Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 7
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Is geall le clasaiceach An Duinníneach: a shaol, a shaothar agus an ré inar mhair sé, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair, ní hamháin toisc gur léiriú éifeachtach ar bheatha é ach toisc freisin gur cheann de na pearsantachtaí ba spéisiúla dá bhfuair bás sa chéad seo ba ea an Duinníneach. Ba é an chéad úrscéalaí Gaeilge é agus chuir sé ar fáil an foclóir úd a ndeir na beathaisnéithe faoi: ‘Níl aon teanga ar domhan ag brath ar an aonleabhar mar atá an Ghaeilge ag brath ar an bhFoclóir seo ··· Tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh 1900 agus tá leagan Gaeilge i gcló in An Duinníneach. In Eanáir 1899 bhí an chéad phíosa i nGaeilge i gcló aige in New Ireland Review agus in Fáinne an Lae an dán ‘Ó Súilleabháin ag fágáil na sléibhte’. I Lúnasa 1900 scar sé le Cumann Íosa ··· Drámaí eile is ea: Creideamh agus Gorta, 1901; Gírle Guairle, 1904; Teachtaire ó Dia (g.d.); Comhairle Fithil, 1909. Tá clár na leabhar a scríobh sé le fáil in An Duinníneach ··· Insítear go leor scéalta in An Duinníneach i dtaobh a sprionlaithe a bhí sé
Gheofar léirmheas ar chuid de scéalta Dhonncha in Bua an tSeanchaí: tráchtaireacht agus treoir don leabhar Bullaí Mhártain..., 1974 le Pádraigín Riggs agus in Donncha Ó Céileachair: anailís stíleach, 1978 leis an údar céanna. Comhpháirteachas de chineál eile ar fad a bhí i gceist sa tríú mórshaothar An Duinníneach: An tAthair Pádraig Ó Duinnín: a shaol, a shaothar agus an ré inar mhair sé, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair, leabhar a bhuaigh Duais an Chraoibhín i 1960 ··· Níor casadh aon fhear ariamh orm ba lú leithleas ná Donncha Ó Céileachair’. Ceann de bhuanna An Duinníneach is ea gurb aonad é, gur deacair a rá cé a scríobh aon chaibidil ar leith ann
‘Chonaic sé féin an tairbhe a tháinig as scoileanna den tsaghas sin le linn dó bheith i gceantar na nAdirondacks i Stát Nua-Eabhrac, áit a dtéadh a lán daoine ar saoire—agus a lán acu ag foghlaim san am céanna.’ (An Duinníneach, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair)
Cuireadh an chuid seo de mhiontuairiscí Choiste na bhFoilseachán den Chonradh i gcló in An Duinníneach
Thuigfeá ó An Duinníneach (1958) gur ag tabhairt tacaíochta don Athair Ó Duinnín in aghaidh comhbhá na Craoibhe leis an Dochtúir Ó hIceadha a thaispeáint is ea d’éirigh sé as an rúnaíocht i Samhain 1909
Ba é sin an tAthair Eoin Cathmhaolach Mac Fhir Léinn ...’ (An Duinníneach, 1958)
Ag an gcéad chruinniú mhol Séamus ‘go mbunófaí coláiste ar leith chun múinteoirí Gaeilge a oiliúint agus go mbainfí feidhm as an airgead a bhí bailithe acu dochum an chuspóra sin’ (An Duinníneach, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair). Cé go raibh ardspéis aige sa chuid ab éadroime d’imeachtaí an Chonartha bhí sé ina chisteoir ag Cumann na Scríbheann Gaeilge ó thús