Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 10
Tá ainmneacha na beirte snaidhmthe ina chéile de bharr Scoil Ard-Léinn na Gaeilge ··· Bhí sé ar intinn ag Strachan foclóir a bhunú ar an thesaurus sin. Ach b’fhéidir gurbh é bunú Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 1903, i bpáirtíocht le Kuno Meyer, an fiontar léinn is mó a raibh tábhacht leis
I samhradh 1909 d’fhreastail sí ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar Choláiste na Mumhan ··· Chaith sí an dara téarma i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge
Lean an comhfhreagras sin agus b’fhéidir gurbh as sin a d’fhás Scoil Ard-Léinn na Gaeilge in 1903
Chaith sé téarma i gcoláiste Thuar Mhic Éadaigh i samhradh 1909 agus lena linn chuaigh a rothaíocht in éineacht le hÉamonn de Valera, Pádraic Ó Domhnalláin[B2] agus Seán Ó Ruadháin[B1] go dtí an Spidéal nuair a bhí léacht in onóir Mhichíl Breathnach[B2] á nochtadh. Chaith sé tamall de 1910 ag foghlaim i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge
Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, I dtaobh na hoibre, 1901. Deir Eoghan sa réamhrá a chuir sé le leabhar Mhistéil gurbh é Tomás Bán Ó Concheanainn [B2] a d’iarr air, thar ceann Phádraig Mhic Mhánusa san Airgintín, Gaeilge a chur ar fhocail Mhistéil. D’fhreastail Eoghan ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1903 agus bhí ina bhall de choiste na mac léinn
D’fhreastail sé ar chúrsa faoi stiúir Alf Sommerfelt[B4] i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge agus bhain bonn óir de bharr cúrsa a rinne sé i gColáiste Laighean
Thoghfaí í ina Leas-Uachtarán ar an gcraobh ar ball. Ba bhall í de choiste na mac léinn fad a bhí sí ag Scoil Ard-Léinn na Gaeilge, in éineacht le R.I.Best [B2], Pádraig Ó Brolcháin [B1], Seosamh Laoide [B1], Máire Ní Chinnéide [B2], James George O’Keeffe[q.v.], Eoghan Ó Neachtain [q.v.], agus Éamonn Ó Néill (BÁC). Chaith sí tamall maith ag obair ar fhoclóir Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann ón uair a ceapadh í féin agus Maud Joynt [q.v.] mar chúntóirí ag Marstrander i 1909
O’Grady[B2] chomh fada siar le 1886, d’íoc údaráis an Mhúsaeim as téarma a chaitheamh i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath in 1910
An bhliain chéanna d’fhreastail sé ar an gcúrsa sa tSean-Ghaeilge a bhí ar siúl ag John Strachan[q.v.] i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge
He was sympathetic, generous and cheerful (even in the comparative poverty in which he lived at one time) – “a scholar with strong human and even political sympathies”, as he was described in the foreword to his History of Ireland, 1933’. Thug na tíortha Ceilteacha ómós dó: dochtúireacht ó Ollscoil na hÉireann, 1925; ó Ollscoil na Breataine Bige, 1966: ó Ollscoil Dhún Éideann, 1967. D’fhreastail sé ar Scoil Ard-Léinn na Gaeilge 1908 agus arís in 1910