Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 4
Tá cuntas ar a bheatha ag Tomás Ó Rathile[B2] in Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh, 1941 ··· Thagair sé féin mar seo don naomh in Sgáthán an Chrábhaidh: ‘Óir is deimhin nár tháinig d’aithle aimsir na nAspal aon dochtúir san Eaglais is mó dár fhoilsigh Dia mistéirí agus rúndiamhra an chreidimh ná é.’ Deirtear (in The Catholic Encyclopaedia, mar shampla) gur chabhraigh sé le cúis an tSeansanachais lena linn agus go mba chara le Jansenius (d’éag 1638) féin é nuair a bhí an diagaire sin ina stiúrthóir ar chliarscoil i Lováin ··· Deirtear freisin gurbh as a stuaim féin agus go neamhspleách ar Jansenius a ghlac sé le tuiscintí Agaistín i dtaobh ghrásta Dé. Is leabhar é Desiderius a tharraing Ó Maoil Chonaire ón leagan Spáinnise (El Desseoso) den bhunsaothar Catalúinise a foilsíodh i 1529 ··· Cuireann Ó Buachalla béim ar a mhéid a bhí Desiderius Uí Mhaoil Chonaire dírithe ar Chaitlicigh na hÉireann agus tarraingíonn aird go háirithe ar an abairt úd aige, ‘gurb iad an pobal a thug do na ríthe nó dá shinsir a bhfuil de chumhachtaí acu anois’, smaoineamh réabhlóideach ag an am ··· Breatnach freisin faoi deara ar an stíl agus deir: ‘For students of Irish, however, the value of Desiderius as an example of a particular style will yield place to its importance as a repository of vocabulary, idiom and grammar.’ D’aistrigh sé caiticeasma ón Spáinnis i 1593 ach níor cuireadh cló air gur fhoilsigh Brian Ó Cuív é in Celtica I, 1950 (‘Flaithrí Ó Maolchonaire’s Catechism of Christian Doctrine’)
Deir Ó Concheanainn faoin eagrán den chaiticeasma sin: ‘Tá tuairisc mhaith tugtha ag Brian san eagrán seo ar phrós na Gaeilge clasaicí, tuairisc atá inchomórtais le tráchtas Thomáis Uí Raithile ina eagrán féin de Desiderius (1941).’ In eagar aige in Celtica 1, 1950 tá teagasc críostaí Fhlaithrí Uí Mhaolchonaire[B7]
Deirtear gur fhoilsigh sé cuid dá leabhair le cabhair a phóca féin. Ba iad na leabhair a scríobh sé: Dánta grádha (1916); Papers on Irish idiom (1920); Dánfhocail (1921); A miscellany of Irish proverbs (1922); Búrdúin bheaga (1925); Dánta grádha, eagrán méadaithe (1926); Measgra dánta (1927); Desiderius (1941); Irish dialects past and present (1932); The Goidels and their predecessors (1936); The Two Patricks (1942); agus, ar ndóigh, Early Irish history and mythology (1946)
O’Rahilly in Desiderius, otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh (1941): ‘Keating appears to have had close relations with Seán mac Torna and other members of the Clare branch, who made numerous transcripts of his works (one might almost say acted as his publishers), and it is quite possible that this association with a family hereditarily devoted to Irish letters has left its mark on Keating’s style.’ Fuair sé cabhair freísin ó Chonall Mac Eochagáin[q.v.]