Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Deir Breandán Ó Madagáin in An Ghaeilge i Luimneach 1700–1900 gur ag cuimhneamh ar a óige féin a bhí an Grádach nuair a scríobh sé, sa reámhrá a chuir sé le Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne in 1857, faoi na lámhscríbhinní a léití os ard i dtithe na bhfeirmeoirí nuair a bhíodh obair ar nós cardáil olla ar siúl nó ag tórraimh: “The writer has heard a man who never possessed a manuscript, nor heard of O’Flanagan’s publication, relate at the fireside the death of the sons of Uisneach without omitting one adventure, and in great part retaining the very words of the written versions”. Dúirt an Craoibhín in Mise agus an Conradh: “Bhí sé ag lasadh le grá don Ghaeilge, teanga do labhair sé óna óige, agus don tír”