Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 50
Sa Spidéal a fuair sé a chuid bunscolaíochta agus de thoradh scoláireachta fuair sé meánoideachas i gColáiste Éinde agus i gColáiste Mhuire i nGaillimh, áit ar ghnóthaigh sé bonn airgid na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht agus bonn óir na Gaeilge san Ardteistiméireacht ··· D’fhill sé chun cónaithe sa Spidéal i 1960 agus é ina phríomhoide ar Scoil Maria sna Mionna ··· Nuair a rinneadh cónascadh idir an scoil sin agus Scoil Cholmcille ar an Tulach, d’aistrigh sé go dtí an mheánhúinteoireacht: mhúin sé i gColáiste Sheosaimh i nGaillimh agus ansin bhog go dtí Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal ··· Chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gcoláistí samhraidh Gaeilge, i gColáiste Charman i Loch Garman ar dtús agus blianta fada i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ina dhiaidh sin, áit ar chaith sé seal mar Ardmháistir ··· Cuimhnítear ar léirithe a stiúraigh sé de Fir Rí na hAoine i Ros Muc agus An strainséara dubh agus Oíche na Marbh sa Spidéal
Chaith Peadar gach samhradh ó 1925 amach i gColáiste Chonnacht sa Spidéal, Co ··· Bhí sé ag freastal ar rang an Chonartha agus ba é an Conradh a bhronn scoláireacht air in 1925 chun go bhfreastalódh sé ar chúrsa samhraidh Choláiste Chonnacht sa Spidéal ··· I Nua-Eabhrac a rugadh í ach is i Mainistir Aodáin in aice le Bealach an Doirín a chuir a muintir fúthu nuair a d’fhill siad ar Éirinn. Ó 1929 ar aghaidh bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ··· Chaitheadh sé féin agus a theaghlach an oiread sin samhraí sa Spidéal go mba ghá dó ar ball teach a thógáil ann ··· Léiriú ar a sciliúla a bhí sé gurbh é féin, sa Cheardscoil i mBealach an Doirín, a rinne frámaí na bhfuinneog, na doirse agus cófra agus gurbh é freisin a thóg an leantóir lena dtabhairt go dtí an Spidéal. Gan amhras níorbh ionann ar fad le chéile an mhúinteoireacht a chleachtadh sé i gColáiste Chonnacht agus a ghnáthchleachtas ceardscoile
B’fhéidir go bhfuil an obair a rinne sé ar son Choláiste Chonnacht sa Spidéal ar an obair is tábhachtaí dá bhfuil déanta aige ··· Bhí sé ina shagart cúnta sinsearach i gCinn Mhara ó 31 Deireadh Fómhair go dtí gur ceapadh ina Riarthóir sealadach sa Spidéal é 11 Iúil 1914 ··· Ar 24 Iúil 1915 scríobh an timire Pilib de Bhaldraithe gurbh é an Spidéal a thuill an teideal agus thug sé an chreidiúint go hiomlán don Athair Mac Giolla Sheanaigh. Seacht mbliana déag a bhí sé ann ··· Tá sé curtha ar chúl eaglais an Spidéil
Bhí sé ina ollamh cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 agus ina bhainisteoir stáitse ag Feis Chonnacht ··· Ghlac sé páirt freisin sna drámaí a léiríodh ag an bhFeis, An Deoraí le Lorcán Ó Tuathail agus Áine agus Caoimhín le Tomás Mac Domhnaill[q.v.] (idem 2 Meán Fómhair 1910). Bhí sé ina phríomhoide sna Forbacha go fóill i bhFeabhra 1912 agus gairid ina dhiaidh sin d’aistrigh sé go dtí an Spidéal ··· Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Chonnacht sa Spidéal
Tháinig de chor sa saol ag Mairéad i 1910 gurbh í féin agus Eileen Costello na moltóirí san amhránaíocht ag Feis Chonnacht sa Spidéal agus gurbh í a deirfiúr Eibhlín a bhain ceann de na chéad duaiseanna (An Claidheamh Soluis 10 Meán Fómhair 1910) ··· Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal ó 1916 go 1918 ··· An Cnoc sa Spidéal seoladh Mhairéad sa teastas agus ní luaitear aon ghairm bheatha
Ba iad a thuismitheoirí Mícheál Ó Briain [B8], aisteoir gairmiúil arbh as an gCoilleach, An Spidéal, Co ··· Chuaigh a dhearcadh leitheadach agus a thiomanta is a bhí sé d’ardchaighdeáin i bhfeidhm ar ghlúin mhór d’fhochéimithe, d’iarchéimithe, agus de chomhghleacaithe, agus beidh a thoradh sin á nochtadh go ceann i bhfad.’ I mBaile an tSléibhe, an Spidéal, a bhí cónaí air féin, a bhanchéile Máirín Ní Scanláin as Doire Choill, Ros an Mhíl, agus a mbeirt mhac ··· Tá sé curtha i Reilig an Choilligh sa Spidéal.
D’éag sé 1 Nollaig 2005 agus ta sé curtha i Reilig an Choilligh sa Spidéal. I litir chuig údair an leabhair seo scríobh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: ‘Fear fad-bhreathnaitheach a bhí ann ··· Chaith sé tréimhse ag obair le Ferrari san Iodáil i lár na 1960idí agus bhain sé úsáid thairbheach as a chuid teagmhálacha ansin, agus as a líofacht Iodáilise, nuair a mheall sé trí chomhlacht Iodálacha go dtí an Spidéal sna seachtóidí.’
Ó Conaola ar an gceoltóir seo ón Spidéal, Co ··· Ba é an dara duine ab óige é den deichniúr páistí a bhí ag Micheál Ó Conluain, múinteoir Gaeilge ón Muileann gCearr, agus Cáit Ní Choisdealbha, amhránaí cáiliúil ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal, Co
Only a full-length biography will ever do justice to his life and achievements.’ Tar éis dó éirí as obair chuir sé féin agus a bhean fúthu i Seanadh Gharráin in aice leis an Spidéal agus lean sé air ag saothrú na Briotáinise agus ag soláthar ábhair don fhoclóir Briotáinise Geriadur Brezhoneg, 1995 ··· D’éag sé 3 Samhain 1999 agus tá sé curtha i reilig an Chnoic in aice leis an Spidéal; scríofa ar an leac uaighe tá na focail seo: ‘Brogarour Breizhad Ganet e Sant-Ivi Breizh e 1921’. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
na Mí, den Chonradh, craobh a bhunaigh sé féin. Cháiligh sé mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910 ··· Meastar gurbh é faoi deara an chéad cheardscoil tuaithe in Éirinn, an ceann a osclaíodh i seomraí a bhí ar cíos ó Choláiste Chonnacht sa Spidéal
Peileadóir cumasach ba ea é agus ar feadh sé bliana as a chéile i Nua-Eabhrac bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh craobhchluiche ceannais an stáit sin trí bhabhta. Nuair a chuaigh a mháthair amach ar pinsean sna 1930idí cheannaigh sí teach tábhairne Uí Cheallaigh sa Spidéal ··· Mhúscail sé suim sa liathróid láimhe agus sa pheil sa Spidéal
Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004). Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine déag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal, Co
Bhí baint aige ar feadh tamaill le Coláiste Chonnacht sa Spidéal agus is ann a casadh air an bhean a phós sé, Caitlín Ní Mhaoldomhnaigh, múinteoir scoile ón bhFiacail, Co
and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’. Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo
‘Tha sgeul ort an Coise-Fhairge/ Ann an Éirinn thall;/ Eadar an Cheathramh Ruadh is Spidéal/ Dh’fhág tú iomadh snaim./ Bha thú ag Gàidheil Éireann/ Mar fhear dhuibh féin is de’n dream/ Dh’aithnich iad annad-sa an fhéile/ Nach do reub an cuan/ Nach do mhill míle bliadhna:/ Buaidh a’ Ghàidheil buan’. In Osgaig i Rathasair, oileán atá in aice leis an gClár Sgithe nó an tOileán Sciathanach, a rugadh é ar 6 Meán Fómhair 1915
Bhí ról aici in Dúirt sé dáirt sé leis an mBantiarna Gregory ag oscailt Choláiste Chonnacht sa Spidéal (ibid 22 Lúnasa 1914)
Chreideadh múinteoirí na scoileanna eile sa comharsanacht go mba bhuntáiste ag oidí Scoil an Spidéil an Tiarna Chill Aithneann bheith ina bhall den Bhord. Thug Stephen Gwynn cuairt ar an scoil sa Spidéal chun bualadh le Domhnall agus d’fhág againn cuntas ar an gcuairt sin in A Holiday in Connemara, 1909: ‘The school was a good-sized one, and at the end farthest from the door a monitor was teaching the map of Ireland to a group of small boys—in Irish
I 1903 d’iarr an Canónach Ó Conaire, sagart paróiste an Spidéil, go scaoilfí saor é chun airgead a bhailiú le haghaidh an tséipéil nua a bhí le tógáil sa Spidéal
Cheangail sé leis an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus d’fhreastail ar chúrsaí sa Spidéal i 1919 agus 1920
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F
Bhíodh comórtas le haghaidh paidreacha do Phrotastúnaigh agus a leithéid chéanna do Chaitlicigh. I ndiaidh do Philib de Bhaldraithe [q.v.] imeacht i 1913 fostaíodh beirt chainteoirí dúchais ó Thír Chonaill, Eoghan Ó Gallachobhair agus Nóra Nic Pháidín, agus Caitlín Nic Ghabhann ó Ghleann Dá Loch a bhí ag obair le tamall sa Spidéal, agus Pádraic óg Ó Conaire [q.v.]. Ag Ard-Fheis chinniúnach 1915, cé gur i leith Shinn Féin a bhí claonadh aige féin, bhí sé go mór in aghaidh an Conradh a bheith gafa le polaitíocht an náisiúnachais agus in aghaidh clásal a bheith sa bhunreacht a déarfadh gur cheann de aidhmeanna na gluaiseachta go mbeadh Éire neamhspleách
Chaith sé téarma i gcoláiste Thuar Mhic Éadaigh i samhradh 1909 agus lena linn chuaigh a rothaíocht in éineacht le hÉamonn de Valera, Pádraic Ó Domhnalláin[B2] agus Seán Ó Ruadháin[B1] go dtí an Spidéal nuair a bhí léacht in onóir Mhichíl Breathnach[B2] á nochtadh. Chaith sé tamall de 1910 ag foghlaim i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge
Phós sé Brigid Burke ón Turlach Mór 1939 agus ní raibh aon chlann acu. Sna cuntais a scríobhadh air sna páipéir i ndiaidh a bháis luadh lena ainm an dul chun cinn a rinneadh sa cheantar: monarchana bréagán sa Spidéal agus i gCasla: meadú ar na deontais tithíochta Ghaeltachta; scéim na dtithe gloine; na ceardscoileanna a tógadh i Ros Muc agus ar an gCeathrú Rua agus na cinn a bhí le tógáil ar an gCnoc agus in Árainn. Ag a dheartháir Micheál a bhí an teach tábhairne ina dhiaidh
Rinne sé cúrsa oiliúna i gColáiste Chonnacht sa Spidéal 1911. Ó Dheireadh Fómhair 1910 ar aghaidh bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil
Bhí baint aige le bunú Choláiste Chonnacht i bPartraí 1905 agus ar feadh tréimhse fada bhí ina ardrúnaí ag an dá Choláiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh agus sa Spidéal. D’éag sé 1 Iúil 1956
Is dóigh lena mhuintir nach le Gaeilge a tógadh iad. Oirníodh Máirtín tuairim 1904 agus bhí sé ina shagart cúnta sa Spidéal, Co
I 1911 bhain sé amach teastas múinteora i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
Scott a fostaíodh chun Eaglais Naomh Éanna sa Spidéal a thógáil
Cheannaigh sé an teach tábhairne ‘An Draighneán Donn’ sa Spidéal
Chaith sí ceithre bliana i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus rinne céim B.A
Mar is léir ó aiste a scríobh sé in Ar Aghaidh, Márta 1931, tháinig sé go mór faoi thionchar Eoghain Uí Ghramhnaigh i Maigh Nuad. Bhí sé ag obair i gCliara, An Spidéal, Cloch na Rón, Cill Fhear Odhráin, Achadh Ghobhair, Na Caológa...
Drámaí dátheangacha iad. Bhí a chéad phost aige sa Spidéal ar feadh ráithe le linn don tiofas a bheith forleata ann
Tháinig Pádraig Archer [q.v.] ó Gloucester agus bhí ann freisin Séamus Ó Fiannachta [q.v.], an Dr Marcas Ó Roighin [B1], Art Ó Griofa, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh] [q.v.], Pádraig Ó hAichir [q.v.], Séamus Mac a’Bhaird[q.v.], Donnchadh Ó Liatháin [q.v.] ó Bhéal Feirste, Dónall Ó Duibhne ón Spidéal, Éamonn Ó Néill [q.v.] ó Chionn tSáile, Tomás Ó hAodha[B2] agus go leor eile. An drámaíocht an dara rud a chuir ainm Chathail in airde
Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Laighean ó 1906 go 1910 agus chaitheadh sé gach samhradh ó 1905 amach ina Ard-Ollamh i gColáiste Chonnacht sa Spidéal
Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Thuar Mhic Éadaigh i 1923–25 agus chaith sé sealanna ina ollamh i gColáiste an Phiarsaigh, Ros Muc, agus i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. I 1927, ceapadh é ina chúntoir i Roinn na Gaeilge sa Choláiste
Nuair a bhuaigh Siobhán Ní Mhainín scoláireacht ollscoile fostaíodh cailín ón Spidéal ina háit. Bhí Siobhán ar scoil ag na Doiminicigh sa Bhóthar Ard ach chaith bliain sa leaba nuair ba bhaol di an eitinn a tholgadh
I gceann an mhéid sin, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór air ba ea léacht a thug Fionán Mac Coluim[B1] ag cúrsa samhraidh sa Spidéal ar thábhacht an bhéaloidis
D’fhanadh sí le cairde Webster sa Spidéal, muintir Neachtain, agus is ansin go háirithe a thosaigh a spéis sa teanga. Bhain sí céim BA le honóracha amach i nGaeilge agus i Spáinnis i gColáiste na Tríonóide i 1946 agus bhuaigh scoláireacht
Agus bhí le maíomh aige go raibh Gaeilge Chois Fharraige aige sular leag sé cos sa Spidéal
Chaith sé coicís i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1917 agus ba mhinic ar lóistín é sa Sián ina dhiaidh sin
I mBaile na gCrann sna hAille, trí mhíle taobh thiar den Spidéal, Co
Thug scoláireacht Choiste na bPáistí chuig an Spidéal é in 1932
Chaith sé dhá bhliain sa Teach Mór taobh thiar den Spidéal
Bhí aithne agus eolas ag an mbailitheoir ar an lucht scéalaíochta ón Spidéal siar go Maoras
Bhí baint aige le Clann na hÉireann i ndeireadh na 1930idí agus ar feadh cúpla bliain bhí sé i gceannas ar champa samhraidh do bhuachaillí ar an gCnoc, taobh thiar den Spidéal, Co
Is é an t-údar atá leis sin go bhfuil úsáid shóisialta i bhfilíocht Joe Shéamais Sheáin do phobal Chois Fharraige.’ I mBaile na mBrobhach atá in aice leis an Spidéal, Co
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In Aill an Phréacháin, na Forbacha, i gConamara, a saolaíodh Diarmaid Ó Gráinne ar 10 Bealtaine 1950 agus cé go mba i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin i gContae Ros Comáin a chaith sé bunáite a shaoil mar dhuine fásta, d’fhág a thógáil agus an ceantar as ar fáisceadh é rian láidir ar a chuid scríbhneoireachta, a bhí breactha leis an gcaint shaibhir, nádúrtha a bhí cloiste aige óna mhuintir agus óna chuid comharsan. Ba é Diarmaid an dara duine ab óige de sheachtar clainne, ceathrar mac (Pádraig, Stiofán, Diarmaid, Máirtín) agus triúr iníonacha (Máire, Nuala, Sorcha), a bhí ag a thuismitheoirí – Diarmaid (Dairbe) Ó Gráinne, feirmeoir beag as Aill an Phréacháin agus ag a bhean, Siobhán (Júidín Steif) Breathnach as an mBaile Ard ar an Spidéal. D’fhreastail Diarmaid ar Scoil Náisiúnta na bhForbacha
I mblianta deiridh a shaoil bhain sé MA amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.Bean Ghaeltachta a phós sé, Áine Ní Fhéinne as an bPáirc, an Spidéal, Co
Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil
Is iad na drámaí leis a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta: An cruastóir agus An mhéar fhada (1995); Mar a chéile muid sa chnuasach Gearrdhrámaí an chéid (2000) in eagar ag Pádraig Ó Siadhail, ar dhúirt sé leis an nGlaisneach ina thaobh gurbh é an dráma ba fhearr leis féin é de na drámaí aonmhíre a bhí scríofa aige. Dar leis an agallamh sin in Inniu gurbh ó thosach deireadh an Charghais a bhíodh na drámaí á léiriú aige sa Spidéal, An Cheathrú Rua, Carna, Cill Rónain, Inis Oírr agus Inis Meáin, agus ba mhinic 400 duine sa láthair