Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 11
Deir Ó Murchú faoin eagrán sin den Agallamh: ‘Léirigh an saothar sin go háirithe an tsith a bhí inti mar scoláire, an cumas a bhí inti leanúint don obair gan staonadh dá imigéiniúla an cuspóir; cumas riachtanach má tá an bhunobair atá fós de dhíth go mór orainn le cur i gcrích in aon chor; cumas nach bhfuil ar fáil go forleathan.’ Nuair a cuireadh ar ceal an scéim Leabhair ó Láimhsgríbhnibh i 1945, aistríodh an fhoireann agus a gcuid oibre go Scoil an Léinn Cheiltigh ··· D’iarr comhlacht Bhrún agus Uí Nualláin uirthi eagrán scoile den scéal a chur ar fáil, agus nuair a d’inis sí seo don Rathileach ‘tugadh an bóthar di’ (Ó Murchú); tá cuntas meáite ag Ó Murchú ar an gcaoi ar chaith an Rathileach le scoláirí óga scéim Roinn an Oideachais in Scoil an Léinn Cheiltigh ··· Deir Ó Murchú, sa réamhrá leis an tuarascáil: ‘Ní nach ionadh, táim fíorbhuíoch chomh maith de Nessa Ní Shéaghdha, a thoiligh a cuimhní pearsanta ar sheanscoláirí Scoil an Léinn Cheiltigh a bhreacadh dúinn.’ Ar éigean a luann sí an Rathaileach [Tomás Ó Rathile] agus is mó den ghreann ná den searbhas atá ina bhfuil le rá aici i dtaobh Myles Dillon, Dan Binchy agus Mhichíl Uí Bhriain
Ba é an chéad scoláire é ar glacadh leis i Scoil an Léinn Cheiltigh i 1941 ··· Gabhann sé buíochas sa leabhar le Pádraig, le Micheál Turraoin (‘Maidhc Dháith) [B5] agus le Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4]. Ceapadh ina chúntóir páirtaimseartha i Scoil an Léinn Cheiltigh é i 1942 agus ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an bhliain chéanna
I 1941 rinne sé cúrsa trí mhí sa bhfoghraíocht i Scoil an Léinn Cheiltigh ··· An costas a bhainfeadh lena chur i gcló an fáth ar chinn Scoil an Léinn Cheiltigh nárbh fhéidir leosan é a fhoilsiú
Ceapadh é ar fhoireann Scoil an Léinn Cheiltigh(Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) i 1941 agus bhí ann ar feadh 45 bliain go ndeachaigh amach ar pinsean i 1986, agus fiú ina dhiaidh sin go ham a bháis ··· Rinne Ollamh Sinsearach de san Institiúid i 1975 agus ar feadh píosa roimh 1986 bhí sé ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh
Léiriú ar a ghníomhaíocht agus ar mhéid a thionchair is ea go raibh sé: ina bhall de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1973–79); ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha (1981-96); ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh (1985–95); ina Leas-Uachtarán arAcadamh Ríoga na hÉireann (1965-66 agus 1981–83); ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman in 1967 agus ina chathaoirleach 1973–76; ina chathaoirleach ar an gClóchomhar ar feadh i bhfad; ina Éarlamh ar Oireachtas na Gaeilge in 1991. Chuir Seosamh Watson eagar ar Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe (1986) ··· In 1941 agus é i gCois Fharraige go fóill chuir sé isteach ar phost i Scoil an Léinn Cheiltigh agus bhí sé ar dhuine díobh sin a ceapadh chun obair a dhéanamh ar chanúintí na Gaeilge
Thug sé cuairt ar 87 baile in Éirinn a raibh Gaeilge á labhairt iontu, ar oileán Mhanann agus ar Albain agus chuir sé 1175 ceist ar dhuine i ngach ceantar le eolas a chruinniú ar chanúintí na Gaeilge.’ I léirmheas in Scéala Éireann 27 Feabhra 1959 deir Brian Ó Cuiv[q.v.]: ‘I know no other scholar with the necessary determination and energy to plan and carry out such a work in so brief a time.’ In 1949-51 bhí sé ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus tháinig go mór faoi thionchar an scoláire Ernst Lewy ann ··· Sa bhliain sin freisin ghlac sé le cuireadh Scoil an Léinn Cheiltigh chun a bheith mar ollamh acu
Dhealródh sé gurbh fhearr a d’oir an taighde dó ná an mhúinteoireacht. Nuair a bunaíodh Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath ceapadh é ina Ollamh Sinsearach ar dtús agus ansin ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh
Bhain sé céim dhochtúra amach sa Bhéarla agus sa Cheiltis 1909, an bhliain chéanna ar fhreastail sé ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath
Mar chabhair di ina staidéar ar an seanlitríocht léadh sí an Nua-Ghaeilge ar feadh tamaill gach lá. I Scoil Ard-Léinn na Gaeilge 1906–07 rinne sí staidéar ar an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, ar an mBreatnais agus ar an bpaileagrafaíocht
Chaith sé tamall de 1913 in Éirinn agus d’fhreastail ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge
Bhí i gceist uair go mbeadh roinn Ceiltise san ollscoil agus bhí teacht aige ar na leabhair a bailíodh chuige sin. I 1954 bhronn Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath) scoláireacht air chun go leanfadh sé den staidéar; i rith 25 bliain bhí baint aige leis an Scoil mar chomhalta sóisearach (‘scoláire’), mar dhuine den fhoireann, agus mar Chomhalta Taighde