Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Chuir sé eagar ar ocht n-imleabhar de Celtica agus bhí ina stiúrthóir ar an Medieval and Modern Irish series. Scríobh Tomás Ó Concheanainn aiste air in Comhar, Samhain 1972, agus, i gcomhthéacs an dearcaidh choitianta gur dhuine é de na scoláirí Ceilteacha nach raibh bá acu le hathbheochan na Gaeilge, thagair do na gnéithe ‘maithe’: a bhinne a labhraíodh an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé in Árainn; gur i nGaeilge a dhéanadh sé cuid dá chomhfhreagras: an tsamhlaíocht agus an cumas teoiricíochta a bhí go láidir ann agus é ag scríobh ar an seanlitríocht: agus nach raibh sé sásta le saothar tur ná le foilsiú téacsanna