Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Ba é an saothar deiridh uaidh clár de na lámhscríbhinní Gaeilge i Leabharlann Bhodley a foilsíodh in dhá imleabhar agus deir Ó Concheanainn faoi: ‘B’fhéidir go measfaí amach anseo ag lucht an léinn Cheiltigh agus ag staraithe na Meánaoise gurb é Catalogue of Irish language manuscripts in the Bodleian Library at Oxford and Oxford college libraries, 2001 sméar mhullaigh a shaothair.’ Sraitheanna de Léachtaí Thomáis Dáibhis a d’eagraigh sé agus a craoladh ar Radio Éireann is ea Seven centuries of Irish learning 1000-1700 (1961) agus A view of the Irish language (1969)