Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 37
Ní Mhórdha (Ollscoil na Ríona), Riobard Mac Laghmainn[B8], Ruairí Ó Brolcháin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), Conchubhar Ó Cuileanáin[B3], Caoimhín Ó Góilí[B8] mar Rúnaí, David Greene[B3] mar chisteoir, G ··· Mac Oscair (Ollscoil na Ríona), Seán Ó Tuama[B2], Pádraig Ó Finneadha[B8]
Sular thosaigh sé in Ollscoil na Ríona i 1944 bhí baint aige le hAiltirí na hAiséirí agus le Glúin na Buaidhe ··· I bhfad ina dhiaidh sin bhí baint aige le deisiú Choláiste na nGael agus scríobh a stair, College des Irlandais Paris and Irish Studies, 2001. Fuair sé céim mháistir i 1950, agus dochtúireacht ó Ollscoil na Ríona i 1953
Is in éineacht le Brian Walker, Ollscoil na Banríona, a cheap Bob Welch an tsraith The Oxford history of the Irish book
Bhí sé ina Ollamh le Sean- agus Meán-Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar feadh beagnach fiche bliain agus roimhe sin ina léitheoir leis an Léann Ceilteach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste
D’fhill sí ar Bhéal Feirste chun Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Ríona
‘D’éirigh an croidhe go héadtrom im’ chliabh, mar thuigeas furmhór a chanamhainte’ (Comhar, Lúnasa 1942). Rinne sé an chéad bhliain sna healaíona i gColáiste na Banríona, Béal Feirste, sular aistrigh sé go dtí Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath den Ollscoil Ríoga mar ar ghnóthaigh sé céim B.A
Bhí sé i gColáiste Choill Chluana Gabhann ansin go dtí go ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Banríona i gCorcaigh in aois 16 bliana dó
Bhí sé ar pinsean le blianta beaga anuas nuair a thosaigh an ghéarchéim ó thuaidh ach lean sé air ag múineadh go dtí tuairim 1970. Thug sé cúpla seal ina léachtóir i Roinn Cheiltise Ollscoil na Ríona agus bhí sé ar feadh na mblianta ar phainéal na nuatheangacha faoi rialtas Stormont
Bhí sé freisin ina scrúdaitheoir seachtrach ag Coláiste na Ríona, Béal Feirste, agus ag Coláiste Ollscoile Chorcaí. Bhí Pádhraic Ó Domhnalláin mar fhear comhair aige nuair a scríobh siad Bruth-fá-thír (1923)
D’fhill sé ar Choláiste na Ríona trí bliana ina dhiaidh sin agus ceapadh i gceannas Roinn na Ceiltise é an bhliaín chéanna
Cheana féin, ó 1920, bhí sé ina eagarthóir ar Journal of the Irish Folk Music Society, agus idir 1927 agus 1939 is san iris sin a d’fhoilsigh sé a eagrán den chéad dá imleabhar de bhailiúchán Edward Bunting, eagrán ‘in which the published versions were compared with Bunting’s original MSS housed in the library of the Queen’s University of Belfast, with the missing Irish texts restored, and with a wealth of annotations-references to other versions of the songs in other collections, and biographical notices of the traditional musicians, poets, people and place-names associated with the airs’ (Aloys Fleischmann, Irish Times 9 Samhain 1973). Thaithíodh sé an ‘club’ a bhíodh ag Gaeilgeoirí in oifig Fhiachra Éilgigh [Risteard Ó Foghludha] [B1], an Underwood Typewriting Company, i Sráid Laighean, sna 1920idí agus bhí sé mór le Pádraig Ó Duinnín [q.v.]
Chaith sé cúig bliana i gColáiste na Ríona, Béal Feirste, gur bhain amach an MA ann
D’fhág na teagmhálacha luatha sin aige le Muimhnigh agus le Connachtaigh go raibh meas aige ar na canúintí go léir. Ó 1907 amach ba é a bhí ag soláthar míreanna nuachta do An Claidheamh Soluis faoin teideal ‘Ó Chúige Uladh’. Deirtear gurbh é ba thúisce, b’fhéidir, a mhisnigh Séamus Ó Grianna [B2] chun dul le scríbhneoireacht nuair a d’fhoilsigh sé scéal a fuair sé uaidh sa dara heagrán de Cloich Cheannfhaolaidh. Ghlac sé le tairiscint ó Sheán Ó Catháin chun bheith ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste agus chuir sin ar a chumas freastal a dhéanamh ar Ollscoil na Ríona
Bhronn Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, MA onórach air i 1926. Ar nós Chonraitheoirí a linne bhí spéis ar leith aige i bhforbairt na heacnamaíochta: déantús na hÉireann--scríobh sé an paimfléad Gaelic Leaguers and Irish industries, 1912; curadóireacht crann--chuir sé crainn ar fáil do Choláiste na Rinne (An Claidheamh Soluis, 25 Márta 1911); tithíocht; fostaíocht
Baill d’Eaglais na hÉireann ba ea é féin agus a mhuintir. Cháiligh sé mar dhochtúir in Ollscoil na Ríona in 1886 agus bhí ag obair in ospidéal i mBirmingham sular thosaigh sé ag obair mar mháinlia cúnta in Ospidéal na Leanaí mBreoite i mBéal Feirste (The Hospital for Sick Children) in 1888
Os a choinne sin, ba throime fós an t-ualach a bhí le hiompar aige sna blianta deiridh dá shaol: riarachán na Roinne, an chuairt sheachtainiúil ar Choláiste na Ríona, Béal Feirste, mar aoi-léachtóir, cibé dualgais a bhain le bheith ina scrúdaitheoir seachtrach in Ollscoil na hÉireann
Bhí sé ar scoil sa Royal Academical Institution sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Ríona, Béal Feirste
Tar éis meánscolaíochta ag na Siúracha Dominiceacha i mBóthar na bhFál, bhain sí BA amach san Fhraincis agus sna teangacha Ceilteacha i gColáiste na Ríona
Lean sé dá oideachas ollscoile sa choláiste céanna tar éis dó scoláireacht sna nuatheangacha a fháil i Máithreánach na hOllscoile Ríoga
Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann agus Coláiste na Ríona dochtúireachtaí oinigh air. Foilsíodh a Foclóir Gaeilge agus Frainncise i 1952
Labhair sé ag an gcruinniú i Halla Uladh a tionóladh lena áitiú go mbunófaí lánollúnacht sa Cheiltis i gColáiste na Ríona agus go múinfí Gaeilge san institiúid teicneolaíochta (idem 20 Bealtaine 1911)
Rinne náisiúnaí den iníon ba shine, Éilís, go luath ina saol agus chuaigh Méadhbh isteach sa Chumann Gaelach i gColáiste na Ríona agus bhí ina ball dá choiste
Chaith sé cúpla bliain ina mhac léinn leighis i gColáiste na Ríona
Le linn dó a bheith ina mhac léinn i gColáiste na Ríona d’imigh sé go Baile Átha Cliath le bheith ina rúnaí ag Hardebec
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ina Ollamh le cnáimhseachas in Ollscoil na Ríona
Bhí sé 26 bliain d’aois nuair a chuaigh sé mar mhac léinn go Coláiste na Banríona, Béal Feirste
Labhair sé go searbhasach i dtaobh Owen Connellan [q.v.] agus Ó Donnabháin a bheith ceaptha mar ollúna i gCorcaigh agus i mBéal Feirste; don Athair Domhnall Ó Súilliobháin [q.v.] a thabharfadh sé féin post Chorcaí
Ceapadh é ina Ollamh le teangacha agus litríocht na gCeilteach i gColáiste na Banríona, Béal Feirste, in 1849; dála ar tharla sna coláistí eile, ar éigean mic léinn ar bith aige riamh ann
Deirtear i lámhscríbhinn in Ollscoil na Ríona gur Bhrian a bhí ar a athair ach nuair a bhí an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh[B4] ag téisclim i gcomhair Amhráin Shéumais Mhic Chuarta, 1925 a fhoilsiú d’inis Brian Mac Cuarta, Ó Méith, ginealach an fhile dó, gur Art a bhí ar a athair agus gurbh é an Art sin an chéad duine dá mhuintir a lonnaigh in Ó Méith, Co
Bhain sé BA amach in Ollscoil na Ríona i 1955 agus MA i 1959 lena thráchtas ‘The Pattern of farming in Co
Cuireadh oideachas air i gColáiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, agus in Ollscoil na Ríona
Ó 1958 go ceann 21 bliain bhí sé ina ollamh le Ceiltis agus leis an bhFocleolaíocht Chomparáideach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Is iomaí onóir a bronnadh air: saoirse na Gaillimhe, dochtúireachtaí ó Ollscoil na Ríona, ó Choláiste na Tríonóide, ó Ollscoil Luimnigh; rinneadh chevalier de sa Légion d’Honneur
Sa Cheiltis a fuair sé an BA in Ollscoil na Ríona
i 1916 i gColáiste na Ríona, Béal Feirste
Bhain sé amach teastas san oideachas in Ollscoil na Ríona i 1919
Here she acquired an awareness of the realities of Irish rural life, both its hardships and its joys, as well, of course, as the basis of her command of the Irish language.’ Chaith sí iomlán a saoil acadúil in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, mar mhac léinn, mar chúntóir léachtóra, mar léachtóir cúnta agus mar léachtóir, agus bhí sí ina léachtóir sinsearach ann ó 1973 go bhfuair sí bás