ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
Agus
Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 21
Bhíodh ailt aige go minic in Comhar, Inniu, Agus, An Glór, Feasta ... ··· I 1996 bhí sraith ghairid aige in Agus dar teideal ‘Ár gCluichí sa Litríocht’
2010 Bhí sé ina eagarthóir ar Agus ó cuireadh tús leis an míosachán sin i 1961 ··· Faoin ainm cleite Murchadh Mac Diarmada scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna in Agus agus ba é a chuir Gaeilge ar an sraith de chuimhní cinn Mháire Comerford
2010 Tá cuntas ar an scríbhneoir seo ag Risteárd Ó Glaisne in Niall Brunicardi, 1997 (bhí nia le Pádraig pósta ar iníon le Brunicardi) agus tá cuntas iarbháis ag Brunicardi in Agus, Eanáir 1996 ··· Bhíodh corr-léirmheas aige in Comhar agus ailt aige in Inniu agus Agus
Tá cuntas iarbháis: ag Art Ó Beoláin [q.v.] in Agus, Meán Fómhair 1994; ag ‘S.Ó D.’ in Anois 16/17 Iúil 1994; agus ag Máirín Firtéir in Feasta, Deireadh Fómhair 1994
Tá eolas air in: Inniu 4 Aibreán 1983; in I dTreo na Gréine, [g.d.] le Proinsias Mac an Bheatha [q.v.]; ina leabhar féin Óige an Dearthár, 1973; ag Dorothy Ní Uigín in Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’); ag Seán Ó hUrmoltaigh [q.v.] in Agus, Aibreán 1992 (‘Fear Bunaithe INNIU’)
Bhí tosaithe aige ar dhánta a fhoilsiú in Agus chomh luath le 1966
Ó 1946 amach bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar, An tUltach, Inniu, Feasta, Amárach, Agus, Déirdre, Scéala Éireann, Cork Examiner, Mayo News
Tarlach Ó hUid [q.v.] a scríobh an cuntas iarbháis in Inniu 22 Bealtaine 1970 agus tá cuntais freisin in Cork Examiner 18 Bealtaine 1970, in Irish Independent 18 Bealtaine 1970, agus in Agus, Meitheamh 1970; gheofar tagairtí dó i scríbhinní Mhic an Bheatha, in I dTreo na Gréine, 1987, agus in Téid Focal le Gaoith, 1967 go háirithe ··· Ag pointe éigin, i 1963, b’fhéidir, d’éirigh sé as an bpost tar éis easaontais éigin; ‘cúiseanna pearsanta’ atá luaite in Inniu agus Agus
Foilsíodh ailt leis in Feasta, Inniu, Agus, An tUltach
In Agus Lúnasa na bliana sin, in eagarfhocal dar teideal “Giolla na Gaeilge”, dúradh: “Ba scoláire Gaeilge é a bhí sásta agus cíocrach, fiú, freastal ar aos ealaíonta cruthaitheach na teanga”
Scríobh Máire Comerford an méid seo faoi in Agus, Bealtaine 1984: ‘Páidín, Ciarraíoch beag dorcha le súile áille, súile nár chaill puinn
Bhí an sliocht seo i gcló ag Máire Comerford in Agus, Meitheamh 1984: ‘Gar do gheataí an Phríosúin [Mountjoy] ar an mbealach go dtí an reilig [Glas Naíon] d’oscail máthair agus triúr deirfiúracha le Micheál Ó hAnnracháin, a cuireadh chun báis i 1916, siopa beag ina mbíodh nuachtáin, toitíní is milseáin á ndíol
I mí Iúil bhí sé i láthair ag comhdháil a phléigh an t-airgead a d’fhág Patrick Mullen [q.v.] le huacht agus ba é a chuidigh le rún an Athar Peadar Ó Laoghaire [B2] go gcuirfí múinteoirí chun na Gaeltachta d’fhonn léamh agus scríobh na teanga a mhúineadh do chainteoirí dúchais agus gurbh iad na cainteoirí seo a chuirfí ag múineadh i scoileanna na Gaeltachta (Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Márta-Bealtaine 1989)
Tá cuntas ag Seán Ó hUrmoltaigh in Agus, Márta-Bealtaine 1989, ar an bplé a rinneadh faoin uacht
Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge
Bhain an chuid is mó de cholún Irish Times Sheáin Uí Ríordáin an mhaidin Sathairn sin leis: lena phictiúr a tógadh ag Féile Scríbhneoirí Chorca Dhuibhne tamall gairid roimhe sin agus lena dhealraithí a bhí sé ann le Don Quijote, agus le dán a bhí aige in uimhir na Márta de Agus, ‘Na Speabhraídí Saolta’, arb ionsaí é ar bhearbóirí Chorca Dhuibhne
Tá beagán dá chuimhní cinn in Agus, Meitheamh 1970
Bhí an aimsir go breá an lá a cuireadh í i dTeach Mealóg agus dúradh in Agus, Samhain 1962: ‘Bhí sí féin i gcónaí go beogheal, bríomhar, teochroíoch, cabhrach, gur dhealraigh sé dá lucht aitheantais gurb ise a shocraigh an aimsir’
2010 Tá cuntas air ag Pádraig Ó Loingsigh in Agus, Eanáir 1973, a deir sé atá bunaithe ar leabhar nótaí a scríobh Donnchadh i mBéarla agus atá anois i seilbh a mhuintire, Muintir Chriodáin, Cúil Iarthach
Tá cuntas ar Dhonncha agus ar scéal achrannach Leabhar Leasa Móir (recte Leabhar Mhic Chárthaigh Riabhaigh) in Agus, Iúil-Lúnasa 1982 ag ‘J.C.F’
In The Mayo News 16 Lúnasa 1995 tugann Seán Ó hÉalaí, Michael Mullen agus Nollaig Ó Gadhra ómós dó; tá cur síos air ag Ó Gadhra in Agus, Deireadh Fómhair 1995
© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta