Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Bhí sé ina eagarthóir ar Ériu agus ar Celtica i bhfad ina dhiaidh seo. In 1912 bhunaigh sé an iris Gadelica chun cabhrú le fás na teanga sa tsaol nua ··· D’fhaightí lochtanna eile air: cé go dtugadh sé cuairteanna ar an mBlascaod, nach raibh sé in Albain ná i gcodanna eile den Ghaeltacht; gurbh i mBéarla a d’fhoilsíodh sé an saothar ba thábhachtaí; go raibh sé caolaigeantach (a ndúirt sé, mar shampla, i dtaobh Mherriman in Gadelica: “His rule of life consisted of the gratification of the lower appetites”)
Sa chéad roinn tá Stories from Keating’s History of Ireland (1909); eagrán de “Pairlement Chloinne Tomáis” in Gadelica (1912–3) (a ndeir an t-eagarthóir is deireanaí N ··· Williams ina thaobh i 1981: “his text in Gadelica is full of careless slips”!; Irish Grammatical Tracts (1916-); cuid d’fhilíocht na scoileanna in eagar aige in Studies 1918–26, é cnuasaithe ag David Greene agus Fergus Kelly in Irish Bardic Poetry (1970); Trí Bior-ghaoithe an Bháis: The Three Shafts of Death (1931); The Native Irish Grammarian (1938). Chabhraígh sé lena chairde Shán Ó Cuív, an Dr Risteard Ó Dálaigh agus Tomás Ó Rathile chun an Leitiriú Shimplí a chur ar fáil i 1910 agus chuir sé féin amach eagrán de Leabhairín na leanbh, scéalta le Hans Christian Andersen i nGaeilge ag Norma Borthwick, sa litriú sin. Maidir leis an dara roinn, chuir sé féin agus R
Tá cuntais air: ag Tadhg Ó Donnchadha[B1] in Gadelica, 1912–13 (‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh: a bheatha agus a shaothar’) tá scéal a bheatha anuas go 1707; ag Breandán Ó Conchúir, mar aon le liosta a lámhscríbhinní, in Scríobhaithe Chorcaí..., 1982 atá an cuntas is mine: ag Norman Moore [B2] in Dictionary of National Biography; ag Michael Shine in Mallow Field Club Journal 17, 1999 (’An tAthair Eoghan Ó Caoimh: Priest Poet of Doneraile’) ··· Tá a scríbhinní próis, ‘Baramhail na nÚdar’, an ‘Calendar’, agus ‘Troscadh na hAoine’, mar aon le roinnt dá dhánta i gcló ag Ó Donnchadha in Gadelica. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Scríobh Tomás Ó Rathile[B2] léirmheas fada in Gadelica, 1912–13; déanann sé comparáid ann idir na heagráin éagsúla.
1749 a thugtar mar dháta báis go minic. Ar nós a athar bhí príomhról aige sa ghrúpa sin de scoláirí, d’fhilí agus de scríbhneoirí Gaeilge sa chathair i leath tosaigh an 18ú haois; in Gadelica, 1912–13 tá an dán (‘Sloinfead scothadh na Gaoidhilge grinn’), ina bhfuil síad go léir luaite aige, curtha in eagar ag T.F
Tá aistí léannta aici in Hermathena, Gadelica, Éigse, Irish Book Lover, Irish Historical Studies, Galway Archaeological Society Journal, Irish Nation, agus Ériu
wrote an Irish Vocabulary, in which the common words of the Irish language are explained by more ancient and difficult words.’ Luann Tadhg Ó Neachtain[q.v.] é mar ‘oidefhoclóir’ sa dán ina liostaíonn sé scoláirí Gaeilge Bhaile Átha Cliath (ag Tomás Ó Rathile[B2] in Gadelica, 1913) agus tá fianaise sa dán molta (i gcló in Féilscribhinn agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967) a scríobh sé (‘Froinsias Walsh’) gur chaith Bhailís 15 bliana ag obair ar fhoclóir Laidine, Béarla agus Gaeilge, gur éag sé sula raibh sé críochnaithe aige agus gur thóg Tadhg a chúram air féin
‘Fearghus fial, an lia gan locht’ a thug a chara Tadhg Ó Neachtain [q.v.] air sa dán ‘Sloinfead Scothadh na Gaoidhilge Grinn’ (Gadelica, 1912–1913)
Bhain Tadhg Ó Donnchadha as sin go bhfaca Liam an t-ár in Eachroim agus cuireann leis go ndúirt Seán Ó Murchadha[q.v.] na Ráithineach an méid seo sa chaoineadh a chum sé ar Liam: ‘Marcach na ruag in Eachdhruim thuaidh, / Mar Aicil do bhuaigh an bárr leis’ (Gadelica, 1912–1913)
Chum Eoghan Ó Caoimh ‘Iomdha teist úghdair’ agus, b’fhéidir, ‘Truagh do chléireach’ dó le linn dó a bheith i bpríosún dar le Tadhg Ó Donnchadha[B1] in Gadelica, 1912–13 (‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh; a bheatha agus a shaothar’)
In Gadelica 1912–13 (‘Irish scholars in Dublin in the early eighteenth century’) deir Tomás Ó Rathile[B2] faoi: ‘It is remarkable, as showing how Irish was still spoken almost to the outskirts of Dublin city, to find that such a competent scribe as Risteard Tuibear was a native of Fingal