Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 41
Ag tacú leis an áitiú sin deir Breandán Ó Buachalla[q.v.] (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Mar bíodh gur crochadh na céadta nach é, ar chúiseanna difriúla, ar fud Éireann sa tréimhse sin níl aon chrochadh eile acu ar tugadh an aird chéanna air nó a raibh an éifeacht chéanna aige ag an am ná ó shin ··· Froude i gcló in Aisling Ghéar: ‘All Cork and all the South of Ireland burst into a wail of rage, and the Friends were marked for retribution
Tá cúig véarsa dá aisling ‘Ar mbeith sealad domhsa in aicis mhór cois taoide’ i gcló ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus ‘aisling fíorshuimiúil’ a thugann sé uirthi ··· Tá sé curtha i gCill Fear Buí, dhá mhíle soir ó thuaidh ó Shráid na Cathrach. Bhí cáil na fáistine air agus in Aisling Ghéar..., 1996 insíonn Breandán Ó Buachalla scéal ar thairngreacht a rinne sé, tuairim 1735, sa dán dar céadline ‘Go cúig roímh luis dá dtugadh grásaibh Dé’, i dtaobh an Phrionsa Séarlas Óg a theacht go hAlbain i 1745
Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Mar is léir ar an teideal, is é a bhí i leabhar an Línsigh bréagnú cosantach eile ar chuntais fhalsa éagóracha Giraldus Cambrensis ar Éirinn ach thug scríobh an leabhair caoi oiriúnach don údar an bonn dlíthiúil agus an bonn diagachta a bhí le ceart Shéarlais chun coróin na hÉireann a shoiléiriú is a dheimhniú...’ ··· Tá cuntas ar an díospóireacht ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar, 1996 agus ag Patrick J
Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 gur dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn: ‘bhí obair níos tábhachtaí le déanamh aige thar lear, is cosúil’ ··· Is i gcomhthéacs an dáin ‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird[q.v.] a scríobhann Ó Buachalla ar an scéim sin in Aisling Ghéar
Deir Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Mionsliocht gan tábhacht, gan áireamh a bhí sna Rathailligh riamh, is cosúil; dream nach bhfuil lua ná trácht orthu sna ginealaigh ná sna hannála, cine nárbh fhiú riamh leis an aos léinn a mbunús, a seanchas, ná a gcraobha coibhneasa a chur ar fáil.’ Is iad muintir a mháthar a bhí i gceist ag Aogán, ní foláir, agus é ag tagairt do Chárthaigh mar ‘Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost’ ··· Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Dá fhad siar a théann na consaeiteanna liteartha ar a bhfuil an aisling bunaithe, nó dá fhréamhaithe aon cheann dá móitífeanna, níor cothaíodh mar sheánra bisiúil í, chomh fada agus is eol dúinn, go dtí an t-ochtú haois déag agus is iad Aogán Ó Rathaille is Seán Clárach Mac Dónaill [Mac Domhnaill q.v.] an bheirt fhile aitheantúil is túisce a chleacht an seánra mar phríomh-mhód ceapadóireachta.’ Rinne sé cóip de Foras Feasa ar Éirinn i nDrom Collachair in 1722. Tá an chosúlacht air go raibh áit aige i Sliabh Luachra arís tuairim 1726, ach é bocht go fóill
Sa chaibidil ‘Pro Deo, pro Rege et Patria Hibernia Unanimis’ in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) pléann Breandán Ó Buachalla a shaothar staire mar shampla ionadach Éireannach den staireagrafaíocht chomhaimseartha Eorpach agus diminsean polaitiúil comhaimseartha an tsaothair sin ··· Déanann Ó Corráin beag is fiú de: ‘Ach ní haon scéal nua mioscais ban i gcás préitséiri agus ní haon chruthú é seo go raibh tóir ar an gcléir ná géarleanúint á himirt orthu.’ Agus maidir leis an Foras Feasa a scríobh i bpluais sna Gaibhlte tuairimíonn Ó Buachalla in Aisling ghéar gurbh é Eoghan Ó Comhraí a chuir tús leis an bhfinnscéal sin, in Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (1861) agus deir sé: ‘Pé ní i dtaobh an bhaill inar bheartaigh sé an leabhar a scríobh, is cinnte agus is soiléir go raibh leabharlann chuimsitheach timpeall air agus é á scríobh aige.’ Chríochnaigh sé Trí bior-ghaoithe an bháis: Three shafts of death by Geoffrey Keating 2 Nollaig 1631
MAY HE REST IN PEACE AMEN.” That this is the resting place of Éamonn de Bhál can hardly be doubted: the surname is rare in this part of east Cork (we cannot trace any other family of the name belonging to this area except that of the poet) and it is obvious from the dates of his compositions that he died in the sixties of the 18th century.’ Tá seo le rá ina thaobh ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 1996): ‘Bíodh gur scríobh Éamonn de Bhál breis agus daichead amhrán, is deacair teacht ar amhrán ina measc a bhféadfaí a rá gur saothar follasach polaitiúil é
Pearsa thábhachtach é ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar .... 1996: ‘Ní miste a mheabhrú nárbh aon “turbulent priest” é Lloyd ach easpag a raibh seasamh, gradam is cumhacht aige san Eaglais Chaitliceach in Éirinn ag an am
Ach is tábhachtaí le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar ..., 1996) gurb é a shaothar fileata an t-amharc is léirithí a fhaighimid ar chúirt Sheámais III in St Germain
Síltear a chumadóireacht a bheith leadránach saoithíneach; tagraíonn Breandán Ó Buachalla dó in Aisling ghéar: Na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 , 1996 mar 'an té ba dhípholaitiúla de fhilí a linne'
In Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn 1603–1788 (1996), cuireann Breandán Ó Buachalla tábhacht lena bhfuil de léargais aige ina dhánta ar imeachtaí an Stíobhartaigh óig i 1745
Ag tagairt do Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603–1788 (1996), a mhórshaothar, is é a dúirt Alan Titley ag an searmanas sochraide san Eaglais Úinitéireach, Baile Átha Cliath: Mar ní hea amháin gur saothar é seo a dhein athscríbhneoireacht ar litríocht na Gaeilge, dhein sé athscríbhneoireacht ar stair na hÉireann chomh maith céanna
Is é a deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 faoi: ‘Is í an t-aon tuairisc i nGaeilge atá againn ar imeachtaí an chogaidh an dialann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, Proinsiasach ó chontae Thír Eoghain a bhí mar shéiplineach ag Sir Féilim Ó Néill
Ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 (1996) tá cuntas ar dhearcadh Seacaibíteach Uí Neachtain mar is léir ar a dhánta is a scéalta é
Tá léirithe ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar (1996), sa scagadh a dhéanann sé ar an ábhar ilghnéitheach atá sna 25 lámhscríbhinn dá shaothar sa Leabharlann Náisiúnta, san Acadamh Ríoga agus i gColáiste na Tríonóide, go raibh spéis mhór aige sa pholaitíocht chomhaimseartha agus gur Sheacaibíteach láidir é; tá i gcló aige go leor de na haistriúcháin ar ghiotaí i nuachtáin Bhaile Átha Cliath agus roinnt dá ráitis inspéise in Eólas ar an domhan i bhfuirm chomhráidh idir Sheán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg
For us he takes his place beside Ó hEódhusa, Ó Maolchonaire, Keating and others of his time, as an exponent of what we may call classical Irish prose.’ Scríobh Caoimhín Ó Góilí an méid seo in Comhar, Bealtaine 1949 sa tsraith ‘Stílithe Gaeilge’: ‘Má’s mian linn, mar sin, tréithe stíl an mhórúdair seo a chur síos go hachumair, is é shílim nárbh fhéidir dúinn iad a shuimiú níos fearr ná a rá gur chum sé nua-Ghaeilge den chéad scoth, Gaeilge atá saor ó ghéibheannaibh na scol, agus ó gach rian den ghalántacht agus den tseandacht: agus mara bhfuil uaisleacht na sárGhaeilge inti go bhfuil uaisleacht na simplíochta inti.’ In Aisling ghéar: na Stiobhartaigh agus an tAos léinn (1996) fiafraíonn Breandán Ó Buachalla cén fáth ar éirigh leis an bhFrithreifirméisean in Éirinn
Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird ..
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Tá sé ar dhuine de mhórfhilí gairmiúla sin Chúige Uladh a chonaic an dá shaol; tugann a dhánta faisnéis ní hamháin ar dhearcadh an aosa léinn i leith chúrsaí 1585–1620, mar is léir ar Aisling Ghéar..., 1996 le Breandán Ó Buachalla, agus ar Poets and Politics: Reaction and Continuity in Irish Poetry, 1558–1625, 1998 le Marc Caball, ach ar mheon an fhile agus ar fheidhmeanna na filíochta i rith na gcéadta bliain
The Contention of the Bards...., 1918–20 in eagar ag Láimhbhearlach Mac Cionnaith[B2]; ag Norman Moore[B2] in Dictionary of National Biography; ag Cuthbert McGrath [Cuthbert Mhág Craithq.v.] in Éigse IV, Cuid I, 1943 (‘Materials for a history of Clann Bhruaideadha’); in The contention of the bards (Iomarbhágh na bhFileadh) and its place in Irish political and literary history, 1994 (Cumann na Scribheann nGaedhilge), mar a gcaitheann Joep Leerssen amhras ar chuid dá ndeirtear ina thaobh; é i gcomhthéacs an aosa léinn agus litríocht pholaitiúil na Gaeilge ag Breandán Ó Buachalla[q.v.] in Aisling Ghéar ..., 1996; in The Parish of Kilkeedy ..., 1998 le Frank Brew (‘The McBrody Family’); in ‘The Origins of Clann Bhruaideadha’ in Éigse 31, 1999, le Diarmuid Ó Murchadha[q.v.]; agus in The contention of the poets: an essay in Irish intellectual history, 2000, le John Minahane. Tagraíonn scoláirí de ghnáth, agus McGrath go háirithe, do na tuairiscí sa 17ú haois: Propugnaculum Catholicae Veritatis ..., 1669 le Antonius Bruodinus [Antoine Mac Bruaideadha q.v.], garnia le Tadhg, sa Bhoihéim; do chuntas Theophilus O’Flanagan[B6] in Transactions of the Gaelic Society of Dublin, 1808, an té ba thúisce a luaigh 1570 mar bhliain a bhreithe; agus do chuntas Éadbhard Ui Raghallaigh[B6] in A chronological account of nearly four hundred Irish writers, 1820
Gan amhras tá curtha síos orthu beirt, agus ar Shéamus Óg go háirithe, ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus in Cork History and Society..., 1993 in eagar ag P
Aislingí agus amhráin Sheacaibíteacha cuid díobh agus tugann Breandán Ó Buachalla ‘amhrán ríthaitneamhach meidhréiseach’ ar cheann díobh, ‘A Mhallaí Bheag Ó’, agus is léir ar na tagairtí don fhile ag an scoláire sin inAisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an aos léinn 1603-1788, 1996 go mbaineann tábhacht mar fhianaise stairiúil lena dhéantús
Luann Breandán Ó Buachalla ‘An Buachaill Bán’ in Aisling Ghéar mar cheann de na haislingí ba mhó le rá dár chum filí na Mumhan
Ach bhain Breandán Ó Buachalla[q.v.] earraíocht as beagán dá dhánta in Aisling Ghéar..., 1996. In Faulkner’s Dublin Journal, 7 Feabhra 1756 tá tuairisc a bháis: ‘Last Week died at Aharla near Ross in the County of Cork, aged 65 years
Deir Ó Buachalla (Aisling Ghéar, 1996); ‘B’é an saothar sin an chéad leabhar a foilsíodh in Éirinn san ochtú haois déag a raibh sé d’aidhm aige stair na hÉireann, ó thaobh na ndúchasach de, a chur ar fáil...
Ach níor lú a iontas a chlos go mbeadh leas á bhaint as a dhéantús ag scoláirí mar Bhreandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar, 1996) agus Marianne Elliott (The Catholics of Ulster: a history, 2000) mar fhianaise ar chúrsaí sóisialta agus polaitiúla a linne. Deir Ó Fiaich gur sloinne é Mac Cumhaigh nár shroich Oirialla go dtí tuairim 1690
‘Is mar áiméan le dán buíochais Dhiarmada a chum Ó Bruadair[q.v.] an dán ar thug sé mar theideal air “Caithréim Thaidhg”.’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996)
Ba eisean an fear deireanach de na filí a raibh intleacht agus stuaim agus neart aigne i gcomhar le spreagadh na filíochta ann.’ Agus deir sé freisin: ‘Thástáil sé a lámh i ngach gné filíochta, agus muna bhfuil sé sármhaith in aon ghné acu, tá sé maith i ngach gné.’ B’fhéidir gurbh in a bhí i gceist ag Piaras Béaslaí (Éigse Nua-Ghaedhilge II, g.d.): ‘Dá mbeadh orm cnuasach de na hamhráin is fearr dár cheap filí na Mumhan san 18ú haois a bhailiú agus a fhoilsiú, ní dóigh liom go dtoghfainn níos mó de shaothar éinne eile ná de chuid Sheáin Chláraigh.’ Ní fhágann Breandán Ó Buachalla[q.v.] fuíoll molta air in Aisling Ghéar...., 1996 mar fhile Seacaibíteach agus mar nuálaí i gcúrsaí stílíochta agus meadarachta, ach deir sé: ‘Murach téama an tSeacaibíteachaís ní móide go mbeadh aon lua air mar fhile.’ Maille le 42 dá dhánta, tá cuntas ar bheatha an fhile ag Risteárd Ó Foghludha[B1] in Seán Clárach 1691–1754: a shaothar fileata agus scéal a bheatha
Tá achoimrí úsáideacha ar a dhearcadh is a theoiricí ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) agus ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996. B’as Múscraí dó, Chuaigh sé isteach i gColáiste na nGael in Seville tuairim 1614 agus oirníodh é 21 Nollaig 1619
Luann Breandán Ó Buachalla (Aisling ghéar :na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788, 1996) é mar shampla maith den tslí ar theagmhaigh an saol míleata agus an saol eaglasta le chéile; ag pointe éigin bhí sé ina shéiplíneach in arm na Spáinne san Ísiltír. Chuir Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann an caiticeasma amach sa tsraith ‘Reflex Facsimiles’ i 1945, maille le réamhrá John F
Mar fhianaise ar pholaitíocht a linne is tábhachtach le Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) cuid dá dhánta agus go háirithe ‘Cois leasa is mé go huaigneach do chuala corraí’, ‘Tá an bhliain ag teacht le calmthráth chugainn’, ‘Mo theastas ar an leabhar so na laoithe lán’, ar don Athair Domhnall Ó Colmáin[q.v.] é mar adhmholadh ar Párliament na mBan, agus ‘Más dóchas ár ndóchas i mbliana mheath’
‘Léiriú eile é saothar Uí Bhruadair ar an iomlat ó éadóchas go dóchas atá feicthe cheana againn, iomlat anonn is anall de réir mar a bhí “na bearta sin do mhalartaigh an saoghal clis”, mar a thug sé féin orthu, á n-oibriú féin amach’ (Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar..., 1996)
Tá ceathrúna as dán leis (‘Ni hionann Ultaigh is Éire’), atá i lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta, i gcló ag Breandán Ó Buachalla in Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn 1603–1788, 1996.
le ceart agus le dlisteanas [Rí] Shéamais; aon cheist amháin aighnis a bhí le réiteach ina thaobh: cé acu le Leath Choinn nó le Leath Mhogha a bhain sé le sinsearacht!’ (Aisling Ghéar..., 1996).
Annála Ríoghachta Éireann : ní mór aiste thathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla in Studia Hibernica 11/13, 1982–3 (‘Annála Ríoghachta Éireann is Foras Feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha’) agus a bhfuil aige in Aisling ghéar... (1996) a lua
Is mar seo a chuireann Breandán Ó Buachalla síos ar an saothar in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Tugann an téacs féin an-léiriú dúinn ar chúlra sochchultúrtha na haicme lenar bhain Mac Coitir: a gcultúr ilbhéarlach, a léann, a reiligiún, a bhféinmhuinín, is a bhféinmheas...’. Gné den saothar ar mhaith le Ó Cuív béim a chur uirthi is ea na mná: ‘However, it is in the “framework” which has been fitted around the purely didactic matter that the most interesting part of the text is to be found
Tugann Breandán Ó Buachalla éirim na hargóna: ‘Dar le Ó Fearghail, pé ceart a bhí ag ríthe Shasana le sinsearacht chun ríocht na hÉireann, go raibh an ceart sin forghéillte le tamall acu toisc gurbh eiricigh iad; b’é an dream is mó a chabhraigh le ríthe Shasana forlámhas a fháil ar Éirinn na Sean-Ghaill, dream nár Chaitlicigh in aon chor iad’ (Aisling Ghéar..., 1996)
it immediately attracted the attention and aroused the interest of European scholars, and gained for the learned author an international reputation.’ Deir Gilbert: ‘His work was the first in which Irish history was placed in a scholar-like way before readers in England and it found its way into many good English libraries of the period.’ Seo é an suimiú a dhéanann Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is í breith atá déanta ag staraí de chuid na linne seo ar shaothar an Fhlaitheartaigh gurb é atá ann “the most learned exposition of Gaelic loyalty to the Stuart dynasty and to the concept of the Kingdom of Ireland...” [New History of Ireland III, 1976 in eagar ag Moody]
Taispeánann Breandán Ó Buachalla in New Perspectives on Ireland: Colonialism and Identity..., 1998 in eagar ag Daltún Ó Ceallaigh (‘Gaelic Response to Conquest’) gur bhain tábhacht chomhaimseartha leis an dán sin: ‘The fact that the poet perceives Ireland’s woe in an all-Ireland perspective and not in a provincial Ulster one is in itself interesting as is his claim that fear of “the foreign law” prevents him from elaborating on Ireland’s plight.’ In Irish Classics, 2000 pléann Declan Kiberd an dán ‘Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais’ In Aisling Ghéar..., 1996 meabhraíonn Ó Buachalla dúinn gur scríobh sé dánta seachas ‘na dánta dorcha dólásacha éagcaointeacha’ úd: ‘..
Is é an chéad dán é ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar..., 1996) mar fhianaise ar aigne an aos léinn i leith na Stíobhartaigh a bheith ina ríthe ar Éirinn
Ach tuairimíonn Breandán Ó Buachalla (nóta in Aisling Ghéar, 1996) nárbh é ioncam an Choláiste faoi deara nár mhór an meas a bhí ag an aos léinn air