Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 164
Bhí siad pósta le trí bliana agus bhí an duine clainne ba shine, Angus (Aonghus a bheadh ina leabharlannaí clúiteach in Scéala Éireann ) bliain d’aois ··· Bhí sé ina eagarthóir Gaeilge in Scéala Éireann ón lá a thosaigh an páipéar, 5 Meán Fómhair 1931, agus lean sé sa phost anuas go 1940 ··· Dúirt Liam Mac Gabhann in Irish Times 22 Márta 1978: ‘Cearbhall and Aenghus [were] among the first batch to be called to work in the Irish Press in 1931—I believe that this was at the request of Eamon de Valera who was a friend of their father and who had watched their progress in secondary school and in the university ··· In eagarfhocal Inniu 31 Márta 1978 (‘Fir mhóra ag imeacht uainn’) dúradh: ‘Is maith go dtuigfí i gceart tábhacht na hoibre a rinne sé agus é ina eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann i mblianta tosaigh shaol an pháipéir sin
Chomhairligh Seán Ó hÉigeartaigh [B5] dó dul le hiriseoireacht agus chabhraigh a theastas-san leis chun post Eagarthóir na Gaeilge a fháil in Scéala Éireann in Eanáir 1957; bhí tamall de 1956 caite aige ag cabhrú le Seán Beaumont [B1] san obair sin agus Beaumont a mhol go dtabharfaí an post dó ··· Anuas ar an méid sin go léir bhí sé ina eagarthóir ar Comhar ó 1960 go dtí gurbh éigean dó éirí as an obair pháirtaimseartha sin tar éis dó ‘Do na Fíréin’ a fhoilsiú in uimhir Mhárta 1962 gan lánchead an choiste eagarthóireachta; ionsaí é a rinne Máirtín Ó Cadhain ar chuid de phearsana móra na Gaeilge. D’fhág sé a phost in Scéala Éireann i lár 1963 d’fhonn bliain go leith a chaitheamh lena theaghlach san Iar-Ghearmáin mar a raibh muintir Catherine ag cur fúthu anois tar éis dóibh aistriú ón gColóim ··· Ó 1979 bhíodh colún spóirt aige in Scéala Éireann; bhí ardmheas ag iriseoirí spóirt na tíre ar a shaineolas agus ar a chumas maidir le hiriseoireacht spóirt. Bhí sé ar conradh ag RTÉ ó 1968 agus d’fhág an eagraíocht 1 Aibreán 1983 chun a aird iomlán a dhíriú ar an scríbhneoireacht; ní raibh d’ioncam seasta aige ach ón gcolún san Irish Times, ón gceann eile in Scéala Éireann agus ó chlár raidió
Tá cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 5 Feabhra 1955 agus cuntas iarbháis in Irish Times 25 Eanáir 2003 ··· Bhí sé ina uachtarán tamall ar na Teaghlaigh Ghaelacha. Foilsíodh ailt leis in Ar Aghaidh, Comhar, An Glór, Inniu, Feasta, An Sagart, Hibernia, Scéala Éireann ··· Deirtear in Scéala Éireann: ‘Chuir sé in eagar anuraidh an chéad lámhleabhar ailtireachta a foilsíodh riamh sa tír seo—ina bhfuil foclóir Gaeilge don ailtire ann chomh maith.’ Chraoladh sé nuachtchainteanna ó Radio Éireann
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Gael-Linn Eisithe ar Máirtín Ó Direáin - dánta á léamh ag an bhfile (2010). Ó Morna ‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993) ··· ., 2002, in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, agus tugann Ó Direáin roinnt eolais ar a shaol féin ann. Cnuasach dá aistí próis in Scéala Éireann is ea Feamainn Bhealtaine, 1961 ··· Scríobh Breandán Ó hEithir: ‘Fiche bliain ina dhiaidh sin [1956], ceapadh i mo Eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ar feadh seacht mbliana déag bhíodh colún laethúil ag Roddy the Rover in Scéala Éireann ··· I rith a shaoil iriseoireachta scríobh sé eagarfhocail in The Irish Times, bhí sé ina léirmheastóir litríochta, ina eagarthóir tamall ar Commonweal agus ar an Standard agus ó 1931 go 1948 ba é Roddy the Rover in Scéala Éireann é. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Fhianna Fáil ach i 1947 cheangail sé le Clann na Poblachta ··· Only the most fluent of pens could have achieved his output which at times was breath-taking’ (Scéala Éireann, 15 Eanáir 1951). Dúirt sé féin le Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge): ‘Má tá cor láimhe déanta agam ar son na Gaeilge is mar “Literary Critic” agus mar “Phopular Journalist” a rinneas é’. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
1 Gaelic-speaking civil servant” a thug Scéala Éireann air i ndiaidh a bháis agus thug an Taoiseach Éamon de Valera an t-ómós seo dó sa Dáil: “As the directing mind behind the work of the Translation Staff of the Oireachtas he achieved a remarkable success in adapting the language to modern usage and in particular to the extremely technical and difficult work of translating Acts of the Oireachtas and other legal and official documents into Irish”. Ba ghnách lena chairde Clem a thabhairt air ··· Dúirt Shán Ó Cuív: “During his brief editorship of that paper he made it a living virile organ and associated Ireland with all the nations of Europe, Asia, America and Australia which employ the modern Latin letters for the expression of thought in writing and in print” (Scéala Éireann 16 Nollaig 1939) ··· Ar ócáid a bháis dúirt Shán Ó Cuív in Scéala Éireann: “A distinguished Irish scholar said of him recently that there was no man of his age or origin who had such a thorough grasp of the living Irish language as Colm Ó Murchú had and no one who had done more in a practical way for its advancement”.
Thosaigh sé ag cur scéalta agus alt chuig Scéala Éireann agus fuair obair sheasta uathu i Londain go dtí gur cheap siad ina scríbhneoir foirne é in 1953 ··· There will be no replacement for him in Irish journalism', a dúirt Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 8 Iúil 1981 ··· an unrepentant socialist and a deeply patriotic Irishman and to him Aneurin Bevan and the Munster Final were all part of the same picture' (Scéala Éireann 8 Iúil 1981)
Níl cur síos ar an spreagadh atá tugtha aige dá chuid scoláirí agus ní le seanmóireacht é’ (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Samhain 1959). Múinteoirí ó Chontae an Chláir a bhí ag múineadh scoile i dTír an Fhia, Co ··· Sa phortráid sin in Scéala Éireann deirtear gur san áit sin a rugadh é ··· agus scríobhadh sé léirmheasanna ar dhrámaí in Scéala Éireann
Dúradh in Scéala Éireann 30 Eanáir 1956 gurbh é a réitigh le haghaidh a thaispeána bailiúchán an Mhúsaeim de mhíreanna a bhain le 1916–21 ··· Tá sé curtha san Uaimh. Bhí aistí i gcló aige ó 1924 ar aghaidh in Irisleabhar Mhaigh Nuad, Éigse, Bonaventura, An Camán, An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Guth na nGaedheal, An Gaedheal... ··· Chuir sé aistí fúthu i gcló in Scéala Éireann1931–32 agus mhol Robin Flower[B3] dó leabhrán a dhéanamh díobh
Ón uair a chonaic sé léiriú de ‘Oíche mhaith agat, a Mhic Uí Dhomhnaill’ ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in aois a sheacht mbliana dó ba mhór a spéis i gcúrsaí amharclainne (‘An mhuintir seo againne,’ Scéala Éireann, 27 Feabhra 1960) agus is insuime, agus gan ach an scór bliain aige, agus é go fóill i gColáiste Phádraig, gur stáitsíodh dráma leis, ‘Clocha na Coighcríche’, in Amharclann na Péacóige i rith Oireachtas na Gaeilge (15 Deireadh Fómhair 1950 ar aghaidh) ··· In alt in Scéala Éireann 12 Aibreán 1973 tá an tagairt seo ag Nollaig Ó Gadhra d’Aindreas: ‘Ní amháin gur fathach chun oibre an fear seo… Duine é a thuigeann cúrsaí craolta go smior agus a chreideann ina cheird.’ D’fhill Aindreas ar theilifís RTÉ i gceann na dtrí bliana agus ceapadh é ar ball ina Leas-Stiúrthóir uirthi. Is léir ar a scríbhinní Gaeilge anseo is ansiúd gur stílí maith anamúil próis Aindreas: gearrscéalta agus léirmheastóireacht leis in Comhar ó 1959 go 1978, alt aige in Feasta, Eanáir 1959, faoin dealbhóir Séamus Murphy; léirmheasanna aige in Scéala Éireann, agus go háirithe an cuntas aige in Scríobh 3
Is beag má bhí aon duine díobh nár bhain cáil amach, bíodh sin beag nó mór, sna healaíona, sa pholaitíocht, sa phoblachtachas, nó sa scríbhneoireacht. Ar ais in Éirinn dó in 1949 bhí sé fostaithe mar iriseoir ag Scéala Éireann, The Irish Times, Sunday Review, Times Pictorial (nuachtáin de chuid The Irish Times an dá cheann deiridh sin) agus ag The Irish Independent ··· Bhí Deasún fostaithe uair mar eagarthóir na ngné-alt in Scéala Éireann agus, nuair a d’inis Ruairí Ó Brádaigh, uachtarán Shinn Féin Sealadach, do Tim Pat Coogan, eagarthóir an pháipéir sin, le barr trua d’Osgur, nach raibh lámh ná páirt ag an bhfear óg san eachtra, gurbh iad an IRA Sealadach a rinne é, chuir Coogan sin in iúl don Taoiseach Liam Cosgrave, ach aird níor tugadh air (Coogan 2008:206)
I gcuntas iarbháis (Scéala Éireann 29 Eanáir 1952) dúradh gur cuireadh oideachas uirthi i gClochar na Trócaire, Dún Garbhán, agus i gClochar Naomh Áine, Lannion, Côte du Nord sa Fhrainc ··· Luadh iníon agus beirt mhac i gcuntas báis Mháighréid in Scéala Éireann 29 Eanáir 1952.
“Bhí sí aige ón gcliabhán”, a dúirt Pádraig Ó Duinnín in Scéala Éireann i gcuntas iarbháis ··· Bhíodh sé i gcónaí go fáilteach croíúil agus níor theip air riamh an rud ceart agus an rud cineálta a rá” (Scéala Éireann 6 Meitheamh 1932)
I gcomhpháirt le Pádraig Ó Concheanainn d’aistrigh sí ó Bhéarla an Chaptaen Charles McGuinness an leabhar eachtraíochta Viva Irlanda le cur i gcló sa pháipéar agus thug an Gúm amach mar leabhar é, Ceathrar comrádaí, 1943. Ina dhiaidh sin bhí sí ina heagarthóir Gaeilge agus ina colúnaí faoin ainm ‘Coisín Siúlach’ in Scéala Éireann ··· Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sé ag mórán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil’. Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ba ea Douglas Sealy agus gheofar tuairim dá háilleacht, dá pearsantacht, dá hábaltacht mar mhúinteoir, agus dá cumas mar amhránaí in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann in Eanáir 1977 (i gcló i leabhar Éamoin Uí Chiosáin, chomh maith le pictiúr dubh is bán den phortráid a rinne Charles Lamb). Rinne sí roinnt amhrán, chomh maith le scéal amháin, a thaifeadadh do Folkways i Nua-Eabhrac le linn di bheith ar cuairt ag a deartháireacha i 1945
Ba í Máire an t-aon iníon a bhí acu (Scéala Éireann) ··· Sa chuntas iarbháis in Scéala Éireann 13 Iúil 1942, sa tagairt dá raibh le rá fúithi ag Hanna Sheehy Skeffington, dúradh go raibh baint aici le gluaiseacht na Gaeilge sular bunaíodh Conradh na Gaeilge
I dteach a athar ar chrois Chúil Aodha a bhíodh an chúirt filíochta sin (‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 27 Nollaig 1958) ··· Bhuaigh sé duais ar liric an chéad bhliain sin (‘An Peidhleachán’ a rinne Seán Ó Ríordáin [B3] a chóipeáil ina dhialann nuair a cuireadh i gcló é in Scéala Éireann 7 Márta 1940) agus i 1941 iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 ‘By his death Ireland has lost one of her most vigorous and persevering patriots’, a dúradh in Scéala Éireann 9 Meán Fómhair 1936 ··· Bhí beirt iníonacha acu agus ceathrar mac, ar dhuine díobh an Breitheamh Bill Sweetman a bhí tamall ina eagarthóir ar Scéala Éireann. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Maidir lena bheith gan obair ag an am níor mhúinteoir bunaithe Liam, dá fheabhas é mar mhúinteoir, sa mhéid gur lasmuigh den státchóras a bhí scoileanna na mBráithre Críostaí ag an am. Tá cuntas air in Scéala Éireann 1 Lúnasa 1938 ··· Deir tuairisc Scéala Éireann go raibh sé ag obair faoin gcéad Dáil agus go raibh sé ag obair i Roinn an Rialtais Áitiúil ina dhiaidh sin. Bhí sé ar a bhealach isteach i gcineama an Stella i Ráth Maonais lá
in Scéala Éireann 18 Márta 1954 leis ··· Bhí sé i bpost sin an Chonartha gur ceapadh é ina leabharlannaí cúnta i Scéala Éireann i 1949
D’éag sé ar 4 Eanáir 1934. Dúradh sa tuairisc bháis in Scéala Éireann 6 Aibreán 1934 go raibh mac agus iníon aige ··· Bhí an méid seo faoi in Scéala Éireann 6 Eanáir 1934: ‘Until recently engaged in transcription of important texts for Manuscripts Commission..
An ceann is cáiliúla díobh ‘Ag Triall ar Inis Thiar’ (Scéala Éireann, 20 Márta 1939). Bhí tamall caite aige i scoil na Mainistreach agus bhunaigh sé scoil aisteoireachta i gCraobh an Chéitinnigh chun a raibh foghlamtha aige a roinnt ar na baill ··· Ó 1953 ar feadh 13 bliana bhí colún seachtainiúil raidió aige ar Scéala Éireann
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 7 Nollaig 1957, dúirt sé go raibh Gaeilge agus Béarla aige ón gcliabhán ach gurbh í an Ghaeilge ba mhó a bhí á labhairt sa cheantar le linn a óige. Bhí aiste aige in An Connachtach chomh fada siar le 1907 agus scríobhadh sé freisin in An Stoc, An Sguab, Iris an Fháinne, Ar Aghaidh agus The United Irishman ··· In aiste ar Scéala Éireann ar 4 Samhain 1980, dúirt Seosamh Ó Duibhginn faoi: ‘Ba fhear cúthail é nár shantaigh riamh a ainm a bheith i mbéal an phobail, ach ba fhear é a raibh creideamh láidir aige agus é daingean dúshlánach ina chuid tuairimí’
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In aiste ar Scéala Éireann (29 Meán Fómhair 1981) scríobh Nollaig Ó Gadhra: “Seans go raibh Donnchadh Ó Briain ar dhuine de na daoine deireanacha úd a mbítí ag súil le Gaeilge uathu i gcónaí nuair a théidís i mbun cainte sa pharlaimint náisiúnta.” I gCluain Cath, Baile an Gharraí, Co ··· Tá cuntas air in ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann, 26 Meitheamh 1954. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Nuair a d’éirigh Breandán Ó hEithir [q.v.] as post Eagarthóir na Gaeilge in Scéala Éireann d’éirigh leis an post sin a fháil agus bhí ann go ndeachaigh sé ar pinsean 30 Márta 1979 ··· Trí nuachtán a bhí i gceist: Scéala Éireann; Scéala an Tráthnóna agus Scéala an Domhnaigh
Tá cuntas in Scéala Éireann 13 Bealtaine 1950 ··· ‘Uime sin tá aithne chuí agus ómós ag dul dó i ngach gné den chantaracht, idir throm-opera, cheoldrámaí éadroma, sean-nós agus rabhcánaíocht’ (Scéala Éireann)
Bhíodh pinginí beaga le fáil aige as ranganna Gaeilge a mhúineadh sa cheantar agus bhíodh aistí aige in Scéala Éireann, Evening Press, Réalt an Deiscirt, Feasta ··· In ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 18 Aibreán 1959 dúradh faoi ócáid cheoil i dteach ósta i gCiarraí i 1946: ‘Eisean [Denis] a sheinn an veidhlín ar feadh dhá uair an chloig gan stad agus, go ndéanaidh Dia a mhaith air, Dylan Thomas ag damhsa dhó gur thit sé as a sheasamh’
Bhí colún aige in Feasta 1985-87, an colún ‘Litir Shasana’ in Amárach, agus aistí in Inniu, Irish Times, Irish Press, Anois, Irish Post ··· Bhí an fógra seo in Scéala Éireann 30 Meán Fómhair 1958: ‘Phós Domhnall, an mac is sine le Máire agus Séamus Mac Amhalghaidh, Cill Chainnigh, agus Bríd, iníon le Aonraí agus Máire Uí Nuanáin, Na Creaga, Co
Bhain sé leas as an ainm pinn ‘Micheál Riabhach’, ainm a shin-seanathar, agus nuair a thug sé uair faoi shagart paróiste Árann is ar a chol ceathar Pádraig Ó Concheanainn a cuireadh an milleán ! Bhíodh cuid mhaith aistí Béarla aige in Scéala Éireann ··· Bhí aiste ina thaobh ag a nia Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 15 Nollaig 1982
‘Ní raibh a sharú riamh sa Mumhain chun nua-théarmaí bunúsacha a cheapadh’, a dúradh in Scéala Éireann 23 Meitheamh 1958 ··· Foilsíodh ‘Tuireamh Sheáin Uí Mhuirthile Carraige’ le Tadhg Ó Rodaí in Scéala Éireann 31 Eanáir 1955: ‘Cé réidhfidh feasta crua-cheasta na Gaeilge
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar an scoláire seo: ag Tomás Ó Concheanainn in Éigse 25, 1991; in Scéala Éireann 1 Márta 1958 ··· Bhí Pádhraic Ó Domhnalláin[B2] mar ‘sciath dídin’ aige ansin go ceann bliana (Scéala Éireann)
B’fhéidir gurbh i ngeall ar an seanchairdeas sin gurbh é Scéala Éireann rogha nuachtáin a thuismitheoirí ó 1931 amach ··· Sholáthraíodh sé ábhar i rith a shaoil do Scéala Éireann, Feasta, Capuchin Annual, North Munster Studies, Inniu, agus An Sagart....Bhí colún Gaeilge aige in Limerick Leader 1949-55 ach d’éirigh sé as chun seans a thabhairt do Thomás Ó Conbá[B6] a chuimhní cinn a fhoilsiú sa pháipéar sin
Bhí cuntas air in Scéala Éireann (‘An Mhuintir s’againne’) 11 Aibreán 1959 agus in Inniu (‘Comhaimsirigh’) 26 Eanáir 1962 ··· B’fhéidir gur idir shúgradh is dáiríre a dúirt sé san agallamh sin in Scéala Éireann go raibh ‘fiche bliain ag fás’ curtha de aige i ngluaiseacht na Gaeilge. Seans gur chuid thábhachtach dá oideachas freisin gur bhall é de Chór Palestrina ó bhí sé an-óg, é ina cheann ar na córchantairí ó 1947 amach agus ina amhránaí aonair acu go minic
Thug sé cuntas air féin in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 29 Márta 1958 ··· Deirtear go mbíodh aistí Gaeilge aige in Scéala Éireann ó bhí sé 17 bliana d’aois. Dhealródh ar aiste le Darach McDonald (‘Father Eoghan Ó Frighil has a speculative way with him’ in Hibernia 7 Deireadh Fómhair 1977) go raibh spéis rómhór aige in úinéireacht talún agus i dtógáil tithe
Cé go ndeirtear (Scéala Éireann 4 Bealtaine 1964) gurbh i bhFaiche Stiabhna a rugadh é, is deimhin gurbh é an John O’Sullivan é a rugadh 20 Meitheamh 1906 ag 44 Ardán Naomh Seosamh, an Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath ··· D’fhoilsigh Scéala Éireann cóipeanna dá phortráidí de de Valera agus an Chraoibhín agus chuir amach iad in éineacht le heagráin na Nollag i 1937 agus 1938
Tá cuntais air in: Scéala Éireann 30 Eanáir 1960 (‘An Mhuintir s’againne’); ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Lorcán Ó Treasaigh’ Inniu 10 Bealtaine 1971; Scríbhneoirí na Gaeilge 1845–1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998; Irish Times 11 Samhain 2006 (‘Radio train compere and acclaimed writer’) ··· Deireadh Lorcán gur imir an tsraith de Cré na Cille in Scéala Éireann i rith 1949 draíocht ar leith air. Phós sé Cáit Ní Shiúrdáin, Marino, Baile Átha Cliath, ball de Chraobh Móibhí, ar 11 Deireadh Fómhair 1955 agus bhí beirt bhuachaillí agus triúr cailíní acu, ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 18 Deireadh Fómhair 1958, dúirt sé go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge chomh luath le 1893
In agallamh le Michael Mills in Scéala Éireann i 1960 dúirt Lemass: "Now we couldn't have won in the ordinary way against a proper candidate
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas gairid in Scéala Éireann 24 Aibreán 1964 ar an bhfear seo a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Ba chuimhin leis an údar Pádraig Ó Baoighill é a bheith ag múineadh i gColáiste Ros Goill tuairim 1958 agus is dóigh go raibh sé in ann teacht i dtír ar chuma éigin ina dhiaidh sin trí obair mar sin a dhéanamh; chraoladh sé ‘nuachtchainteanna’ raidió faoi ainm cleite. Tá an fógra báis i nGaeilge agus i mBéarla in Irish Independent agus in Scéala Éireann 7 Eanáir 1972: ‘Dónall Mac Grianna [Donal Greene], céile dílis Chaitlín
I nóta i dtaobh a bháis in Scéala Éireann 13 Márta 1980 deirtear: ‘One of the key figures in the Coiste na bPáistí scheme in the 1950s and 1960s and spent much of his holiday time supervising the children on scholarship holidays in the Gaeltacht.’ Bhí baint aige le bunú Na Teaghlaigh Ghaelacha agus bhí sé tamall ina chathaoirleach ar an eagras (Ó hUid)
Chuir sé an dán ina iomláine i gcló in Scéala Éireann i 1936
Ó 1946 amach bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar, An tUltach, Inniu, Feasta, Amárach, Agus, Déirdre, Scéala Éireann, Cork Examiner, Mayo News
Scríobh Pádraig Breathnach [B4] in Scéala Éireann i 1937: ‘Is beag Gaeilgeoir idir uasal agus íseal nár chuir aithne ar an bheidhleadóir dall a thagann go Brí Chualann gach samhradh le breis is daichead bliain
‘A noted Gaelic scholar, she also had a knowledge of many European languages, as well as the Classics’, a dúradh in Scéala Éireann 16 Deireadh Fómhair 1946
Anuas go 1957 bhí sé ina eagarthóir Gaeilge go páirtaimseartha in Scéala Éireann
Tá cuntas air sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Feabhra 1959
Chorcaí, dá athair Michael; in ‘An Mhuintir S’againne’, Scéala Éireann 9 Feabhra 1957, deirtear gur shin-seanathair dósan an Seán Ó Laoghaire ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheann ar Chomhcheilg Dhún ar Aill in 1829, agus ar daoradh agus ar cuireadh go Van Diemen’s Land é
Dhéanadh sé freastal ar phobail Ghaeltachta i Sasana gach samhradh. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar dhánta agus aistí agus foilsíodh ábhar Gaeilge leis in An Glór, Feasta, Comhar, Christus Rex, Inniu, Scéala Éireann, The Maynooth Union Record, Irish Monthly, Ríocht na Mí, Kildare Archaeological Society Journal
Tá cuntas air in ‘An Mhuintir S’Againne’, Scéala Éireann 26 Feabhra 1957
I gcomhar le Brian agus le Niall Sheridan chuir sé eagar i 1934 ar an iris ghrinn Blather. Bhí a chéad phíosaí iriseoireachta Gaeilge i gcló in Scéala Éireann
Tá cuntais air in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 19 Nollaig 1952) agus in From Queen’s College to National University: essays on the academic history of QCG/UCG/NUI Galway, 1999 in eagar ag Tadhg Foley
As sin amach scríobhadh sé ailt agus gearrscéalta in An Glór, Feasta, Comhar, Scéala Éireann
Bhí sé ag foghlaim dlí i rith an ama gur glaodh chun an bharra é i 1933; rinneadh abhcóide sinsearach de i 1946. D’fhostaigh Scéala Éireann é sular foilsíodh an chéad uimhir den pháipéar sin agus bhí sa phost sin ar feadh bliana
Tá cuntas air in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 19 Lúnasa 1960
Tá cuntas ag Risteárd Ó Glaisne air in De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000, agus is leis a bhain ‘An Mhuintir s’againne’ in Irish Press 4 Nollaig 1954
Thug sí cuntas ar a saol in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 23 Lúnasa 1958)
Liam Mac Gabhann, iriseoir cáiliúil in Scéala Éireann, a chuir in aithne é do Alec Newman agus Jack White san Irish Times agus d’fhaigheadh sé obair uathu ag scríobh ‘Irishman’s Diary’ (mar ‘Pro-Quidnunc’) agus míreanna don ‘Portrait Gallery’
Foilsíodh cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 12 Deireadh Fómhair 1957). In Ard Mhic Nasca, Co
in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 30 Eanáir 1954, dúirt sé gur thosaigh sé ag cur spéise sa teanga le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus go gcaitheadh sé mí gach samhradh i nGaeltacht Thír Chonaill
Ó 1974 ar aghaidh bhí sé gafa le bainistíocht agus é ina Cheannasaí Clár Raidió agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Ghnóthaí Eachtracha RTÉ. Chun tuairisc iomlán a thabhairt ar a shaol chaithfí cur síos ar scata rudaí a raibh dlúthbhaint aige leo: ‘Tuarascáil’ in The Irish Times sna 1960idí agus sna 1970idí; na portráidí de dhaoine aige in Scéala Éireann (‘An Mhuintir s’againne’); a chumas mar léirmheastóir; an eagarthóireacht a rinne sé ar The Pleasures of Gaelic Poetry; an tréimhse a chaith sé ina bhall d’Údarás RTÉ agus de Bhord na Gaeilge; a pháirt i mbunú agus i bhforbairt Chumann Merriman; an dochtúireacht a bhronn Ollscoil na hÉireann air. Thiteadh sé ormsa taisteal míosúil traenach go Corcaigh a dhéanamh leis ar feadh trí bliana chun freastal ar Choiste Comhairleach Raidió Chorcaí
Ba iad a óráidí san L & H, an cumann liteartha agus staire, agus a chuid scríbhneoireachta in Comhthrom Féinne, Scéala Éireann, Blather agus Evening Telegraph ba mhó a tharraing aird air sa choláiste
Ansin, agus in Scéala Éireann, dúradh gur 78 bliana d’aois a bhí ag Mairéad
Tagraíodh dó mar dhuine ‘a bhí ina oibritheoir ar son an Chonartha agus ar son na teanga leis na blianta fada’ (Scéala Éireann 17 Márta 1947). Bhí scéalta i gcló aige idir 1903 agus 1924 in Irisleabhar na Gaedhilge agus Fáinne an Lae
Ceathrar mac agus cúigear iníonacha a dúradh in Irish Independent 30 Lúnasa a bhí aige (bhí stailc na nuachtán náisiúnta ar siúl ó 12 Iúil go deireadh Lúnasa; ar 1 Meán Fómhair a bhí tuairisc a bháis in Scéala Éireann )
Tá sé i measc mhuintir an Oireachtais sa chartún deas atá ag Seosamh Mac Crosáin in Scéala Éireann 28 Deireadh Fómhair 1940
Tuairisc a báis ag Peadar Ó Dubhda in Scéala Éireann 27 Feabhra 1937.
Tuairisc a bháis in Scéala Éireann 11 Bealtaine 1950.
Phós sé in 1807. In Scéala Éireann 26 Meán Fómhair 1943 deir Risteard Ó Foghludha[B1] gur chaith sé saol seachránach; gur dóigh gur bhunaigh sé scoil in Eiltiún, Co
Chaith sé cuid de 1928 ag bailiú airgid sna Stáit Aontaithe chun go bhféadfaí an Irish Press a thosú. Meastar gurbh é an duine ba ghaire do de Valera é i rialtas Fhianna Fáil anuas go 1959
Tá spéis freisin aige i Shelta, béarlagar na saor, Parlanay agus Romany.’ Tá saothar leis i gcló in Irish School Weekly, Scéala Éireann, Inniu, An Glór, An t-Éireannach, Ar Aghaidh, An Sagart, Béaloideas, Éigse agus Feasta
Tá cuntas ar Dhonncha sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 3 Márta 1959
Dúradh in Scéala Éireann 1 Iúil 1954 go raibh spéis aige ar feadh a shaoil i leas ainmhithe agus in obair Chumann Cosanta na nAinmhithe
An lá céanna in Scéala Éireann scríobh Séamus Ó Néill: ‘We, the writers who gathered around him, know that no matter what happens in the future, nothing will ever be quite the same again
Tá cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir Seo Againne’ in Scéala Éireann 13 Samhain 1954
Foilsíodh cuntas air in Scéala Éireann 17 Aibreán ach is beag má tá aon eolas ann
Sa chuntas báis in Scéala Éireann 6 Nollaig 1938 luadh gur loisceadh a mhac Mathúin ina bheatha nuair a cuireadh tine le Teach an Chustaim i mBealtaine 1921
Múinteoir ba ea é agus i dtuairisc a bháis in Scéala Éireann dúradh go raibh sé ag múineadh i gColáiste Dhún Chéirí agus i mBelvedere
Liostaíonn Mac Peaircín gearrscéalta dá chuid a foilsíodh in Scéala Éireann Meitheamh-Lúnasa 1968 tamall gairid i ndiaidh a bháis
Tar éis dó éirí as ceannaireacht Ghlúin na Buaidhe rinne sé cuid mhaith scríbhneoireachta, idir cholún garraíodóireachta agus aistí in Inniu, aistí in Scéala Éireann, agus leabhair
Scríobhadh sé go minic in Feasta ó 1948 amach agus idir 1963 agus 1972 bhí cuid mhaith aistí leis i gcló in Scéala Éireann
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntais ar an scoláire fuinniúil seo: in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann, 28 Feabhra 1959; ag Maitiú Ó Murchú in An tUltach, Iúil 1992
Phort Láirge, agus in áiteanna eile in Éirinn, idir 1933 agus 1957 agus ar a taithí féin air; tugann sí sleachta as tuairiscí in Scéala Éireann 16 Nollaig 1935, Inniu 21 Meán Fómhair 1956 agus Amárach, Lúnasa 1957
Sa chuntas in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann, 23 Samhain 1957 tá béim ar thaobh na Gaeilge dá shaothar
Thug sé cuairt ar 87 baile in Éirinn a raibh Gaeilge á labhairt iontu, ar oileán Mhanann agus ar Albain agus chuir sé 1175 ceist ar dhuine i ngach ceantar le eolas a chruinniú ar chanúintí na Gaeilge.’ I léirmheas in Scéala Éireann 27 Feabhra 1959 deir Brian Ó Cuiv[q.v.]: ‘I know no other scholar with the necessary determination and energy to plan and carry out such a work in so brief a time.’ In 1949-51 bhí sé ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus tháinig go mór faoi thionchar an scoláire Ernst Lewy ann
Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhainchíne, Luimneach, thosaigh sé ag obair sa Clare Champion agus d’aistrigh ar ball go dtí Scéala Éireann
D’aistrigh sí ón bpost sin go Scéala Éireann agus chaith tamall i mBéal Feirste ina heagarthóir tuaisceartach nuair a bhí feachtas an IRA faoi lánseol sna 1950idí. Deir Mac Góráin: ‘I 1958 iarradh uirthi sraith alt ar an Tuaisceart a scríobh do Comhar
Thosaigh sé ag scríobh in An Reult, Irish Independent, An Phoblacht agus Scéala Éireann. Ar na leabhair a d’aistrigh sé tá Páistí na nua-fhoraoise, 1933 (Children of the new forest le Captain Frederick Marryat); Píobaire Sídhe Ghleann Mhaoiliúra, 1933 (The fairy minstrel of Glenmalure le Edmund Leamy); Eachtraí Sherlock Holmes, 1936 (le A
Tá cuntas air in Scéala Éireann 9 Eanáir 1954 (‘An Mhuintir s’againne’)
Sna 1940idí scríobh sé sraith alt agus chuir chuig Scéala Éireann iad uair éigin roimh 1948; níor foilsíodh sa pháipéar sin iad ach tháinig de Valera ar an lámhscríbhinn agus mhol dó leabhar a dhéanamh astu
Bhí colún seachtainiúil aige in Inniu agus scríobhadh sé in Feasta agus in Scéala Éireann
‘At his residence, Hibernian Hotel, Dromore’ a dúradh in Scéala Éireann
In agallamh le Miriam Hederman in Scéala Éireann 18 Márta 1965 dúirt sé gurbh amhlaidh a d’áitigh von Sydow ar Dhonncha Ó Cobhthaigh [B3], uachtarán an Choláiste Ollscoile, ligean dó imeacht ar saoire bliana
I gcathair Chorcaí (‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 24 Feabhra 1961) a rugadh é 28 Meán Fómhair 1923 ach in Ard na Caithne, Baile an Fheirtéaraigh, a bhí sé ó bhí sé seachtain d’aois
“1,200 graiméar nua díolta an chéad lá” an fógra a bhí ar an Irish Press, 12 Meán Fómhair, 1958.’ Tugadh an t-ochtú cló amach i 1995. Deir Ó Lúing freisin: ‘Is dó atá bunús na creidiúna ag dul i dtaobh aistriú na gConarthaí Eorpacha i 1971-72…
Clólucht an Talbóidigh a d’fhoilsigh a chéad leabhar bleachtaireachta, Gunnaí Bagair, 1944 agus mhol Roddy the Rover (Aodh de Blacam[B1]) go hard é ina cholún in Scéala Éireann
Tá gearrchuntais air in Inniu 1 Lúnasa 1952 agus 24 Iúil 1953 agus is leis a bhaineann ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 26 Meán Fómhair 1959
Scríobhadh sin i Scéala Éireann i ndiaidh a bháis. Rugadh Micheál Alphonsus Ó Briain ar 30 Iúil 1896 i gCluain Meala
I gcaint raidió ar 20 Meitheamh 1955 dúirt sé go raibh an Ghaeilge á labhairt ag gach duine deich mbliana d’aois san am ach an dream óg ag tosú ar an mBéarla. In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 25 Meitheamh 1955) dúirt sé gur chuig scoil náisiúnta an Fhiadha a chuaigh sé
Nuair a bhí sé trí fichid, do bhí a chroí chomh hóg is chomh haibidh le croí garsúin.’ In Scéala Éireann scríobh an tAimhirgíneach: ‘I feel a deep sense of personal loss only slightly tempered by the thought that I have been honoured by the friendship of one of the worthiest and most unselfish Irishmen of our time.’ In The Leader agus é ag cur síos ar ‘Irish Made easy’ (An leitriú shímplí) ar 7 Meán Fómhair 1907 scríobh an Duinníneach: ‘Níl aon Ghaeilgeoir in Éirinn dh’oibríonn leath chomh dícheallach le Shán Ó Cuív.’ I Maigh Chromtha ar 27 Meán Fómhair 1875 a rugadh Shán Ó Cuív (nó John Michael O’Keefe mar a cláraíodh é)
In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 28 Márta 1959) tugann sé eolas breise
Thaistealaíodh sé timpeall an Chláir le de Valera le linn toghchánaíochta. Toisc b’fhéidir nár thaobhaigh Tomás le ceachtar taobh sa Chogadh Cathartha chuaigh Proinnsias Ó Gallchobhair i gcomhairle leis nuair a bhí sé ag ceapadh foirne do Scéala Éireann i 1931
Dúirt Cú Uladh faoi in Scéala Éireann 26 Eanáir: “Like an Craoibhín he objected to what he considered the political bias developing in the League but notwithstanding these differences there was no ill-will amongst us ..
Ar 21 Nollaig bhí an tuairisc seo ar Scéala Éireann: “Hero of 1918 Gaol Rescue dies in Sligo”
Ba mhinic é ag scríobh sna hirisí éagsúla, in Scéala Éireann, agus ag craoladh faoi na hainmneacha cleite “Lugh Mac Céin” agus “Simeon Mac Stairn”.
Dar le ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 26 Feabhra 1955) gurbh é a bhunaigh Coláiste Chairbre i gCuan Dor in 1910 le cúnamh Mhichíl Uí Chuileanáin. In 1938 dhíol sé an fheirm agus chuaigh chun cónaithe i mBaile Átha Cliath mar a bhfuair sé post i gCoimisiún na Muc agus an Bhágúin
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 14 Nollaig 1957 dúirt sí gur cailleadh a máthair nuair a bhí sí óg agus nár chuimhin léi ná lena deirfiúr í a fheiceáil riamh
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 22 Bealtaine 1954, tugadh an t-eolas seo: ‘Nuair a saolaíodh é i gceantar Eochaille bhí ní amháin a bhaile dúchas ach barúntacht Uí Mac Coille go léir soir go cathair Chorcaí ina Ghaeltacht.’ Ba é an duine ba shine é de sheachtar cailíní agus cúigear buachaillí
Is inspéise gur dúradh in Scéala Éireann nuair a cailleadh é: ‘To Douglas Hyde he was known as “The Mayo Poet” because of the musical quality of his Irish’
Bhí sé pósta ar Catherine Elliott, iníon le hAmbasadóir na Breataine sa Ghréig, agus bhí mac agus iníon acu. Bhí aiste ina thaobh in Scéala Éireann 24 Eanáir 1944 nuair a tharla ar cuairt i mBaile Átha Cliath é
Rud suaithinseach é nár mhol sé aon scríbhneoir eile dár luaigh sé sa léacht sin chomh hard céanna. Bhí fíor-dhrochmheas aige ar phreas Bhaile Átha Cliath ach d’fháiltigh sé go gliondrach roimh Scéala Éireann (Ar Aghaidh, Deireadh Fómhair 1931) agus scríobhadh sé corrscéal ann
D’éag Seán ar 1 Eanáir 1934. Ar Scéala Éireann ar 8 Eanáir dúirt Seán Mac Giollarnáth an méid seo: ‘In the telling of his stories Seán Ó Briain became possessed by the spirit and power of their genius
Dúirt an Breitheamh Lughaidh Breathnach faoi (Irish Press, 12 Márta 1937): ‘I have met few men who had such a gift of natural eloquence as Hugh Duffy
Scríobhadh sé ailt in Scéala Éireann, An Stoc, An Branar, Ar Aghaidh, Misneach ..
Bhí cuntais i gcló in Scéala Éireann 7 Lúnasa 1971 ag Micheál Ó Flannagáin agus Criostóir Mac Aonghusa
Tá cuntas ag Micheál Breathnach (1886–1987) in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 29 Deireadh Fómhair 1956) ar Fheis Mhór Chonnacht 1903
D’fhág sí £200 le huacht ag Conradh na Gaeilge agus a bailiúchán de leabhair Ghaeilge ag Seán Beaumont [B1] agus Lil Nic Dhonnchadha agus cead acu iad a thabhairt don Chonradh. Dúirt Fáinne an Lae 9 Bealtaine 1925 fúithi: ‘Bhí sí ar na hoibrithe ba dílse agus ba dúthrachtaí dá raibh ar lucht cothaithe na teanga’ agus dúirt An tÉireannach, Meitheamh 1925: ‘Má bhí aon duine riamh a chaill a saol agus a sláinte ar son na Gaeilge ba í Deora an duine sin’. Tuairiscíodh in Scéala Éireann 6 Feabhra 1956 gur osclaíodh an Halla Frinseach ag 19 Plás Éile, Baile Átha Cliath
McCall. Deir Kathleen O’Brennan (Scéala Éireann 29 Deireadh Fómhair 1946) gur ‘chóilíneacht liteartha’ ba ea teach mhuintir Furlong, go mbíodh tarraingt ag W.B
D’éag sé ar 19 Aibreán 1935 agus tá cuntas fada ar a shaol in Scéala Éireann 23 Aibreán.
Tá cuntas ar Labhrás agus ar a thuairimi sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 20 Aibreán 1957 agus ag Conchubhar Ó Cuileanáin [q.v.] in Feasta, Aibreán 1958.
Cháiligh sé mar aturnae 1920 agus thosaigh ag cleachtadh na ceirde seo i mBaile Átha an Rí. Tá cuntas ag Criostóir Mac Aonghusa in Scéala Éireann 28 Feabhra 1970 ar an gcaoi ar roghnaíodh é mar bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha i gConamara
Ba é a sheoladh i mBaile Átha Cliath Lios na Craoibhe, Páirc Stigh Lorcáin, An Charraig Dhubh. In Scéala Éireann 31 Deireadh Fómhair 1963 dúradh gur thug sé triúr buachaillí ón Rinn uair lena bprintíseacht a dhéanamh ina shiopa agus gur chabhraigh sé leo ina dhiaidh sin chun gnó dá gcuid féin a chur ar bun
In Scéala Éireann 15 Márta 1951 dúradh an rud céanna: ‘Gaeilge a bhíodh ar a bhéal i gcónaí tráth a mbíodh sé ag labhairt sa Dáil, agus bhí sé mar sin nuair a chastaí i gcomhluadar é
Seachas de Hindeberg [B2] is beag má bhí aon scoláire Gaeilge eile san am a raibh seilbh aige ar chaint na Gaeltachta agus ar an scoláireacht nua eolaíoch araon mar a bhí ag Tomás. Dúirt Pádhraic Ó Domhnalláin [B2] ina thaobh: ‘Do shiúil sé Gaeltacht agus breac Ghaeltacht Chonnacht ag éisteacht le sean fhondúirí ag friotal leo go binn gur bhailigh ar chuala sé d’fhoghair is d’fhuama is de leagain snoite snasta, gur mhínigh a raibh d’idirdhealú is d’ildhéanamh ó dheas agus ó thuaidh, thoir is thiar, ag baint leo is go ndearna a gcur i gcomórtas agus i gcomparáid lena macasamhail i dteangacha i gcéin agus i gcomhgar agus sin go heolgasach ealaíonta trí chumas na Gaeilge féin, go bhfuil a éargna sin againn i leabhar ríthábhachtach dar teideal Urlabhraidheacht [Urlabhraidheacht agus graiméar na Gaedhilge, 1927], leabhar a bhéas mar lia os a leacht go bráth’ (Scéala Éireann 17 Eanáir 1938). Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc
Scríobhadh sé go rialta in Inniu, agus i mBéarla agus i nGaeilge in Scéala Éireann
Cheana féin bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéal An braon broghach (1948) agus bhíothas ag cur ardspéise sna sleachta de Cré na cille a bhí á bhfoilsiú in Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair 1949
Scríobh ‘Sean Shéamuis’ in Scéala Éireann 8 Meitheamh 1960: ‘Ioldánaí dob ea é agus ileagnaí de phór an renaissance ach ba de ghlún deiridh a chineáil é
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 17 Samhain 1961, deirtear gurbh i mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’fhoglaim sé an teanga i dtosach ‘cé gur i dTuar Mhic Éide agus in Árainn a chuir sé bail ar a fhoghlaim’
Amhráin Bhéarla is mó a thóg an BBC síos uaithi, fóríor’. Dúradh fúithi in alt i dtaobh Sheáin Uí Chróinin sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 18 Aibreán 1959: ‘Gach duine dá ndeachaidh ar an mbóthar riamh ag lorg amhrán thug sé aghaidh ar Charraig an Adhmaid—Séamus Ennis [q.v.], Diane Hamilton, Seán Mac Réamoinn, Alan Lomax, Jean Ritchie, Ciarán Mac Mathúna
Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad, dar le Scéala Éireann 24 Eanáir 1939, agus ghlac páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair. Phós sé Máire Nic Giolla Craoibhe (Rice) ó na Sceirí, Baile Átha Cliath, 11 Meán Fómhair 1918 (Fáinne an Lae 22 Meán Fómhair 1918)
I 1953 thug Jim McGuinness, eagarthóir Scéala Éireann, colún dó le scríobh trí uair sa tseachtain; is ar an gcolún sin a bunaíodh Hold your hour and have another a foilsíodh i 1963 agus arbh í a bhean a sholáthair na léaráidí
Ní raibh cuntas iarbháis air in Scéala Éireann, Irish Independent, Inniu ná in Carlow Nationalist.
Tá cuntais air sa cholún ‘An mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 31 Bealtaine 1958 agus 11 Samhain 1958.
Dúradh sa tuairisc bháis in Scéala Éireann go raibh baint aige le bunú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
In alt dar teideal ‘Arthur Clery, idealist’ in Scéala Éireann 23 Samhain 1932 dúirt Máire Cháit Ní Riain (Bean Sheáin T
Bhíodh aistí aige freisin in Scéala Éireann
Scríobh Maidhc, Beatha Pheig Sayers (1970). Dúirt an scoláire béaloidis Seán Ó Súilleabháin faoi Pheig in Scéala Éireann: (i gcló ag Cathal Ó Háinle): ‘Bean dathúil phearsanta ba ea í go dtí an lá a cailleadh í, dá mhéad de challshaoth agus de bhuairt a sheol Dia na Glóire chúiche
In ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 20 Iúil 1957) dúirt sé go raibh tionchar mór ag Domhnall Ó Corcora [B5] air. Ar feadh cúig bliana is fiche bhí sé ag múineadh i gColáiste Fhearann Phiarais
Bhí ábhar i gcló aige in Fáinne an Lae, An tÉireannach, An Sguab, Catholic Bulletin, Leader, Scéala Éireann
Tá ann freisin cóip den alt moltach a scríobh Breandán Ó Beacháin air in Scéala Éireann 21 Lúnasa 1956
Is inspéise freisin i gcás na beirte mar a seachnaíodh a bpósadh a lua fiú sna tuairiscí báis, cés moite den fhógra báis i mBéarla. Bhí litir ón bhfear mór amharclainne Joseph Holloway in Scéala Éireann 30 Iúil 1936 faoin gcinnteideal ‘A Gaelic actress of genius’: ‘She was one of the founders of the Gaelic Players...
Bhí cuntas ar Éamon in ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 8 Aibreán 1960.
Scríobh ‘L.Mac C.’ (Liam Mac Coisteala) aiste fhada faoi in Scéala Éireann 3 Meitheamh 1955 agus dúirt: ‘Bhí sé gníomhach i ngnóthaí na nÓglach agus go hard i gcomhairlí Arm na Poblachta in iarthar Mhaigh Eo’
Stanley Weyman, agus Beatha ár dTiarna Íosa Críost, 1940 (Life of Our Lord, leabhar leis an Athair Ó Lochlainn a bhí ar chlár theagasc críostaí Dheoise Ráth Bhoth). Bunaíodh Scéala Éireann i 1931 agus bhíodh aistí i gcló aige ann go rialta
Sin é an t-eolas atá le baint as mír nuachta in Scéala Éireann ar 4 Márta 1940 freisin
Chaith sé tamall ina uachtarán ar an Incorporated Law Society agus dúradh in Scéala Éireann ar 26 Eanáir 1959 gurbh é a bhí ann “Doyen of the Faculty of Notaries Public”. Bhí sé sna déaga nuair a thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim i gCraobh Shliabh Arguis
Scríobh Niall Ó Domhnaill in Scéala Éireann ina thaobh: “Father Canice was a great scholar and a gentle friendly man who was modest about his work
‘Joe McSweeny’ agus ‘Joe Mac’ na hainmneacha pinn aige agus aistí in Scéala Éireann á scríobh aige
Phós sé Máire Nic Chraith ar 4 Lúnasa 1915 agus rugadh seisear mac agus cúigear iníonacha dóibh. Deir tuairisc in Scéala Éireann 18 Márta 1935 gur cháiligh sé mar chuntasóir cairte i 1909
Bhíodh ábhar aige go rialta in The Kerryman, Inniu, Scéala Éireann. Phós sé Eistir Ní Éalaithe, oide scoile ó Chill Gharbháin i 1952 agus rugadh ceathrar leanbh dóibh
‘Before long Fahy was recognised by all the members, including his civil war foes, as being fair, just and extremely practical in the government of debate’ (Scéala Éireann 13 Iúil 1953)
In Scéala Éireann 7 Lúnasa 1942 scríobh M.J.McManus i dtaobh cruinniú fothoghchánaíochta i Ros Comáin i 1917: ‘The meeting—the first of its kind—left unforgettable impressions and among them is the picture of Father O’Flanagan, the principal speaker, stalwart and handsome, winning the hearts of an audience who seemed to be unconscious of the snow flakes that were falling
Bhíodh sí ag scríobh sna nuachtáin freisin agus ó 1931 amach in Scéala Éireann
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 2 Márta 1957 deir sé go raibh sé ina bhall den Chomhdháil Cheilteach ó bunaíodh é i 1917 agus ina Rúnaí Onórach Idirnáisiúnta 1943-52
In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 28 Márta 1959 dúirt Cathal Ó Seanáin [B1] gur le linn dó a bheith i bpríosún uair a rinne sé moltóireacht ar pháipéir scrúdaithe Fheis Bhéal Feirste agus gur do Mhaighréad a thug sé an chéad áit. Bhí deirfiúr le Daisy, Eibhlín, ina beatha go fóill i 1992
McManus in Scéala Éireann 6 Deireadh Fómhair 1944. I dTeach Chill Liadáin i gCoillte Mach, Co
Lean sé air i rith an ama ag foilsiú ábhair in An tUltach, in Scéala Éireann, agus ag scríobh do Radio Éireann
Scéal mór ar leathanach tosaigh Scéala Éireann 29 Márta 1937 ba ea a bhás. Bhunaigh Eithne agus Alice Milligan[B2] an míosachán The Northern Patriot in 1894 i gcomhpháirt le Club Náisiúnta Oibrithe Bhéal Feirste
Deir Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 5 Nollaig 1982 gur chuir tionchar Uí Cheallacháin a bheirt uncail i dtreo an tsóisialachais
Rinne Seosamh Ó Duibhginn [B8] comhrá leis sa tsraith ‘An Mhuintir seo Againne’ in Irish Press 6 Feabhra 1954 agus scríobh Domhnall Ó Lubhlaí píosa ómóis in Midland Topic, Samhain 2004
Tá litir a scríobh sé faoi mhodhanna múinte Mháirtín i gcló inDe Ghlaschloich an Oileáin..., 1987 agus go gairid i ndiaidh bhás Mháirtín bhí litir i gcló aige in Scéala Éireann 2 Samhain 1970 agus aiste aige air in Feasta, Deireadh Fómhair 1971
Labhair sé le ‘S.Ó D.’ in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 9 Samhain 1957)
Dhéanadh sé moltóireacht ag féilte drámaíochta, bhí ina léirmheastóir drámaíochta ag Feasta ó 1960 go 1963) agus scríobhadh léirmheasanna in Scéala Éireann
I mí Mheán Fómhair 1969 foilsíodh in Scéala Éireann dán Gaeilge leis sa tsraith ‘Aistriúcháin,’ mar aon le haistriúchán Béarla
Scríobhadh sí go rialta do na nuachtáin Scéala Éireann / The Irish Press, Anois agus The Irish Times