Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 1
Is i Scoil Náisiúnta Belgrove, Cluain Tarbh, a bhí sé ag obair ag am a bháis. In aiste in Scríobh I, 1974 dar teideal ‘Donncha Ó Céileachair: scríbhneoir idir dhá thraidisiún’ thagair Seán Ó Tuama don mhórchuid d’éirim an tseansaoil agus na seanscéalaíochta a rug Donncha leis óna athair agus ansin dúirt: ‘Agus is é an dara ponc eolais: gur fhreastail Donncha ar chúrsa a thug Dónall Ó Corcora i gCúil Aodha ar ealaín an ghearrscéil nua-aimseartha, agus go raibh an oiread sin measa aige ar ar fhoghlaim sé ansin gur thoirbhir sé féin agus a dheirfiúr Síle a n-aon leabhar gearrscéalta Bullaí Mhártain do Dhónall Ó Corcora