Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 59
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Áit thábhachtach i dtús an chéid ba ea Dún Dealgan, príomhchathair Oirialla: Gaeltacht agus coláiste samhraidh gar dó; seanchainteoirí Gaeilge ó Ard Mhacha, Muineachán agus Lú féin ina gcónaí ann; baill cháiliúla tuaithe agus cósta sa cheantar—Ó Méith Mara, Cuailgne, Mullach Bán, An Bábhún, Cairlinn, Inis Caoin ··· B’fhiú leis an gConradhArd-Fheis thábhachtach 1915 a thabhairt ann. Ar feadh 70 bliain ba é Peadar Ó Dubhda ionadaí pearsanta na Gaeilge i nDún Dealgan ··· Chaith Peadar tamaill i gcúig scoil náisiúnta sa cheantar, an ceann deireanach díobh i nDún Dealgan ··· I 1915 nuair a tugadh post múinteora i gColáiste Mhuire, Dún Dealgan, dó d’éirigh sé as post an Chonartha ··· Agus ba é Peadar a bhunaigh an chéad chlub iomána i nDún Dealgan
In Independent na Breataine 31 Bealtaine 2011 tá cuntas eolach air ag a chara Ulick O’Connor, ach ní dhéanann seisean tagairt ar bith don Ghaeilge i saol agus i saothar Mhic Anna. I nDún Dealgan a rugadh é ar 7 Márta 1925 ··· Ba í Caitlín Ní Bhroin ó Lú, sráidbhaile in aice le Dún Dealgan, a mháthair agus ba é Patrick McCann, arbh as Baile an Iúir, Bealach Cláir, Co ··· Ba chléireach le Mór-Iarnród an Tuaiscirt é Patrick agus post sinsearach aige sa stáisiún i nDún Dealgan ··· Chaith sé tamall ansin sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. Is mar chúntóir leabharlainne a thosaigh sé ag obair i nDún Dealgan ach bhí ar intinn aige tamall dul le hailtireacht ··· Thagadh Anew McMaster agus a chomplacht go Dún Dealgan agus tháinig Tomás go mór faoi anáil an tsáraisteora sin
Nuair a ceapadh é ina mhinistir i nDún Dealgan phós sé Jane Warnock ó Phort an Pheire, Co ··· Bhronn Ollscoil Ghlascú dochtúireacht air in 1805. I nDún Dealgan i 1798 a scríobh sé leagan giorraithe de The English Irish dictionary: an focloir Bearla Gaoidheilge, 1732 le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buí Mac Cuirtín agus is sa Leabharlann Náisiúnta atá an lámhscríbhinn sin ··· Théadh gach aicme creidimh go dtí an scoil mhór lae agus cónaitheach a bhí aige i nDún Dealgan; dalta díobh ba ea Nicholas Joseph Callan (1799–1864), an t-eolaí mór a bhí ina ollamh i Maigh Nuad ··· William Steel Dickson (1744–1824), an tÉireannach Aontaithe, ina ollamh le diagacht sa Royal Academical Institute i mBéal Feirste, rún nár glacadh leis. D’fhág sé slán le Dún Dealgan in 1818 chun post a bheith aige sa Royal Academical Institute, é ina ardmháistir ar an scoil chlasaiceach agus ina Ollamh le Laidin, Gréigis agus Eabhrais
na Gaillimhe, i 1647 ainmníodh ina ghairdian é ar chlochar Dhún Dealgan ··· Ní rófhada a bhí Gearnon i gceannas i nDún Dealgan ··· Ag caibidil ann 7 Iúil 1649 d’éiligh Gearnon go raibh sé fós ina ghairdian ar Dhún Dealgan de réir dlí ··· D’imigh sé leis go Dún Dealgan
In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin gurbh í a sheanmháthair a thóg é agus gurbh é cainteoir dúchais deireanach an Mhullaigh Bháin é. Rinne sé a phrintíseacht mar bhuachaill siopa i siopa Uí Raifeartaigh i Sráid an Droichid, Dún Dealgan ··· Bhí an Ghaeilge ina thimpeall ag éirí suas dó agus i nDún Dealgan bhí sé ar dhuine de na hógánaigh a d’fhreastail ar ranganna Phroinsiais Mhic Uinseanáin [B3] ··· Luaitear an bheirt acu bheith i láthair thar ceann Dún Dealgan ag bunú Chraobh an Mhullaigh Bháin (An Claidheamh Soluis 9 Deireadh Fómhair 1901)
Shaothraigh sé mar chumadóir, mar ghléastóir, mar stiúrthóir, mar mholtóir, mar chraoltóir agus mar léirmheastóir; chum sé bailéanna, ceoldrámaí, ceol teagmhasach le haghaidh scannán agus drámaí, agus chóirigh ceol Gaelach i gcomhair uirlisí aonair agus ceolfhoirne agus córacha. Deirtear de ghnáth gurbh i mbliain 1906 a rugadh é i nDún Dealgan ··· An t-aon leanbh a rugadh i nDún Dealgan agus a bhfuil taifead a bhreithe ag teacht leis an eolas thuas is ea an Edward Joseph Gallagher a rugadh ar 30 Meán Fómhair 1900 ag Plás Roden agus arbh iad Edward Gallagher, pluiméir, agus Elizabeth Knott a thuismitheoirí ··· I 1911 bhí siad i Sráid Jocelyn i nDún Dealgan
Risteárd Cróc [sic], a bhí á aistriú go Dún Dealgan tar éis cúig bliana a chaitheamh ina measc’. I nDún Dealgan bhí cónaí orthu i Sráid Áine agus aon mhac amháin acu ··· Tá sé curtha i reilig Naomh Peadar, Dún Dealgan.
Sa bheairic a bhí cónaí ar an gclann agus is sa bhaile sin agus i nDún Dealgan, mar ar chuir sé faoi nuair a d'éirigh James as an gConstáblacht in 1891, a rugadh an chuid eile den chlann: ceathrar mac agus ceathrar iníonacha ··· Tá cuntas ar an gclann agus ar ar tharla dóibh ag Mac Giolla Chomhaill. Bhí Lorcán ag freastal ar bhunscoil an chlochair i gClár Chlainne Mhuiris agus ansin ar Scoil na mBráithre i nDún Dealgan agus chaith na blianta 1893-7 ag freastal ar Scoil Náisiúnta Maolmhaodhóg sa bhaile sin agus bhí ina mhonatóir ann ··· Lú a chontae dúchais féin, agus nárbh ann, i nDún Dealgan, a bhí cónaí air um an dtaca seo áirithe' an tagairt a dhéanann Ó Muimhneacháin don socrú seo
Mac ba ea é le James Weldon ó Chontae na Mí agus Annie Courtney (Nic Cuarta) ó Chontae Ard Mhacha agus is i nDún Dealgan a rugadh é 28 Márta 1912 ··· Tá sé curtha in Dowdallshill, Dún Dealgan. Bhí sé pósta ar Eithne Devlin ó Choilleach Eanach, Co ··· Tar éis scolaíochta i dTír Chonaill agus i nDún Dealgan bhí sí in Ollscoil Uladh, Cúil Rathain
I nDún Dealgan a rugadh é 27 Bealtaine 1904 ··· Nuair a d’éirigh sé as an bpost i 1970 bhog an teaghlach go dtí Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. I nDún Dealgan a d’fhoghlaim sé rince ach ar ball thaistealaíodh sé go dtí rang Peg Medlar, múinteoir cáiliúil i mBaile Átha Cliath
Tar éis meánoideachais i scoil na Slánaitheoirí i Luimneach chaith sé 1899-1900 ag staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé isteach i nóibhíseacht an oird i nDún Dealgan ··· Bhí sé lonnaithe i nDún Dealgan ó 1950 amach gur bhuail stróc é i bhFeabhra 1959
I nDún Dealgan, Co ··· Chaith sé trí bliana den mheánscolaíocht i scoil na mBráithre Críostaí, Dún Dealgan, agus an cúpla bliain deiridh i gColáiste Phádraig Ard Mhacha
Tá a fhocal féin againn air gur tógadh é i dteach a ainte, Thomastown House, i mBaile Thomáis atá míle go leith ó Dhún Dealgan in aice an bhóthair go Carraig Mhachaire Rois ··· B’fhéidir go raibh post státseirbhíse aige i nDún Dealgan agus gur chaill sé é toisc é a bheith gafa le náisiúnachas
Seachas go raibh sé tugtha don ól agus do mhealladh ban, gur chaith sé formhór a shaoil i Lú agus in Ard Mhacha, dáta a bháis, gur cuireadh é in Urnaí in aice le Dún Dealgan, agus cibé eolas eile atá sna dánta a bhfuiltear cinnte gurbh é a chum, níl a fhios go cinnte i dtaobh aon rud eile ina shaol ··· Dúirt Ó Cearnaigh gurbh i Ráth Sciathach in aice le Dún Dealgan a saolaíodh é ach theastaigh go dóite uaidh, agus ‘The Bardic Remains of Co
Chaith sé tamaill ag múineadh: i nDún Dealgan; i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath; in Ard Aidhin, mar a raibh sé ina uachtarán ar Mheánscoil Dháibhéidh ··· Thugadh sé scata ó Dhún Dealgan go Cnoc Fola gach bliain
Chuaigh sé le ceird an bhúistéara agus ar feadh breis agus trí scór bliain bhí ag obair i siopa búistéara mhuintir Mhic Aodha i bPlás Roden, Dún Dealgan. Bhí meas seanduine air ag na fir óga a bhíodh ag freastal ar ranganna Phroinsiais Mhic Uinseannáin [B3] i gCraobh Dhún Dealgan de Chonradh na Gaeilge timpeall 1899–1901 ··· For Sprogvidenskap II, 1929. D’éag sé ar 22 Meitheamh 1924 agus cuireadh é i Reilig Naomh Pádraig, Dún Dealgan
Rugadh é ar 5 Meitheamh 1805 in aice Dhún Dealgan ··· Bhí bosca mór trom de na lámhscríbhinní ag a iníon ina teach ósta sna Creagacha Dubha in aice Dhún Dealgan
I 1901 fuair sé post i Scoil Naomh Maolmhaodhóg i nDún Dealgan ··· In 1906 phós sé Eibhlín Ní Raghallaigh ó Dhún Dealgan ach cailleadh í i 1908
Nuair a phós sé (Brend[o]n John Rogers) Catherine Glynn i nDún Dealgan ar 24 Eanáir 1871 thug sé an t-eolas go raibh sé 22 bliain d’aois, go mba ollamh ceoil é agus gur mhac é le John C ··· In eaglaisí éagsúla i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé ar dtús, i nDún Dealgan ansin, agus ar feadh daichead nó caoga bliain san Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath
Chaith sí bliain amháin den tréimhse sin ag obair i Sasana. Bhí sí ag múineadh anseo agus ansiúd as sin amach agus i ngairmscoileanna an chuid ba mhó den am: i nDún Dealgan, i mBaile Átha Cliath, i Nás, i gCaisleán an Bharraigh agus i gCarn an Bhua, Co ··· Thacaigh sí le Máirtín Ó Cadhain sa raic ghiorraisc ag Éigse Uí Dhoirnín in Óstán ‘Derryhale’, Dún Dealgan, ar 11 Aibreán 1969, cé gur mar aoi-amhránaí a bhí sí sa láthair. Phós sí Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969
Le linn dó a bheith ag staidéar bhí sé ag obair i siopa poitigéara i nDún Dealgan agus bhí siopa aige féin ann ar ball ··· Ba é a thionóil na hiomarbhánna filíochta i nDún Dealgan in 1825 agus 1826
Cuireadh i bpríosún Dhún Dealgan é agus ar 20 Bealtaine seirbheáladh ordú díbeartha air
An bhliain sin freisin ghabh sé beirt ropairí, Henry Roe McArdle agus Bryan Crummey, agus chuir chun báis iad; fuair sé £20 mar luach saothair agus chuir sé a gceann ar spicí ar gheataí phríosún Dhún Dealgan
Owing to the rigour of the penal laws several bards could not commit their compositions to writing, but the learned and patriotic Linden corrected where necessary and copied them, hence he was usually called Reacadóir na mBard.’ Deirtear go raibh scoil filíochta aige ar Chnoc Chéin Mhic Cáinte in aice le Dún Dealgan agus go mbíodh ‘suas le ocht gcloigne déag filí agus fear léinn cruinnithe ann ag an am amháin’
Bhí Ó Muireadhaigh sásta gur i gCill Chathartaigh in aice le Dún Dealgan, ach i limistéar Chréamhainn, a saolaíodh é
Lú, a tógadh é, agus gur chaith sé cuid dá shaol i gCill Choirle in aice le Dún Dealgan, gur sa cheantar sin a bhí cónaí ar chuid de na daoine ar scríobh sé dánta orthu. Feirmeoir beag, dhá acra is fiche aige, a athair agus roinn sé an fheirm ar a bheirt mhac
Dhún na nGall (1939-49); Dún Dealgan (1949-52); Ceantar Gaeltachta Thír Chonaill (1952-54); Baile Átha Cliath (1954-55)
Chaith sé tréimhsí gairide de 1916 agus 1917 i ngéibheann i Wakefield, Frongoch, Reading, Corcaigh, Béal Feirste agus Dún Dealgan
D’éag sé san otharlann i nDún Dealgan 26 Samhain 1972 agus tá sé curtha i nDúlearga
Chaith sé tamall ar scoil ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan agus ceapadh é ina bhall den Gharda Síochána ar 21 Feabhra 1935 agus bhí lonnaithe i Sligeach ar feadh tamaill
Ba é Séamus a cuireadh go Dún Dealgan chun an tÉirí Amach a chur ar siúl ann i 1916
Chaith sé tamaill ag múineadh i bhFionnradharc, Scoil Uí Chonaill, Baile Dúill, Dún Garbhán, Sráid Synge, Glas Naíon, Dún Dealgan, Luimneach, i gCaisleán Droimeanaigh, agus sa Ráth
Ba é an dara mac ag an James seo an tUrramach Andrew Bryson, ministir i nDún Dealgan a raibh Gaeilge aige, ar chara é le William Neilson [q.v.], agus a fuair bás i 1797. Cháiligh Somhairle mar dhochtúir i gColáiste Ríoga na Máinlianna, Dún Éideann, agus mar phoitigéir in 1806
Thug sé aitheasc Gaeilge ar 29 Meitheamh 1843 le linn an léirsithe mhóir ar son Reipéil i nDún Dealgan; d’fhoilsigh Énrí Ó Muirgheasa[B1] é in Louth Archaeological Society Journal, 1907: ‘Speech of Mr King, Professor of Irish, The Day the great Repeal Demonstration: Dundalk, 29 June 1843
Is le linn dó a bheith i nDún Dealgan ag cabhrú le Neilson a chóipeáil sé na lámhscríbhinní úd atá anois i Leabharlann na Breataine
Fiú rothair ní raibh aige. Scríobh Aindrias Ó Muimhneacháin leabhrán, Na múinteoirí taistil, 1966, agus dúirt an méid seo i dtaobh cheapachán Mhic Uinseannáin i gceantar an Iúir agus Dhún Dealgan: ‘Bhí an múinteoir ullamh réidh cheana féin ag an gCoiste Ceantair nuair a bheartaíodar an scéim — ógfhear a bhíodh ag múineadh ranganna saor in aisce i gCraobh Iúir Chinn Trá – Proinnsias Mac Uinseannáin – agus ba shin é a cheapadar don ghnó – an duine tosaigh de Mhúinteoirí Taistil Chonradh na Gaeilge ...
I 1917–18 chaith sé tréimhsí i bpríosún i gCorcaigh, Mountjoy, Dún Dealgan agus i mBéal Feirste, é ar stailc ocrais an chuid is mó den am
Thug scoláireacht taistil é go dtí Frankfurt am Main. Chaith sé tamall ag múineadh Gaeilge agus Béarla i gCeardscoil Dhún Dealgan
Fostaíodh é mar mhúinteoir taistil 1903 agus chaith sé tamaill i Machaire Rátha, i nDún Dealgan, i nDroichead Átha agus i mBaile Átha Fhirdhia
Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil Uí Chonaill agus san Ómaigh sular thosaigh sé ag teagasc matamaitice trí Ghaeilge i Scoil na mBráithre, Dún Dealgan
Ar 11 Aibreán na bliana céanna tharraing sé aird na hÉireann ar a mhéid ab fhuath leis féin agus a chairde polasaithe Fhianna Fáil i leith na teanga: chuir siad isteach go borb giorraisc ar óráid an Aire Pádraig Ó Fachtna ag Éigse Uí Dhoirnín in Óstán ‘Derryhale’, Dún Dealgan
Iníon le grósaeir i nDún Dealgan ba ea Mary Gillis. Faoi 1911 bhí cónaí ar an gclann ag 19 Bóthar na Cabraí
An Laoideach agus an Piarsach, rúnaí an Choiste, faoi deara an t-éacht oibre sin. Ag an Ard-Fheis i nDún Dealgan i 1915, áfach, beartaíodh ar éirí as foilsiú na leabhar
I 1916 roghnaíodh iomann a scríobh sí, ‘Ó éist linn, a Dhia’, don Duanaire diadha do scláthruigheadh i gcomhair Seirbhís nGaodhalach Eaglaise na hÉireann a foilsíodh i nDún Dealgan
B’í ba mhó a bhí ag tacú leis an gCraoibhín ag Oireachtas cinniúnach 1915 i nDún Dealgan in aghaidh na nÓglach agus na bpoblachtach
An ionramháil a rinne sé ar na seachvótaí ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan an bhliain sin a d’fhág ionadaíocht láidir ag an eagraíocht sa Choiste Gnó
Dúirt sé in óráid i Loch Garman uair eile: ‘I can assure you, ladies and gentlemen, from my own experience that the labour of learning Irish is not a painful or tiresome one’ (An Claidheamh Soluis 11 Iúil 1908). Bhí sé mór le hArt Ó Gríofa agus i 1900, i nDún Dealgan, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na nGael, eagraíocht a bhí ina réamhtheachtaí ag Sinn Féin
Chaith sé tamall freisin i bpríosún i nDún Dealgan
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i nDún Dealgan (Freeman’s Journal 21 Eanáir 1915) agus ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge i gContae Lú mhol sé rún go bhfillfeadh Dubhghlas de hÍde[B4] ar an uachtaránacht
Chuaigh sí go Londain le staidéar iarchéime a dhéanamh ar an múinteoireacht agus chuaigh isteach i gConradh na Gaeilge thall: bheadh sí ina teachta acu ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin)
Bhí sí ag Ardfheis an Chonartha i nDún Dealgan i 1915 agus, cé go raibh sí cairdiúil le Dubhghlas de hÍde[B4], thaitin léi gur ag náisiúnaithe láidre a bhí an lámh uachtair sa Chonradh as sin amach
Theagasc mé coicís eile i scoil amháin i mBaile Átha Cliath, sé nó seacht de sheachtainí i nDún Dealgan, cúpla mí arís i mBaile Átha Cliath, dhá mhí thiar i gcontae Mhaigh Eo
Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr
Léiríodh sé drámaí i rith an achair sin agus bhuaigh duaiseanna i nDún Dealgan, san Uaimh agus i mBaile Átha Luain; d’aistrigh sé go Gaeilge drámaí le Pádraig Mac Piarais[B4] agus Michael Redgrave
Bhí sé ina chigire bunscoileanna 1948-63 agus chaith tamall in Inis, i nDún Dealgan agus sa Chabhán sular aistríodh go Baile Átha Cliath é
Meastar gur shagart ba ea Eoghan agus gurbh é an duine é a ainmníodh i liosta sagart 1704: Owen Donnelly, 55 bliain d’aois, a d’oirnigh Oilibhéar Pluincéad i 1672 i mBaile Bhalraic in aice le Dún Dealgan, áit a raibh séipéal dóibe ag an bPluincéadach
Louth in the Pre-Famine era’) déanann Seán Duffy cur síos ar an bhfile seo a bhí lárnach sa bhorradh a tháinig i saothrú na Gaeilge i gceantar Dhún Dealgan lena linn
Chuir an léamh sin, dar leis, chomh maith leis na léamha filíochta ag Éigse Pheadair Uí Dhoirnín i nDún Dealgan in 1970 agus ag Éigse Chorca Dhuibhne in 1971, tús le borradh nua san fhilíocht Ghaeilge
Chaith sé cúpla bliain ó 1936 ina uachtarán i mBaile an Róba agus bhí i Scoil Chnoc Síon i bPort Láirge, i nDún Dealgan, Luimneach agus ar ais i bPort Uí Shúilleabháin, Corcaigh, i 1953