Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
Bhí sé chun tosaigh in Iomarbháigh na bhFilí ach is le Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill is mó a thabhaigh sé clú ··· Chuir Pól Breathnach eagar air (Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill as Leabhar Lughaidh Uí Chléirigh, maille le réamhrá agus nótaí, 1948–57) ··· Cé nach mbreathnódh éinne ar Bheatha Aodha Ruaidh mar shampla foirfe críochnúil den bheathaisnéis, níl aon amhras ach gur ceannródaí diongbháilte sa chineál seo cumadóireachta é Lughaidh Ó Cléirigh, gradam atá tuillte aige go háirithe i ngeall ar a spéis sa chúisiúlacht agus i gcarachtar an duine aonair, gnéithe den suíomh daonna a forbraíodh le linn an Renaissance.’ Sa chaibidil ‘Creideamh agus Athartha’ in Nua-Léamha ..., 1996 in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, deir Mac Craith gur sa Bheatha a nascadh athartha agus creideamh den chéad uair i dtéacs Gaeilge ··· Cuireadh ‘Beatha Aoidh Ruaidh Uí Dhomhnaill’ le chéile i ndiaidh 1616 nó, b’fhéidir, chomh deireanach le 1627 ··· and a transcript of it is in the collection of the Assistant Secretary [of the Iberno-Celtic Society – O Reilly himself], who has now [1820] nearly translated, with an intent to publish, this invaluable piece of Irish history.’ Ghlac an Donnabhánach [B6] scun scan leis gurbh é Cúcoigríche a scríobh an bheatha: bhí eolas aige gan amhras ar ‘Leabhar Lughaidh Uí Chléirigh’ ach níor rith sé leis gurbh ionann é agus Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Luann sé an cuardach a rinne Alan ar na tagairtí don aimsir i leabhair mar Caithréim Thoirdhealbhaigh, Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, Imeacht na nIarlaí, Cín Lae Ó Mealláin, Cín Lae Amhlaoibh Uí Shuilleabháin
Bhí Cearbhall ar an gCúirt Eorpach sula raibh deireadh déanta faoin mbliain 1974, agus an saothar mór sin curtha i gcrích ag an bhfoireann bheag a bhí ag obair sa chuid is mó go deonach páirtaimsireach.’ Chuir sí gluais ar fáil do Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill 2, 1957 atá in eagar ag Pól Breathnach[B2] agus Colm Ó Lochlainn[B4] agus a d’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge; sa réamhrá deir Ó Lochlainn: ‘The exhaustive and very valuable glossary is the work of my good and patient friend, Mrs Máirín O’Daly, who also pointed out many misprints and errors
Chuir sé eagar air, agus d’aistrigh sé, Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh (1893) ach níor cháineadh róghéar air a mholadh gurbh fhearr dul ar iontaoibh eagrán an Athar Pól Breathnach
Chnuasaigh sé agus d’ullmhaigh go leor de scríbhinní an Athar Pól Breathnach[B2] le haghaidh a bhfoilsithe agus chóirigh a eagránsan de Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill Iml
Tá cuntas in The Irish Book Lover, Eanáir 1916 ar an dá cheant a cuireadh ar a bhailiúchan, in 1834 agus 1852; i measc na lámhscríbhinní bhí Beatha Aodh Rua Uí Dhomhnaill, Leabhar Fhear Muighe, Leabhar Mhic Phartholáin, Iomarbhágh na bhFileadh. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Chaith Pól Breathnach[B2] dua lena thaispeáint gur Diarmaid a bhí ar a athair agus nár mhac é le Lughaidh Ó Cléirigh[q.v.], údar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mar a scríobh Seán Ó Donnabháin[B6] sa réamhrá a chuir sé lena eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ; ní raibh an bhunchóip i gColáiste San Isadóir sa Róimh feicthe ag an scoláire sin