Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sí ar na daoine a thóg páirt sa dráma Casadh an tSúgáin (Gaiety, Baile Átha Cliath, 21 Deireadh Fómhair 1901) ··· Bhí baint ag Proinsias le Casadh an tSúgáin
Pointí suntasacha i rith na tréimhse sin is ea: an fhianaise a thug sé os comhair an Choimisiúin um Oideachas Meánach in 1899 agus an chaoi ar thug sé ar scoláirí móra na Gaeilge cur in aghaidh fianaise a bhí tugtha ag leithéidí Robert Atkinson [B2]: léiriú a dhráma Casadh an tSúgáin 21 Deireadh Fómhair 1901 agus An Tincéar agus an tSióg 19 Bealtaine 1902; a thuras go Meiriceá i 1905–6 nuair a bhailigh sé breis agus £12,400 don Chonradh ··· Drámaí a foilsíodh i 1934: Casadh an tSúgáin, An Tinncéir agus an tSídheog, An Naomh ar iarraidh, An Cleamhnas, Pleusgadh na Bulgóide, Teach na mBocht, Rí Séamas, Maistín an Bhéarla, An Pósadh
Toghadh í ina leasuachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh é i mBealtaine 1901 agus bhí sí páirteach le baill eile na Craoibhe sin sa chéad léiriú a tugadh do Casadh an tSúgáin sa Ghaiety ar 21 Deireadh Fómhair na bliana céanna
Deir Nóra Ní Shúilliobháin: ‘As a child I heard a great deal about Máire and Tommy McDonogh Mahony as both my parents were working with them at feiseanna and in the production of one-act plays like Hyde’s Casadh an tSúgáin and they were very saddened at the breakup of the marriage (childless) and the fate of Castlequin
Ba é a léirigh Eilís agus an bhean déirce, Casadh an tSúgáin, na chéad drámaí Gaeilge dár stáitsíodh i mBaile Átha Cliath, agus An Tobar Draíochta
Ar 21 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna bhí sí ina ball den fhoireann bheag (An Craoibhín, Torna, Máiré Ní Chinnéide, Proinsias Ní Shúilleabháin agus Eibhlín Ní Dhonnabháin) a chuir Casadh an tSúgáin á léiriú ar stáitse an Ghaiety, an ócáid ba mhó riamh i stair na hamharclannaíochta Gaeilge
Bhí an Chomhdháil Cheilteach ar tí teacht go hÉirinn in 1947 agus is ar Thomás a thit sé Casadh an tsúgáin le Dubhghlas de hÍde a léiriú in onóir na hócáide sin
Is gnách a rá gurbh é Tadhg Saor an Athar Peadar an chéad dráma riamh dár léiríodh (i Maigh Chromtha ar 13 Bealtaine 1900) agus gurbh é Casadh an tSúgáinan Chraoibhín an chéad dráma a léiríodh in amharclann (sa Gaiety, Baile Átha Cliath, ar 21 Deireadh Fómhair 1901)
In Sinn Féin 15 Nollaig 1906 tá cur síos air i bpáirt Uí Annracháin i ndráma de hÍdeCasadh an tsúgáin: ‘His portrayal of the blustering, swaggering, fascinating poet was an exceedingly clever and capable piece of work, and Cluichtheoirí na hÉireann is to be congratulated upon having the honour of introducing Mr Trench to the dramatic world.’ In Our friend James Joyce (1959) deir Padraic Colum: ‘I remember having seen three or four actors play this role, but I do not recall any of them having impressed me so much as he did’
Chóirigh sé ceol do Casadh an tSúgáin nuair a léiríodh in Amharclann na Mainistreach é 1947
Toghadh é féin agus Ó Foghludha mar chomhrúnaithe i mBealtaine 1901. Bhí sé páirteach sna chéad léirithe de Casadh an tSúgáin agus An Tobar Draíochta