Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 49
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá cuntas ar an leabharbhách seo, a bhí ina easpag ar Chorcaigh, in: Freeman’s Journal 3 Aibreán 1847; Irish Book Lover, Meán Fómhair 1910 ag James Coleman; ag James Buckley san iris chéanna, Meitheamh 1912; cuntas gan ainm leis san iris chéanna, Lúnasa 1915; ag Eoin O’Mahony in The Bell (‘Four Cork Bishops’), Márta 1941; ag Thomas Wall in The sign of Dr Hay’s head..., 1958; in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 le Breandán Ó Conchuir ··· Ag Gabhal na Spurra i Sráid Seandúin, Corcaigh, ar 23 Bealtaine 1772 (Freeman’s Journal 3 Aibreán 1847) a rugadh é ··· De réir Freeman’s Journal 3 Aibreán 1847 bhí, b’fhéidir, 200,000 leabhar aige ··· D’éag sé ar 1 Aibreán 1847. Tagraíonn an Freeman’s Journal dá charthanacht: ‘The Roman Catholic charities in this city will have cause to mourn for him, for he was their patron and protector, and in the hour of need often upheld them without ostentation out of his own resources ··· Thuairiscigh an Freeman’s Journal i dtaobh a thurais ar an Róimh in 1816: ‘The object of the visit, we believe, was to protect the Catholic Church of Ireland from the intrigues of the English Vetoists; for Dr Murphy was a determined enemy to those ecclesiastical securities required at the time by the English government.’
Tá fianaise ann gur toisc gur do Phádraig Ó Dálaigh a tugadh post an Ard-Rúnaí i 1901 a d’fhág sé a phost rúnaíochta sa Chonradh. I 1901 fuair sé obair mar eagarthóir Gaeilge in Freeman’s Journal agus bhíodh an cúinne Gaeilge á sholáthar aige ann ··· Dúirt an Dr Micheál Ó hIceadha[B1], Leas-Uachtarán an Chonartha, i litir in Freeman’s Journal 25 Márta 1903 go gcuirfeadh iompar na gCéitinneach náire ar ‘footpads or South Sea islanders’ ··· B’fhéidir gur chuir ceapacháin Eoghain Uí Neachtain[q.v.] i 1901 agus an Phiarsaigh i 1903 mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, de rogha ar Thorna agus ar Sceilg, leis an drochmhéin go léir. Ach ba é an peaca ba mhó dá ndearna bainistíocht an Chonartha, dar leis na Céitinnigh, gur áitíodar ar eagarthóir an Freeman i 1905, más fíor, gur cheart dó post an eagarthóra Gaeilge a thabhairt do Chonnachtach agus gur ar an gcuma sin a chaill Sceilg a shlí bheatha ··· B’fhéidir gur chun díoltas a agairt ar a chomharba sa Freeman, Tomás Ó Máille[q.v.], a scríobh Sceilg léirmheas an-ghéar in Irish People, Aibreán 1906, ar Amhráin Chlainne Gaedheal, 1905, arbh iad Tomás agus a dheartháir Micheál[q.v.] a chruinnigh agus a chuir síos iad
Bhí sé ina bhall de choiste Dháil Uladh (idem 9 Bealtaine 1908 agus Freeman’s Journal 21 Nollaig 1908) ··· Chuir páipéar an Chonartha sliocht i gcló 5 Márta as litir a bhí aige in Freeman’s Journal á chur in iúl go raibh Comhairle Contae Lú ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach in Ollscoil na hÉireann: ‘The County Council would not co-operate with any university system which cut out the tree of native culture and intellectual growth from the roots’ ··· Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i nDún Dealgan (Freeman’s Journal 21 Eanáir 1915) agus ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge i gContae Lú mhol sé rún go bhfillfeadh Dubhghlas de hÍde[B4] ar an uachtaránacht
Bhí litir láidir aige ar an téad céanna in Freeman’s Journal agus ghoill sé go mór ar bhaill an Chlub ··· Bhí ráiteas eile uaidh in Freeman’s Journal 2 Iúil 1903 ach ní raibh sé tráthúil go fóill ag an gClub é a dhíbirt
Scríobhadh sé freisin in Freeman’s Journal agus New Ireland Review. Cé gur náisiúnaí láidir é níor ghlac sé páirt ghníomhach in aon eagraíocht ar leith ··· Tuairiscíodh in Freeman’s Journal: ‘In his researches on early Irish history Mr O’Clery earned for himself outstanding distinction and the result of his labours as represented in his best-known work The History of Ireland to the coming of Henry 11, 1908, evidenced how wide was his knowledge of his favourite subject and how appealing was the charm of his style’.
Ach sa chuntas a bhí in Freeman’s Journal 27 Bealtaine 1921 dúradh go raibh Mahon J ··· Maraíodh é 16 Aibreán 1922 nuair a bhain timpiste don trap a raibh sé ann (Freeman’s Journal 17 Aibreán 1922)
Bhíodh sé ag foghlaim ó Sheán a’ Chóta freisin. I 1908 fuair sé post mar scríbhneoir eagarfhocal don Freeman’s Journal ··· B’éigean dó dul go Sasana i 1913 nuair a tháinig tinneas néarógach air ach d’fhill sé i 1915 agus fuair obair eagarthóireachta in An Claidheamh Soluis agus thosaigh ag scríobh arís don Freeman
Chaith sé tamall ar fhoireann an Freeman’s Journal agus bhí ina eagarthóir ar an Evening Herald le linn do Pharnell bheith in ard a réime ··· I rith na scoilte bhí sé ina scríbhneoir eagarfhocal ag an Freeman
Tá deimhniú air sin ag Mac Énrí in aiste in Freeman’s Journal 16 Iúil 1917: ‘.. ··· and Miss Kathleen McGowan, a Wicklow lady, writes with a remarkable grasp of Connacht idiom as readers of the Freeman have lately been able to see for themselves’. Bhí sí ag múineadh nó ag timireacht anseo is ansiúd go ceann ocht mbliana: i gCois Fharraige, i gColáiste Chonnacht (An Spidéal), i gCloich Chionnaola, i gCill Scíre i dTír Eoghain, i gColáiste Laighean, i gColáiste Alexandra, agus i gContae Mhaigh Eo
Scríobh Stephen Gwynn[q.v.] in aiste dar teideal ‘The Value of Criticism’ in Freeman’s Journal 27 Deireadh Fómhair 1906: ‘In the case of explicitly propagandist plays like those by Séamas MacManus there is less need for the tolerance of the hard hitting at Irish vices, because the satirised persons generally undergo conversion and in the cleverest of all this class, An tAthrughadh Mór, the man who sets his face up against the Irish language is loveable in his perversity’ ··· Mac Énrí[B2] é mar dhuine de phríomhscríbhneoirí Chonnacht (‘Felix Partridge of Ballaghadereen, author of several bilingual plays’ Freeman’s Journal 16 Iúil 1917).
Thagair Pádraig Ó Duinnín[B2] dó in Leader 14 Márta 1908: ‘Na trí buillí tubaiste ba mhó a buaileadh ar an nGaeilge lenár linn: cur an Cheallaigh [Seán Ó Ceallaigh] [B3] as an Freeman, cur Dhónaill Uí Liatháin as obair na Gaeilge, agus cur Dhónaill Uí Loingsigh [B2] as an gCoiste Gnó’
Tamall ina dhiaidh sin bhailigh sé airgead chun dul go Meiriceá: ghabh sé buíochas leis an Freeman’s Journal, le feisirí agus lena ‘chara maith fiúntach’ Pól Ó Broin, 4 Sráid Diúc, a bhí ina ‘rúnaire’ aige chun an turas Gaelach a eagrú
Tar éis an tSosa Cogaidh mhol Shán Ó Cuív[B2] do Sheán Lester[B2] é a fhostú mar thuairisceoir in Freeman’s Journal ; ba é an dualgas ba mhó a bhí air a bheith ag aistriú go Béarla na n-óráidí Gaeilge a dhéantaí sa Dáil
Nuair a bhí sé a 17 bhíodh sé ag scríobh litreacha spreagthacha chuig an Freeman’s Journal i dtaobh na teanga, cé nach raibh sé in ann í a labhairt
Bhí post tuairisceora aige san Freeman’s Journal i dtús na 1890idí
Bhí sé ina thuairisceoir áitiúil ag an Freeman’s Journal timpeall an ama seo agus foilsíodh véarsaí dá chuid in The Nation agus páipéir náisiúnta na linne
I dtosach 1922, d’iarr Seán Ó Cuív air dul ag obair sa Freeman’s Journal ag aistriú nuachta do cholún dar teideal ‘Cúrsaí an Lae’
Ar ball bhí sé ina eagarthóir nuachta ag an Freeman’s Journal
Bhí baint mhór aige leis an mbunreacht nua ar glacadh leis ag an gcruinniú sin. Ag obair don Evening Telegraph agus don Freeman’s Journal a bhí sé anuas go dtí 1924 nuair a tháinig deireadh leis na páipéir sin
I mí an Mhárta 1877 bhí litir i gcló in Freeman’s Journal ag Ó Dubhghaill ag áitiú ar an bpobal gur cheart irisleabhar Gaeilge a bhunú
Foilsíodh í sa Freeman’s Journal (theip ar an Athair Ó Cuív teacht air agus é ag liostú saothar Uí Laoghaire
D’éirigh sé as an gCoiste Gnó chun buille a bhualadh ar son Ghaeilge na Mumhan agus toisc gur chaill Sceilg a phost mar eagarthóir na Gaeilge san Freeman’s Journal
I dtuairisc a bháis in Freeman’s Journal dúradh gur le linn dó bheith i Kashmir san India a chum sé ceol Muirghéis
Ag Oireachtas 1905 ghnóthaigh sé bonn óir an Freeman’s Journal ar aiste
Bhí tuairisc faoin scrúdú báis in Freeman’s Journal 4 Márta agus chuir Eoghan Ó Neachtain[q.v.] an nóta seo leis: ‘D’oibrigh sé go socair cúthail agus d’fhan sé amach i bhfad ón gcoimhlint a bhíos ag daoine eile ag iarraidh a bheith in ionad na honóra’. Bhí Brian Mac Giolla Phádraig mar chúntóir ag Pádraig i Scoil Chaoimhín agus ba é a fuair an scoil sin go luath i ndiaidh bhás Phádraig. Ina chuimhní cinn i dtaobh Chumann Lúthchleas Gael in An Camán, Márta 1934, deir Seán Ó Ceallaigh [q.v.] go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí agus iománaithe na nGaeilgeoirí, an fhoireann a bunaíodh in an Stad tuairim 1900
B’éigean dó gan amhras bheith ag cur lena ioncam agus thugadh sé cúnamh sa mhatamaitic i gcolún na mac léinn in Freeman’s Journal
Tugann Ó hUiginn cuntas maith ar an gcaoi ar tugadh colún dó in Freeman’s Journal in ionad ‘Sceilg’
Bhí post ag Denis in Freeman’s Journal, deirtear
Ag Teach Loreto, Binn Éadair, a bhí sí ag cur fúithi níos luaithe ina saol (Freeman’s Journal 14 Aibreán 1916).
Scríobhadh faoi in Freeman’s Journal 2 Meitheamh 1921: ‘Bhí aithne ar Sheán ag Gaeilgeoirí ar fud na hÉireann agus bhí meas acu air
Bhuaigh Tadhg Ó Sé áirithe duaiseanna ar aistí ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913) agus ceapadh duine den ainm ina chláraitheoir i gColáiste na Mumhan (Freeman’s Journal 21 Feabhra 1914).
Bhíodh aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis, The Kerryman, Freeman’s Journal, Fáinne an Lae, An Branar, An Síoladóir
I dtuairisc a bháis in Freeman’s Journal dúradh: ‘The Very Reverend gentleman who was President of the Gaelic Society and of the Drogheda Teetotalers, was distinguished no less for his unflinching patriotism than by his efforts to revive the national music and language of his country.’ Agus chuir Seanchas Ard Mhacha mar eireball lena gcuntas: ‘Finally we may well wonder if the Drogheda Bardic festival of 1843 with its address in Irish and the speaker’s confidence regarding the future of the language in a self-governing Ireland was the last of its kind until the first Oireachtas na Gaeilge in 1897.’
Bhí fógra aige in Freeman’s Journal 5 Meán Fómhair 1822: ‘Irish lessons at 60 Henry Street
Bhí sí i gceannas ar roinn na bpáistí in Freeman’s Journal agus chuaigh a colún faoin ainm ‘Uncle Remus’ agus na ‘Fireside Clubs’ i gcion go mór ar chuid de na buachaillí a d’iompódh amach ina gConraitheoirí díograiseacha ar ball
Bhunaigh sé an nuachtán Freeman’s Journal agus bhí sé gníomhach ag eagrú scoileanna
In Freeman’s Journal 7 Meán Fómhair 1822 a bhí tuairisc a bháis: ‘On the 3d inst at Sandymount, after a long and tedious illness, John M’Namara, Esq formerly of Coolnahella, Barony of Tulla, Co
In Freeman’s Journal 25 Bealtaine 1820 tá an tuairisc seo: ‘On the 18th inst at Maynooth College
Tá sin lánsoiléir in Freeman’s Journal agus in The Irish Times 23 Bealtaine agus i bpáipéir an 24ú lá: ní foláir nó d’éag sé um meán oíche
Nuair a d’éirigh Aodh Ó Dubhthaigh [feic faoi Niall Ó Dubhthaigh B1] as a phost ceapadh Peadar ina thimire agus Cúige Uladh faoina chúram (idem 1 Bealtaine 1915 agus Freeman’s Journal 22 Aibreán 1915)
Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí ar dhuine díobh sin a mhill innill an Freeman’s Journal agus a ghlac seilbh ar Óstán Gresham sa Chogadh Cathartha
Ní hionadh go raibh tuairisc a bháis ní hamháin in An Claidheamh Soluis 28 Deireadh Fómhair 1911 ach in Freeman’s Journal
An bhliain chéanna sin bhuaigh sé bonn óir Oireachtais an Freeman’s Journal le haiste ar Eoghan Ó Comhraí
Mac Énrí[B2] é mar dhuine de scríbhneoirí Mhaigh Eo (Freeman’s Journal 16 Iúil 1917)
Dubhghlas de hÍde [q.v.] a scríobh an réamhfhocal. Bhí ardmheas ag Fionán ar an gCraoibhín agus is í an tagairt is luaithe dó féin go raibh dán aige in The Shanachie agus in Freeman’s Journal ag fáiltiú abhaile ó Mheiriceá roimhe (An Claidheamh Soluis 14 Iúil 1906)
‘A striking likeness but badly executed’ an cur síos in Freeman’s Journal 6 Iúil 1831 ar a phortráid de Maurice O’Connell
‘Sa leabharlann féin, thionscain sé innéacsáil an Freeman’s Journal le cabhair na bpríosúnach i bPort Laoise
Ghlac sí páirt i gCeolchoirm na mBuaiteoirí (cuntas ar an bhFeis agus grianghraf de Mháire in Evening Herald 12 Bealtaine 1923 agus cuntas in Freeman’s Journal 11 Bealtaine)
B’fhéidir a rá go raibh oideachas réamhscoile á chur ar Thomás: ‘The paper we got as far back as I can remember was The Freeman’s Journal and we were kept in touch with world affairs as well as with developments in Ireland, as my father read the paper aloud for us every night