Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 165
Tá ann innéacs a chlúdaíonn logainmneacha, daoine agus araile. I gCill Mhic Creiche in aice le Lios Ceannúir, in iarthar an Chláir, a rugadh é ··· Bhí a mhuintir ina n-ollúna le seanchas ag na Brianaigh, príomhtheaghlach an Chláir, leis na cianta ··· Bhí pátrúnacht le fáil sa Chlár go fóill ag filí ··· Tá Morley cinnte de go raibh Aodh mar oide ag Lucas sa Chlár ··· ‘Níl ann i ndáiríre’, a deir Morley, ‘ach achoimre ar ghraiméar lámhscríofa leis an Athair Proinsias Bhailis[q.v.].’ Ceann de na heachtraí is inspéise i saol Mhic Chruitín gur liostáil sé mar shaighdiúir singil i reisimint Thiarna an Chláir i bhFlóndras 12 Deireadh Fómhair 1728
I bhForúir, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, a rugadh é ar 17 Aibreán 1896 ··· Bhí baint mhór aige sa Chlár le feachtas Pheadair Uí Dhónaill chun a thabhairt ar de Valera a gheallúint go gcuirfí deireadh leis na hannáidí a íoc leis an mBreatain. Bhí sé ina mhúinteoir agus ina bhainisteoir i gCarraig an Chabhaltaigh ··· Bhí sé ina rúnaí ar Fhianna Fáil sa Chlár ar feadh tamaill fhada agus ag am a bháis bhí sé ina uachtarán ar Chomhairle Dáilcheantair an Chláir ··· Níor sheas sé i 1969. Duine dá dhaltaí i gCarraig an Chabhaltaigh i 1937 ba ea Mainchín Seoighe agus dúirt seisean: ‘Bhí sé ina chainteoir Gaeilge chomh líofa is a casadh orm riamh, agus Gaeilge an Chláir go binn aige ... ··· Bhí stíl fhíorthaitneamhach aige, saghas cantaireachta, chun filíocht Ghaeilge a rá, stíl a d’fhoghlaim sé ó sheanchainteoirí dúchais i gContae An Chlair
San iontráil a thug sé in Who’s Who,What’s What and Where in Ireland, 1973 is iad ‘Edward Anthony’ a ainmneacha agus deir sé gurbh amhlaidh a baisteadh é i gContae an Chláir 6 Samhain na bliana 1889 agus gur ‘Séadna McLysaght’ ab ainm dá athair ··· Is fíor freisin go gcaitheadh an teaghlach laethanta saoire i gContae an Chláir ó 1899 amach ··· Bhain sé ardtaitneamh as trí shamhradh timpeall 1907 a chaith sé i gContae an Chláir, é ag cur faoi i sean-otharcharr sna dumhcha idir Lios Ceannúir agus an Leacht; tuairim 1908 a thosaigh sé ag foghlaim beagán Gaeilge ó chainteoirí dúchais sa cheantar sin ··· I 1909 cheannaigh a athair feirm mhór 600 acra sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine i gContae an Chláir; níor shíl Coimisiún na Talún gur thalamh é a bhí oiriúnach le roinnt ar thalmhaithe ··· Feasta is Cláiríneach a bheadh ann agus bheadh blas an Chláir ar a Bhéarla, fiú. Shíl sé go mba chur i gcéill a scríobh ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh beagán Gaeilge aige
an Chláir, agus chuir eagar ar a raibh ar fáil dá dhánta, in Seán de Hora, 1956, 25 dán atá ann, ina measc an ceann is iomráití díobh, ‘Aithrí Sheáin de hÓra’ ··· Bhí sé ar bhéal daoine sa Chlár anuas go dtí lár an fhichiú haois ··· Bhí ard-mheas ar an Séarlas seo ag filí an Chláir; chuir Brian Ó Luanaigh[B1] eagar ar dhánta a cumadh dó féin agus dá mhuintir in Dánta Clainne Domhnaill ··· Tar éis dó labhairt le seandaoine i gCo, an Chláir tuairim 1830, agus cóip á déanamh aige den dán ‘A Sheárlais Óig, A Ghrádh Uí Dhonnchadha’, dúirt Eoghan Caomhánach[B6] nach raibh léamh ná scríobh aige ··· Bhí Máire ina crann taca ag filí an Chláir
Is uirthi sin a bhaisteann Ó Fiannachta ‘The Poem Book of Clare’ agus deir ina taobh: ‘Tá duanairí breátha d’fhilíocht an Chláir agus Tuamhain i Má Nuad ··· R69 an ceann is iontaí díobh go léir.’ Agus deir sé: ‘Bailitheoir iontach ab ea Micheál.’ Is é a deir Ní Dheá faoin scríobhaí seo: ‘Dob é siúd leis a d’fhág againn na bailiúcháin is fearr d’fhilíocht an Chláir ón 18ú agus ón 19ú haois.’ Sa réamhrá a chuir sé lena dhuanaire (i gcló ag Ó Fiannachta in Léas ar ár Litríocht, ‘ós rud é gur léas chomh geal é ar shaol chultúrtha an Chláir i mblianta duairce na linne’) tugann sé eolas ar fhilí an Chláir san 18ú haois: Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buí Mac Cruitín, Micheál Ó Coimín, agus Seán Ó hUaithnín ··· Scríobhadh sé rannta ach is mó an díol airde na colafain a chuireadh sé ina lámhscríbhinní; deir Ní Dheá fúthu: ‘Ba é a bhreac na colafain is fearr agus na nótaí is deise dá bhfuil le fáil ar lámhscríbhinní an Chláir.’ Deir sí freisin go raibh i bhfad Éireann níos mó lámhscríbhinní breactha aige, ní foláir, ach nach bhfuil tuairisc orthu anois
Fuair sé post sa Dún Beag, Co. an Chláir, i 1912 agus lean air ag múineadh ansiúd go ndeachaigh sé ar pinsean i 1950 ··· I nóta in Fáinne an Lae 19 Deireadh Fómhair 1918 deir Pádraig go mba chainteoir dúchais Gaeilge é, molann a fheabhas a bhí caint an Chláir aige agus deir sé go raibh ‘poirt thar comhaireamh’ aige. Chuir Pádraig an-dúil i nGaeilge an Chláir ··· Ó thosach go dtí timpeall 1960 bhí sé ina bhall de Choiste Gairmoideachais an Chláir ··· Bhí sé ina chathaoirleach tamall ag múinteoirí náisiúnta an Chláir. Cúpla bliain sula bhfuair sé bás d’aistrigh sé féin agus Eibhlín go dtí Órán Mór, Co
Ba é Liam a sheol Acta Medica Gadelica (nach maireann), foilseachán an Acadaimh, agus ba é féin an t-eagarthóir. I mBaile Átha Cliath a rugadh Liam ar 29 Nollaig 1921 agus ba iad a thuismitheoirí William O’Shea, mac feirmeora in iardheisceart an Chláir, agus Anne Marie Kett ó Chill Rois sa cheantar céanna ··· Seacht gcéad acra a bhí ag muintir a mháthar tráth san Fhairche, Co. an Chláir ··· Bhí Joe Beag i gceannas ar Fhíníní Iarthar an Chláir ag an am ··· Bhí Joe Crionna Ó Ceit (d’eag 1875) i gceannas ar Fhíníní Oirthear an Chláir. Cuireadh oideachas ar Liam i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, agus b’fhéidir gurbh ann a adhnadh an spéis mhór a bhí aige san iomáint ··· Chuir sé aithne ar othair ar chainteoirí dúchais iad as iarthar an Chláir
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2015 Díograiseoir teanga as Co. an Chláir ab ea Seán Ó Ceallaigh agus ba bheag eagras ná ócáid a bhí sa chontae sin leis an nGaeilge nó leis an nGaelachas a chur chun cinn nach raibh sé sáite iontu ó tháinig sé in aois fir go bhfuair sé bás in 2014. Údar ab ea é freisin ··· Eoghan Ó Gramhnaigh agus bhí sé chomh tógtha le saol agus le saothar an tsagairt gur scríobh sé scéal a shaoil, Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair in 1968. Scéal saoil fir eile a raibh ardmheas aige air ab ea an dara leabhar a scríobh sé, Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887–1986 (2003), beathaisnéis an ghinealeolaí, an scoláire agus an phoblachtaigh a rugadh i Sasana ach a chuir faoi in oirthear an Chláir, áit ar bhunaigh sé Nua-Ghaeltacht ··· Feirmeoirí ab ea an bheirt acu freisin, duine acu ag treabhadh agus ag fuirseadh na talún agus na teanga sa leath thiar den chontae, an duine eile san oirthear. I gCeann Toirc i bparóiste Chill Mháille, Co. an Chláir, a saolaíodh Seán Ó Ceallaigh ar 12 Feabhra 1934 ··· Bhí tóir mhór ar na cathaoireacha súgáin a bhíodh á ndéanamh acu agus easpórtáladh iad go Sasana, Mór-roinn na hEorpa agus chuig na Stáit Aontaithe. Níl cur síos ar a ndearna Seán Ó Ceallaigh ag cur na teanga agus an chultúir chun cinn go háirithe sa Chlár, a chontae dúchais. Bhí sé thar a bheith gníomhach i gConradh na Gaeilge, ina bhall de Choiste Gnó na heagraíochta sin agus ina uachtarán ar Chraobh na hInse, Co ··· Chaith sé os cionn scór bliain ag freastal ar Dhaonscoil na Mumhan agus bá é an cathaoirleach a bhí ar bhord stiúrtha na heagraíochta An Clár as Gaeilge Teo., togra comhpháirtíochta fobartha teanga do Chontae an Chláir. Thuig sé tábhacht an oideachais, chaith tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla, ina measc an scoil náisiúnta ina cheantar féin, Fíoch Rua, agus Gaelcholáiste an Chláir in Inis. Bhíodh a ghlór le cloisteáil go rialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é le feiceáil ar TG4. Chomh maith leis an dá leabhar a tháinig óna lámh, ba mhinic leis ailt agus litreacha a scríobh sna hirisí Feasta agus Comhar agus bhí colún seachtainiúil aige i nGaeilge sa nuachtán The Clare Champion
Bhí Gaeilge Shéamais chomh maith sin go mbíodh sé á múineadh sa choláiste Gaeilge i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir sa samhradh ··· I gcathair Luimnigh a rugadh Christina ach b’as an gceantar sin idir Tuath Ó gConaíle agus Tuaim Gréine sa Chlár dá tuismitheoirí, Thomas Forde agus Margaret Neville ··· B’fhéidir a mhaíomh gurbh iad na taifid a rinne Ciarán ag an bhFleá Cheoil in Inis, Co. an Chláir, in 1956 a mhéadaigh go mór ar an tinreamh ag na Fleánna as sin amach ··· Tar éis an aifrinn ba iad Seamus Heaney, príomhfhile Éireann, Cathal Goan, Ceannasaí RTÉ, Muiris Ó Róchain, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, bunaitheoir Scoil Willie Clancy, agus mac Chiaráin, an Dr Pádraig Mac Mathúna, a thug léargais cheiliúrtha ar ar bhain Ciarán amach i rith a shaoil. Leabhair Breathnach, B
Cheangail sé leis na hÓglaigh agus is in iarthar an Chláir a bhí sé ag timireacht don Chonradh anuas go 1916 ··· Scaoileadh amach é Márta 1917 agus bhí sé ag timireacht i gContae Mhaigh Eo nuair a dúirt an Conradh leis dul ar ais go dtí an Clár chun cabhrú leis an mbailiúchán náisiúnta ··· Faoi Dheireadh Fómhair na bliana sin bhí sé ar ais sa Chlár mar fhothimire ··· Fuair sé post múinteora i gColáiste Fhlannáin, Inis, Co. an Chláir, ach um Nollaig 1920 gabhadh arís é agus chaith sé tréimhse i bPríosún Luimnigh. Phós sé Harriet Gibson in Inis 1932
Mar chuid de chomóradh chéad bliain Chonradh na Gaeilge d’fhoilsigh Craobh na hInse an paimfléad Mártan Ceallaigh 1860–1906, Baile Uí Ghríofa, Co. an Chláir: Comhbhunaitheoir Chonradh na Gaeilge 31 Iúil 1893, curtha in eagar ag Domhnall Ó Loingsigh ··· I mBaile Uí Ghríofa i bparóiste an Dísirt, Co. an Chláir, a rugadh é ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1901 go raibh sé ina bhall de Choiste Cathrach agus Ceantair Bhaile Átha Cliath thar ceann Chraobh Dhroim Conrach. Phós sé Bedelia Harvey (iníon le Thomas Harvey agus Mary Guthrie a baisteadh 15 Eanáir 1862), múinteoir náisiúnta ó Sheandroimeann, Eidhneach, Co. an Chláir, 26 Iúil 1884
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar 28 Lúnasa 1884 a rugadh é i gCróchán, Cill Bheathach, Co. an Chláir ··· Thóg sé go leor seanchais síos uaidh ar téip, ar chuid de stair shóisialta an Chláir mórán de ··· Ansin nuair a léigh an tAthair Ó Deá leabhar Holmer rith sé leis daoine a raibh spéis acu i nGaeilge bheo an Chláir a thabhairt le chéile
Ní raibh Erinagh House (a leagadh i ndaichidí an chéid seo) ach tamall an-ghairid ó Chaisleán Uí Chonaill ach is ar an taobh eile den tSionainn, i gContae an Chláir a bhí sé, i gCill tSeanain Léith i mBarúntacht na Tulaí ··· Ach is deacair Cill tSeanain Léith sa Chlár a réiteach leis an ráiteas úd uaidh féin. Dúirt Robin Flower sa réamhrá a chuir sé le heagrán Uí Ghrádaigh de Caithréim Thoirdhealbhaigh (1929): “Before he went to Rugby he was deeply versed in the language and traditions of the countryside” ··· IV, cuid a 1 (1943) sa tsraith “Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh”, agus léiriú ar a chumas chun véarsaí Gaeilge a chumadh in alt i dtaobh an chomhfhreagrais a bhí aige leis an scríobhaí Domhnall Mac Consaidín, Sráid an Phríosúin, Inis, Co. an Chláir (Éigse, Iml
Bhíodh carn acu, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ina sheomra leapa aige de ghnáth, agus ‘sé mo thuairim go gcaitheadh sé aon phinginní a bhíodh spártha aige, tar éis íoc as a lóistín, ar leabhair’. Faoi 1910 bhí sé ina thimire i gContae an Chláir ··· Bhain sé leis an saol in Árainn agus i gContae an Chláir ··· an Chláir (An Claidheamh Soluis 30 Eanáir 1915)
I mBaile na Fuirnéise, san Fhiacail, Co. an Chláir, a rugadh é (baisteadh é ar 29 Nollaig 1874) ··· Deirtear gurbh é is mó a chuir saothar fhilí an Chláir os comhair an phobail ··· B’fhéidir gur sna páipéir áitiúla a bhíodh saothar sin fhilí an Chláir i gcló aige
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba ó cheantar Lúch, Dúlainn, Co. an Chláir, a mhuintir ··· Níor phós sé riamh agus i Lúch a chaith sé a shaol ó 1884 go 1947, an bhlian a ndeachaigh sé isteach i dteach banaltrais i gCorcaigh, áit ar cailleadh é, in aois 72, an 18 Nollaig 1949. Maidir leis an nGaeilge i gcontae an Chláir is ag seandaoine amháin a bhí sí á labhairt mar theanga laethúil i dtuaisceart an chontae agus ba mhaith a thuig Seán sna 1930idí go mbeadh sí imithe ar fad taobh istigh d’achar gearr ··· Ceapadh é ina bhailitheoir páirtaimseartha ag an gCoimisiún. Bhailigh sé na mílte mílte leathanach den uile chineál ábhair i gContae an Chláir
Bhí cónaí ar a athair Mathúin i gcomharsanacht na Tulaí, Co. an Chláir ··· Bhí sé ina bhall den choiste a bhunaigh Acadamh Ríoga na hÉireann i 1785, agus an chéad alt dár foilsíodh i roinn na seandálaíochta de Transactions of the Royal Irish Academy ba é a scríobh é; bhain sé le cloch oghaim Shliabh Challáin i gContae an Chláir ··· Ina litir ó Chontae an Chláir scríobh Seán Ó Donnabháin[q.v.]: ‘Old Mr Casey of Dublin, the herbalist and Irish Serapion, frequently told me that it is a well known fact that this inscription was forged by John Lloyd, a schoolmaster in the County of Clare, who composed several political Irish songs, and published an account of the same [forged] monument; that O’Flanigan was well aware of this generally credited report but suppressed it in his paper published in the Transactions of the RIA, and that, when Mr Casey stated before the then Chief antiquaries of Dublin that it was always believed in Munster that the Ogum on the Callen Mountain was forged by John Lloyd, O’Flanagan was so hurt that he exclaimed: “May the Devil jump into that fellow’s heart!”.’ Scríobh Séamus Mac Cruitín[q.v.] an dán ‘Chum Uilliam Uí Ghráda noch a dúirt gur léigh sé féin an líne oghaim atá ar lic Chonáin i gCallann’. Chinn an tAcadamh gurbh é a chóipeálfadh na seandlíthe ach ní raibh toradh ar bith ar an gcinneadh agus síltear gurbh é an tromólachán ba chúis leis
D’fhill an lánúin ar Éirinn in 1967 agus chuaigh chun cónaithe i gCora Finne, Co. an Chláir ··· Tá ailt faoi bhéaloideas an Chláir aici in Béaloideas. Is é The festival of Lughnasa (1962) a ríshaothar ··· Sa Ruán, Co. an Chláir, atá sí curtha
Bhí sé ag múineadh scoile i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chláir agus bhí ina phríomhoide i scoil Chora Finne, Co. an Chláir, nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1979 ··· Ba é Pearsa an Chláir é i 1987
Haugh (38) a rugadh i gContae an Chláir, ollamh le matamaitic agus iriseoir, Gaeilge aige: Catherine (27) a rugadh i gContae Chorcaí, Béarla amháin aici; Dermot (seacht mí) ··· Ar a leac uaighe tá scríofa: ‘Ní bás dár bhfaraire – maireann a chlú is a cháil / i gcroí a charad i bhfearann glas Inse Fáil.’ De réir Evening Herald 30 Deireadh Fómhair 1908 is i gCill Chaoi, Co. an Chláir, a rugadh é ··· Joyce’s Forus Feasa ar Éirinn and the poem Oisín air Thír na n-Óg.’ Thuairimigh Ó Murchú go mb’fhéidir gur mhúin sé roinnt Gaeilge do de Valera agus gurbh é a mhúscail spéis Uí Rathile i nGaeilge Chontae an Chláir
B’as an Leacht, Co. an Chláir, do Delia ··· Cois teallaigh bhaineadh muid an-sult as scéalta agus amhráin mo mháthar, scéalta faoi Chontae an Chláir, pisreoga agus nósanna na háite ··· Liostaíonn sé trí rud a chuaigh i bhfeidhm air: cnuasach de leabhair ar Éirinn i bPríomhleabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac; Cumann na Gaeilge sa chathair, cumann a bunaíodh in 1883; tamall ar fheirm a uncail sa Chlár agus tamall lena linn ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh i Ros Muc
Thug scoláireacht é go Coláiste Samhraidh Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i 1937 ··· Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh iad an tAthair Peadar Ó Laoghaire[B2], Pádraig Mac Piarais[B4], Micheál Ó Gríobhtha[B1] as Contae an Chláir, Sean-Phádraic Ó Conaire[B2], Seán Tóibín[B2] agus ‘Máire’ [Séamus Ó Grianna B2] a eiseamláirí sa scríbhneoireacht
Dar le Seán Hutton in DIB, throid an t-athair i gCogadh 1914–18 agus ba bhall é d’Arm na Poblachta sa Chlár roimh dhó dul isteach in Arm na hÉireann ··· Bhí a bheatha agus a shaothar mar ábhar ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Inis, Co. an Chláir, in 1990
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é an té ba aitheanta é den triúr a bhunaigh Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, in 1973 agus go dtí lá a bháis, nach mór, ba é fear stiúrach na scoile sin é ··· In 1970 phós sé Úna Guerin de bhunadh Shráid na Cathrach, Co. an Chláir, agus d’aistrigh siad siar ann agus bhí ag múineadh i Meánscoil Sheosaimh Naofa i Rinn na Spáinneach
I gCill Dalua, Co. an Chláir, a rugadh é 31 Iúil 1918 ··· de dhualgas orm na céadta drámaí a léamh, agus de réir mar a fhásann féith na léirmheastóireachta, tagann feochadh ar fhéith na cruthaíochta.’ Ba é an chéad chathaoirleach é ar Chumann Merriman nuair a bunaíodh é i 1967 d’fhonn eagrán de Cúirt an Mheán-Oíche a fhoilsiú agus chun cabhrú le leacht in ómós don fhile a thógáil san Fhiacail, Co. an Chláir
I bparóiste an Tobair, Co. an Chláir, a rugadh é ··· Óna óige bhí spéis aige san iomáint agus bhí sé ar fhoireann an Chláir i 1935
I gContae an Chláir a rugadh é; bhí 67 bliain d’aois aige i nDaonáireamh 1901 agus dúradh go raibh sé 75 bliain d’aois nuair a d’éag sé in Eanáir 1909 ··· Is i bparóiste Thuaim Fhionnlocha idir Cora Chaitlín agus Droichead Abhann ó gCearnaigh, Co. an Chláir, a rugadh an dara mac um Shamhain 1857
an Chláir, dó ··· Maireann mar lámhscríbhinní cnuasaigh a rinne sé d’fhilíocht an Chláir agus cóip de ‘Eochairsciath an Aifrinn’ le Seathrún Céitinn
In aois a thríocha bliain dó, de réir Henn, chuir sé faoi i bhForúir, i bparóiste Dhún Átha, Co. an Chláir, agus bhí scoil scairte aige ann ar feadh ocht nó naoi mbliana ··· Fuarthas marbh ar thaobh an bhóthair é ach ní heol go baileach cathain. Tá sé ar dhuine díobh sin a gcuirtear ina leith go raibh baint acu leis an mbrionnadóireacht ar cloch ‘oghaim’ Shliabh Calláin i gContae an Chláir (féach faoi O’FLANAGAN, Theophilus).
I nDún Átha, Co. an Chláir, a rugadh é, ar 20 Samhain 1794 de réir nóta a scríobh sé féin ··· Chum sé dánta comórtha nuair a toghadh Ó Conaill sa Chlár in 1828 agus The O’Gorman Mahon in 1830
Pléann Sheila Harbison cúrsaí a bheatha in The Other Clare, Annual Journal of the Shannon Archaeological and Historical Society, 2000 (‘The Chevalier O’Gorman’), aiste ar fiú í a léamh. I gCaisleán Boirne sa Bhoirinn, Co. an Chláir, a rugadh é ar 16 Meán Fómhair 1732 ··· I 1788 a d’éag an chéad bhean agus phós sé baintreach Denny Baker Cuffe i mBaile Átha Cliath agus ina diaidhsean bean de mhuintir Mhic Fhlannchadha i gContae an Chláir. Maidir lena sheirbhís i mBriogáid na hÉireann deir Hayes: ‘Regarding O’Gorman’s military service, of which little is known, it may be of interest to mention, that he was one of the two hundred Irish officers in the French army who in 1779 offered their services to the United States in the war against England.’
B’as Cill Mhuire i gceantar Dhroichead Abhann ó gCearnaigh sa Chlár do mháthair Sheáin ··· Tar éis cúrsa bliana (1881–82) sa Mhodhscoil i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, bhí poist aige i gCill Mhichíl i gContae an Chláir agus i gCill Fhionáin, Co
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Chuir Diarmaid Ó Muirithe a dhánta in eagar in Tomás Ó Míocháin: filíocht, 1988 agus thug eolas ar a bheatha, agus chuir Liam de Paor réamhrá leis (‘Contae an Chláir le linn Thomáis Uí Mhíocháin’) ··· In Dál gCais: the journal of Clare, 1993 chuir Brian Ó Dálaigh leis an eolas sin (‘Tomás Ó Míocháin and the Ennis School of Gaelic poetry c.1730-1804’) trí shleachta as Ennis Journal, Limerick Journal agus Ennis Chronicle ó 1779 go dtí 1805 a chur i gcló. Ba é an dara mac é ag Tomás Ó Míocháin, táilliúir agus file, Ard Soluis i bparóiste Dhúire i mbarúntacht Bhun Raite, Co. an Chláir
Tá eolas ann ar a shinsir siar go dtí 1440. I gCill Chorcráin in aice le Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, a rugadh é ··· Ar feadh breis is céad bliain bhí cóipeanna diobh á ndéanamh agus á gcur sa timpeall i gContae an Chláir
na Gaillimhe, ar theorainn Chontae an Chláir, a rugadh é ··· D’aistrigh Chris O’Mahony an chuid a bhaineann le Co. an Chláir, ‘A Seventeenth-century description of Co
That picture seems to be somewhat flattering, and is probably partly due to the éclat Tadhg gained for himself as a result of the Contention which he instigated.’ An Flanagánach a dúirt gur i gCaisleán Dhún Ógáin, i mBarúntacht Uí Bhreacáin i gContae an Chláir, a rugadh Tadhg, rud a bhfuil amhras ar Leerssen faoi ··· Deir McGrath gur ceapadh Tadhg mar shirriam (‘District Sheriff’) i gContae an Chláir ach arís caitheann Leerssen amhras air sin: ‘Tadhg’s complete absence from the archives which between them document county business conducted during his lifetime, seems to belie the idea that he held important offices, like that of district sheriff as is sometimes claimed.’ Chum sé dánta diaga agus chaoin sé Donnchadh Ó Briain (d’éag 1624)
Um Nollaig 1920 cheap Conradh na Gaeilge é ina rúnaí dúiche i gContae an Chláir agus sa mhéid sin de Chontae Thiobraid Árann ó Dhurlas ó thuaidh—fairche Chill Dálua a deirtear uaireanta—ach bhí sé i bpríosún ag an am (Dóchas agus Duainéis: scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932 le hAindrias Ó Muimhneacháin) ··· Sa Churrach a bhí sé i ngéibheann i rith an Chogaidh Chathartha. Phós sé Mary Hannan ón gCroisín, Co. an Chláir, tuairim 1928 agus bhí beirt mhac acu
Ryan (38), máistir scoile a rugadh i gContae an Chláir; a bhean Annie (36), máistreás scoile a rugadh i gContae an Chláir (i gCill Fhionnúrach a deir Cronin); ní raibh Gaeilge ag an gceathrar mac agus iníon
I Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, a rugadh í ar 2 Feabhra 1884 ··· Seo é an t-eolas a tugadh: Michael (50) a rugadh i gContae an Chláir, cigire bunscoile nach raibh aon Ghaeilge aige; a bhean Alice (38), a rugadh i gContae Thír Eoghain agus a bhí gan Ghaeilge; Mary Sullivan (17), neacht Mhichíl, Gaeilge aici; Florence Sullivan (14), neacht, a bhí gan Ghaeilge. Ceapadh Máire ina timire faoin mBord Oideachais in 1907
Cuireadh mar thimire é i gContae an Chláir sa bhliain 1909’ ··· Bíonn tagairtí dá chuid oibre in An Claidheamh Soluis : é a bheith ag Feis Luimnigh (19 Meitheamh 1909); cuntas ar chaint a thug sé uaidh ag feis agus aeraíocht i nDroichead an Chláir (9 Deireadh Fómhair 1909)
I Leacain, Cill Mhichíl, Co. an Chláir a rugadh é 12 Eanáir 1872 ··· Tuairiscíodh 9 Feabhra 1918 gur phós sé Máire Ní Scanaill as Cill Dalua, Co. an Chláir
Níl cur síos ar an spreagadh atá tugtha aige dá chuid scoláirí agus ní le seanmóireacht é’ (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Samhain 1959). Múinteoirí ó Chontae an Chláir a bhí ag múineadh scoile i dTír an Fhia, Co ··· Ach níl aon amhras ach gurbh i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, a rugadh é ar 9 Márta 1911
B’fhéidir gur leagan de ‘Lahiff’, atá le fáil sa Chlár agus in oirthear na Gaillimhe, an sloinne sin. Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1899 á chosaint féin ar chúiseamh ina aghaidh a bhí i gcuntas 23 Meán Fómhair ar an timire nuacheaptha Tomás Ó Concheanainn[B2] ··· These sentences were carried out in the past by a few evicting landlords but it is rather a novel incident for a priest proferring national sentiments to play the role of evictor’. Tá tuairim ann go ndeachaigh sé chun cónaithe i gContae an Chláir ach is i dTeach na mBocht nó an County Home sa Chaisleán Nua, Co
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I bhFairche in aice le Cill Chaoi, Co. an Chláir, a rugadh é ··· Ní raibh aon fhógra ná mír nuachta faoin mbás i bpáipéir an Chláir i Meán Fómhair 1928 ná 1933 agus níor éirigh leis an Sinsearlann i gCora Finne dáta cinnte a aimsiú
Dúnadh an mheánscoil i Meitheamh 1915 toisc nach raibh go leor scoláirí ag freastal air. Casadh Bríd Ní Dhochartaigh, múinteoir as Lúbán Díge i gContae an Chláir, ar Phádraig le linn cúrsa samhraidh sa Rinn ··· Cara mór dó ba ea Eamonn agus thug Pádraig cainteoirí dúchais Gaeilge ó na Déise chun bheith ag obair i bplandlanna Mhic Ghiolla Iasachta sa Ráithín in oirthear an Chláir agus d’eagraíodh se ranganna Gaeilge ar an eastát
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCathair Aoidh, Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, a saolaíodh é ar 21 Eanáir 1869 ··· (‘Deir Ó Cearúil gurbh é Mícheál Ó Gríobhtha ó Chontae an Chláir a scríobh an chéad dréacht den téacs Gaeilge agus gurbh é Éamon De Valera féin a roghnaigh Ó Gríobhtha chun dul i mbun na hoibre sin’)
B’as Boirinn, baile beag sa Chlár siar an bóthar ó Chinn Mhara, dá athair Tomás, agus b’as Ráth Torpa in aice le Gort, Co ··· Bhí sé ag cruinniú den Chonradh in Áth Leathan, Co. an Chláir, 27 Lúnasa 1899 agus tuairiscíodh: ‘He said he never spoke Irish in his youth, and was never taught it in the National Schools’ (An Claidheamh Soluis 9 Méan Fómhair 1899, lch 407)
Theip ar Ó Domhnaill i gContae an Chláir ··· Ó 1933 amach ba mhinic é ag gníomhú mar bhreitheamh sa chúirt chuarda agus ceapadh é sa deireadh ina bhreitheamh i gcúirt chuarda an Chláir, Chiarraí agus Luimnigh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCill Mhichíl, Co. an Chláir, a rugadh é ar 24 Eanáir 1869
Chaith sé féin, Ó Maoilíosa agus Proinsias Ó hEidhin ceithre mhí ar a seachaint i gContae an Chláir, iad ag cur fúthu i mbothán ar thalamh mhuintir Mhaoldomhnaigh sa Bhaile Uachtarach
Fuair sé bás ar 14 Nollaig 1939 de dheasca titim de mhuin capaill i gContae an Chláir agus is i Lea House, 93 Bóthar Phembroc, Baile Átha Cliath, a d’éag sé
Ba é a thuairim gur sa Chlár, tír neodrach, a bhí an Ghaeilge ab fhearr le fáil
Thug Liam cabhair do Shinn Féin i bhfeachtas toghchánaíochta oirthear an Chláir agus an bhliain chéanna sin (1917) ceapadh é ina Ollamh le Teangacha Rómánsacha i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, post ar chaith sé dhá bhliain agus daichead ann
Bhí sé ag tacú le de Valera sa Chlár Thoir i bhfothoghchán 1917
Ó Maolchonaire an leagan den sloinne a d’úsáideadh seanathair Phádraic Óig agus de réir sheanchas na clainne is anoir a tháinig muintir Uí Mhaolchonaire go Ros Muc sa tseanaimsir, nó anoir aneas, b’fhéidir, ó oirthear an Chláir. I Ros Muc a fuair Pádraic bunscolaíocht agus bhí sé ar na daltaí ba thúisce a d’fhreastail ar Scoil Éanna, Ráth Fearnáin: chuaigh sé isteach ann 7 Deireadh Fómhair 1908
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I nDún Salach in aice le Sráid na Cathrach i gContae an Chláir a rugadh é ar 6 Eanáir 1871
Ba é a bhunaigh Irish Fun agus bhí sé ina eagarthóir air. Roghnaíodh é mar iarrthóir d’iarthar an Chláir in olltoghchán 1918 nuair nach bhfuarthas freagra ar an gcuireadh a tugadh do Pheadar Clancy
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba iad Pádraig Ó hÓgáin, Páirtí an Lucht Oibre, agus Pádraig Ó Máille [q.v.], Cumann na nGaedheal, fir faire Chonradh na Gaeilge i nDáil Éireann i mblianta tosaigh an tSaorstáit. Sa Choillín, Cill Mháille, Co. an Chláir, a rugadh Pádraig 10 Deireadh Fómhair 1885
Is léir go dtugadh an mhúinteoireacht anseo is ansiúd é mar tugtar d’eolas ar a mhac James, mairnéalach, gurbh i gCill Rois, Co. an Chláir, a rugadh é agus gur sa Longfort a rugadh George, oibrí feirme
Paisiún eile a thug sé leis óna athair ba ea an iománaíocht agus i mblianta tosaigh an chumainn d'áitigh sé ar a pháipéar boinn a thairiscint do chlubanna an Chláir i gcomórtas iomána
Bhí sé le seasamh sa Chlár i 1901 ach ba é breithiúnas na gCláiríneach, más fíor: 'Too cultured for Clare'
B’as an Tulach, Co. an Chláir, do James agus bhí céim sháirsint sa Chonstáblacht Ríoga bainte amach aige agus tamaill caite aige ar diúité i mBéal Feirste agus i Ros Treabhair
Thuairimigh sé uair eile gur uaidh a thógfaí an bailiúchán ba mhó san Eoraip de scéalta agus de sheanchas dá mbeadh aige lámhleabhar mór Sheáin Uí Shúilleabháin (1949) nuair a bhí sé ag breacadh an ábhair. Rugadh Stiofán i Mí na Nollag 1858 i mBaile Uí Choileáin in aice Shráid na nIascairí i dtuaisceart an Chláir
Ó Nollaig 1902 go Aibreán 1905 bhí sé ag timireacht i gCorcaigh agus as sin go Nollaig 1906 sa Chlár
Nuair a d’fhill sé i ndiaidh tamaillín fuair sé post sa Chlár ag déileáil le cúrsaí talmhaíochta. Ó 1857 amach bhí sé ag cóipeáil lámhscríbhinní do William Smith O’Brien
Ceann de dhualgais a phoist bheith ag labhairt le cruinnithe d’fheirmeoirí beaga ar fud an iarthair agus i gContae an Chláir
Sa tréimhse anuas go 1957 líon sé 60,000 leathanach de bhéaloideas Chiarraí, chomh maith le roinnt ón gClár agus ó Chorcaigh, cuid nár shuarach den 1,500,000 leathanach a bhí ag an gCoimisiún
Bhí dúil aige sa phianó agus iníon dó an t-amhránaí aitheantúil Fionnuala Bean Mhic Lochlainn. Bádh é go tubaisteach agus é ag snámh in aice le Dún Beag, Co. an Chláir, ar 5 Lúnasa 1968.
Thaistealaíodh sé timpeall an Chláir le de Valera le linn toghchánaíochta. Toisc b’fhéidir nár thaobhaigh Tomás le ceachtar taobh sa Chogadh Cathartha chuaigh Proinnsias Ó Gallchobhair i gcomhairle leis nuair a bhí sé ag ceapadh foirne do Scéala Éireann i 1931
Bhí James Carmody ó Chontae an Chláir (d’éag 1909) ag teagasc i scoil Phrotastúnach Miss Fairholme
Agus bhí go leor a ndéantaí talamh slán de agus nach raibh ann ach “cuimhní falsa” mar a thugann Ó Caithnia ar na míthuiscintí iomadúla. Rugadh Micheál Cíosóg i bPoll an Phúca, baile fearainn sa Charn, Co. an Chláir, ar 20 Meán Fómhair 1847
Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí sé ag timireacht don Chonradh i gContae an Chláir
Iníon í le Peter Lambert Butler, Bun na hAbha, Co. an Chláir, mac le tiarna talún, agua a bhean chéile Mary Anne Ryan, Seven Hills, an Astráil Theas
Bhí Thomas Little pósta ar bhean de mhuintir Uí Ógáin i Lúbán Díge, Co. an Chláir. Níor chainteoir dúchais Gaeilge Séamus ach ba chuid de bhreac-Ghaeltacht fhairsing na hÉireann Loch Cútra
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Mac le Richard Watson Joynt, eagarthóir an Ballina Herald, agus Charlotte Soresby, iníon le ministir Preispitéireach i gCill Rois, Co. an Chláir, ba ea é
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Rugadh é sa Cheapach Rua, An Scairbh, Co. an Chláir, ar 16 Feabhra 1894
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 I gCill Mháille, Co. an Chláir, a rugadh í ar 23 Nollaig 1896
Bhí sé ag múineadh sa Chlár agus i gceantar Charraig Álainn i Liatroim agus is i Scoil na mBráithre in Ascaill Dhún Uamhair, Baile Átha Cliath, a bhí sé nuair a d’fhostaigh an Roinn Oideachais é chun bheith ag obair ar fhoclóir Béarla-Gaeilge Thomáis de Bhaldraithe[q.v.]
Dhéanfadh sé féin staidéar ar an sean-Ghaeilge faoi Thomás Ó Máille [B3] i nGaillimh. Bhí sé ina shagart cúnta i Lios Ceannúir, Co. an Chláir, 1902–3 agus thugadh seanmóirí agus deireadh paidreacha i nGaeilge
Chaith sé bliain in Inis Díomáin, Co. an Chláir
Bhí Conchubhar ar dhuine den seisear múinteoirí ag obair faoi Sheán Ó Murthuile[q.v.] i gContae an Chláir ina dhiaidh sin
In 1851 chuaigh sé féin agus luibheolaí aithnidiúil, Francis Whitla, thar an Bhoireann i gContae an Chláir ag iniúchadh plandaí a bhí ag fás ann agus Tadhg ag fáil ó mhuintir na háite, nó ag tabhairt uaidh féin, ainmneacha Gaeilge a bhí orthu...’. D’éag sé ar 27 Iúil 1903 agus tá sé curtha i Mount Jerome
Ó 1923 go 1927 bhí sé ina Theachta Dála thar ceann an Chláir agus Ollscoil na hÉireann
I gCill Mhichíl, Co. an Chláir, a rugadh é ar 28 Aibreán 1914
In alt dar teideal ‘Turas ar Ghaeltacht an Chláir’ (An Claidheamh Soluis 5 Aibreán 1913) dúradh: ‘Tá sprid mhaith Ghaelach ins na daoine san iarthar agus is dea-chomhartha é sin ar an obair atá déanta ag Aodh Ó Tuama ina measc ar son cúise na teanga’
I gContae an Chláir a rugadh é, i bparóiste an Dísirt agus an Ruáin, b’fhéidir
I gCuinche, Co. an Chláir, ar 26 Iúil 1893 a rugadh é agus is ann a cuireadh bunoideachas air
Scríobh Antoinette O’Brien, An Sinsearlann, Cora Finne, Co. an Chláir, ar 30 Eanáir 1996 chuig údair an chuntais seo: ‘From a detailed study of all the Baptismal Registers at our disposal we uncovered just one instance of an Edwin Lloyd having a family in Co
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Cainteoir dúchais ó Chill Chearbhaill, Cill Rois, Co. an Chláir
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Uachtarán ar chraobh de Shinn Féin sa Charn, Co. an Chláir
Agus dhealródh sé go raibh sé an-mhíchúramach i gcúrsaí airgid; tuairiscíodh uair go raibh lámhscríbhinní Gaeilge uile cheantar Inis Díomáin ceannaithe aige agus ansin gur fhág sé i ngeall iad i dtithe ósta ar fud an Chláir (féach ‘Collectors of Irish Manuscripts’ le Nessa Ní Shéaghdha in Celtica XVII). Ar feadh i bhfad creideadh gur thug sé Páras air féin arís agus gurbh ann a d’éag sé tuairim 1860
Bhí múinteoir an-cháiliúil i gContae an Chláir agus chuaigh scata buachaillí cosnochta ó Thír Fhiachrach síos chuige, Tadhg ina measc, iad ag tnúth le scolaíocht agus lóistín a fháil saor in aisce
I gCuinche, Co. an Chláir, mar a raibh feirm ag a mhuintir, a rugadh é Lá Fhéile Pádraig 1754
Some of them re-appeared during the days of Davis; the best of them, which were in the mouth of everyone in Clare seventy years ago, and many of which, when a boy, I could myself repeat, cannot now be had.’ Sa teach ‘Brickhill’ sa Chreatalach i gContae an Chláir a rugadh é ar 21 Nollaig 1763
an Chláir, 8 Márta 1922
An oíche sin i 1911 bhí sa teach ag 18 Sráid Hartstonge Íochtarach, Luimneach: Mary O’Sullivan, baintreach (49) a rugadh i dTriúcha, Droichead Uí Bhriain, Co. an Chláir—dúirt sí gur rugadh ceathrar di agus go raibh triúr díobh beo; Michael (28), cléireach innealtóra san iarnród; Maggie (26), gúnadóir
I bhfógra báis Sarah in Irish Times tugadh a seoladh, 47 Moyne Road, Ráth Maonais, agus dúradh gurbh í baintreach Thomas Houghton Scarlett í agus aoniníon William Watson, an Tulach, Co. an Chláir
Ba í Bríd Ní Thuama ó Chontae an Chláir a mháthair
I gCill Rois, Co. an Chláir, a rugadh é (Daniel Mahony) ar 16 Eanáir 1872
B’as Cill Mhichíl, Co. an Chláir, dá athair Seán Reidy ar sháirsint sa Gharda Síochána é; feirmeoir ba ea a athairsean ach deirtear gurbh fhile agus dealbhóir é freisin
and finally he recounts the services he will perform if only Donn will admit him into his palace.’ I Maigh Ghlas i bparóiste Chill Mhuire Uí Bhreacáin in iarthar an Chláir a rugadh é
I mBaile Mhic Bruaideadha i bparóiste Dhíseart Uí Dheá, Co. an Chláir, a rugadh é
Tuairimítear go bhfuair sé cabhair ó mhuintir Maolchonaire, scríobhaithe i gContae an Chláir
I gContae an Chláir a rugadh é
Is cosúil go raibh baint aige le Co. an Chláir agus síltear gurbh ón gcontae sin dá bhean
An Clár an t-aon chontae sa Mhumhain a thaithíodh sé
In The Contention of the Bards (Iomarbhágh na bhFileadh) and its Place in Irish Political and Literary History, 1994 deir Joep Leerssen: ‘His [Lughaidh’s] counter-poem “A Thaidhg ná tathaoir Torna” is what actually turns Tadhg’s revisionist foray into a Contention properly speaking.’ Tá an méid seo ag Breandán Ó Buachalla: ‘An bheirt fhile a thionscain an iomarbhá, Tadhg Mac Bruaideadha agus Lughaidh Ó Cléirigh, beirt iad a bhí tagtha slán: bhí Ó Cléirigh fós i seilbh a thailte i gCill Mhic Réanáin mar thionónta ag an rí; bhí Mac Bruaideadha mar shirriam i gContae an Chláir agus mar fhile teaghlaigh, is cosúil, ag Donnchadh Ó Briain, Iarla Thuamhan agus Uachtarán na Mumhan
Cuireadh faoi bhráid Fhlann Mhic Aodhagáin i mBaile Mhic Aogáin agus Chonchobhair Mhic Bhruaideadha i gCill Chaoide sa Chlár é
I lámhscríbhinn amháin tugtar ‘Seán mac Muiris Ó Conaill’ air agus tuairimítear gurbh é sin an Muiris i gCathair Bhearnach a aistríodh go Lios Dún Bhearna, Co. an Chláir, agus a raibh Seán ar dhuine dá mhic
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí scoil dlí le fada ag a mhuintir i gCathair Mhic Neachtain sa Bhoirinn i gContae an Chláir; tá cuid d’fhothrach na scoile le feiceáil go fóill
D’fhág sé a theach i gCarraig an tSleabhain agus bhí i gContae an Chláir go 1694; b’as Doire Fhada in aice le Gort Inse Guaire dá bhean, Fionnuala Nic Chonmara
I 1739 tugadh coimisiún dó i reisimint Thiarna an Chláir agus throid sé leis an reisimint sin i gCath Fontenoy (1745) go ndearnadh coirnéal de
Ó 1830 go timpeall 1875 bhí sé ag gabháil do cheird an scríobhaí i mBaile Uí Cheit, gar do Chill Rois, Co. an Chláir
Sa Charn i bparóiste Chill Íomaí, Co. an Chláir, a rugadh an foclóirí seo
D’admhaigh sé gur bheag má bhí aon ní nua aimsithe i dtaobh an fhile aige féin ó rinne sé taighde le haghaidh leabhar 1908. Táthar ar aon fhocal gur cosúil gur sa Chreatalach i gContae an Chláir a rugadh é—aithníonn Ó Foghludha ar fhoghraíocht na ndánta gur Chláiríneach é—agus nach bhfuil a fhios cá bhfuair sé a chuid léinn
Ba iad a thuismitheoirí John Conway, feirmeoir i Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, fear a ghlac páirt i gCogadh na Talún, agus Hannah Mary O’Connor a bhí bainteach le Léig na mBan
Tá ríofa ag Mainchín Seoighe in Cois Máighe na gCaor, 1965 an chaoi ar bhunaigh Donncha Ó Cuinn ó Chontae an Chláir an t-uasteaghlach sin in Áth Dara sa dara leath den 17ú haois
Tá cur síos comhaimseartha air in A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers with a descriptive Catalogue of their Works, 1820 le hÉadbhard Ó Raghallaigh[q.v.]. File ó Chontae an Chláir nó, b’fhéidir, ó Uíbh Fhailí a shin-seanathair, Liam Ó Briain, táilliúir
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 B’as ceantar na Tulaí in oirthear an Chláir don duine seo a bhí ina leasuachtarán ar an Gaelic Society
I measc na n-aistí léirmheasa nach miste a lua tá ar scríobh Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 4 (1964) agus in Repossessions, selected essays on the Irish literary heritage, 1995 (‘Brian Merriman and his Court’), agus ‘Brian Merriman agus Cúirt an Mheán Oíche’ in Merriman agus filí eile, 1985 le hArt Ó Beoláin (An Clóchomhar). In Inis Díomáin, Co. an Chláir, a rugadh é agus deirtear gur bean de mhuintir Mhic Uilcín a mháthair, gur phós sí Merriman, saor cloiche siúlach a bhí ag obair sa cheantar
Chuaigh a raibh á rá ag duine de na ministrí seo, John Gregg, Gaeilgeoir líofa ó Chontae an Chláir, go mór i gcion ar Thomás
B’as an mbaile sin dá mháthair, Mary Jane Brien, agus b’as an bhFiacail, Co. an Chláir, dá athair, Proinsias Ó Dúgáin, múinteoir náisiúnta
Togha fir dob ea é fhaid is bhí an misneach agus an tsláinte aige, agus dhein sé sárobair i Sliabh Eachtaí, ar an dteorainn idir Co. an Chláir agus Co
Mhúin sé i Scoil Naomh Eirc, Baile an Mhúraigh, Corca Dhuibhne, sna blianta 1917-25, nuair a ceapadh ina phríomhoide é i scoil an Choma, deich míle siar ó Thrá Lí. Sna blianta tosaigh aige mar mhúinteoir, mhúineadh sé Gaeilge i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i rith an tsamhraidh
Le linn a shaoire gach bliain, bhailíodh sé i gContae Chiarraí, i gContae an Chláir, i gContae Chill Dara agus sna ceantair Ghaeltachta go léir
Phós sé Nóra Ní Mharannáin ó Eidhneach, Co. an Chláir, 26 Iúil 1937 agus bhí buachaill agus cailín acu; údar aitheanta do pháistí an iníon, Treasa Ní Ailpín. Bhí ardmheas aige ar an saibhreas Gaeilge a bhí le cloisteáil aige i gCois Fhairrge, i gCnoc na hAille go háirithe, le linn dó a bheith i Scoil Sailearna, agus bhí sé an-tógtha lena fheabhas a bhí na hamhráin ag muintir Ros a’ Mhíl
I gCúige Chonnacht, i gContae an Chláir, i gContae Luimnigh, i gCeatharlach, i gCill Chainnigh agus i mBaile Átha Cliath a bhíodh sé ag bailiú
Is iad na daoine a chaoin sí: Donnchadh Ó Briain, 4ú hIarla Thuamhumhan (d’éag 1624); a dheirfiúrsan Máire; Toirdhealbhach Ruadh Mac Mathghamhna (fear céile Mháire, d’éag 1629), Cluain Idir Dhá Lá, Co. an Chláir; Diarmaid Ó Briain, Barún Inse Chuinn a d’éag 1624
Bhí cónaí orthu i gcaisleán Shean-Mhuicinis in aice le Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir
B'as "Ballingrave House" i gContae an Chláir di
Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sí ina cathaoirleach ar Chumann Merriman agus stiúraigh trí cinn dá Scoileanna Samhraidh. Tar éis di a bheith rannpháirteach sa saothar tochailte i mBun Raite, Co. an Chláir, is ea a fostaíodh í mar choimeádaí cúnta in Ard-Mhúsaem na hÉireann sa roinn ealaíne agus tionscail
I gCora Finne, Co. an Chláir, mar a raibh siopa ag a thuismitheoirí, Patrick Henchy agus Margaret O’Grady, a rugadh é i mí na Nollag 1917
Í féin a bhailigh cuid de na hamhráin a bhí ar na ceirníní aici agus luaitear gur thug Cáit Ní Choisdeala (Bean Uí Chonluain), máthair Fheistí Uí Chonluain [q.v.], agus Eibhlín Ní Chonláin (Bean Mhic Conmara), Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, cuid de na hamhráin di
Ó 1928 go 1935 ba chigire bunscoileanna i gContae an Chláir é
Ó 1952 bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus sheas thar a gceann sa Chlár in olltoghchán 1965; tugadh 2,677 vóta dó agus níor chaill sé a éarlais
Bhí muintir Johnny ag tarraingt móna agus earraí eile go Co. an Chláir, go hÁrainn agus go Gaillimh le ceithre ghlúin ar a laghad
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Cuimhnítear air mar eachtrannach a rinne a chuid féin d’Inis, Co. an Chláir, agus mar orgánaí, mar chumadóir, mar mhúinteoir ceoil agus mar dhuine a chóirigh foinn Ghaelacha
Múinteoirí náisiúnta i gCill Rónáin, Árainn, a thuismitheoirí, Pádraig Ó hEithir (d’éag 10 Meán Fómhair 2001) ó cheantar Shráid na Cathrach, Co. an Chláir, agus Bríd (Delia) Ní Fhlatharta (d’éag Eanáir 1973) de bhunadh Ghort na gCapall, Árainn; ‘Cúlra Bhreandáin’ is teideal don chéad chaibidil i leabhar Mhic Con Iomaire agus is leor a lua anseo go mba dheirfiúr í a mháthair leis na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta[q.v.] agus Tomás Ó Flaithearta[B5]
Sa Chreatalach, Co. an Chláir, a rugadh é ar 29 Deireadh Fómhair 1937
Sa bhliain sin chabhraigh sé chun de Valera a thoghadh sa Chlár
Phós sé i 1943 Lena Donnellan ón Mullach i gContae an Chláir agus bhí cúigear iníonacha acu, ar duine díobh Niamh Bhreathnach, Aire Oideachais 1993-94 agus 1994-97. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
B’éigean dó a bheith ag saothrú a choda i rith 1926-32 trí mhúineadh na Gaeilge anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath (Coláiste Laighean, Scoil na Máisiúnach, scoil na mbuachaillí in Sandford, Coláiste Ráth Fearnáin, an Mhodhscoil Láir), agus i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré; ghlac sé páirt i gcúrsaí samhraidh choláiste Charraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, i rith 1924-27
Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea seanathair Cheit, John McNamara as Cill Chleitheáin in iarthar an Chláir
I also distinctly remember how Caoimhín could lay bare the very soul of the Irish language in his teaching.’ Is mó rud eile a chuir sé i gcrích: ba é a scríobh na ceistneoirí a cuireadh amach d’fhonn eolas a lorg ar thraidisiúin na tuaithe (‘The questionnaire system’ in Béaloideas 15, 1945); rinne sé cartlann de ghrianghraif agus de léaráidí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus le saol na tuaithe i gcoitinne; ba é a leag amach an músaem páirce i mBun Raite gona shamplaí de thithe tuaithe Luimnigh agus an Chláir agus dá bhfearais
B’as an Maigh Mhín idir Carraig an Chobhaltaigh agus Cill Chaoi i gContae an Chláir don mháthair ach i Luimneach a bhí cónaí uirthi ó bhí sí ina leanbh; cainteoir dúchais Gaeilge ba ea a hathair, John McNamara as Cill Chleitheáin sa dúiche sin
I gCora Finne, Co. an Chláir, a rugadh é ar 5 Bealtaine 1913
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Scríobh an teangeolaí Sualannach seo leabhair ar Ghaeilge an Chláir, Aontroma agus Reachlainn agus bhí cur amach aige ar mhórchuid eile teangacha, ina measc teangacha Indiaigh Mheiriceá, an Bhascais, agus teangacha bhunstoc na hAstráile
In Ard na Coille, Inis Díomáin, Co. an Chláir, a rugadh é ar 9 Meán Fómhair 1928
Ó 1940 go 1956 bhí sé ag múineadh i gCathair Aodha i gContae an Chláir
B’as Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir, di
I Lios Ceannúir, Co. an Chláir, a rugadh é
Thug sé cuairteanna ar gach ceantar Gaeltachta agus ar na háiteanna i gContae an Chláir mar a raibh an teanga le cloisteáil go fóill. I 1931 bhí sé féin agus an Bráthair Micheál Ó Tatháin ar bhunaitheoirí Choláiste Mhuire, Baile Átha Cliath
Ba é Seosamh Ó Flannagáin a athair agus bhí cónaí ar a thuismitheoirí sin, ar mhúinteoirí iad freisin, i nDubhlinn, Co. an Chláir
Ba bheag bliain nach raibh sé ina shéiplíneach ag Coláiste Gaeilge Charraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas agus ina dhiaidh sin tráchtas MA ar an bhfile Seon Ó hUaithnín [q.v.] a rugadh i Co. an Chláir tuairim 1688
Ba iad Pádraig Ó hEidhin, cigire scoile arbh as Cill Seanaigh, Co. an Chláir dó, agus Máire McGann as ceantar Thuama, Co
na Gaillimhe, agus as Dúlainn, Co. an Chláir
Dhún na nGall, agus fuair an chéad áit an bhliain dár gcionn in Inis, Co. an Chláir
Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh cloch ina charn in Comhar, Deireadh Fómhair 2008. Bhí spéis mhór aige in imeachtaí Chonradh na Gaeilge ó na 1960idí ar aghaidh agus is le barr measa air a toghadh é ina uachtarán ar an eagraíocht ag a hArdfheis in Inis, Co. an Chláir, 2–4 Aibreán 2004, agus sin in ainneoin an tsláinte gan a bheith go maith aige
Ba é Micheál Ruiséal[q.v.], file, seanathair Eibhlín agus ba uncail léi an Tomás Ruiséal arbh iad saighdiúirí na Breataine a mharaigh é i gCarraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir, ar 26 Márta 1916
Chiarraí, agus sa Chlár ag Scoil Samhraidh Merriman, tionól a thaithíodh sé go minic
Ar na reimsí eile léinn a shaothraigh sé bhí an naomhsheanchas, logainmneacha, sloinnte, lámhscríbhinní na Gaeilge (ceapadh ina bhall de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann é i 2000), an fhilíocht chlasaiceach, filíocht an amhráin – go háirithe i gcontae an Chláir agus i gConnacht, agus próiseas seachadta na scéalaíochta béil’ (Ó Héalaí). D’fhoilsigh sé aistí léannta anseo is ansiúd agus go háirithe in Béaloideas, Éigse, Proceedings of the International Congress of Celtic Studies, Léachtaí Cholm Cille agus Studia Hibernica