Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 29
Dhein sé é sin in Foras Feasa ar Éirinn ··· Ba mhór mar a chothaigh sé mórtas ár gcine.’ Thug Dáithí Coimín[B2] eolas ar a bheatha sa réamhrá le heagrán Chumann na Sgríbheann nGaedhilge de Foras Feasa ar Éirinn in 1902 (an Coimíneach a chuir an chéad imleabhar in eagar; Pádraig Ó Duinnín[B3] a chuir eagar ar na trí himleabhair eile 1904–14) ··· Cunningham is mine a dhéanann cur síos ar a mhuintir, ar chúrsa a shaoil, agus ar an toradh a bhí ag Foras Feasa ar Éirinn, idir lámhscríbhinní, aistriúcháin agus athinsintí, ar chúrsaí in Éirinn anuas go 1740 ··· Ba é an Súilleabhánach úd a d’inis scéal an mhasla a thug sé d’Elinor Laffan, bean an Scuibhéara Mocler, agus é ag seanmóireacht ar pheaca an adhaltranais tuairim 1618 agus gurbh éigean dó dul ar a choimeád i nGleann Eatharlaí tar éis di é a ghearán lena leannán, larla Thuamhumhan, agus gurbh ann a scríobh sé Foras Feasa ar Éirinn ··· Déanann Ó Corráin beag is fiú de: ‘Ach ní haon scéal nua mioscais ban i gcás préitséiri agus ní haon chruthú é seo go raibh tóir ar an gcléir ná géarleanúint á himirt orthu.’ Agus maidir leis an Foras Feasa a scríobh i bpluais sna Gaibhlte tuairimíonn Ó Buachalla in Aisling ghéar gurbh é Eoghan Ó Comhraí a chuir tús leis an bhfinnscéal sin, in Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (1861) agus deir sé: ‘Pé ní i dtaobh an bhaill inar bheartaigh sé an leabhar a scríobh, is cinnte agus is soiléir go raibh leabharlann chuimsitheach timpeall air agus é á scríobh aige.’ Chríochnaigh sé Trí bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death by Geoffrey Keating 2 Nollaig 1631
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 An phríomhthábhacht a bhaineann lena ainm gurbh é an t-aistriúchán Béarla a rinne sé ar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn[q.v.] an chéad cheann dár cuireadh i gcló; i 1723 a foilsíodh é, díreach nuair a bhí díospóireacht faoi lánseol, a raibh impleachtaí polaitiúla ag gabháil léi, i dtaobh ar thír shibhialta Éire roimh theacht na Normannach nó nárbh ea ··· Bhí dúil ag Raymond i stair agus i gcultúr na hÉireann agus é ar intinn aige an Foras Feasa a aistriú; bhí eolas curtha aige ar an nGaeilge mar áis in obair a pharóiste ··· Ach d’imigh sé go Londain i 1720 agus beagnach láithreach d’fhoilsigh scéim chun aistriúchán de stair Chéitinn a fhoilsiú; bhí ceithre chóip den Foras Feasa déanta aige agus is ar chóip a rinne sé do Mhuirís Ó Conchubhair Fáilghe, abhcóide i Londain, a bhunaigh sé an t-aistriúchán ··· which has so unjustly lowered in public estimation the character of Keating as a historian’ (I gcló ag Dáithí Coimín[B2] sa réamhrá a chuir sé le Foras Feasa ar Éirinn, 1902)
Tá a bhfuil ar eolas ina thaobh ag Robin Flower[B3] in Catalogue of Irish mss in the British Museum III, 1953 agus sna cuntais ar an díospóireacht a lean foilsiú aistriúchán Dhiarmuda Uí Chonchubhair[q.v.] ar Fhoras FeasaChéitinn[q.v.] agus go háirithe in Ag cruinniú eala: Anthony Raymond (1675–1726), ministéir Protastúnach agus léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988. Baineann tábhacht lenar scríobh sé i dtaobh bheatha Chéitinn agus is leis a bhaineann aiste Bhriain Uí Chuív (‘An Eighteenth-Century Account of Keating and his Foras Feasa ar Éirinn’) in Éigse, geimhreadh 1960–61: ‘In 1811 William Haliday [B6] published an edition of the “Díonbhrollach” and the First Book of Foras Feasa ar Éirinn, and to it he prefixed a “Life of the Author” for which he drew on the 1722 “Dissertation” ··· Is dóigh le Bernadette Cunningham (The world of Geoffrey Keating ..., 2000) gurbh é an Súilleabhánach a chuir tús leis an tuairimíocht go raibh Céitinn ag taisteal i mbréigriocht, é a bheith ina chónaí i bpluais sna Gaibhlte, agus a leithéid: ‘O’Sullevane, writing just prior to the publication of O’Connor’s English translation of Foras Feasa, had his own reasons for seeking to underestimate if not discredit Keating’s work.’ Is cosúil gurbh ó Thiobraid Árann don Súilleabhánach seo; bhí comhfhreagras aige le Tomás Ó Duinn éigin i gCaiseal i dtaobh cuimhní ar Chéitinn a mhair i dTiobraid Árann ··· Dúirt seisean gurbh é a bhí ann ‘a very learned gentleman and the best skilled in the Irish Antiquities of any man I ever knew’. Ce go gcuireann Ó Súilleabháin ‘extravagant accounts’ i leith Chéitinn, b’fhéidir go raibh beartaithe aige féin an Foras Feasa a aistriú agus gurbh in é an fáth ar thug sé go fíochmhar faoi Dhiarmuid Ó Conchubhair a luaithe a foilsíodh réamhfhógra i dtaobh a aistriúcháinsean
I scríbhinní Raymond féin san Acadamh Ríoga, a mbaineann a bhformhór leis an tréimhse i ndiaidh 1722, i dtagairtí i litreacha agus i ndialanna Swift, agus sa díospóireacht a lean foilsiú aistriúchán Dhiarmuid Uí Chonchubhair[q.v.] ar Foras feasa ar Éirinn, is mó a d’éirigh le Harrison eolas a chur ar bheatha an fhir seo. Ba de bhunadh Essex a mhuintir agus i mBaile Uí Luachráin, Co ··· Cuireann Harrison síos ar a raibh déanta agus beartaithe aige de réir mar atá le feiceáil ina pháipéir san Acadamh Ríoga: Foras feasa Sheathrúin Céitinn [q.v.] aistrithe aige; cuid mhór caibidlí dá leabhar ar an seanstair scríofa aige; leabhar dar teideal ‘A genealogical, historical and chronological account of the Irish nobility and gentry’ á bheartú aige; an dán ‘Triallam timcheall na Fodla’ aistrithe aige. Chuir foilsiú aistriúchán Uí Chonchubhair ar an Foras feasa in Londain 1723 (The general history of Ireland ..
An fáth a dtuilleann sé iontráil anseo gur scríobh sé leabhar staire, A prospect of the state of Ireland, 1682, a bhí bunaithe ar Foras FeasaSheathrúin Céitinn agus ar Cambrensis EversusJohn Lynch ··· Deir Bernadette Cunningham (The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland, 2000) go bhfuil an oiread sin tagairtí téacsúla don Chéitinneach sa leabhar sin nach foláir nó mhéadaigh sé go mór ar líon na ndaoine ar mhaith leo leagan Béarla den Foras Feasa a léamh
Theip ar an iris sin nuair nach raibh ach leath an úrscéil foilsithe acu ach ar an dea-uair bhí iris in Éirinn, Shamrock, á fhoilsiú ag an am céanna. In 1857 d’aistrigh Ó Mathúna ‘Foras Feasa ar Éirinn’ an Chéitinnigh faoin teideal The history of Ireland by Geoffrey Keating, D.D ··· Ina measc tá cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ a bhfuil an síniú seo ann: ‘Seághan Ó Duibhidhir, Feathard, Sráid riasg, Blian an Tigherna, 1637’.
Bhí mórmheas aige ar an nGaeilge agus d’aistrigh Foras Feasa ar Éirinn go Laidin. I nGaillimh a rugadh é ··· Ina measc bhí ‘Foras Feasa ar Éirinn
Ba léir do na díolaimeoirí an ceangal idir Seán Clárach is an neach “fireann/baineann”, ach is dócha gur leasc leo a admháil go mbeadh “aon mhírialtacht” mar sin le cur ina leith.’ Deir Ó Conchúir nach bhfuil tagtha slán dá dhéantús lámhscríbhinní ach cóip de Foras Feasa ar Éirinn (i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí) a rinne sé i 1721–2 ar fholáireamh an Athar Tadhg Ó Donnchadha
Tuaírimítear gur thug sé cabhair do Sheathrún Céitinn [q.v.] agus é i mbunForas Feasa ar Éirinn
Saothar é atá inchomórtais ar a éachtaí agus ar a fhad le Foras Feasa ar Éirinn
Lámhscríbhinní a bhain le stair na tire, Foras feasa ar Éirinn ina measc, agus le stair an cheantair cuid díobh
Harriet Stacpoole, a bhaineann trí cinn díobh; in The Hidden Ireland: a study of Gaelic Munster in the eighteenth century, 1924 ní shíleann Domhnall Ó Corcora[B5] gur choir thromchúiseach an fuadach ach rud a bhí coitianta i measc scuibhéiríní Angla-Éireannacha (‘it was a favourite recreation with the bloods of the time’) agus deir sé: ‘Sharing thus both in the recklessness of the Anglo-Irishman and in the traditions of the Gael, he is a most interesting figure and one regrets the want of further information.’ Chuir sé suim, b’fhéidir, sa diospóireacht a bhí ar siúl i dtaobh stairsheanchas na hÉireann; dúirt Theophilus O’Flanagan[q.v.] in Transactions of the Royal Irish Academy, 1786 gur aistrigh sé cuid de ‘Foras Feasa na hÉireann’ le Céitinn go Béarla le súil go bhfoilseofaí é (‘He made a translation of Keating which he intended to publish but death prevented the execution of his design and the manuscript has since been lost’). In 1893 d’fhoilsigh Pádraig Ó Briain[B3] an dá scéal a scríobh sé, Eachtra Thoirdhealbhaigh mhic Stairn, maille le Eachtraibh a thriuir mhac, do réir mar a sgriobhadh iad le Mícheál Coimín
D'aistrigh a uncail (Michael Kearney) Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn go Béarla
Bhain sé leas freisin san fhoclóir as Foras Feasa ar Éirinn, as Focloir no Sanasan Nua..
Ba é a sheoladh ag an am 42 Cearnóg Brighton, Ráth Garbh. Ba é údar Irish illustrations to Shakespeare: being notes on his references to Ireland (1894) é agus chuir sé eagar ar Laoi Oisín ar Thír na nÓg (1880), Mac-Ghníomhartha Fhinn (1902) agus ar Foras Feasa ar Éirinn Iml a hAon (1902)
Sa tréimhse 1900–09 foilsíodh tuairim 30 leabhar dá chuid: úrscéal; drámaí; eagráin de shaothar fileata Uí Rathaille, Eoghain Rua Uí Shúilleabháin, Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin, Mhic Dhomhnaill, Uí Dhonnchadha an Ghleanna, Fheirtéir, fhilí na Máighe; imleabhair a dó agus a trí den Foras feasa ar Éirinn; Foclóir Gaedhilge agus Béarla i 1904; saothar ilghnéitheach
Is léir go raibh an t-aighneas a lean sin ar cheann de na fáthanna ar bhain Cumann na Scríbheann nGaedhilge eagarthóireacht Foras Feasa ar Éirinn siar as lámha an Mháilligh. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
of Keating’s History of Ireland, property of Mr Daniel McCabe of Banteer, Cork, was accidentally left behind in a railway carriage at the Kingsbridge Terminus, Dublin, some months ago and has not since been heard of by the owner.’ Is é a scríobh ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ síos ó Nóra Ní Shindhile tuairim 1850. In 1864 phós sé Sarah O’Connell
A competent edition of Keating’s History, or of the Munster poetry of the last two centuries, would serve the interests of Celtic scholarship in the universities, and at the same time promote the revival of spoken Irish
Bhí cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ ó lámh Thaidhg Uí Neachtain ina sheilbh uair
D’fhoilsigh sé cuid de Foras Feasa ar Éirinn an Chéitinnigh in 1811 maille le haistriúchán, ach arís gan a ainm a chur leis an saothar
Ba é freisin a d’fhoilsigh an t-aistriúchán a rinne Seán Ó Mathúna[q.v.] ar Foras Feasa ar Éirinn agus deir Desmond Ryan gurbh é a d’iarr ar an Mathúnach tabhairt faoin obair (The Phoenix Flame, a study of Fenianism and John Devoy, 1937)
Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn in 1819 agus tá dán againn uaidh ó 1817
Cheannaigh sé Leabhar Dimma ar £150 agus cóip de Foras feasa ar Éirinn ar cheithre ghiní
Thug sé buneolas air féin i gceann de na cóipeanna a rinne sé de ‘Foras Feasa ar Éirinn’: gurbh é 1656 bliain a bhreithe; gur phós sé Eilíonóir de Nógla i bhFeabhra 1681 (nuachomhaireamh) agus go bhfuair sí bás ar 6 Deireadh Fómhair 1707; go raibh beirt deartháireacha aige, ceathrar mac agus triúr iníonacha
Luann sé foinsí Gaeilge: Leabhar Bhaile an Mhóta, Uraiceacht na n-éigeas, An Sanasán Nuadh le Michél Ó Cléirigh [q.v.], Teagasca Chormaic, Mac Fhirbhisigh [q.v.], beathaí na naomh agus araile. Bhí baint éigin aige le foilsiú an aistriúcháin a rinne Diarmuid Ó Conchubhair [q.v.] ar Foras Feasa ar ÉirinnChéitinn[q.v.]
Ghnóthaigh sí BA le honóracha den chéad scoth sa Léann Ceilteach i 1931, agus céim mháistir i 1933 lena tráchtas ar fhoinsí Chéitinn[B7] in Foras Feasa ar Éirinn; tá ‘The Sources of Keating’s History of Ireland’ i gcló in Éigse, geimhreadh 1944 [1945] et seq
A token of Cavanagh’s affection for O’Mahony, and of his loyalty to him, can be seen in Cavanagh’s participation in a fund-raising committee and circulating a letter, unknown to the Colonel, in which he explained O’Mahony’s difficulties with the publisher of his translation of Forus Feasa ar Éirinn and sought donations to help O’Mahony settle a debt whereby he would become sole owner of the plates of that book.’ Meastar gur luigh sé isteach ar an iriseoireacht in 1857 nuair a bhunaigh Ó Mathúna agus Doheny an iris The Phoenix ach nach raibh sé ach mar shlí bheatha pháirtaimseartha aige gur bunaíodh an iris The Emerald in 1868
Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill q.v.] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722. Tá an chosúlacht air go raibh áit aige i Sliabh Luachra arís tuairim 1726, ach é bocht go fóill