Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 51
Fear Flatha féin dob é ceann na fine é, mar tugtar “Ó Gnímh” air.’ Níl a fhios go cinnte cá raibh cónaí ar a mhuintir i gContae Aontroma; in Éigse, fómhar 1950 tá mír i dtaobh Bhaile Uí Ghnímh in ‘Varia’ le hÉamonn Ó Tuathail[B2] agus tuairimíonn sé: ‘The exact position of Ó Gnímh’s place of residence has not been determined but there can scarcely be any doubt that it was in Co ··· Nasctar é freisin le Baile Uí Gheithligh in Aontroim ··· Is le hAontroim a bhain na fir eile atá in aon liosta leis agus ina measc bhí Ognieff agus Bernard oge Ogneife ··· scríobh sé freisin dánta suairce adhmholtacha do Sir Éinrí Ó Néill (Clainne Aodha Buí) is dá bhean Martha, iníon Sir Francis Stafford, dá macsan Art, do chéad iarla Aontroma, Raghnall Mac Dónaill, agus dán achainíoch ag lorg pátrúnachta do Sir Art Mag Aonghusa, tiarna Uíbh Eathach
Bhí sé ag obair i mBaile an Chaistil, Co. Aontroma, anuas go 1920 agus ansin i mBaile na Croise, Co ··· Rugadh seachtar clainne dóibh. Sheas sé do Shinn Féin i nDoire Theas in olltoghchán 1918 agus in Aontroim i 1921 ··· I 1920 toghadh é ina bhall de Chomhairle Chontae Aontroma i dtoghlach Bhaile Mhonaidh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Achadh Dallagáin, Lann Abhaigh, Co. Aontroma, a rugadh an scríbhneoir seo 13 Nollaig 1922 ··· Bhí sé ar dhuine de chúigear sagart ón gcoláiste a bhunaigh Coláiste Mhac Naoise ag an nGearrán, Carnlach, Co. Aontroma, agus is ansiúd a bhí sé ag múineadh anuas go dtí timpeall lár na 1970idí ··· Aontroma, agus ina dhiaidh sin in Ard Mhic Nasca, Co
In An tUltach, Márta 2005 tá bailithe ag Ciarán Ó Duibhín a bhfuil d’eolas faoi agus de thuairimíocht faoin amhrán le fáil i leabhair, i ndaonáireamh 1851, i dtaifid pharóiste (Eaglais na hÉireann) an Leithid, Co. Aontroma, i reilig an Leithid, i nuachtáin agus treoirleabhair... ··· I Maolaird i bparóiste an Leithid i gContae Aontroma a bhí cónaí orthu
Adams[q.v.], Elma Nelson agus bhí cónaí orthu i gceantar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste ··· Maraíodh é i dtimpiste bóthair 13 Deireadh Fómhair 1964 in aice leis an mBaile Meánach, Co. Aontroma. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo » Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Protastúnaigh uasaicmeacha a bhí nasctha le Co. Aontroma leis na céadta bliain ba ea na Dobbs ··· Lú, breitheamh síochána i gContae Aontroma
Uimhir a 1 Sráid na hEaglaise, Baile Monaidh, Co. Aontroma an seoladh a bhí ag a mhuintir ag am a bhreithe agus ceannaí [‘merchant’] an cur síos atá ar shlí bheatha an athar ··· Ciarraíoch í a bhí ag múineadh scoile i gContae Aontroma
Rugadh í ar 30 Deireadh Fómhair 1865 i gCaisleán Ghalgorm i bparóiste Achadh Eochaille i gContae Aontroma ··· Ba é John Young, ardsirriam agus leasleifteanant Chontae Aontroma, a hathair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I dtuarascáil 1919 Acadamh Ríoga na hÉireann deirtear go bhfuair an tAcadamh £3,000 ó eastát an Ghinearáil James Smythe ‘to invest same in whatever manner the council of the said Academy might deem prudent and to employ the interest thereof to the encouragement and promotion of the Irish language by the publication of books giving aid to teachers of the language or by such other ways as might appear to the said council most desirable’. I nGléib na Cúile, Carn Monaidh, Co. Aontroma, a rugadh William James Smythe ar 25 Eanáir 1816 ··· Tar éis bheith ar scoil in Aontroim cuireadh é chuig an Acadamh Míleata i Woolwich nuair a bhí sé 14 bliana d’aois. Thuill sé bonn ag troid in aghaidh na gCafar san Afraic Theas in 1835 agus faoi 1839 bhí sé ina rúnaí ag an Institiúid Ríoga Airtléire
Agus dúirt Tarlach ina leabhar Faoi Ghlas, 1985: ‘Ba eisean an t-aon scríbhneoir eile Gaeilge a tháinig as measc na gcéadta Poblachtach a bhí imtheorannaithe idir 1938 agus Nollaig 1945 i dTuaisceart na hÉireann’. Nuair a ligeadh saor é i bhfómhar 1945 thosaigh sé ar shaol eachtrúil a chaitheamh; tamall ag obair do chomhlacht asfailt—tugadh bóthar dó nuair a fuarthas amach go raibh tréas curtha ina leith; ag feirmeoireacht sa bhaile; téarmaí múinteoireachta i gcoláistí samhraidh Dhún na nGall; ina mhúinteoir taistil i ngleannta Aontroma ··· Phós sé Neansaí Ní Dhubhghaill agus is i gCarnlach, Co. Aontroma, a bhí cónaí orthu
Tar éis do Choll Ciotach a bheith ag aighneas le Caimbéalaigh cuireadh an ruaig air agus i 1639 chuaigh sé go hAontroim mar a raibh Domhnallaigh líonmhar ··· Bhris sé cath faoi thrí i nDoire agus in Aontroim ar Stewart i 1642
Ba de shliocht Mhic Dhomhnaill Aontroma é ··· In 1824 meastar go raibh sé ag teagasc i scoil Chaitliceach i bparóiste Chreamhchoille i gContae Aontroma agus faoi dheireadh na bliana sin go raibh sé ar ais i gContae na Mí ag obair don Irish Society, cumann bíoblóireachta
Ba é Micheál Rua Mac Domhnaill i nGleann Aireamh, Co. Aontroma, a athair agus ba shin-seanathair dósan an laoch Alastar Mac Colla Ciotaigh Mac Domhnaill a thit i gCath Chnoc na nOs i 1647 ··· Ba í Jane Stewart ó Bhaile an Tuaighe, Co. Aontroma, a bhanchéile
Ba é an seachtú mac é ag Joseph Bigger agus ba é Joseph seachtú mac David Bigger (ball d’Óglaigh Ghrattan) arbh é seachtú mac William Bigger ó Bhaile an Bhiggearaigh, Maigh Bhloisce, Contae Aontroma é ··· Ba é a scríobh Labourers’ cottages for Ireland, 1907. D’éag sé 9 Nollaig 1926 agus tá sé curtha i reilig Mhaigh Bhloisce i gContae Aontroma
Scríobh Nollaig Ó Gadhra cuntas air in Éire-Ireland XI 3, 1976. I Machaire Lios an Uisce i bparóiste Mhachaire na gCeall in aice le Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma, a rugadh é 13 Aibreán 1889 ··· (7); Annie Kearney, cailín aimsire a rugadh i gContae Ard Mhacha agus ar Chaitliceach Rómhánach í; beirt fhear oibre a rugadh i gContae Aontroma
Dar le Donncha Ó Súilleabháin (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990) gur i gCabhán, Liatroim, Aontroim agus Dún na nGall a bhí sé ag obair ar dtús ··· Tuairiscíodh 4 Meán Fómhair 1917 é a bheith i gceannas ar Dhún na nGall, Tír Eoghain, Doire, agus Aontroim agus ar 17 Samhain gur faoi Shéamus Ó Glasáin a bheadh an chuid eile den chúige. In Fáinne an Lae 20 Iúil 1918 tá tuairisc gur pósadh é 9 Iúil 1918 ar Eibhlís Nic Con Uladh, iníon le Francis McCullough, feirmeoir sa Chaisleán Glas
I gCoill na dTor, Bun Abhann Dalla, Co. Aontroma, a rugadh é (James Hamilton Delargy), dar leis an teastas breithe, an 26 Bealtaine 1899 ··· D’fhág an chlann Aontroim in 1907 agus cuireadh an bheirt deartháireacha chuig scoil a bhí ag mná rialta i gCill Chomhghaill i gCill Mhantáin
Ba iad a thuismitheoirí Joseph Hoare Bradshaw, baincéir as Baile Nua na hArda i gContae an Dúin a raibh bailiúchán de leabhair na hÉireann aige, agus Catherine Stewart arbh as Baile an Tuaighe, Co. Aontroma, di
I Latharna, Co. Aontroma, mar a raibh a athair William (d’éag 1783) ina dhochtúir, a rugadh é Lúnasa 1778
‘Duine de na Meiriceánaigh ba chumasaí is ba dhílse a shaothraigh ar son na teanga’ a bhreithiúnas air. Greanadóir cáiliúil copair agus cruach a athair Archibald MacLees a rugadh i bPort Rois, Co. Aontroma, in 1816 agus a tugadh go Meiriceá nuair a bhí sé ina leanbh
Tá cuntas ar ghinealas mhuintir Mhic Néill in Burke’s Irish family records. I nGleann Arma, Co. Aontroma, a rugadh é ar 15 Bealtaine 1867
Dar leis go seachnaíodh sé Co. Aontroma i 1912 toisc go gcuireadh sí náire air, bhí sí chomh mór sin i ngrá leis
I nGleann Arma, Co. Aontroma, a rugadh é 26 Aibreán 1862
Chaith sé tamall mar shagart cúnta in Acadh Eochaille agus Port Chluain Eoghain in Aontroim
Aontroma, agus mhúin an chruit dá mhic ar dhuine díobh an Séamus thuas. Ghlac sé páirt sna féilte ceoil a tionóladh i nGránard i 1781, 1782 agus 1785 agus ghnóthaigh an dara duais ag an gcéad cheann díobh le ‘Coillte Glasa an Triúcha’ agus ‘Miss Crofton’
D’éag sé ar 9 Lúnasa 1886 i mBinn Éadair agus cuireadh é i dteampall dúchais a mhuintire in Donegore, Co. Aontroma. Bhí sé in ann cairdeas a shnaidhmeadh le mórán daoine, fiú leosan nach raibh ar aon intinn leis i gcúrsaí polaitiúla agus le duine mar James Hardiman[B6] taréis dó fogha fíochmhar a thabhairt faoina Irish Minstrelsy; or, Bardic remains of Ireland, with English poetical translations
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é seo an t-easpag de chuid Eaglais na hÉireann a d’fhéach chuige go gcuirfí ar fáil caiticeasma dátheangach le húsáid in Oileán Reachlainn, Co. Aontroma
Cuireadh i leith Chúchonnacht Uí Chianáin, ar dúradh faoi gurbh é deartháir Thaidhg é, gur iompair sé litreacha idir Dónallaigh Aontroma agus Brian Crosach Ó Néill
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh an teangeolaí Sualannach seo leabhair ar Ghaeilge an Chláir, Aontroma agus Reachlainn agus bhí cur amach aige ar mhórchuid eile teangacha, ina measc teangacha Indiaigh Mheiriceá, an Bhascais, agus teangacha bhunstoc na hAstráile
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Sa Bhaile Meánach, Co. Aontroma, a rugadh Anna Isabel Johnston ar 3 Nollaig 1866
Ní raibh sa teach acu ach aon seomra amháin, bhí siad pósta le 54 bliana, bhí dáreag clainne acu ach níor mhair díobh ach seachtar, agus is i gContae Aontroma a rugadh Sarah
I bhFíonach i gContae Aontroma a rugadh í ar 26 Nollaig 1867 agus Ellen a baisteadh uirthi
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh Seosamh Laoide [B1] sa nóta ina thaobh in An Claidheamh Soluis 6 Lúnasa 1904 gurbh ó Chromghlinn, Co. Aontroma, dó, gur as leabhair a d’fhoghlaim sé an teanga, gur bhunaigh sé craobhacha de Chonradh na Gaeilge taobh thoir de Loch nEathach agus go múineadh sé rang i gCraobh Chaimlíne
As sin amach bhí sé i Loch gCaol i gContae Aontroma, de réir threoirleabhair Eaglais na hÉireann. Luaitear Cúl Dabhaigh agus Rinn Mhic Ghiolla Rua sa chuntas ar a bhás in Fáinne an Lae 5 Iúil 1919
De réir Burke’s Landed Gentry (1904) b’as Port Chluain Eoghain i gContae Aontroma ó cheart do mhuintir Young an tSráidbhaile
Saolaíodh é i nGleann Aireamh, Co. Aontroma, ar 14 Deireadh Fómhair 1884
Liatroma, a athair agus Annie McKee as Port Chluain Eoghain, Co. Aontroma, a mháthair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh é i mBaile Raghnaill, Co. Aontroma, ar 12 Meitheamh 1889
Rugadh Edward i mbaile Aontroma
Chaith sé tamaill i dTír Chonaill, sa Rinn, i gCiarraí agus i gContae Aontroma féin ag foghlaim na teanga
I Sruth na Coille, Carraig Fhearghais, Co. Aontroma, a rugadh é ar 27 Meán Fómhair 1888
Ellis, reachtaire pharóiste Dhún Muirígh, Co. Aontroma
Aontroma, ar neacht í le hEoin Mac Néill [q.v.]
Chaith sé ceithre bliana ina chathaoirleach ar Bhord Chontae Aontroma de Chumann Lúthchleas Gael agus bhí baint aige le ceannach agus forbairt Pháirc Mhic Easmainn, Béal Feirste; chuir sé isteach ar phost ardrúnaí an Chumainn i 1929 ach, cé go bhfuair sé an marc ba airde sa scrúdú scríofa, is do Phádraig Ó Caoimh [B5: 290] a tugadh an post
Bhí baint mhór ag Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh[B5] leis na himeachtaí sin go léir agus pósadh é féin agus Bríghid 7 Meán Fómhair 1943. Faoin am seo bhí céim san eolaíocht, le focháilíocht sa Fhraincis agus sa Ghearmáinis, bainte amach aici agus tamaill mhúinteoireachta curtha di aici sa Tulach Mhór, mar a raibh cónaí ar a tuismitheoirí faoin am seo, agus sa Bhaile Meánach, Co. Aontroma
Liostáil sé san arm i 1916 agus bhí grád leifteanaint aige nuair a tháinig deireadh lena thréimhse saighdiúireachta i Meán Fómhair 1919; in Aontroim a chaith sé 1915-19
Ba í Caitlín Ní Bhroin ó Lú, sráidbhaile in aice le Dún Dealgan, a mháthair agus ba é Patrick McCann, arbh as Baile an Iúir, Bealach Cláir, Co. Aontroma, dó, a athair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí a raibh ardmheas uirthi ba ea Mairéad Ní Chinnéide, a chaith a saol agus a dúthracht le cás agus le cúis na Gaeilge. Sa Bhaile Meánach i gCo. Aontroma a rugadh Mairéad ar 15 Bealtaine 1942, an tríú duine de chúigear le David Kennedy, múinteoir fisice a raibh cáil air mar staraí, agus Margaret O’Hagan, bunmhúinteoir de bhunadh Chontae Dhoire
I nDoire Eachaidh, Co. Aontroma, a rugadh Cosslett William Charles Quin 27 Feabhra 1907
Bhuaigh sé duais ag an bhFeis Cheoil agus san iontráil a sholáthraigh sé le haghaidh Who’s Who, What’s What and Where in Ireland dúirt sé: ‘Sang two seasons as solo bass with Dublin Operatic Society.’ Luaitear go minic nach raibh sé sa láthair nuair a bhuaigh Corcaigh ar Aontroim i gcraobhchluiche iomána na hÉireann i 1943 toisc go raibh sé ag cleachtadh i gcomhair léiriú de The magic flute in éineacht leis an amhránaí mórcháiliúil Joan Hammond
Dhealródh sé gur le hEaglais na hÉireann a bhain muintir Beckett fadó ach gur iompaigh seanathair Choilm, Thomas Beckett i Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma, ina Chaitliceach Rómhánach