Sandail, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Henrietta Maxwell, iníon leis an chéad Iarla Farnham
Sa teach an oíche sin bhí Máire (27), BA, ‘Irish Organiser, National Board’, Florence (24) ar Béarla amháin a bhí aici, agus John (17) ar Béarla amháin a bhí aige sin freisin. Bhí Máire ar scoil i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath
Léiríodh i dTaibhdhearc na Gaillimhe é ó 25 Samhain go 2 Nollaig 1979
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine de cheannródaithe Chonradh na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe
Ina thimire in oirthear na Gaillimhe i 1920
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nGaillimh a rugadh c.1921
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh (c.1900) agus tógadh sa Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Is i gcoláiste Doiminiceach in Eiscir, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a thosaigh sé ag staidéar le haghaidh na sagartachta, agus in 1830-33 bhí sé ina nóibhíseach i gColáiste Cheatharlach, mar a raibh Proibhinseal na nDoiminiceach ina ollamh ag an am
Nuair a bhuail Walker leis bhí sé ina chónaí lena iníon ag Baile an tSamhaidh, in aice leis an Dún Mór i gContae na Gaillimhe
Chabhraigh a bhean chéile, Eibhlín Ní Neachtain, múinteoir, leis sa ghnó seo; cainteoir maith Gaeilge ba ea an iníon seo le Pádraic Ó Neachtain, múinteoir náisiúnta sa Chladach, Gaillimh
Is i gCorcaigh, Gaillimh agus Sligeach a cuireadh bunoideachas air
Nuair a fuair seisean bás ag an seoladh céanna ar 31 Márta 1893, dúradh go mba mháistir scoile san Arm é. I nDaonáireamh 1901 bhí cónaí ag 47 Moyne Road ar Sarah Honora Scarlett (69), baintreach, a rugadh i mBéal Átha Feorainne, Co. na Gaillimhe (i gContae Ros Comáin atá an baile seo de réir Gaisitéar na hÉireann ), agus ar a hiníon Mary Emma Scarlett (32), a rugadh i Málta
D’éag sé ar 14 Bealtaine 1969 san Ospidéal Réigiúnach i nGaillimh
Ba iad a thuismitheoirí Micheál Ó Flaithearta, Gort na gCapall, Árainn, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Maggie Ganly
Bhí sé i dteach an Chustaim i nGaillimh de réir Ham’s Directory 1920
Bhí sé breoite le tamall fada sular cailleadh é in Ospidéal Réigiúnach na Gaillimhe 13 Feabhra 1981
Fearacht Londan, ba ghearr go raibh sé le cloisteáil ag seinm an bhosca ceoil i dtábhairní móra Gaelacha na cathrach, áit a mbíodh sé ar stáitse le Joe Cooley, an boscadóir cáiliúil as Tobar Pheadair i gContae na Gaillimhe, agus d’éirigh cairdeas eatarthu. Ba ag a leithéid de sheisiúin ceoil a chas Caitlín Nic Gearailt as an nGleanntán in aice le hOileán Ciarraí ar Mhaidhc agus phós siad in 1962
(Leo) Henry in 1955 agus chónaigh sí i mBaile Átha Cliath go dtí 1960; i mBéal Feirste idir 1960 agus 1965; i gConamara ó 1965 go 1966; agus ar feadh corradh le 46 bliana i nGaillimh gur bhásaigh sí ar 21 Bealtaine 2013
I mblianta deiridh a shaoil bhain sé MA amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.Bean Ghaeltachta a phós sé, Áine Ní Fhéinne as an bPáirc, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a bhí ina hiriseoir í féin le Raidió na Gaeltachta agus le RTÉ