Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chadhain; luann seisean é i gceann de na litreacha a sheol sé chuig Tomás Bairéad[B2] ón gCurrach (As an nGéibheann, 1973) agus i 1947 bhí sé ar dhuine de na cairde a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mhairtin Ui Chadhain , 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin); d’fhuaraigh an cairdeas sna 1960idí ··· Tuairimíonn Mac Cába gurb air atá an ‘Gaeilgeoir Mór’ in Cré na Cille bunaithe
Bliain ina dhiaidh sin cailleadh a mhac Rónán in aois ocht mbliana go leith dó. Tháinig sé faoi anáil scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain go luath ina shaol; bhí litir aige in Ar Aghaidh i 1950 ag cosaint Cré na Cille ar ionsaí a rinneadh air sa pháipéar sin ··· Bhí sleachta as Cré na Cille aistrithe go Béarla aige. Bhí sé ar aigne aige i gcónaí dúthracht a chaitheamh leis an scríbhneoireacht chruthaitheach
Bhí lámh is focal eatharthu le fada. Bhuaigh Cré na cille duais Oireachtais ar úrscéal in 1947 ··· Cheana féin bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéal An braon broghach (1948) agus bhíothas ag cur ardspéise sna sleachta de Cré na cille a bhí á bhfoilsiú in Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair 1949
. Pointí arda i scéal a bheatha is ea na hócáidí móra litríochta agus foilsitheoireachta lena linn: foilsiú Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i 1950; Nuabhéarsaíocht an bhliain chéanna; Bord na Leabhar Gaeilge—ba í obair Shairséal agus Dill a spreag an rialtas lena bhunú i 1952; foilsiú Eireaball Spideoige, 1952, céadchnuasach Sheáin Uí Ríordáin[B3]; Ceo Meala Lá Seaca, 1952 le Micheál Mac Liammóir[B4], an chéad leabhar a cuireadh i gcló in Éirinn agus i Sasana le hinneall clódóireachta liotagrafaíochta; Claíomh an Díoltais, 1961 le hAnnraoi Ó Liatháin[B1], an chéad leabhar scannánchló a foilsíodh in Éirinn nó i Sasana
Le linn dó a bheith i mBaile Átha Cliath bhí sé gníomhach i saol na Gaeilge ann agus bhí i mbun rang Gaeilge in Ard-ChraobhChonradh na Gaeilge; bhí rang aige uair a bhí bunaithe ar théacs Cré na cille go luath i ndiaidh a fhoilsithe
Rinne sé cóiriú raidió ar Cré na Cille do Raidió na Gaeltachta i 1972 agus eisíodh é mar dhlúthdhiosca i mBliain Uí Chadhain, 2006
Deireadh Lorcán gur imir an tsraith de Cré na Cille in Scéala Éireann i rith 1949 draíocht ar leith air. Phós sé Cáit Ní Shiúrdáin, Marino, Baile Átha Cliath, ball de Chraobh Móibhí, ar 11 Deireadh Fómhair 1955 agus bhí beirt bhuachaillí agus triúr cailíní acu, ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad
Bhí Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain [B4] á chlóbhualadh ann do Sháirséal agus Dill idir 15 Lúnasa agus Nollaig 1949; ba é an chéad leabhar é dár chuir Foilseacháin Náisiúnta Tta i gcló
Cheannaigh Glúin na Buaidhe gnó an Mayo News i gCathair na Mart i 1948; faoin ainm Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, comhlacht a raibh Proinsias ina chathaoirleach ar a stiúrthóirí, chlóbhuail siad Cré na Cille i 1949 agus d’fhoilsigh breis is 130 leabhar i rith daichead bliain ina dhiaidh sin. Pearsa thábhachtach i gcúrsaí na hathbheochana ba ea Proinsias faoi 1943
I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin). I 1948 bhunaigh Conradh na Gaeilge an míosachán Feasta agus d’fhostaigh siad Seosamh mar bhainisteoir
Bhaile Átha Cliath. Ag seoladh Cion Fir dúirt Aisling Ní Dhonnchadha: ‘Is cuma an ag trácht ar ghnéithe de sheanlitríocht na Gaeilge nó ar ghnéithe de nualitríocht na Gaeilge atá Tomás Ó Floinn, nó ar an Dochtúir Risteard de Hindeberg[B2] nó ar aistriúcháin Frank O’Connor nó ar an meadaracht i bhfilíocht an Ríordánaigh, nó ar bhuanna filíochta Airt Uí Mhaolfabhail atá an trácht, nó an léirmheas ar Cré na Cille nó ar Lig Sinn i gCathú nó ar Scríobh atá i dtreis, chítear go ndéanann Tomás Ó Floinn gach ábhar a chíoradh, a scagadh agus a iniúchadh go beo, fuinniúil, bríomhar’ (sliocht atá i gcló in eagarfhocal Comhar, Eanáir 1998)